|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/854 |
8.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/854 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2025
maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Aontais le haghaidh 2026, 2027 agus 2028 chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí agus chun nochtadh tomhaltóirí le hiarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheasúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/989
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 29(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1213/2008 ón gCoimisiún (2) bunaíodh an chéadchlár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Comhphobail, lenar cumhdaíodh na blianta 2009, 2010 agus 2011. Tá an clár sin i bhfeidhm go fóill faoi rialacháin as a chéile, arb é Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/989 ón gCoimisiún (3) an ceann is déanaí díobh. |
|
(2) |
Is idir 30 agus 40 táirge a bhíonn i mbunús aiste bia an phobail san Aontas Eorpach. Ós rud é go mbíonn athruithe suntasacha le sonrú ar úsáidí lotnaidicídí i gcaitheamh tréimhse 3 bliana, is gá faireachán a dhéanamh ar lotnaidicídí sna táirgí sin i gcaitheamh sraith timthriallta 3 bliana chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar nochtadh na dtomhaltóirí agus cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais. |
|
(3) |
D’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuarascáil eolaíoch maidir leis an measúnú ar dhearadh an clár faireacháin lotnaidicídí (4). Tháinig sé ar an gconclúid sa tuarascáil sin go bhféadfaí ráta sáraithe uasteorann iarmhar os cionn 1 % a mheas le corrlach earráide 0,75 % trí 683 aonad shamplacha a roghnú i gcás íosmhéid 32 tháirge éagsúla. Ba cheart bailiú na samplaí sin a chionroinnt idir na Ballstáit i ndáil le figiúirí daonra, le híosmhéid 12 shampla in aghaidh an táirge agus in aghaidh na bliana. |
|
(4) |
Tá torthaí anailísí ó chláir rialaithe oifigiúla an Aontais roimhe sin curtha san áireamh chun a áirithiú go mbeidh an raon lotnaidicídí a chumhdaítear leis an gclár rialaithe ionadaíoch ar na lotnaidicídí a bheidh in úsáid. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le torthaí anailíse ar iarmhair lotnaidicídí a chur isteach go comhchuibhithe, rud a chuirfidh ar chumas an Údaráis torthaí inchomparáide a bheith aige, ba cheart do na Ballstáit treoirlínte a comhaontaíodh a úsáid, amhail leagan 2 den Tuairisc Chaighdeánach ar Shamplaí agus an Treoirlíne maidir le Faireachán ar Cheimiceáin a Thuairisciú. |
|
(6) |
Maidir leis na nósanna imeachta samplála, ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 2002/63/CE ón gCoimisiún (5), Treoir ina n-ionchorpraítear modhanna samplála agus nósanna imeachta arna moladh ag an gCoimisiún Codex Alimentarius. |
|
(7) |
I gcomhréir leis an Doiciméad oibre de chuid Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Shláinte agus Sábháilteacht Bia maidir le teorainneacha cainníochtaithe a achoimriú i gcás sainmhínithe ar iarmhair coimpléascacha (6), i gcás ina gcumhdaítear substaintí gníomhacha eile, meitibilítí agus/nó táirgí dianscaoilte nó imoibriúcháin leis an sainmhíniú ar iarmhar, ba cheart na comhdhúile sin a thuairisciú ar leithligh a mhéid a thomhaistear ar bhonn aonair iad. |
|
(8) |
Is gá a mheasúnú an gcomhlíontar na huasleibhéil iarmhar maidir le bia do naíonáin agus do leanaí óga dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 (7)agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 ón gCoimisiún (8) agus i dTreoir 2006/125/CE ón gCoimisiún (9). |
|
(9) |
A mhéid a bhaineann le modhanna iarmhar aonair, ós rud é nach bhfuil na modhanna riachtanacha bailíochtaithe ag gach Ballstát, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a n-oibleagáidí anailíse a chomhlíonadh trí dhul i muinín saotharlann oifigiúil a bhfuil na modhanna riachtanacha bailíochtaithe acu cheana féin. |
|
(10) |
Chun go mbeidh tréimhse leordhóthanach ama ag an Údarás meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a tuairiscíodh agus iad a chur le chéile, ba cheart do na Ballstáit, faoin 31 Lúnasa, an fhaisnéis a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin a chur isteach. |
|
(11) |
Chun aon mhearbhall a sheachaint, a éireodh as forluí idir cláir ilbhliantúla ar a chéile, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/989 a aisghairm. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin i gcónaí i gcás samplaí a tástáladh agus a thástálfar in 2025. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. I rith na mblianta 2026, 2027 agus 2028,glacfaidh na Ballstáit (10) samplaí i gcás na dteaglamaí lotnaidicídí/táirgí, arna leagan amach in Iarscríbhinn I, agus déanfaidh siad anailís orthu.
2. Tógfaidh na Ballstáit samplaí mar a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn II agus déanfaidh siad anailís ar na samplaí uile, lena n-áirítear samplaí de bhianna atá beartaithe do naíonáin agus do leanaí óga, agus táirgí de thionscnamh feirmeoireachta orgánaí i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh anailíse a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn II.
3. Is ar bhonn randamach a roghnóidh na Ballstáit an bhaisc atá le sampláil.
Beidh an nós imeachta samplála, lena n-áirítear an líon aonad, i gcomhréir le Treoir 2002/63/CE.
Airteagal 2
Cuirfidh na Ballstáit torthaí na hanailíse ar na samplaí a tástálfar in 2026, 2027 agus 2028 isteach faoin 31 Lúnasa 2027, 2028 agus 2029 faoi seach san fhormáid tuairiscithe leictreonach arna leagan amach ag an Údarás.
I gcás ina mbeidh níos mó ná comhdhúil amháin (substaint ghníomhach agus/nó meitibilít nó táirge dianscaoilte nó imoibriúcháin) san áireamh sa sainmhíniú ar iarmhar lotnaidicíde, tuairisceoidh na Ballstáit torthaí na n-anailísí i gcomhréir leis an sainmhíniú iomlán ar an iarmhar. Déanfar torthaí na n-anailítí uile, ar cuid den sainmhíniú ar iarmhar iad, a chur isteach ar leithligh, a mhéid a dhéantar iad a thomhas ar bhonn aonair.
Airteagal 3
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/989.
A mhéid a bhaineann le samplaí a tástáladh agus a thástálfar in 2025, áfach, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige go dtí an 1 Meán Fómhair 2026.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj.
(2) lRialachán (CE) Uimh. 1213/2008 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2008 maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Comhphobail le haghaidh 2009, 2010 agus 2011 chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí agus chun nochtadh tomhaltóirí le hiarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheasúnú (IO L 328, 6.12.2008, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1213/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/989 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2024 maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Aontais le haghaidh 2025, 2026 agus 2027 chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí agus chun nochtadh tomhaltóirí ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheas agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/731 (IO L, 2024/989, 3.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/989/oj).
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Clár Maireacháin Lotnaidicídí: Measúnú ar Dhearadh. EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(2):4005.
(5) Treoir 2002/63/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2002 lena mbunaítear modhanna samplála Comhphobail chun iarmhair lotnaidicídí i dtáirgí de bhunadh plandaí agus de bhunadh ainmhíoch, nó ar tháirgí den sórt sin, a rialú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 79/700/CEE (IO L 187, 16.7.2002, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/63/oj).
(6) Doiciméad Oibre maidir le teorainneacha cainníochtaithe a achoimriú i gcás sainmhínithe ar iarmhair coimpléascacha (SANCO/12574/2014).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais shonracha maidir le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin agus a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le faisnéis a bhaineann le beathú naíonán agus leanaí óga (IO L 25, 2.2.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/127/oj).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha maidir le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bia chun críoch speisialta míochaine (IO L 25, 2.2.2016, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/128/oj).
(9) Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2006 maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga (IO L 339, 6.12.2006, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/125/oj).
(10) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le roinn 24 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí don Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.
IARSCRÍBHINN I
CUID A
Táirgí (1) de bhunadh plandaí (2) atá le sampláil in 2026, 2027 agus 2028
|
2026 |
2027 |
2028 |
|
(a) |
(b) |
(c) |
|
(0110020) Oráistí (3) |
(0151000) Fíonchaora boird (3) |
(0130010) Úlla (3) |
|
(0130020) Piorraí (3) |
(0163020) Bananaí (3) |
(0152000) Sútha talún (3) |
|
(0162010) Cíobhaíonna (3) |
(0110010) Seadóga (3) |
(0140030) Péitseoga, lena n-áirítear neachtairíní agus hibridí comhchosúla (3) |
|
(0241020) Cóiliseacha (3) |
(0231030) Ubhthorthaí (3) |
Fíon (dearg nó bán) a rinneadh as Fíonchaora fíona (0151020) (i gcás nach bhfuil aon fhachtóirí próiseála sonracha ar fáil le haghaidh fíona, tuairisceoidh na Ballstáit na fachtóirí próiseála fíona a úsáideadh) |
|
(0220020) Oinniúin (3) |
(0241010) Brocailí (3) |
(0251020) Leitísí (3) |
|
(0213020) Cairéid (3) |
(0233010) Mealbhacáin (3) |
(0242020) Cabáistí cinn (3) |
|
(0211000) Prátaí (3) |
(0280010) Fungais shaothraithe (3) |
(0231010) Trátaí (3) |
|
(0300010) Pónairí (triomaithe) (3) |
(0231020) Piobair mhilse/ piobair chloigíneacha (3) |
(0252010) Spionáistí (3) |
|
(0500070) Grán seagail (4) |
(0500090) Grán cruithneachta (4) |
|
|
(0500060) Rís dhonn (rís scilligthe), arna sainiú mar rís nuair a bhaintear an crotal de rís gan scilligeadh (6) |
Ola olóige íon ó Ológa le haghaidh táirgeadh ola (0402010) (i gcás nach bhfuil aon fhachtóir sonrach próiseála ola ar fáil, tuairisceoidh na Ballstáit na fachtóirí próiseála a úsáideadh) |
CUID B
Táirgí (8) de bhunadh ainmhíoch (9) atá le sampláil in 2026, 2027 agus 2028
|
2026 |
2027 |
2028 |
|
(f) |
(d) |
(e) |
|
(1020010) Bainne bó (12) |
||
|
(1012030) Ae buaibheach (10) |
CUID C
Teaglamaí iarmhar lotnaidicíde/táirgí a bhfuil anailís le déanamh orthu i dtáirgí de bhunadh plandaí nó ar na táirgí sin
|
|
2026 |
2027 |
2028 |
Tráchtanna |
|
2,4-D |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú in oráistí, cíobhaíonna, piorraí, cóiliseacha, rís dhonn agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026; i seadóga, fíonchaora boird, ubhthorthaí agus brocailí, agus orthu, in 2027; in úlla, leitísí agus trátaí, agus orthu, in 2028. |
|
2-Feinilfeanól |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú in oráistí, cairéid, piorraí, seagal agus rís dhonn, agus orthu, in 2026; i seadóga agus bananaí, agus orthu, in 2027; agus i sútha talún, agus orthu, in 2028. |
|
4-CPA |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, agus orthu, amháin in 2026; in ubhthorthaí, mealbhacáin, piobair mhilse/piobair chloigíneacha, mealbhacáin agus fungais shaothraithe, agus orthu, in 2027; agus i sútha talún, agus orthu, in 2028. |
|
Abaimeictin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Aicéafáit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Aicéataimíprid |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Aclóinifein |
(a) |
|
|
Le hanailísiú i gcairéid, agus orthu, amháin in 2026. |
|
Aicrinitrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Aildíocarb |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Aildrin agus dé-eildrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Aimeatochtraidin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Asadaraictin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Aisíonfos-meitil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Asocsastróibin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clóiríd bheansalcóiniam |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Défheintrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Défheinil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Déthreasanól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Boscailid |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ian bróimíde |
(a) |
|
|
Le hanailísiú i rís dhonn agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026. |
|
Brómapróipioláit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Búipireamáit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Búpróifisin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Captan |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Carbairil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Cairbeandaisim agus beinimil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Carbafúrán |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clórantrainileapról |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clóráití |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clóirfeinipir |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clóirmeacuat |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bprátaí, cóiliseacha, cairéid, piorraí, seagal, rís dhonn agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026; i bhfíonchaora boird, fungais shaothraithe agus cruithneacht, agus orthu, in 2027; i sútha talún, cabáistí cinn, coirce agus eorna, agus orthu, in 2028. |
|
Clóratailinil |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, cíobhaíonna, prátaí agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026; i mealbhacáin, fíonchaora boird, bananaí agus ubhthorthaí, agus orthu, in 2027; i bpéitseoga, sútha talún, trátaí agus leitísí, agus orthu, 2028. |
|
Clórprófam |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clóirpireafos |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clóirpireafos-meitil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clóifeintisín |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clóipirilid |
|
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bhfíonchaora boird, brocailí agus fungais shaothraithe, agus orthu, amháin, in 2027; i bpéitseoga, cabáistí cinn, spionáistí agus coirce, agus orthu, in 2028. |
|
Clóitiainídin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Comhdhúile copair |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ciantrainileapról |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ciasófaimíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ciofluifeanaimíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ciafluimeitifein |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ciafluitrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ciamocsainil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Cipirmeitrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ciopróconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ciopróidínil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ciorómaisín |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bprátaí, oinniúin, cairéid agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026; in ubhthorthaí, piobair mhilse/piobair chloigíneacha, mealbhacáin agus fungais shaothraithe, agus orthu, in 2027; i leitísí agus i dtrátaí, agus orthu, in 2028. |
|
Deiltemheitrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Dé-aisionón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Déchlórvos |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Déchlórán |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Déchófól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Clóiríd dédheicildémheitiolamóiniam |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Dé-eatofeancarb |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Défheanaconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Défhluibeansúrón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Démheatóáit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Démheatomorf |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Déníoconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Défheiniolaimín |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Déthianón |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, agus orthu, amháin in 2026; i bhfíonchaora boird agus orthu in 2027; in úlla, péitseoga agus sútha talún, agus orthu, in 2028. |
|
Déthiacarbamáití |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú sna tráchtearraí liostaithe uile, agus orthu, cé is moite de bhrocailí, cóiliseacha, cabáistí cinn, ola olóige, fíon agus oinniúin. |
|
Dóidín |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Beansóáit eimimeictine B1a, arna sloinneadh mar eimimeictin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ionsulfán |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Eapocsaconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Eiteafón |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú in oráistí agus piorraí, agus orthu, amháin in 2026; i seadóga, mealbhacáin, piobair mhilse/piobair chloigíneacha, cruithneacht agus fíonchaora boird, agus orthu, in 2027; in úlla, péitseoga, trátaí, eorna agus fíon, agus orthu, 2028. |
|
Eitión |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Eitireamól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Eatafeanprocs |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Eatocsasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ocsaíd eitiléine |
(a) |
|
|
Le hanailísiú i bpónairí triomaithe agus rís dhonn, agus orthu, in 2026. |
|
Famocsadón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanaimíodón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanaimíofos |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanaramól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanasacuin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanbúconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ocsaíd feanbútaitine |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú in oráistí agus piorraí, agus orthu, amháin in 2026; i seadóga agus fíonchaora boird, agus orthu, in 2027; in úlla, sútha talún agus péitseoga, agus orthu, in 2028. |
|
Feinheacsaimíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feinítritión |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanocsacarb |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanprópáitrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanpróipidín |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanprópamorf |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feinpiorasaimín |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feinpiorocsamáit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feintión |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Feanvailéaráit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Fiprinil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Floiniocaimíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Fluasafop-P |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, cóiliseacha, pónairí triomaithe, prátaí, cairéid agus oinniúin, agus orthu, amháin, in 2026; in ubhthorthaí, brocailí, piobair mhilse/piobair chloigíneacha, agus orthu, in 2027; i sútha talún, cabáistí cinn, cruithneacht agus spionaistí, agus orthu, in 2028. |
|
Fluibeindé-aimíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Fluidhé-ocsainil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Fluifeanocsúrón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Fluaipicilíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Fluaipioram |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Fluipiridhéfhúrón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Flucuineonasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Fluisiolasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Flutríafól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Flocsaipiorocsad |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Foilpéad |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Foirmeiteanáit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Foiseitil-Al |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Foistiasáit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Amóiniam glúfosanáite |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, prátaí, cíobhaíonna, rís dhonn agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026; i bhfíonchaora boird, bananaí agus fungais shaothraithe, agus orthu, in 2027; i bpéitseoga, sútha talún, cabáistí cinn, úlla agus leitísí, agus orthu, in 2028. |
|
Gliofosáit |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, cíobhaíonna, pónairí triomaithe, rís dhonn, seagal, cairéid agus oráistí, agus orthu, amháin, in 2026; i bhfungais shaothraithe, fíonchaora boird, seadóga, ubhthorthaí agus cruithneacht, agus orthu, in 2027; in úlla, péitseoga, sútha talún, cabáistí cinn, leitísí, fíon, spionáistí, coirce agus eorna, agus orthu, in 2028. |
|
Halocsafop lena n-áirítear halocsafop-P |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, prátaí, cairéid, cóiliseacha, oinniúin agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026; i mbrocailí agus cruithneacht agus orthu in 2027; i sútha talún agus cabáistí cinn, agus orthu, in 2028. |
|
Heicseaconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Heicsitiasocs |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Iomasailil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Imíodaclóiprid |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Iondocsacarb |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Iopróidhé-ón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Iopróvalacarb |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Iseacarbofos |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Isifeitimíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Iseapróitialán |
(a) |
|
|
Le hanailísiú i rís dhonn, agus uirthi, amháin in 2026. |
|
Creasocsaim-meitil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Lambda-ciahalaitrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Lionúrón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Lúifeanúrón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Malaitión |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Hiodraisíd mhailéach |
(a) |
|
|
Le hanailísiú in oinniúin agus prátaí, agus orthu, amháin in 2026. |
|
Mandaprópaimíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meifeintrífhluconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meapainipirim |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meipiocuat |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, cóiliseacha, prátaí, pónairí triomaithe, seagal agus rís dhonn, agus orthu, amháin, in 2026; i bhfíonchaora boird, piobair mhilse/piobair chloigíneacha, fungais shaothraithe agus cruithneacht, agus orthu, in 2027; in úlla, fíon, sútha talún, eorna agus coirce, agus orthu, 2028. |
|
Meataflumasón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meatalacsail agus meatalacsail-M |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meitimíotrón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meataimídeafos |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meitíodaitión |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meitiacarb |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meitimil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meatocsaifeinisíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meitrifeanón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Monacrótafos |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Míoclóbútainil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Nicitín |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, oinniúin, prátaí agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026; i bhfíonchaora boird, fungais shaothraithe agus piobair mhilse/piobair chloigíneacha, agus orthu, in 2027; in úlla, péitseoga, sútha talún, leitísí, spionáistí agus trátaí, agus orthu, in 2028. |
|
Óimeatóáit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ocsáidicsil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ocsaimil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ocsaitiaipiopróilin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Ocsaidhémheatón-meitil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Paclabútrasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Meitil pharaitióin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Peanconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Peinciocúrón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Peindémheatailin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Sármheitrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Foismeit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Pirimeacarb |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Pirimeafos-meitil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Próclóras |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Próicimiodón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Próifeanafos |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Própamacarb |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i bpiorraí, cairéid, cóiliseacha, oinniúin, prátaí agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026; i bhfíonchaora boird, mealbhacáin, bananaí, ubhthorthaí, brocailí, piobair mhilse/piobair chloigíneacha agus cruithneacht agus orthu in 2027; i sútha talún, cabáistí cinn, spionáistí, leitísí, trátaí agus eorna agus orthu, 2028. |
|
Própairgít |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Própacanasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Próipiosaimíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Prócuineaisíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Prósulfacarb |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Próitiaconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú i gcairéid, oinniúin, seagal agus rís dhonn, agus orthu, in 2026; i bpiobair mhilse/piobair chloigíneacha agus cruithneacht agus orthu in 2027; i gcabáistí cinn, leitísí, trátaí, coirce agus eorna, agus orthu, in 2028. |
|
Pimeatraisín |
|
(b) |
(c) |
Ní dhéanfar anailís air in aon táirge ná ar aon táirge in 2026. Le hanailísiú in ubhthorthaí, mealbhacáin agus piobair mhilse/piobair chloigíneacha, agus orthu, amháin, in 2027; i leitísí, sútha talún, spionáistí agus trátaí, agus orthu, in 2028. |
|
Pireaclóstróibin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Piritriní |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Piridibein |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Pireadailil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Pirimeatanail |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Pireaprocsaifein |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Cuineocsaifein |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Spíonatóram |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Spíonasad |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Spiridhéchlóifein |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Spirimeisifein |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Spiorocsaimín |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Spiriteitreamat |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Sulfocsaflór |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Tó-fluvailionáit |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Teabúconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Teabúifeanóisíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Teabúifeinpiorad |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Teafluibeansúrón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Teafluitrin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Tríbhúitiolaisín |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Teitreaconasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Teitridhéfhón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Tiaibeandasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Tiaclóiprid |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Tiaimeatocsam |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Tiaidhécharb |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Tiafanáit-meitil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Tolclófos-meitil |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Trí-aidhémheafón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Trí-aidhémheanól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Trí-asafos |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Tríchioglasól |
(a) |
|
|
Le hanailísiú i rís dhonn, agus uirthi, amháin in 2026. |
|
Trífhlocsastróibin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Trífhlumasól |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Trífhlumúrón |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Caitian trímheitil-sulfóiniam |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú in oráistí, piorraí, cóiliseacha, rís dhonn agus pónairí triomaithe, agus orthu, amháin, in 2026; i seadóga, fíonchaora boird, bananaí, ubhthorthaí, piobair mhilse/piobair chloigíneacha, cabáistí cinn, oinniúin, coirce agus fungais shaothraithe, agus orthu, in 2027; in úlla, péitseoga agus sútha talún, agus orthu, in 2028. |
|
Tríneicseapac |
(a) |
(b) |
(c) |
Le hanailísiú in oráistí agus seagal, agus orthu, amháin in 2026; i gcruithneacht agus fungais shaothraithe, agus orthu, in 2027; in úlla, sútha talún, eorna agus coirce, agus orthu, 2028. |
|
Fíoncleasóilin |
(a) |
(b) |
(c) |
|
|
Socsaimíd |
(a) |
(b) |
(c) |
|
CUID D
Teaglamaí iarmhar lotnaidicíde/táirgí a bhfuil anailís le déanamh orthu i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch nó ar na táirgí sin
|
|
2026 |
2027 |
2028 |
Tráchtanna |
|
Aildrin agus dé-eildrin |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Clóiríd bheansalcóiniam |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Défheintrin |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Clóráití |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Clórdán |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Clóirmeacuat |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Clóirpireafos |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Clóirpireafos-meitil |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Comhdhúile copair |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Cipirmeitrin |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
DDT |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Deiltemheitrin |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Dé-aisionón |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Clóiríd dédheicildémheitiolamóiniam |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Ionsulfán |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Famocsadón |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Feanvailéaráit |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Fiprinil |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Amóiniam glúfosanáite |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Gliofosáit |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Heipteaclór |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Heicseaclóraibeinséin |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Heicseaclóraicioglaiheacsán (HCH, Alfa-Isiméir) |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Heicseaclóraicioglaiheacsán (HCH, Béite-Isiméir) |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Iondocsacarb |
|
|
(e) |
Le hanailísiú i mbainne bó, agus air, amháin in 2028. |
|
Liondán |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Meifeintrífhluconasól |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Meipiocuat |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Meatocsaclór |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Paraitión |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Peindémheatailin |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Sármheitrin |
(f) |
(d) |
(e) |
|
|
Pirimeafos-meitil |
(f) |
(d) |
(e) |
|
(1) Cóid táirgí i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.
(2) Na codanna de na hamhtháirgí a bhfuil feidhm ag uasteorainneacha iarmhar (MRLanna) ina leith, déanfar anailís orthu maidir le príomhtháirge an ghrúpa nó an fhoghrúpa arna liostú i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ón gCoimisiún mura sonraítear a mhalairt.
(3) Déanfar anailís ar tháirgí neamhphróiseáilte. I gcás táirgí a sampláladh i staid reoite, tuairisceofar fachtóir próiseála, más infheidhme
(4) Mura bhfuil aon sampla leordhóthanach de ghráin seagail, chruithneachta, choirce nó eorna ar fáil, is féidir anailís a dhéanamh ar phlúr slánghráinneach seagail, cruithneachta, coirce nó eorna freisin agus tuairisceofar fachtóir próiseála.
(5) Mura bhfuil aon sampla leordhóthanach de ghráin choirce ar fáil, is féidir an chuid den líon samplach a theastaíonn i gcás gráin choirce nach rabhthas in ann a ghlacadh a chur leis an líon samplach i gcás gráin eorna, rud a d’fhágfadh líon samplach laghdaithe i gcás gráin choirce agus líon samplach breisithe dá réir i gcás gráin eorna.
(6) Is féidir anailís a dhéanamh ar ghrán ríse snasta, i gcás inarb iomchuí. Tuairisceofar cibé acu an rís scilte nó rís snasta a anailísíodh. Más rís snasta a anailísíodh, tuairisceofar fachtóir próiseála.
(7) Mura bhfuil aon sampla leordhóthanach de ghráin eorna ar fáil, is féidir an chuid den líon samplach a theastaíonn i gcás gráin eorna nach rabhthas in ann a ghlacadh a chur leis an líon samplach i gcás gráin choirce, rud a d’fhágfadh líon samplach laghdaithe i gcás gráin eorna agus líon samplach breisithe dá réir i gcás gráin choirce
(8) Cóid táirgí i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.
(9) Na codanna de na hamhtháirgí a bhfuil feidhm ag uasteorainneacha iarmhar (MRLanna) ina leith, déanfar anailís orthu maidir le príomhtháirge an ghrúpa nó an fhoghrúpa arna liostú i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ón gCoimisiún mura sonraítear a mhalairt.
(10) Déanfar anailís ar tháirgí neamhphróiseáilte. I gcás táirgí a sampláladh i staid reoite, tuairisceofar fachtóir próiseála, más infheidhme.
(11) Féadfar feoil a shampláil freisin i gcomhréir le Tábla 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/63/CE.
(12) Déanfar anailís ar bhainne úr (neamhphróiseáilte), mar aon le bainne reoite, paistéartha, téite, steirilithe nó scagtha.
(13) Is ar uibheacha iomlána gan an bhlaosc a dhéanfar anailís.
IARSCRÍBHINN II
CUID A
Líon samplaí agus sampláil táirgí de thionscnamh na feirmeoireachta orgánaí agus bianna a cheaptar lena n-úsáid mar bhianna do naíonáin agus do leanaí óga
|
(1) |
Is é seo a leanas an t-íoslíon samplaí atá le glacadh i gcás gach táirge ar leith agus atá le hanailísiú i leith na lotnaidicídí a liostaítear in Iarscríbhinn I (in aghaidh na bliana in aghaidh an tráchtearra):
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
De bhreis ar phointe (1), déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a ghlacadh agus a anailísiú le haghaidh na lotnaidicídí a liostaítear i gCuid C agus i gCuid D d’Iarscríbhinn I:
|
|
(3) |
Glacfar samplaí ó tháirgí a thagann ó fheirmeoireacht orgánach, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, i gcomhréir leis an sciar den mhargadh a bheidh ag na táirgí sin i ngach Ballstát ar leith, agus glacfar sampla amháin ar a laghad, agus déanfar iad a anailísiú le haghaidh na lotnaidicídí a liostaítear i gCuid C agus i gCuid D d’Iarscríbhinn I. |
|
(4) |
I gcás bianna atá beartaithe do naíonáin agus do leanaí óga, déanfaidh na Ballstáit measúnú i dtaobh an bhfuil uasteorainneacha iarmhar á gcomhlíonadh maidir le bia do naíonáin agus leanaí óga dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún, in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 ón gCoimisiún agus in Airteagal 7 de Threoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, agus gan ach na sainmhínithe ar iarmhair a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh. Agus anailís á déanamh ar na samplaí maidir leis na táirgí amhail a bheartaítear iad a chaitheamh nó mar bhianna athdhéanta i gcomhréir le treoracha na monaróirí, cuirfear na huasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí a leagtar amach i dTreoir 2006/125/CE agus i Rialacháin Tharmligthe (AE) 2016/127 agus 2016/128 san áireamh. I gcás inar féidir bianna den sórt sin a chaitheamh mar bhia arna dhíol agus mar bhia athdhéanta araon, is ar an táirge arna dhíol a dhéanfar na torthaí a thuairisciú. |
CUID B
Riachtanais maidir le hanailísiú
|
(1) |
Maidir le Ballstáit a úsáideann modhanna iliarmhair, féadfaidh siad modhanna scagtha cáilíochtúla a úsáid ar suas le 15 % de na samplaí atá le glacadh agus le hanailísiú i gcomhréir le pointe (1) de Chuid A. I gcás ina mbeidh modhanna scagtha cáilíochtúla in úsáid, déanfar fuílleach an lín samplaí a anailísiú le modhanna cainníochtúla iliarmhair.
I gcás ina dtabharfaidh an scagadh cáilíochtúil torthaí deimhneacha, déanfaidh na Ballstáit gnáthmhodh sprice a úsáid chun na torthaí a chainníochtú. |
|
(2) |
A mhéid a bhaineann le modhanna iarmhar aonair, féadfaidh na Ballstáit samplaí atá le glacadh agus le hanailísiú i gcomhréir le pointe (1) de Chuid A a tharchur chuig saotharlanna oifigiúla a bhfuil na modhanna riachtanacha bailíochtaithe acu cheana féin. |
|
(3) |
Tá treoir maidir le ‘Nósanna imeachta anailíseacha um rialú cáilíochta agus bailíochtú i gcomhair iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha a anailísiú’ (2) foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. |
(1) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le roinn 24 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do na Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.
(2) Doiciméad SANTE/11312/2021 v2.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/854/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)