European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/856

24.7.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/856 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Bealtaine 2025

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2910 maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le tabhairt i dtír na ngabhálacha uile speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála (‘an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír’). Le hAirteagal 15 den Rialachán sin cumhdaítear gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais nó gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí lasmuigh d’uiscí an Aontais nach dtagann faoi cheannasacht nó dlínse tríú tíortha.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2910 ón gCoimisiún (2), cuirtear chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais i limistéar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir leis an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 trí shraith maoluithe a sholáthar ar an oibleagáid éisc a thabhairt i dtír, i gcomhréir leis na Moltaí a glacadh le linn chruinnithe bliantúla CGIM.

(3)

Ag an 47ú cruinniú bliantúil den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir a tionóladh ón 4 go dtí an 8 Samhain 2024, ghlac Páirtithe Conarthacha CGIM Moladh CGIM/47/2024/8. Le mír 2 den Mholadh sin, cuirtear toirmeasc ar thurbaird sa Mhuir Dhubh ar mhéid is lú ná 45 cm, arna thomhas ó bharr an tsoic go deireadh eite an eireabaill, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a aistriú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol agus a chur ar taispeáint.

(4)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an Moladh sin agus dlí an Aontais, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le soithí de chuid an Aontais atá rannpháirteach sna hiascaigh a chumhdaítear leis an moladh sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2910 a leasú chun an cinneadh a rinneadh in CGIM a chur san áireamh.

(6)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag an toirmeasc sin faoi láthair i limistéar chur i bhfeidhm Chomhaontú CGIM, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe chun leanúnachas dlíthiúil a áirithiú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2910 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, cuirtear isteach an pointe (6) seo a leanas:

‘(6)

ciallaíonn “an Mhuir Dhubh” na huiscí i bhfolimistéar geografach 29 CGIM, mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124’;

(2)

cuirtear an tAirteagal 4a seo a leanas isteach idir Airteagal 4 agus Airteagal 5:

‘Airteagal 4a

An turbard

1.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

2.   De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh toirmeasc ar thurbaird (Scophthalmus maximus) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a shocraítear ag 45 cm arna thomhas ó bharr an tsoic go deireadh eite an eireabaill (fad iomlán) a áireamh mar sprioc, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a aistriú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a chur ar taispeáint nó a thairiscint lena ndíol’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  . IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj.

(2)  . Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2910 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2024 maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (IO L, 2024/2910, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2910/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/856/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)