European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/847

7.5.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/847 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Bealtaine 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sáruithe slándála ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 5(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is cuid ríthábhachtach é an Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (‘creat’) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun éiceachóras céannachta digití atá slán agus idir-inoibritheach a bhunú ar fud an Aontais. Agus na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití (‘tiachóga’) mar bhunchloch an chreata, is é is aidhm dó rochtain ar sheirbhísí ó Bhallstát go chéile a éascú, agus cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais á háirithiú an tráth céanna.

(2)

Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 (2) agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus, i gcás inarb ábhartha, Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Na rialacha maidir le measúnú agus soláthar faisnéise a bhunaítear faoin Rialachán seo, tá siad gan dochar don oibleagáid fógra a thabhairt don údarás maoirseachta inniúil faoi sháruithe i ndáil le sonraí pearsanta i gcás inarb infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó Rialachán (AE) 2018/1725, agus don oibleagáid na sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl do na hábhair sonraí i gcás inarb infheidhme faoi na Rialacháin sin.

(3)

Déanann an Coimisiún measúnú tráthrialta ar theicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla nua. Chun an leibhéal comhchuibhithe is airde a áirithiú i measc na mBallstát maidir le forbairt agus deimhniú na dtiachóg, beidh na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo ag brath ar an obair a rinneadh faoi Mholadh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún (5) agus go háirithe an Creat Ailtireachta agus Tagartha atá ina chuid de. I gcomhréir le haithris 75 de Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú agus, más gá, é a thabhairt cothrom le dáta, chun é a choimeád i gcomhréir le forbairtí domhanda agus leis an gCreat Ailtireachta agus Tagartha, agus chun na dea-chleachtais ar an margadh inmheánach a leanúint.

(4)

I gcás shárú slándála nó chur i mbaol slándála na réiteach tiachóige nó na sásraí bailíochtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, nó na scéime ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear na réitigh tiachóige, ní mór freagairtí ar sháruithe slándála agus ar chur i mbaol slándála den sórt sin tarlú ar bhealach tapa, comhordaithe agus slán ar fud na mBallstát chun úsáideoirí a chosaint agus chun iontaoibh as an éiceachóras céannachta digití a choinneáil ar bun. Tá an méid sin gan dochar do Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Rialacháin (AE) 2019/881 (8) ná do (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) go háirithe a mhéid a bhaineann le láimhseáil teagmhas nó leochaileachtaí agus dá mbreithniú mar sháruithe slándála. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar soláthar agus úsáid tiachóg a ndéanann sárú slándála nó cur i mbaol slándála difear dóibh a chur ar fionraí go tráthúil, nó, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar iad a tharraingt siar.

(5)

Chun freagairtí iomchuí ar shárú slándála nó ar chur i mbaol slándála a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a mheas cé acu a dhéantar nó nach ndéantar difear d’iontaofacht an réitigh tiachóige nó d’iontaofacht réiteach tiachóige eile mar gheall ar shárú slándála nó ar chur i mbaol slándála i gcás réiteach tiachóige, na sásraí bailíochtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, nó na scéime ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear réiteach tiachóige. Ba cheart measúnú den sórt sin a bheith bunaithe ar chritéir aonfhoirmeacha, amhail líon agus catagóir na n-úsáideoirí tiachóige, na ndaoine nádúrtha agus na bpáirtithe is úsáideoirí tiachóige a n-imrítear tionchar orthu, cineál na sonraí a n-imrítear tionchar orthu, fad an chur i mbaol nó an tsáraithe slándála, infhaighteacht theoranta seirbhíse agus caillteanais airgeadais, agus cur i mbaol féideartha sonraí pearsanta. Leis na critéir sin, ba cheart solúbthacht agus discréid a sholáthar do na Ballstáit chun a shuí, ar bhealach comhréireach, an ndéantar difear d’iontaofacht réitigh tiachóige agus an iomchuí an réiteach tiachóige a chur ar fionraí nó, i gcás ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar thromchúis an tsáraithe nó an chur i mbaol, an réiteach tiachóige a tharraingt siar. Leis na critéir sin, níor cheart réiteach tiachóige a tharraingt siar go huathoibríoch ná níor cheart úsáid réitigh tiachóige a chur ar fionraí go huathoibríoch, ach ba cheart do na Ballstáit breithniú cuí a dhéanamh orthu agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil gá le soláthar agus úsáid réitigh tiachóige a tharraingt siar nó a chur ar fionraí.

(6)

Mar gheall ar an tionchar agus ar an míchaoithiúlacht a eascraíonn as úsáid réiteach tiachóige a chur ar fionraí, beidh ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gá le dearbhuithe aonaid tiachóige nó le haon bheart breise eile a chúlghairm chun freagairt go leormhaith don sárú slándála nó don chur i mbaol slándála.

(7)

Chun úsáideoirí tiachóige a choinneáil ar an eolas faoi stádas a dtiachóg, tabharfar faisnéis leordhóthanach dóibh faoi sháruithe slándála nó faoi chur i mbaol slándála a dhéanann difear dá dtiachóga. Ós rud é gur féidir le sáruithe slándála agus cur i mbaol slándála difear a dhéanamh do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige atá cláraithe san Aontas, comhroinnfear faisnéis ábhartha maidir le sáruithe slándála agus cur i mbaol slándála leo freisin.

(8)

Chun feabhas a chur ar an trédhearcacht agus chun iontaoibh as an éiceachóras céannachta digití a chothú, ba cheart, ar a laghad, an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo a bheith san fhaisnéis faoi na sáruithe slándála nó faoin gcur i mbaol slándála agus faoina n-iarmhairtí. Mar sin féin, ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le sáruithe slándála nó cur i mbaol slándála a chomhroinntear le húsáideoirí tiachóige agus le páirtithe is úsáideoirí tiachóige ionas go gcoiscfear agus go n-íoslaghdófar an riosca go ndéanfaidh ionsaitheoirí iad a shaothrú.

(9)

Chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí rochtain a fháil ar a n-aonaid tiachóige arís tar éis don sárú slándála nó don chur i mbaol slándála a bheith leigheasta, beidh ar an mBallstát a sholáthair na réitigh tiachóige soláthar agus úsáid na réiteach tiachóige sin a athbhunú gan moill mhíchuí. Is féidir é sin a dhéanamh trí na haonaid tiachóige a athbhunú, trí aonaid tiachóige a eisiúint a sholáthraítear faoi leagan nua de na réitigh tiachóige nó trí dhearbhuithe aonaid tiachóige bailí nua a atheisiúint. Cuirfear úsáideoirí tiachóige a ndéantar difear dóibh, páirtithe is úsáideoirí tiachóige, pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

(10)

Chun a áirithiú go dtarraingeofar siar na tiachóga i gcás nár leigheasadh sárú slándála nó cur i mbaol slándála laistigh de 3 mhí ón bhfionraí nó i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin de bharr thromchúis an tsáraithe slándála nó an chur i mbaol slándála, ba cheart don Bhallstát a áirithiú go ndéanfar na dearbhuithe aonaid tiachóige ábhartha a chúlghairm agus nach féidir leo a bheith bailí arís ná nach n-eiseofar iad ná nach soláthrófar iad d’aonaid tiachóige atá ann cheana. Thairis sin, níor cheart aon aonad tiachóige nua a sholáthar faoin réiteach tiachóige a ndéantar difear dó. Chun críoch trédhearcachta, ní mór úsáideoirí, páirtithe is úsáideoirí, pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoin tarraingt siar. Áirítear leis sin tuairisc ar na tionchair fhéideartha ar na húsáideoirí tiachóige agus go háirithe ar bhainistiú na ndearbhuithe eisithe, nó ar pháirtithe is úsáideoirí tiachóige.

(11)

Maidir leis an tréimhse 3 mhí tar éis soláthar agus úsáid réitigh tiachóige a chur ar fionraí, agus ar lena linn atá an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála ba chúis leis an bhfionraí sin le leigheas, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le teorainn ama ar ina diaidh a bheidh an réiteach tiachóige le tarraingt siar mura mbeidh leigheas iomchuí curtha chun feidhme. Mar sin féin, is féidir leis na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála a leigheas laistigh de theorainn ama atá níos giorra ná 3 mhí, agus méid, fad agus iarmhairtí an tsáraithe slándála nó an chur i mbaol slándála sin á gcur san áireamh, go háirithe agus i gcás inarb ábhartha. I gcás nach ndéanfar nó nach féidir an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála a leigheas laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an mBallstát, féadfaidh an Ballstát a cheangal go ndéanfar an réiteach tiachóige a tharraingt siar sula rachaidh an tréimhse 3 mhí in éag. Ba cheart do na Ballstáit an tréimhse ama sin a úsáid ar lena linn nach mór sárú slándála nó cur i mbaol slándála, as ar cuireadh soláthar agus úsáid réitigh tiachóige ar fionraí, a leigheas chun tarraingt siar fhéideartha an réitigh tiachóige sin agus na cumarsáide a eascraíonn as sin a ullmhú.

(12)

Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú maidir leis bhfaisnéis atá le soláthar, i gcomhréir leis an Rialachán seo, chuig an gCoimisiún agus chuig Ballstáit eile, ba cheart do na Ballstáit uirlisí fógartha atá ann cheana a úsáid amhail an Córas um Thuairisciú agus Anailísiú Cibeartheagmhas (‘CTACT’) arna oibriú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’). Maidir le bealaí nó modhanna malartacha atá le húsáid chun úsáideoirí tiachóige a ndéanann sárú slándála nó cur i mbaol difear dóibh agus páirtithe is úsáideoirí tiachóige a chur ar an eolas, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar an fhaisnéis ábhartha ar bhealach soiléir, cuimsitheach agus sorochtana. Maidir leis na mbealaí chun an fhaisnéis sin a sholáthar d’úsáideoirí tiachóige a ndéantar difear dóibh agus do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige, ba cheart a áireamh leo réitigh iomchuí maidir le craoladh ar shuíomh gréasáin, rianú fíor-ama ar nuashonruithe ar shuíomh gréasáin agus comhbhailiú nuachta.

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 31 Eanáir 2025.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le freagairtí ar sháruithe slándála ar na tiachóga, ar na sásraí bailíochtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus ar an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear na tiachóga.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘réiteach tiachóige’ teaglaim de bhogearraí, crua-earraí, seirbhísí, socruithe, agus cumraíochtaí, lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó agus gaireas cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó;

(2)

ciallaíonn ‘úsáideoir tiachóige’ úsáideoir a bhfuil an t-aonad tiachóige faoina rialú;

(3)

ciallaíonn ‘páirtí is úsáideoir tiachóige’ páirtí is úsáideoir a bhfuil sé beartaithe aige brath ar aonaid tiachóige chun seirbhísí poiblí nó príobháideacha a sholáthar trí bhíthin idirghníomhaíocht dhigiteach;

(4)

ciallaíonn ‘ásc tiachóige’ an feidhmchlár a shuiteáiltear agus a chumraítear ar ghaireas nó ar thimpeallacht úsáideora tiachóige, ar cuid d’aonad tiachóige é, agus a úsáideann úsáideoir na tiachóige chun idirghníomhú leis an aonad tiachóige;

(5)

ciallaíonn ‘feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige’ feidhmchlár lena mbainistítear sócmhainní criticiúla trína bheith nasctha leis na feidhmeanna cripteagrafacha agus neamh-chripteagrafacha a sholáthraíonn an gaireas cripteagrafach slán tiachóige agus trína n-úsáid;

(6)

ciallaíonn ‘gaireas cripteagrafach slán tiachóige’ gaireas crioscaíldíonach lena soláthraítear timpeallacht atá nasctha leis an bhfeidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige agus a úsáideann sé chun sócmhainní criticiúla a chosaint agus chun feidhmeanna cripteagrafacha a sholáthar chun oibríochtaí criticiúla a fhorghníomhú ar bhealach slán;

(7)

ciallaíonn ‘soláthraí tiachóige’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn réitigh tiachóige;

(8)

ciallaíonn ‘aonad tiachóige’ cumraíocht uathúil de réiteach tiachóige lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchláir chripteagrafacha shlána tiachóige agus gairis chripteagrafacha shlána tiachóige arna soláthar ag soláthraí tiachóige d’úsáideoir aonair tiachóige;

(9)

ciallaíonn ‘sócmhainní criticiúla’ sócmhainní laistigh d’aonad tiachóige, nó i ndáil leis, a bhfuil tábhacht chomh neamhghnách sin ag baint leo go n-imreofaí tionchar an-tromchúiseach díblitheach ar an gcumas brath ar an aonad tiachóige i gcás ina gcuirfí infhaighteacht, rúndacht nó sláine na sócmhainní sin i mbaol;

(10)

ciallaíonn ‘dearbhú aonaid tiachóige’ oibiacht sonraí lena dtugtar tuairisc ar chomhpháirteanna an aonaid tiachóige nó lenar féidir na comhpháirteanna sin a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú.

Airteagal 3

Sárú slándála nó cur i mbaol slándála a shuí

1.   Gan dochar do Threoir (AE) 2022/2555ná do Rialacháin (AE) 2019/881 agus (AE) 2024/2847, déanfaidh na Ballstáit breithniú cuí ar na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo chun measúnú a dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sárú slándála nó cur i mbaol slándála réitigh tiachóige, na sásraí bailíochtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, nó na scéime ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear an réiteach tiachóige, ag déanamh difear dá n-iontaofacht nó d’iontaofacht réiteach tiachóige eile.

2.   I gcás ina suífidh Ballstát, ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar síos i mír 1, go bhfuil sárú slándála nó cur i mbaol slándála ag déanamh difear d’iontaofacht réitigh tiachóige agus go gcuirfidh sé soláthar agus úsáid an réitigh tiachóige sin ar fionraí, déanfaidh an Ballstát sin na bearta a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5. I gcás ina dtarraingeoidh Ballstát an réiteach tiachóige siar, déanfaidh an Ballstát sin na bearta a leagtar amach in Airteagail 8 agus 9.

3.   I gcás ina dtiocfaidh Ballstát ar an eolas faoi fhaisnéis a bhaineann le sárú slándála nó cur i mbaol slándála a d’fhéadfadh a bheith ann nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iontaofacht réitigh tiachóige amháin nó níos mó arna soláthar ag Ballstát eile, cuirfidh an Ballstát sin an méid sin in iúl, gan moill mhíchuí, don Choimisiún agus do phointí teagmhála aonair na mBallstát dá ndéantar difear arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Sa mhéid a bheidh á chur in iúl, áireofar an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 5(2).

4.   An Ballstát a fhaigheann faisnéis arna soláthar de bhun mhír 3, déanfaidh sé na bearta a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 gan moill mhíchuí.

Airteagal 4

Soláthar agus úsáid na dtiachóg agus leigheasanna eile a chur ar fionraí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar aon aonad tiachóige a sholáthar, a úsáid ná a ghníomhachtú faoin réiteach tiachóige a cuireadh ar fionraí.

2.   Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gá le dearbhuithe aonaid tiachóige na n-aonad tiachóige a ndéanann fionraí réitigh tiachóige difear dóibh a chúlghairm, nó aon leigheas breise eile, chun freagairt go leormhaith don sárú slándála nó don chur i mbaol slándála.

3.   Déanfar na bearta a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 gan moill mhíchuí, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis soláthar agus úsáid an réitigh tiachóige a ndéanann an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála difear dó a chur ar fionraí.

4.   Leis na bearta a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, ní chuirfear bac ar úsáideoirí tiachóige a ndéantar difear dóibh a gceart chun iniomparthachta sonraí a leagtar amach in Airteagal 5a(4), pointe (g) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a fheidhmiú. Tá sé sin ar choinníoll go bhféadfaidh úsáideoirí tiachóige an ceart sin a fheidhmiú gan dochar a dhéanamh do shlándáil shócmhainní criticiúla na n-aonad tiachóige dá ndéantar difear, go háirithe i bhfianaise na gcúiseanna le fionraí agus an ghá atá le cosaint éifeachtach na sócmhainní sin ar mhí-úsáid a áirithiú.

Airteagal 5

Faisnéis faoi fhionraíochtaí agus leigheasanna

1.   Faisnéis atá soiléir, cuimsitheach agus sorochtana maidir le soláthar agus úsáid réitigh tiachóige a chur ar fionraí, soláthrófar an fhaisnéis sin, gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis soláthar agus úsáid an réitigh tiachóige a chur ar fionraí, chuig na grúpaí seo a leanas:

(a)

na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(b)

an Coimisiún;

(c)

na húsáideoirí tiachóige a ndéantar difear dóibh;

(d)

na páirtithe is úsáideoirí tiachóige atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5b de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

2.   San fhaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le mír 1, áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

ainm sholáthraí an réitigh tiachóige ar cuireadh a sholáthar agus a úsáid ar fionraí;

(b)

ainm agus aitheantóir tagartha an réitigh tiachóige sin, mar a léirítear sa liosta tiachóg deimhnithe arna tharraingt suas de bhun Airteagal 5d de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus, i gcás inarb infheidhme na leaganacha lena mbaineann;

(c)

an dáta agus an t-am a braitheadh an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála;

(d)

más eol iad, an dáta agus an t-am a tháinig an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála in éifeacht, bunaithe ar logaí líonra nó córais nó ar fhoinsí sonraí eile;

(e)

an dáta agus an t-am a cuireadh an réiteach tiachóige ar fionraí;

(f)

sonraí teagmhála, lena n-áirítear ar a laghad seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin le haghaidh an Bhallstáit a thugann an fógra, agus, i gcás ina bhfuil na sonraí sin difriúil, le haghaidh an tsoláthraí tiachóige dá dtagraítear i bpointe (a);

(g)

tuairisc ar an sárú slándála nó ar an gcur i mbaol slándála;

(h)

tuairisc ar na sonraí a cuireadh i mbaol, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, catagóirí na sonraí pearsanta mar a shainítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/679;

(i)

i gcás inar féidir, meastachán ar an neaslíon úsáideoirí tiachóige a ndéantar difear dóibh agus ar an líon daoine nádúrtha a ndéantar difear dóibh;

(j)

tuairisc ar na tionchair fhéideartha ar pháirtithe is úsáideoirí tiachóige nó ar úsáideoirí tiachóige, agus i gcás na n-úsáideoirí tiachóige, aon léiriú ar bhearta is féidir le húsáideoirí tiachóige a dhéanamh chun na tionchair fhéideartha sin a mhaolú;

(k)

tuairisc ar na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála a leigheas, mar aon le pleanáil agus sprioc-am maidir le leigheas den sórt sin;

(l)

i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, tuairisc ar na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun úsáideoirí tiachóige a aistriú chuig réitigh tiachóige mhalartacha nó chuig seirbhísí malartacha.

Airteagal 6

Soláthar agus úsáid na dtiachóg a athbhunú

I gcás inar gá chun a áirithiú go ndéanfar soláthar, gníomhachtú agus úsáid réitigh tiachóige a athbhunú, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas gan moill mhíchuí:

(1)

soláthar agus úsáid na n-aonad tiachóige a sholáthraítear faoin réiteach tiachóige sin a athbhunú trí aonad tiachóige a sholáthraítear faoi leagan nua den réiteach tiachóige a eisiúint do na húsáideoirí uile a ndéantar difear dóibh;

(2)

dearbhuithe aonaid tiachóige nua a eisiúint d’aonaid tiachóige nua nó, i gcás inarb infheidhme, d’aonaid tiachóige a eisíodh roimhe sin, ar choinníoll go gcomhlíonann na haonaid tiachóige sin na ceanglais slándála atá i bhfeidhm tar éis don sárú slándála nó don chur i mbaol slándála a bheith leigheasta;

(3)

aon bheart a cuireadh chun feidhme de bhun Airteagal 4 a aisghairm agus bac a chur ar aonaid tiachóige nua a sholáthar faoin réiteach tiachóige a ndéantar difear dó, i gcás ina raibh an beart sin nasctha leis an sárú slándála nó leis an gcur i mbaol slándála atá leigheasta anois agus leis sin amháin.

Airteagal 7

Faisnéis faoi athbhunú

I gcás ina n-athbhunóidh Ballstát réiteach tiachóige, áiritheoidh an Ballstát sin an méid seo a leanas:

(1)

cuirfear faisnéis faoin bhfíoras sin ar fáil gan moill mhíchuí do na páirtithe uile a fuair faisnéis maidir leis an bhforáil a chur ar fionraí agus maidir leis an réiteach tiachóige sin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

(2)

áireofar san fhaisnéis a sholáthraítear de bhun mhír (1) na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointí (a), (b) agus (f) go (h) ar a laghad agus an méid seo a leanas:

(a)

an dáta agus an t-am a leigheasadh an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála;

(b)

dáta agus am athbhunú an réitigh tiachóige a ndéantar difear dó, agus, i gcás inarb iomchuí, dáta agus am athbhunú na n-aonad tiachóige a ndéantar difear dóibh a sholáthraítear faoin réiteach tiachóige sin;

(c)

tuairisc ar na bearta a rinneadh chun an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála a leigheas;

(d)

tuairisc ar na tionchair iarmharacha fhéideartha ar pháirtithe is úsáideoirí tiachóige nó ar úsáideoirí tiachóige, agus i gcás na n-úsáideoirí tiachóige, aon léiriú ar bhearta is féidir le húsáideoirí tiachóige a dhéanamh chun na tionchair iarmharacha fhéideartha sin a mhaolú.

Airteagal 8

Tiachóga a tharraingt siar

1.   Sárú slándála nó cur i mbaol slándála as ar cuireadh soláthar agus úsáid réitigh tiachóige ar fionraí, i gcás nach leigheasfar é laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a chuirfear soláthar agus úsáid an réitigh tiachóige sin ar fionraí, áiritheoidh an Ballstát a sholáthraíonn an réiteach tiachóige sin go dtarraingeofar siar an réiteach tiachóige dá ndéantar difear agus go ndéanfar bailíocht an réitigh sin a chúlghairm, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don tréimhse 3 mhí dul in éag.

2.   Nuair a tharraingeoidh Ballstát réiteach tiachóige siar, áiritheoidh sé an méid seo a leanas:

(a)

go ndearnadh dearbhuithe aonaid tiachóige de chuid aonad tiachóige an réitigh tiachóige dá ndéantar difear a chúlghairm;

(b)

nach féidir na dearbhuithe aonaid tiachóige a bheith bailí arís;

(c)

nach féidir aon dearbhú aonaid tiachóige nua a eisiúint chuig aonaid tiachóige atá ann cheana agus a sholáthraítear faoin réiteach tiachóige a ndéantar difear dó;

(d)

nach féidir aon aonad tiachóige nua a sholáthar faoin réiteach tiachóige a ndéantar difear dó.

3.   Leis na bearta a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, ní chuirfear bac ar úsáideoirí tiachóige a ndéantar difear dóibh a gceart chun iniomparthachta sonraí a leagtar amach in Airteagal 5a(4), pointe (g) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a fheidhmiú. Tá sé sin ar choinníoll go bhféadfaidh úsáideoirí tiachóige an ceart sin a fheidhmiú gan dochar a dhéanamh do shlándáil shócmhainní criticiúla na n-aonad tiachóige dá ndéantar difear, go háirithe i bhfianaise na gcúiseanna le tarraingt siar agus an ghá atá le cosaint éifeachtach na sócmhainní sin ar mhí-úsáid a áirithiú.

Airteagal 9

Faisnéis faoin tarraingt siar

1.   Faisnéis atá soiléir, cuimsitheach agus sorochtana maidir le réiteach tiachóige a tharraingt siar, soláthrófar an fhaisnéis sin, gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis an réiteach tiachóige a tharraingt siar, chuig na grúpaí seo a leanas:

(a)

na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(b)

an Coimisiún;

(c)

na húsáideoirí tiachóige a ndéantar difear dóibh;

(d)

na páirtithe is úsáideoirí tiachóige atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5b de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

2.   San fhaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le mír 1, áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

ainm sholáthraí an réitigh tiachóige a tarraingíodh siar;

(b)

ainm agus aitheantóir tagartha an réitigh tiachóige sin, mar a léirítear ar liosta na dtiachóg deimhnithe arna tharraingt suas de bhun Airteagal 5d de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus, i gcás inarb infheidhme na leaganacha lena mbaineann;

(c)

an dáta agus an t-am a braitheadh an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála as ar eascair tarraingt siar an réitigh tiachóige a ndéantar difear dó mar gheall ar a dhéine atá sé nó toisc nár leigheasadh é laistigh de 3 mhí;

(d)

más eol iad, an dáta agus an t-am a tháinig an sárú slándála nó an cur i mbaol slándála in éifeacht, bunaithe ar logaí líonra nó córais nó ar fhoinsí sonraí eile;

(e)

dáta agus am tharraingt siar an réitigh tiachóige agus chúlghairm éifeachtach dhearbhuithe aonaid tiachóige na n-aonad tiachóige a sholáthraítear faoin réiteach tiachóige;

(f)

an toradh é an tarraingt siar ar dhéine an tsáraithe slándála nó an chur i mbaol slándála nó an iarmhairt é ar an gcaoi nár leigheasadh an sárú slándála nó an cur i mbaol;

(g)

sonraí teagmhála, lena n-áirítear ar a laghad seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin le haghaidh an Bhallstáit a thugann an fógra, agus, i gcás ina bhfuil na sonraí sin difriúil, le haghaidh an tsoláthraí tiachóige dá dtagraítear i bpointe (a);

(h)

tuairisc ar an sárú slándála nó ar an gcur i mbaol slándála;

(i)

tuairisc ar na sonraí a cuireadh i mbaol, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, catagóirí na sonraí pearsanta mar a shonraítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/679;

(j)

i gcás inar féidir, meastachán ar an neaslíon úsáideoirí tiachóige a ndéantar difear dóibh agus ar an líon daoine nádúrtha a ndéantar difear dóibh;

(k)

tuairisc ar na tionchair fhéideartha ar pháirtithe is úsáideoirí tiachóige nó ar úsáideoirí tiachóige, agus i gcás na n-úsáideoirí tiachóige, aon léiriú ar bhearta is féidir le húsáideoirí tiachóige a dhéanamh chun na tionchair fhéideartha sin a mhaolú;

(l)

tuairisc ar na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun úsáideoirí tiachóige a aistriú chuig réitigh tiachóige mhalartacha nó, i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, chuig seirbhísí malartacha.

Airteagal 10

Córas faisnéise

Cuirfidh na Ballstáit faisnéis a leagtar amach in Airteagail 3, 5, 7 agus 9 chuig an gCoimisiún agus chuig pointí teagmhála aonair na mBallstát arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, trí CTACT arna oibriú ag ENISA, nó trí chóras coibhéiseach arna chomhaontú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, cé is moite d’Airteagal 10, a mbeidh feidhm aige ón 7 Bealtaine 2026.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(4)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(5)  Moladh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Bosca Coiteann Uirlisí de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (IO L 210, 14.6.2021, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/946/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).

(7)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).


IARSCRÍBHINN

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar shárú slándála nó ar chur i mbaol slándála

1.

Bunóidh na Ballstáit a measúnú ar shárú slándála nó ar chur i mbaol slándála ar na critéir seo a leanas:

(a)

bhí an sárú nó an cur i mbaol ina chúis, nó d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis, le bás duine nádúrtha nó le damáiste suntasach do shláinte duine nádúrtha;

(b)

fuarthas rochtain, a mheastar a bheith mailíseach nó neamhúdaraithe, ar chórais gréasán agus faisnéise de chuid soláthraí tiachóige, de chuid soláthraí sásraí bailíochtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, nó de chuid sholáthraí na scéime ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear réiteach tiachóige (‘eintitis ábhartha’), nó d’fhéadfaí rochtain den sórt sin a fháil ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le mórshuaitheadh oibríochtúil, agus is codanna criticiúla iad na córais sin den réiteach tiachóige a ndéantar difear dó, de na sásraí bailíochtaithe a ndéantar difear dóibh dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 nó den scéim ríomh-shainaitheantais a ndéantar difear di faoina soláthraítear réiteach tiachóige;

(c)

réiteach tiachóige, sásra bailíochtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, nó scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear réiteach tiachóige, nó cuid díobh:

níl siad ar fáil in aon chor nó meastar nach mbeidh siad ar fáil in aon chor d’úsáideoirí tiachóige nó do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige ar feadh níos mó ná 12 uair an chloig as a chéile;

níl siad ar fáil nó meastar nach mbeidh siad ar fáil d’úsáideoirí tiachóige nó do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige, ar feadh tréimhse is faide ná 16 uair an chloig a ríomhfar ar bhonn seachtaine féilire;

(d)

ceaptar go n-imrítear tionchar ar níos mó ná 1 % d’úsáideoirí tiachóige nó de pháirtithe is úsáideoirí tiachóige nó meastar go n-imreofar tionchar orthu mar gheall ar infhaighteacht theoranta an réitigh tiachóige nó na seirbhísí a sholáthraíonn eintitis lena mbaineann a mhéid a bhaineann leis an réiteach tiachóige;

(e)

d’fhéadfaí rochtain fhisiciúil a chur i mbaol nó rinneadh rochtain fhisiciúil a chur i mbaol, ar rochtain í atá teoranta do phearsanra iontaofa na n-eintiteas lena mbaineann, nó d’fhéadfaí cosaint na rochtana fisiciúla sin a chur i mbaol nó rinneadh í a chur i mbaol, i gcás ceann amháin nó níos mó de shuíomhanna na gcóras gréasán agus faisnéise a thacaíonn leis an réiteach tiachóige, soláthar na sásraí bailíochtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a bhaineann le réiteach tiachóige, nó an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear réiteach tiachóige;

(f)

cuirtear príobháideachas, sláine, rúndacht nó barántúlacht sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear sa réiteach tiachóige i mbaol, nó d’fhéadfaí iad a chur i mbaol, ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:

tá tionchar aige ar níos mó ná 1 % d’úsáideoirí tiachóige an réitigh tiachóige a ndéantar difear dó nó ar níos mó ná 100 000 de na húsáideoirí tiachóige sin, cibé acu is lú;

is toradh é ar ghníomhaíocht rathúil a mheastar a bheith mailíseach;

is toradh é, nó is dócha gur toradh é, ar leochaileacht aitheanta amháin nó níos mó, lena n-áirítear na leochaileachtaí sin a láimhseáiltear i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2981 ón gCoimisiún (1);

is dócha go mbeidh tionchar aige ar shonraí pearsanta ar bhealach a d’fhéadfadh cearta agus saoirsí na ndaoine nádúrtha lena mbaineann a chur i mbaol agus, go háirithe, i gcás sárú ar shonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/679;

is dócha go mbeidh tionchar aige ar chumarsáid leictreonach phearsanta;

is dócha go mbeidh ardriosca ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha dá bharr sin;

is dócha go mbeidh tionchar aige ar dhaoine nádúrtha leochaileacha;

(g)

cuireadh deimhniú an réitigh tiachóige ar ceal nó meastar go gcuirfear ar ceal é;

(h)

tá an sárú nó an cur i mbaol ina chúis le caillteanas airgeadais don eintiteas lena mbaineann, nó d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le caillteanas díreach airgeadais don eintiteas lena mbaineann, agus is caillteanas é sin atá níos mó ná EUR 500 000 nó, i gcás inarb infheidhme, 5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an eintitis lena mbaineann sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is ísle.

2.

Ní bhreithneoidh na Ballstáit iarmhairtí pleanáilte oibríochta cothabhála arna déanamh ag na heintitis lena mbaineann nó thar a gceann, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an oibríocht chothabhála sin:

(a)

tugadh fógra faoin oibríocht roimh ré d’úsáideoirí tiachóige, do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige agus do chomhlachtaí maoirseachta inniúla ábhartha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh;

(b)

ní chomhlíonann an oibríocht aon cheann de na critéir a leagtar amach i mír 1 den Iarscríbhinn seo.

3.

A mhéid a bhaineann le pointe (c) de mhír 1, déanfar fad teagmhais a dhéanann difear d’infhaighteacht a thomhas ón nóiméad a chuirtear isteach ar sholáthar cuí na seirbhíse dá ndéantar difear go dtí an nóiméad a thugtar an tseirbhís ar ais agus a bhíonn sí ag feidhmiú arís. I gcás nach féidir le heintiteas lena mbaineann a chinneadh cén uair a thosaigh an suaitheadh, déanfar fad an teagmhais a thomhas ón tráth a braitheadh an teagmhas, nó ón tráth a taifeadadh an teagmhas i logaí líonra nó córais nó i bhfoinsí sonraí eile, cibé acu is túisce. Déanfar neamh-infhaighteacht iomlán seirbhíse a thomhas ón tráth nach bhfuil an tseirbhís ina hiomláine ar fáil d’úsáideoirí, go dtí tráth a dhéantar gníomhaíochtaí nó oibríochtaí rialta a athbhunú go dtí an leibhéal seirbhíse a soláthraíodh roimh an teagmhas. I gcás nach féidir le heintiteas lena mbaineann a chinneadh cén uair a thosaigh an neamh-infhaighteacht iomlán seirbhíse, déanfar an neamh-infhaighteacht a thomhas ón tráth a bhraith an t-eintiteas sin í.

4.

A mhéid a bhaineann le pointe (d) de mhír 1, meastar go bhfuil infhaighteacht theoranta seirbhíse ann go háirithe i gcás ina bhfuil seirbhís i bhfad níos moille ná an meán-aga freagartha, nó i gcás nach bhfuil feidhmiúlachtaí uile seirbhíse ar fáil. I gcás inar féidir, bainfear úsáid as critéir oibiachtúla atá bunaithe ar mheán-agaí freagartha seirbhísí chun measúnú a dhéanamh ar mhoilleanna san aga freagartha.

5.

Chun na caillteanais dhíreacha airgeadais a eascraíonn as sárú nó cur i mbaol dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1, cuirfidh eintitis lena mbaineann na caillteanais airgeadais uile a tabhaíodh de thoradh an teagmhais a chur san áireamh, amhail costais a bhaineann le bogearraí, crua-earraí nó bonneagar a athsholáthar nó a athlonnú, costais foirne, lena n-áirítear costais a bhaineann le hathsholáthar nó athlonnú foirne, foireann bhreise a earcú, luach saothair ragoibre agus scileanna caillte nó lagaithe a athshlánú, táillí mar gheall ar neamhchomhlíonadh oibleagáidí conarthacha, costais a bhaineann le sásamh agus cúiteamh do chustaiméirí, caillteanais mar gheall ar ioncam ligthe thar ceal, costais a bhaineann le cumarsáid inmheánach agus sheachtrach, agus costais chomhairleacha, lena n-áirítear costais a bhaineann le comhairleoireacht dhlíthiúil, seirbhísí fóiréinseacha agus seirbhísí réitigh. Na costais is gá chun an gnólacht a oibriú ó lá go lá, amhail costais a bhaineann le cothabháil ghinearálta an bhonneagair, an trealaimh, na gcrua-earraí agus na mbogearraí, feabhsuithe agus tionscnaimh measúnaithe riosca, agus préimheanna árachais, ní mheasfar gur caillteanais airgeadais de dheasca teagmhais iad. Déanfaidh na heintitis lena mbaineann méideanna na gcaillteanas airgeadais a ríomh bunaithe ar na sonraí atá ar fáil agus, i gcás nach féidir méideanna iarbhír na gcaillteanas airgeadais a chinneadh, déanfaidh na heintitis sin meastachán ar na méideanna sin.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2981 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhniú na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2981, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2981/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/847/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)