|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/843 |
15.7.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/843 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Bealtaine 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le UV-328
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear chun feidhme gealltanais an Aontais faoi Choinbhinsiún Stócólm 2001 ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (2) (‘an Coinbhinsiún’) agus faoin bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (3) (‘an Prótacal’). |
|
(2) |
Tá liosta ceimiceán in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ceanglaítear ar gach Páirtí sa Choinbhinsiún na ceimiceáin ar an liosta a thoirmeasc agus/nó na bearta dlíthiúla agus riaracháin is gá a dhéanamh chun deireadh a chur lena dtáirgeadh, lena n-úsáid, lena n-allmhairiú agus lena n-onnmhairiú. |
|
(3) |
Le linn an 11ú cruinniú a bhí ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún ón 1 go dtí an 12 Bealtaine 2023, rinne sí cinneadh, de bhun Airteagal 8(9) den Choinbhinsiún, Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú chun UV-328 a áireamh san Iarscríbhinn sin agus díolúintí sonracha ag baint leis sin. Thacaigh an tAontas le UV-328 a áireamh in Iarscríbhinn A agus díolúintí sonracha ag baint leis sin mar a shonraítear i gCinneadh (AE) 2023/1006 ón gComhairle (4). |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ina bhfuil liosta na substaintí a liostaítear sa Choinbhinsiún agus sa Phrótacal chomh maith le substaintí nach liostaítear ach sa Choinbhinsiún, a leasú chun UV-328 a áireamh. |
|
(5) |
Áirítear UV-328 in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chomh maith leis an dáta is déanaí chun iarratas a chur isteach an 27 Bealtaine 2022 agus dáta éagtha an 27 Samhain 2023. Níor cuireadh isteach aon iarratas ar údarú. In éagmais údarú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006, ní féidir UV-328 a úsáid san Aontas, ach is féidir é a allmhairiú in earraí fós. |
|
(6) |
Bhí glao ar fhaisnéis ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ón 31 Bealtaine go dtí an 18 Lúnasa 2023. Tacaíonn na barúlacha a cuireadh isteach leis an ngá atá leis na díolúintí sonracha a áirítear i gCinneadh SC-11/11 ó Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, amhail le haghaidh mótarfheithiclí talún, deighilteoirí meicniúla i bhfeadáin bailithe fola, polaraitheoirí, páipéar fótagrafach agus páirteanna spártha. |
|
(7) |
Chun allmhairiú earraí áirithe ina bhfuil UV-328 a cheadú go dtí go ndéanfar an tsubstaint sin a ionadú go hiomlán, ba cheart díolúintí sonracha áirithe a áirítear i gcinneadh SC-11/11 a dheonú san Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana a mhéid a bhaineann le UV-328 in earraí áirithe a chur ar an margadh agus le húsáid na n-earraí sin ina bhfuil UV-328. Baineann sé sin leis na hearraí a leanas: deighilteoirí meicniúla i bhfeadáin bailithe fola, i scannán ceallalóis trí-aicéitile i bpolaraitheoirí agus i bpáipéar fótagrafach. Ba cheart díolúintí a dheonú freisin maidir le hearraí i mótarfheithiclí talún. Airítear ar mhótarfheithiclí talún gluaisteáin, gluaisrothair, mótarfheithiclí talmhaíochta agus tógála agus trucailí tionsclaíocha, lena n-áirítear mótarfheithiclí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/858 (6), Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 (7) agus Rialachán (AE) Uimh 168/2013 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(8) |
Thairis sin, ba cheart díolúintí a dheonú maidir leis na hearraí seo a leanas agus iad brataithe le meascáin ina bhfuil UV-328: mótarfheithiclí talún, meaisíní innealtóireachta, feithiclí iompair ar iarnród, agus struchtúir chruach mhóra ag a bhfuil bratuithe tromshaothair. Ina theannta sin, i gcomhréir le Cinneadh SC-11/11, ba cheart díolúine a dheonú freisin maidir le páirteanna spártha a chur ar an margadh agus a úsáid le haghaidh feidhmeanna áirithe inar úsáideadh UV-328 ina dtáirgeadh ar dtús. |
|
(9) |
Le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1021 toirmisctear monarú, cur ar an margadh agus úsáid na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, bídís leo féin, i meascáin nó in earraí. I ndáil leis sin, maidir le hearraí ina bhfuil UV-328 agus a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh faoi dhíolúine a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhí in úsáid cheana féin ar dháta éaga na díolúine ábhartha, ba cheart a shoiléiriú go gceadaítear leanúint dá n-úsáid tar éis an dáta sin. |
|
(10) |
Soláthraíodh faisnéis tríd an sásra aiseolais phoiblí go bhfuil UV-328 in go leor aerárthaí atá le seachadadh chuig aerlínte de chuid an Aontais sna 5 bliana amach romhainn agus i bpáirteanna spártha le haghaidh na n-aerárthaí sin. Chun iarmhairtí tromchúiseacha d’aerlínte de chuid an Aontais a sheachaint, ba cheart díolúine a dheonú lena gceadaítear leanúint de na haerárthaí agus na páirteanna spártha d’aerárthaí sin a sheachadadh. |
|
(11) |
Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1021 san Aontas a threisiú, ba cheart teorainnluach a shocrú i ndáil le UV-328 a bhíonn ann mar rian-éilleán neamhbheartaithe i substaintí, i meascáin nó in earraí. Chun go mbeidh saotharlanna in ann feabhas a chur ar chruinneas na modhanna anailíseacha ábhartha agus chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go leordhóthanach iad, ba cheart an teorainn rian-éilleáin neamhbheartaithe a shocrú ag 100 mg/kg tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ag 10 mg/kg 2 bhliain tar éis an teacht i bhfeidhm agus ag 1 mg/kg 4 bliana tar éis an teacht i bhfeidhm. |
|
(12) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj.
(2) IO L 209, 31.7.2006, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2006/507/oj.
(3) IO L 81, 19.3.2004, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2004/259/oj.
(4) Cinneadh (AE) 2023/1006 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 136, 24.5.2023, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1006/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE, Treoir 93/67/CEE, Treoir 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).
(6) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/167/oj).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/168/oj).
IARSCRÍBHINN
I gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
Substaint |
Uimh. CAS |
Uimh. CE |
Díolúine shonrach maidir le húsáid idirmheánach nó sonraíocht eile |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
‘2-(2H-beansaithrí-asól-2-il)-4,6-dé-treas-peintilfeanól (UV-328) |
25973-55-1 |
247-384-8 |
|
(*1) Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, p. 176, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/746/oj).’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/843/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)