|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/841 |
6.5.2025 |
Comhaontú idir Ceanada agus an tAontas Eorpach i ndáil le sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí a aistriú agus a phróiseáil
TÁ CEANADA
agus
AN tAONTAS EORPACH,
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta,
AG FÉACHAINT LEIS an sceimhlitheoireacht agus cionta a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, mar aon le coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta eile, mar bhealach chun a sochaithe daonlathacha agus a luachanna coiteanna féin a chosaint agus an tslándáil agus an smacht reachta a chur chun cinn;
AG AITHINT a thábhachtaí atá sé an sceimhlitheoireacht agus cionta a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, mar aon le coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta eile, agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha á gcaomhnú san am céanna, go háirithe na cearta chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí;
AG FÉACHAINT LE comhar idir na Páirtithe a fheabhsú agus a spreagadh de mheon na comhpháirtíochta idir Ceanada agus an tAontas Eorpach;
AG AITHINT gur comhpháirt riachtanach sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus coireachta gaolmhara agus coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta eile is ea an chomhroinnt faisnéise, agus sa chomhthéacs sin, gur ionstraim an-thábhachtach í úsáid na sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun na spriocanna sin a shaothrú;
AG AITHINT, chun slándáil phoiblí a chosaint agus chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, gur cheart rialacha a leagan síos chun aistriú sonraí PNR a dhéanann aeriompróirí chuig Ceanada a rialú;
AG AITHINT go bhfuil luachanna coiteanna ag na Páirtithe maidir le cosaint sonraí agus an príobháideachas ina ndlí féin;
AGUS AIRD Á TABHAIRT ar ghealltanais an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 6 de Chonradh an Aontais Eorpaigh maidir le cearta bunúsacha a urramú, an ceart chun príobháideachais a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta de bhun Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, prionsabail na comhréireachta agus an riachtanais a bhaineann leis an gceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, an príobháideachas a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 8 de Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus a Phrótacal breise 181;
AG FÉACHAINT D’fhorálacha ábhartha Chairt Cheanada um Chearta agus Saoirsí agus reachtaíocht Cheanada maidir le príobháideachas;
AG FÉACHAINT DO Thuairim 1/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 26 Iúil 2017 maidir leis an gComhaontú idir Ceanada agus an tAontas Eorpach i ndáil le sonraí PNR a aistriú agus a phróiseáil, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 25 Meitheamh 2014;
AG TABHAIRT DÁ nAIRE gealltanas an Aontais Eorpaigh a áirithiú nach gcuirfear cosc ar aeriompróirí dlí Cheanada a chomhlíonadh maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú ón Aontas Eorpach go Ceanada de bhun an Chomhaontaithe seo;
AG AITHINT nach bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith ag an gComhaontú maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailíonn agus a tharchuireann aeriompróirí go Ceanada chun críche rialaithe teorann;
AG AITHINT freisin nach gcuireann an Comhaontú seo cosc ar Cheanada leanúint d’fhaisnéis ó aeriompróirí a phróiseáil in imthosca eisceachtúla i gcás inar gá chun aon bhagairt thromchúiseach láithreach ar an aeriompar nó an tslándáil náisiúnta a mhaolú agus na teorainneacha diana a leagtar síos i ndlí Cheanada á n-urramú agus in aon chás gan na teorainneacha dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo a shárú;
AG TABHAIRT DÁ nAIRE leas na bPáirtithe, mar aon le leas Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i ndáil le faisnéis a mhalartú maidir leis an modh chun sonraí PNR a tharchur chomh maith le sonraí PNR a nochtadh lasmuigh de Cheanada mar a leagtar amach in Airteagail ábhartha an Chomhaontaithe seo, agus leas an Aontais Eorpaigh tar éis dó aghaidh a thabhairt air sin i gcomhthéacs an tsásra comhairliúcháin agus athbhreithnithe a leagtar amach sa Chomhaontú seo á thabhairt dá aire dó;
AG TABHAIRT DÁ nAIRE gealltanas Cheanada go bpróiseálann Údarás Inniúil Cheanada sonraí PNR chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh i ndianchomhlíonadh coimircí maidir le príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint, mar a leagtar amach sa Chomhaontú seo;
AGUS BÉIM Á LEAGAN ACU ar an tábhacht atá le sonraí PNR agus faisnéis anailíseach ábhartha agus iomchuí ina bhfuil sonraí PNR a fuair Ceanada faoin gComhaontú seo a chomhroinnt le húdaráis inniúla phóilíneachta agus bhreithiúnacha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, Europol agus Eurojust mar bhealach chun comhar idirnáisiúnta póilíneachta agus breithiúnach a chothú;
AG DEARBHÚ DÓIBH go léiríonn an Comhaontú seo gnéithe sonracha de chreataí dlíthiúla agus institiúideacha na bPáirtithe, mar aon le gnéithe sonracha a gcomhair oibríochtúil maidir le sonraí PNR, agus nach fasach é le haghaidh socruithe eile;
AG FÉACHAINT DO Rún 2396 (2017) agus Rún 2482 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus do Chaighdeáin agus Cleachtais Mholta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le sonraí PNR a bhailiú, a úsáid, a phróiseáil agus a chosaint (‘SARPanna ICAO’) arna nglacadh mar Leasú 28 ar Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Chicago),
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóir an Chomhaontaithe
Legatar amach sa Chomhaontú seo, amach na coinníollacha maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú ón Aontas Eorpach agus maidir lena n-úsáid chun slándáil agus sábháilteacht an phobail a áirithiú agus chun an bealach a gcosnófar na sonraí a leagan amach.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘aeriompróir’ cuideachta iompair tráchtála a úsáideann aerárthach mar an modh iompair atá aige le haghaidh paisinéirí a bhíonn ag taisteal idir Ceanada agus an tAontas Eorpach; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘Údarás Inniúil Cheanada’ údarás Cheanada atá freagrach as sonraí PNR a fháil agus a phróiseáil faoin gComhaontú seo; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘dáta imeachta’ tréimhse fanachta dleathach uasta i gCeanada don phaisinéir lena mbaineann, ach amháin más féidir le Ceanada an dáta imeachta iarbhír a chinneadh go héasca agus go hiontaofa; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí’ (‘Sonraí PNR’) na taifid a chruthaíonn aeriompróir le haghaidh gach turais a chuireann aon phaisinéir in áirithe nó a chuirtear in áirithe thar a cheann, rud a bhfuil gá leis chun áirithintí a phróiseáil agus a rialú. Go sonrach, mar a úsáidtear sa Chomhaontú seo, tá na gnéithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo i gceist le sonraí PNR; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí PNR, cé acu a dhéantar sin trí mhodhanna uathoibríocha nó nach ndéantar, amhail sonraí a bhailiú, a thaifeadadh, a eagrú, a stóráil, a oiriúnú nó a athrú, a ghlaoch isteach, a aisghabháil, a cheadú, a úsáid, a aistriú, a scaipeadh, a nochtadh nó a chur ar fáil ar shlí eile, a ailíniú nó comhcheangal, a bhlocáil, a cheilt, a scriosadh nó a dhíothú; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘sonraí íogaire’ aon fhaisnéis lena nochtar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fhealsúnacha, ballraíocht i gceardchumann, nó faisnéis maidir le sláinte duine nó maidir lena shaol gnéis. |
Airteagal 3
Na cuspóirí atá le húsáid sonraí PNR
1. Áiritheoidh Ceanada go ndéanfar sonraí PNR a fhaightear de bhun an Chomhaontaithe seo a phróiseáil go docht chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus chun maoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil shonraí PNR de réir théarmaí an Chomhaontaithe seo, lena n-áirítear le haghaidh oibríochtaí anailíseacha.
2. Chun críocha an Chomhaontaithe seo, ciallaíonn ‘cion sceimhlitheoireachta’:
|
(a) |
gníomh nó neamhghníomh a dhéantar a bhfuil cuspóir nó cúis pholaitiúil, reiligiúnach nó idé-eolaíoch aige a bhfuil sé beartaithe leis an pobal a imeaglú a mhéid a bhaineann lena shlándáil, lena n-áirítear a shlándáil eacnamaíoch, nó gníomh nó easnamh a dhéantar a bhfuil sé beartaithe leis iallach a chur ar dhuine, rialtas, eagraíocht intíre nó idirnáisiúnta aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh ó aon ghníomh a dhéanamh, agus lena ndéantar na nithe seo a leanas d’aon ghnó:
|
|
(b) |
gníomhaíochtaí ar cion iad laistigh den raon feidhme na gcoinbhinsiún agus na bprótacal idirnáisiúnta is infheidhme a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus mar a shainmhínítear iad sna coinbhinsiúin agus sna prótacail sin; nó |
|
(c) |
páirt a ghlacadh go feasach in aon ghníomhaíocht nó rannchuidiú nó treoir a thabhairt do dhuine, do ghrúpa, nó d’eagraíocht aon ghníomhaíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar chumas eintitis sceimhlitheoireachta gníomh nó neamhghníomh dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh; nó |
|
(d) |
cion indíotáilte a dhéanamh i gcás ina ndéantar an gníomh nó an neamhghníomh chun tairbhe eintitis sceimhlitheoireachta, faoina threoir nó i gcomhlachas leis; nó |
|
(e) |
maoin a bhailiú nó a iarraidh ar dhuine, grúpa nó eagraíocht chun maoin nó seirbhísí airgeadais nó seirbhísí gaolmhara eile a chur ar fáil chun gníomh nó neamhghníomh a dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) a dhéanamh, nó maoin a úsáid nó a shealbhú chun gníomh nó neamhghníomh dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) a dhéanamh; nó |
|
(f) |
iarracht a dhéanamh, nó bagairt a dhéanamh, gníomh nó neamhghníomh dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) a dhéanamh, comhcheilg, éascú, treoir a thabhairt nó comhairleoireacht a dhéanamh i ndáil le gníomh nó neamhghníomh dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b), nó a bheith ina ghabhálas tar éis an gníomh nó an neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, nó tearmannú nó ceilt a dhéanamh chun críche eintiteas sceimhlitheoireachta a chumasú gníomh nó neamhghníomh dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh. |
Chun críocha na míre seo, ciallaíonn ‘eintiteas sceimhlitheoireachta’ an méid seo a leanas:
|
(i) |
duine, grúpa nó eagraíocht ar ceann dá chríocha nó dá ghníomhaíochtaí gníomh nó neamhghníomh dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh; nó |
|
(ii) |
duine, grúpa nó eagraíocht a ghníomhaíonn, go feasach, thar ceann an duine, an ghrúpa nó na heagraíochta sin dá dtagraítear i bpointe (i), a ghníomhaíonn faoina threoir / faoina treoir nó a ghníomhaíonn in éineacht leis nó léi. |
3. Chun críocha an Chomhaontaithe seo, ciallaíonn coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta aon chion is inphionóis i gCeanada le cailleadh saoirse uasta 4 bliana ar a laghad nó pionós níos tromchúisí agus mar a shainmhínítear le dlí Cheanada iad, más de chineál trasnáisiúnta í an choir.
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, meastar coireacht a bheith de chineál trasnáisiúnta más rud é go ndéantar é in aon cheann de na háiteanna seo a leanas:
|
(a) |
i níos mó ná tír amháin; |
|
(b) |
i dtír amháin ach go dtarlaíonn cuid mhór dá hullmhú, pleanáil, stiúradh nó rialú i dtír eile; |
|
(c) |
i dtír amháin ach a bhfuil baint ag grúpa coiriúil eagraithe léi a bhíonn i mbun gníomhachtaí coiriúla i níos mó ná tír amháin; |
|
(d) |
i dtír amháin ach go mbíonn éifeachtaí substaintiúla aige i dtír eile; nó |
|
(e) |
i dtír amháin agus go bhfuil an ciontóir i dtír eile nó a bhfuil sé i gceist aige taisteal go tír eile. |
4. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Údarás Inniúil Cheanada sonraí PNR a phróiseáil i gcás inar gá chun leasanna ríthábhachtacha aon duine aonair a chosaint, amhail sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
riosca báis nó mórdhíobhála; nó |
|
(b) |
riosca suntasach don tsláinte phoiblí, go háirithe mar a cheanglaítear le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta. |
5. Féadfaidh Ceanada sonraí PNR a phróiseáil freisin ar bhonn cás ar chás i gcás ina gcuirtear iallach ar na comhlachtaí seo a leanas sonraí PNR ábhartha a nochtadh:
|
(a) |
cúirt nó binse riaracháin i gCeanada in imeacht a bhaineann go díreach le críoch faoi Airteagal 3(1); nó |
|
(b) |
cúirt chóiriúil i gCeanada má dhéantar an t-ordú chun cearta cúisí faoi Chairt Cheanada um Chearta agus Saoirsí a chomhlíonadh. |
Airteagal 4
A áirithiú go gcuirtear sonraí PNR ar fáil
1. Áiritheoidh an tAontas Eorpach nach gcuirfear cosc ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig Údarás Inniúil Cheanada de bhun an Chomhaontaithe seo.
2. Ní cheanglóidh Ceanada ar aeriompróir eilimintí de shonraí PNR a chur ar fáil nach bhfuil bailithe cheana nó nach bhfuil i seilbh an aeriompróra cheana féin chun críoch áirithinte.
3. Scriosfaidh Ceanada aon sonraí a aistreoidh aeriompróir chuige de bhun an Chomhaontaithe seo, mura liostaítear an eilimint sonraí sin san Iarscríbhinn.
4. Áiritheoidh na Páirtithe go bhféadfaidh aeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig Údarás Inniúil Cheanada trí ghníomhairí údaraithe, gníomhairí a ghníomhaíonn thar ceann an aeriompróra agus faoina fhreagracht, chun críoch na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo agus faoi na coinníollacha sin.
Airteagal 5
Leordhóthanacht
Faoi réir comhlíontacht leis an gComhaontú seo, meastar go soláthraítear leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí pearsanta trí Údarás Inniúil Cheanada a bheith ag próiseáil agus ag úsáid na sonraí PNR, de réir bhrí dhlí ábhartha an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí. Maidir le haeriompróir a sholáthraíonn sonraí PNR do Cheanada faoin gComhaontú seo, meastar go gcomhlíonann sé ceanglais dhlíthiúla an Aontais Eorpaigh le haghaidh sonraí PNR a aistriú ón Aontas Eorpach chuig Ceanada.
Airteagal 6
Comhar póilíneachta agus breithiúnach
1. Déanfaidh Ceanada, a luaithe is indéanta, faisnéis anailíseach ábhartha agus iomchuí ina bhfuil sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo a chomhroinnt le Europol nó Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe féin, nó le húdarás póilíneachta nó breithiúnach Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh Ceanada go gcomhroinnfear an fhaisnéis sin i gcomhréir le comhaontuithe agus socruithe maidir le forfheidhmiú an dlí nó comhroinnt faisnéise idir Ceanada agus Europol, Eurojust, nó an Ballstát sin.
2. Déanfaidh Ceanada, arna iarraidh sin do Europol nó Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe féin, nó údarás póilíneachta nó breithiúnach Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh, sonraí PNR nó faisnéis anailíseach a chomhroinnt ina bhfuil sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo, i gcásanna sonracha chun cion sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh laistigh den Aontas Eorpach. Cuirfidh Ceanada an fhaisnéis sin ar fáil i gcomhréir le comhaontuithe agus socruithe maidir le forfheidhmiú an dlí, comhar breithiúnach nó comhroinnt faisnéise idir Ceanada agus Europol, Eurojust, nó an Ballstát sin.
CAIBIDIL 2
COIMIRCÍ IS INFHEIDHME DO SHONRAÍ PNR A PHRÓISEÁIL
Airteagal 7
Neamh-Idirdhealú
Áiritheoidh Ceanada go mbeidh feidhm ag na coimircí is infheidhme do shonraí PNR a phróiseáil maidir le gach paisinéir ar bhonn comhionann gan idirdhealú neamhdhleathach.
Airteagal 8
Sonraí íogaire a úsáid
Tá próiseáil sonraí íogair PNR mar a shainmhínítear in Airteagal 2 coiscthe faoin gComhaontú seo. A mhéid a áirítear sonraí íogaire i sonraí PNR a fhaigheann Údarás Inniúil Cheanada faoin gComhaontú seo, scriosfaidh Údarás Inniúil Cheanada na sonraí íogair sin.
Airteagal 9
Slándáil agus sláine sonraí
1. Cuirfidh Ceanada bearta rialála, nós imeachta nó teicniúla chun feidhme chun sonraí PNR a chosaint ar rochtain, próiseáil nó caillteanas de thaisme, neamhdhleathach nó neamhúdaraithe.
2. Áiritheoidh Ceanada fíorú comhlíontachta agus cosaint, slándáil, rúndacht, agus sláine na sonraí. Déanfaidh Ceanada an méid seo a leanas:
|
(a) |
nósanna imeachta criptiúcháin, údaraithe agus doiciméadaithe a chur i bhfeidhm maidir le sonraí PNR; |
|
(b) |
rochtain ar shonraí PNR a theorannú go hoifigigh údaraithe; |
|
(c) |
sonraí PNR a choinneáil i dtimpeallacht fhisiceach shlán a chosnaítear le rialuithe rochtana; agus |
|
(d) |
sásra a bhunú lena n-áiritheofar go ndéanfar cuardaigh ar shonraí PNR ar bhealach a bheidh i gcomhréir le hAirteagal 3. |
3. Má fhaightear rochtain ar shonraí PNR duine aonair nó má nochtar iad gan údarú, déanfaidh Ceanada bearta chun fógra a thabhairt don duine aonair sin, chun an riosca díobhála a mhaolú, agus chun gníomhaíocht feabhais a dhéanamh.
4. Áiritheoidh Ceanada go gcuirfidh údarás inniúil Cheanada an Coimisiún Eorpach ar an eolas go pras maidir le teagmhais shuntasacha neamhdhleathacha nó neamhúdaraithe i ndáil le rochtain a fháil ar shonraí PNR, iad a phróiseáil nó iad a chailleadh.
5. Áiritheoidh Ceanada go bhfuil aon sárú ar shlándáil sonraí, go háirithe aon sárú a mbeidh scriosadh de thaisme nó go neamhdhleathach nó cailleadh, athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe nó de thaisme, nó próiseáil neamhdhleathach d’aon chineál mar thoradh air, faoi réir bearta ceartaitheacha éifeachtacha athchomhairleacha a bhféadfadh smachtbhannaí a bheith san áireamh leo.
Airteagal 10
Formhaoirseacht
1. Beidh na coimircí cosanta sonraí chun sonraí PNR a phróiseáil faoin gComhaontú seo faoi réir maoirseacht a dhéanfaidh údarás poiblí amháin nó níos mó (na ‘húdaráis mhaoirseachta’). Áiritheoidh Ceanada go mbeidh cumhachtaí éifeachtacha ag na húdaráis mhaoirseachta chun imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a bhaineann le sonraí PNR a bhailiú, a úsáid, a nochtadh, a choinneáil nó a dhiúscairt. Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta athbhreithnithe agus imscrúduithe ar chomhlíontacht a dhéanamh, agus féadfaidh siad moltaí a dhéanamh chuig Údarás Inniúil Cheanada. Áiritheoidh Ceanada go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis mhaoirseachta sáruithe ar an dlí a bhaineann leis an gComhaontú seo a tharchur le haghaidh ionchúisimh nó gníomhaíocht araíonachta, nuair is iomchuí.
2. Áiritheoidh Ceanada go n-áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go bhfaighfear gearáin a bhaineann le neamhchomhlíonadh an Chomhaontaithe seo agus go ndéanfar iad a imscrúdú, go bhfreagrófar iad, agus go ndéanfar iad a cheartú go hiomchuí.
3. Ina theannta sin, cuirfidh Ceanada an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi réir athbhreithniú neamhspleách a dhéanfaidh eintitis phoiblí ainmnithe a bhfuil an sainordú acu maoirseacht nó cuntasacht an riaracháin phoiblí a áirithiú.
Airteagal 11
Trédhearcacht agus fógra a thabhairt do phaisinéirí
1. Áiritheoidh Ceanada go gcuirfidh Údarás Inniúil Cheanada an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a shuíomh gréasáin:
|
(a) |
liosta den reachtaíocht lena n-údaraítear sonraí PNR a bhailiú; |
|
(b) |
an chúis le sonraí PNR a bhailiú; |
|
(c) |
an bealach ina ndéanfar sonraí PNR a chosaint; |
|
(d) |
an modh agus an méid a fhéadfar na sonraí PNR a nochtadh; |
|
(e) |
faisnéis maidir le rochtain, ceartúchán, nodaireacht agus sásamh; agus |
|
(f) |
faisnéis teagmhála le haghaidh fiosrúchán. |
2. Oibreoidh na Páirtithe le páirtithe leasmhara, amhail an tionscal aerthaistil, chun trédhearcacht a chur chun cinn, tráth na háirithinte más féidir, tríd an bhfaisnéis seo a leanas a sholáthar do phaisinéirí:
|
(a) |
na cúiseanna le sonraí PNR a bhailiú; |
|
(b) |
úsáid shonraí PNR; |
|
(c) |
an nós imeachta chun rochtain ar shonraí PNR a iarraidh; agus |
|
(d) |
an nós imeachta chun ceartúchán ar shonraí PNR a iarraidh. |
3. Má úsáideadh sonraí PNR arna gcoinneáil i gcomhréir le hAirteagal 16 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17 nó má nochtadh iad i gcomhréir le hAirteagal 19 nó le hAirteagal 20, tabharfaidh Ceanada fógra do na paisinéirí lena mbaineann i scríbhinn, agus iarrachtaí réasúnacha á gcur san áireamh, ar bhonn aonair agus laistigh de thréimhse ama réasúnach a luaithe nach mbeidh baol ann a thuilleadh go gcuirfear imscrúdaithe údaráis rialtais i gcontúirt leis an bhfógra sin a mhéid a bheidh sonraí teagmhála ábhartha na bpaisinéirí ar fáil nó a mhéid is féidir iad a aisghabháil. Áireofar san fhógra faisnéis faoin gcaoi ar féidir leis an duine aonair lena mbaineann sásamh riaracháin nó breithiúnach a lorg de bhun Airteagal 14.
Airteagal 12
Rochtain ag daoine aonair ar a gcuid sonraí PNR
1. Áiritheoidh Ceanada go mbeidh aon duine aonair in ann rochtain a fháil ar a sonraí PNR.
2. Áiritheoidh Ceanada go ndéanfaidh Údarás Inniúil Cheanada an méid seo a leanas, laistigh de thréimhse ama réasúnach:
|
(a) |
cóip de shonraí PNR an duine aonair a sholáthar dó má dhéanann an duine aonair iarraidh i scríbhinn ar a sonraí PNR; |
|
(b) |
freagra i scríbhinn a thabhairt ar aon iarraidh; |
|
(c) |
rochtain ar fhaisnéis taifeadta ina ndeimhnítear gur nochtadh sonraí PNR an duine aonair a thabhairt don duine aonair, má iarrann an duine aonair an deimhniú sin; |
|
(d) |
na cúiseanna dlíthiúla nó fíorasacha atá le rochtain ar shonraí PNR an duine aonair a dhiúltú a leagan amach; |
|
(e) |
fógra a thabhairt don duine aonair mura bhfuil ann do shonraí PNR; agus |
|
(f) |
fógra a thabhairt don duine aonair go bhféadfaidh sé gearán a dhéanamh agus fógra maidir leis an nós imeachta um ghearáin a thabhairt dó. |
3. Ar chúiseanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail, féadfaidh Ceanada aon rochtain ar fhaisnéis faoin Airteagal seo a chur faoi réir ceanglais agus teorainneacha dlíthiúla réasúnta, lena n-áirítear aon teorainneacha is gá chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, nó chun an tslándáil phoiblí nó náisiúnta a chosaint, agus aird chuí á tabhairt ar leasanna dlisteanacha an duine aonair lena mbaineann.
Airteagal 13
Ceartúchán nó anótáil le haghaidh daoine aonair
1. Áiritheoidh Ceanada go mbeidh aon duine aonair in ann ceartúchán ar a shonraí PNR a iarraidh.
2. Áiritheoidh Ceanada go mbreithneoidh Údarás Inniúil Cheanada gach iarraidh ar cheartúchán a dhéantar i scríbhinn, agus go ndéanfaidh sé an méid seo a leanas, laistigh de thréimhse réasúnach ama:
|
(a) |
sonraí PNR a cheartú agus fógra a thabhairt don duine aonair go ndearnadh an ceartúchán; nó |
|
(b) |
an ceartúchán ar fad nó cuid den cheartúchán a dhiúltú, agus:
|
|
(c) |
fógra a thabhairt don duine aonair go bhféadfaidh sé gearán a dhéanamh agus maidir leis an nós imeachta um ghearáin. |
Airteagal 14
Sásamh riaracháin agus breithiúnach
1. Áiritheoidh Ceanada go bhfaighidh údarás poiblí neamhspleách gearáin a dhéanann duine aonair a bhaineann lena iarraidh ar rochtain, ceartúchán nó anótáil ar a shonraí PNR, go ndéanfaidh sé iad a imscrúdú agus go bhfreagróidh sé dóibh. Áiritheoidh Ceanada go dtabharfaidh an t-údarás ábhartha fógra don ghearánach maidir leis na modhanna sásamh breithiúnach a leagtar amach i mír 2 a lorg.
2. Áiritheoidh Ceanada go bhféadfaidh aon duine aonair atá den tuairim gur sáraíodh a chearta le cinneadh nó gníomhaíocht i ndáil lena shonraí PNR sásamh breithiúnach éifeachtach a lorg i gcomhréir le dlí Cheanada trí athbhreithniú breithiúnach nó trí leigheas eile a bhféadfar cúiteamh a áireamh ann.
Airteagal 15
Próiseáil uathoibrithe ar shonraí PNR
1. Áiritheoidh Ceanada go mbeidh aon uathphróiseáil sonraí PNR bunaithe ar shamhlacha agus critéir réamhbhunaithe atá sonrach agus iontaofa chun é a chur ar a chumas d’Údarás Inniúil Cheanada an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
torthaí a bhaint amach atá dírithe ar dhaoine aonair a d’fhéadfadh a bheith faoi amhras réasúnach go bhfuil siad páirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta, nó |
|
(b) |
in imthosca eisceachtúla, cosaint a thabhairt do leasanna ríthábhachtacha aon duine aonair mar a leagtar amach in Airteagal 3(4). |
2. Áiritheoidh Ceanada, maidir leis na bunachair sonraí a gcuirtear sonraí PNR i gcomparáid leo, go mbeidh siad iontaofa, cothrom le dáta agus teoranta dóibh siúd arna úsáid ag Ceanada i ndáil leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.
3. Ní ghlacfaidh Ceanada aon chinneadh a dhéanfaidh difear suntasach do dhuine aonair ar bhonn próiseáil uathoibrithe ar shonraí PNR amháin.
Airteagal 16
Sonraí PNR a choinneáil
1. Ní choinneoidh Ceanada sonraí PNR ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana ón dáta a gheobhaidh sé na sonraí PNR.
2. Déanfaidh Ceanada athbhreithniú ar thréimhse choinneála shonraí PNR gach 2 bhliain agus cinnfidh sé an bhfuil sé fós i gcomhréir le leibhéal riosca na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí trasnáisiúnta a thagann ón Aontas Eorpach agus atá ar idirthuras tríd. Soláthróidh Ceanada tuarascáil rúnaicmithe don Aontas Eorpach ina leagfar amach toradh an athbhreithnithe, lena n-áirítear an leibhéal riosca a sainaithníodh, tosca a mheastar chun an tréimhse choinneála a íoslaghdú, agus an cinneadh gaolmhar maidir le coinneáil.
3. Féadfar sonraí PNR a choinneáil faoin gComhaontú seo tar éis dháta imeachta an phaisinéara, i gcás ina measann Ceanada go bhfuil nasc ann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, ar bhonn gnéithe oibiachtúla óna bhféadfaí a thuiscint go bhféadfadh sonraí PNR cur le haghaidh a thabhairt ar na cuspóirí sin ar bhealach éifeachtach.
4. Cuirfidh Ceanada srian ar na daoine a bhfuil rochtain acu shonraí PNR, is iad sin líon teoranta oifigeach atá údaraithe go sonrach ag Ceanada.
5. Tá úsáid sonraí PNR a choinnítear faoin Airteagal seo faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17.
6. Déanfaidh Ceanada sonraí PNR a dhíphearsantú trí faisnéis aitheantais gach paisinéara a cheilt 30 lá ar a dhéanaí tar éis do Cheanada í a fháil.
7. Ní fhéadfaidh Ceanada sonraí PNR a nochtadh ach amháin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, más gá é a nochtadh chun imscrúduithe a dhéanamh faoi raon feidhme Airteagal 3, mar a leanas:
|
(a) |
idir 30 lá agus 2 bhliain tar éis iad a bheith faighte ar dtús, leach amháin an nochtadh sin a bheith déanta ag líon teoranta oifigeach atá údaraithe go sonrach amháin; agus |
|
(b) |
idir 2 bhliain agus 5 bliana tar éis iad a bheith faighte ar dtús, ach amháin an nochtadh sin a bheith déanta le cead roimh ré ó Cheann Údarás Inniúil Cheanada, nó ó oifigeach sinsearach arna shainordú go sonrach ag an gCeann. |
8. D’ainneoin mhír 1:
|
(a) |
Féadfaidh Ceanada sonraí PNR a choinneáil, sonraí atá ag teastáil le haghaidh aon ghníomhaíocht shonrach, athbhreithniú, imscrúdú, gníomhaíocht forfheidhmiúcháin, imeacht breithiúnach, ionchúiseamh, nó forfheidhmiú pionós, go dtí go dtabharfar i gcrích iad; |
|
(b) |
Coinneoidh Ceanada sonraí PNR dá dtagraítear i bpointe (a) ar feadh tréimhse bhreise 2 bhliain ach amháin chun cuntasacht an riaracháin phoiblí a áirithiú nó chun maoirseacht a dhéanamh air ionas go bhféadfar iad a nochtadh don phaisinéir dá n-iarrfadh an paisinéir iad. |
9. Déanfaidh Ceanada sonraí PNR a dhiúscairt ag deireadh thréimhse choinneála shonraí PNR.
Airteagal 17
Coinníollacha maidir le húsáid sonraí PNR
Ní fhéadfaidh Údarás Inniúil Cheanada úsáid a bhaint as sonraí PNR ach amháin sonraí PNR a choinnítear i gcomhréir le hAirteagal 16 chun críoch eile seachas seiceálacha slándála agus seiceálacha rialaithe teorann, i gcás ina léiríonn imthosca nua atá bunaithe ar fhorais oibiachtúla go bhféadfadh sonraí PNR ó phaisinéir amháin nó níos mó cur leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 ar bhealach éifeachtach. Aon úsáid den sórt sin, lena n-áirítear nochtadh, beidh sí faoi réir athbhreithniú roimh ré ag cúirt nó ag comhlacht riaracháin neamhspleách bunaithe ar iarraidh réasúnach ó na húdaráis inniúla faoi chuimsiú nósanna imeachta chun coireacht a chosc, a bhrath nó a ionchúiseamh, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcásanna práinne a shuitear go bailí; nó, |
|
(b) |
chun iontaofacht agus airgeadra na samhlacha réamhbhunaithe agus na gcritéar ar a bhfuil uathphróiseáil sonraí PNR bunaithe a fhíorú, nó chun samhlacha agus critéir nua a shainiú le haghaidh na próiseála sin. |
Airteagal 18
Próiseáil sonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú
Déanfaidh Ceanada gach próiseáil ar shonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú. Ní úsáidfidh Ceanada comhad loga ná doiciméad ach amháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
féinfhaireachán a dhéanamh agus chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú; |
|
(b) |
sláine chuí sonraí nó feidhmiúlacht chuí an chórais a áirithiú; |
|
(c) |
slándáil na próiseála sonraí a áirithiú; agus |
|
(d) |
formhaoirseacht agus cuntasacht an riaracháin phoiblí a áirithiú. |
Airteagal 19
Nochtadh laistigh de Cheanada
1. Áiritheoidh Ceanada nach nochtfaidh Údarás Inniúil Cheanada sonraí PNRd’údaráis rialtais eile i gCeanada ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
go nochtfar sonraí PNR d’údaráis rialtais a bhfuil baint dhíreach ag a gcuid feidhmeanna leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3; |
|
(b) |
gur ar bhonn cás ar chás amháin a nochtfar na sonraí PNR; |
|
(c) |
go bhfuil gá leis an nochtadh a dhéanamh chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal, 3 faoi na himthosca áirithe; |
|
(d) |
nach nochtfar ach an t-íosmhéid sonraí PNR is gá; |
|
(e) |
go dtugann an t-údarás rialtais is faighteoir cosaint atá coibhéiseach leis na coimircí dá foráiltear sa Chomhaontú seo; agus |
|
(f) |
nach nochtfaidh an t-údarás rialtais is faighteoir na sonraí PNR d’eintiteas eile mura rud é go dtabharfaidh Údarás Inniúil Cheanada a bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo á n-urramú aige údarú an nochtadh a dhéanamh. |
2. Agus aistriú á dhéanamh ar fhaisnéis anailíseach ina bhfuil sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo, déanfar na coimircí a bhfuil feidhm acu maidir le sonraí PNR san Airteagal seo a urramú.
Airteagal 20
Nochtadh lasmuigh de Cheanada
1. Áiritheoidh Ceanada nach nochtfaidh Údarás Inniúil Cheanada sonraí PNR d’údaráis rialtais i dtíortha seachas Ballstáit an Aontais Eorpaigh ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
|
(a) |
go nochtfar sonraí PNR d’údaráis rialtais a bhfuil baint dhíreach ag a gcuid feidhmeanna leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3; |
|
(b) |
gur ar bhonn cás ar chás amháin a nochtfar na sonraí PNR; |
|
(c) |
nach nochtfar sonraí PNR ach amháin más gá chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 3; |
|
(d) |
nach nochtfar ach an t-íosmhéid sonraí PNR is gá; |
|
(e) |
go bhfuil an tír dá nochtar na sonraí tar éis Comhaontú a thabhairt i gcrích leis an Aontas Eorpach lena bhforáiltear do chosaint sonraí pearsanta atá inchomparáide leis an gComhaontú seo nó atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún Eorpach de bhun dhlí an Aontais Eorpaigh, lena gcinntear go n-áirithíonn an tír sin leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí de réir bhrí dhlí an Aontais. |
2. Mar eisceacht le mír 1, pointe (e), féadfaidh Údarás Inniúil Cheanada sonraí PNR a chomhroinnt le tír eile má mheasann Ceann Údarás Inniúil Cheanada nó oifigeach sinsearach arna shainordú go sonrach ag an gCeann, go bhfuil an nochtadh riachtanach chun garbhagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí a chosc nó a imscrúdú agus má thugann an tír sin dearbhú i scríbhinn, de bhun socraithe, comhaontaithe nó eile, go gcosnófar an fhaisnéis i gcomhréir leis na cosaintí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
3. Más rud é, i gcomhréir le mír 1, go nochtfaidh Údarás Inniúil Cheanada sonraí PNR duine aonair ar saoránach de Bhallstát an Aontais Eorpaigh é, áiritheoidh Ceanada go dtabharfaidh Údarás Inniúil Cheanada fógra d’údaráis an Bhallstáit sin maidir leis an nochtadh a luaithe is féidir. Eiseoidh Ceanada an fógra sin i gcomhréir le comhaontuithe agus socruithe maidir le forfheidhmiú an dlí nó comhroinnt faisnéise idir Ceanada agus an Ballstát sin.
4. Agus aistriú á dhéanamh ar fhaisnéis anailíseach ina bhfuil sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo á haistriú, déanfar na coimircí a bhfuil feidhm acu maidir le sonraí PNR san Airteagal seo a urramú.
Airteagal 21
An modh aistrithe
Áiritheoidh na Páirtithe go n-aistreoidh aeriompróirí sonraí PNR chuig Údarás Inniúil Cheanada go heisiach ar bhonn an ‘mhoda brú’ agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta seo a leanas atá le comhlíonadh ag aeriompróirí:
|
(a) |
sonraí PNR a aistriú go leictreonach i gcomhréir le ceanglais theicniúla Údarás Inniúil Cheanada nó, i gcás ina dtarlaíonn cliseadh teicniúil, trí aon mheán iomchuí eile lena n-áirithítear leibhéal iomchuí slándála sonraí; |
|
(b) |
sonraí PNR a aistriú le formáid teachtaireachta a nglactar léi go frithpháirteach; |
|
(c) |
sonraí PNR a aistriú ar bhealach slán trí úsáid a bhaint as prótacail choiteanna de réir mar a éilíonn Údarás Inniúil Cheanada. |
Airteagal 22
Minicíocht an aistrithe
1. Áiritheoidh Ceanada go gceanglóidh Údarás Inniúil Cheanada ar aeriompróir sonraí PNR a aistriú ar an mbealach seo a leanas:
|
(a) |
ar bhonn sceidealaithe agus an pointe is luaithe a bheith suas le 72 uair roimh an imeacht sceidealta; agus |
|
(b) |
cúig huaire ar a mhéad, i gcás eitilte ar leith. |
2. Áiritheoidh Ceanada go gcuirfidh Údarás Inniúil Cheanada aeriompróirí ar an eolas faoi na hamanna sonraithe le haghaidh na n-aistrithe.
3. I gcásanna sonracha ina léirítear go bhfuil gá le rochtain bhreise chun freagairt do bhagairt shonrach a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, féadfaidh Údarás Inniúil Cheanada a cheangal ar aeriompróir sonraí PNR a chur ar fáil roimh na haistrithe sceidealta, idir na haistrithe sceidealta nó ina ndiaidh. Agus an discréid sin á feidhmiú aige, gníomhóidh Ceanada go breithiúnach agus go comhréireach agus ceanglóidh sé go n-úsáidfear an modh aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 21.
CAIBIDIL 3
FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 23
Sonraí PNR a fhaightear roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo
Cuirfidh Ceanada téarmaí an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a bheidh ina sheilbh tráth a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm.
Airteagal 24
Comhar
Oibreoidh údaráis Cheanada agus an Aontais Eorpaigh faoi seach i gcomhar le chéile chun comhleanúnachas a gcóras próiseála sonraí PNR a shaothrú ar bhealach a chuirfidh tuilleadh le slándáil shaoránaigh Cheanada, an Aontais Eorpaigh agus áiteanna eile.
Airteagal 25
Neamh-mhaolú
Ní dhéanfar an Comhaontú seo a fhorléiriú mar mhaolú ar aon oibleagáid idir Ceanada agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh nó tríú tíortha iarraidh ar chúnamh faoi ionstraim um chúnamh frithpháirteach a dhéanamh nó freagairt di.
Airteagal 26
Réiteach díospóidí agus fionraí
1. Réiteoidh na Páirtithe aon díospóid a eascróidh as léirmhíniú, cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo trí bhealaí taidhleoireachta d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach, lena n-áirítear deis a thabhairt do cheachtar Páirtí comhlíonadh laistigh de thréimhse réasúnach ama.
2. Mura mbeidh na Páirtithe in ann an díospóid a réiteach, féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile, trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh an fhionraí i bhfeidhm 120 lá ó dháta an fhógra sin, mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt go comhpháirteach.
3. An Páirtí a chuireann cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ar fionraí, cuirfidh sé deireadh leis an bhfionraí a luaithe a bheidh an díospóid réitithe chun shástacht an dá Pháirtí. Tabharfaidh an Páirtí fionraíochta fógra i scríbhinn don Pháirtí eile maidir leis an dáta a atosófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
4. Leanfaidh Ceanada de théarmaí an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a fhaightear roimh aon fhionraí ar an gComhaontú seo.
Airteagal 27
Comhairliúchán, athbhreithniú, meastóireacht agus leasuithe
1. Cuirfidh na Páirtithe in iúl dá chéile aon bheart atá le hachtú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don Chomhaontú seo.
2. Déanfaidh na Páirtithe cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athbhreithniú go comhpháirteach bliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus ina theannta sin má iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é. Agus na hathbhreithnithe sin á ndéanamh acu, tabharfaidh na Páirtithe aird ar leith ar an ngá atá le sonraí PNR a phróiseáil agus a choinneáil le haghaidh gach ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus ar chomhréireacht na próiseála agus na coinneála sin. Comhaontaíonn na Páirtithe go bhféachfaidh an t-athbhreithniú comhpháirteach go háirithe ar choinneáil eisceachtúil sonraí PNR de réir Airteagal 16(3). Áireofar sna hathbhreithnithe comhpháirteacha freisin an scrúdú maidir leis an gcaoi ar áirithigh Údarás Inniúil Cheanada go bhfuil na samhlacha, na critéir agus na bunachair sonraí réamhbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 15 iontaofa, ábhartha agus cothrom le dáta, agus sonraí staidrimh á gcur san áireamh.
3. Déanfaidh na Páirtithe meastóireacht chomhpháirteach ar an gComhaontú seo 4 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm.
4. Déanfaidh na Páirtithe cinneadh roimh ré maidir le módúlachtaí an athbhreithnithe chomhpháirtigh agus cuirfidh siad comhdhéanamh a bhfoirne féin in iúl dá chéile. Chun críche an athbhreithnithe sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh. Áireofar ar na foirne saineolaithe ábhartha ar chosaint sonraí agus ar fhorfheidhmiú an dlí. Faoi réir na ndlíthe is infheidhme, ceanglófaidh na Páirithe ar na rannpháirtithe uile atá mar chuid d’athbhreithniú rúndacht na bpléití a urramú agus imréitigh shlándála iomchuí a bheith acu. Chun críocha aon athbhreithnithe, soláthróidh Ceanada rochtain ar dhoiciméadacht, staidreamh, córais agus pearsanra ábhartha arna iarraidh sin.
5. Tar éis gach athbhreithnithe chomhpháirtigh, tíolacfaidh an Coimisiún Eorpach tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tabharfar deis do Cheanada barúlacha i scríbhinn a sholáthar atá i gceangal leis an tuarascáil.
6. Aon Pháirtí a mholfaidh leasú ar an gComhaontú seo, déanfaidh sé amhlaidh i scríbhinn.
Airteagal 28
Foirceannadh
1. Féadfaidh Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don Pháirtí eile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil sé ar intinn aige an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Déanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh 120 lá tar éis don Pháirtí eile an fógra a fháil.
2. Leanfaidh Ceanada de théarmaí an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a fhaightear roimh fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 29
Fad ama
1. Faoi réir mhír 2, fanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go ceann tréimhse 7 mbliana ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm.
2. Ag deireadh gach tréimhse 7 mbliana, déanfar an Comhaontú seo a athnuachan go huathoibríoch go ceann tréimhse bhreise 7 mbliana, mura rud é go dtabharfaidh Páirtí amháin fógra don Pháirtí eile, i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta, 6 mhí ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse 7 mbliana, nach bhfuil sé beartaithe aige an Comhaontú seo a athnuachan.
3. Leanfaidh Ceanada de théarmaí an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a fhaightear roimhfhoirceannadh an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 30
Cur i bhfeidhm críochach
1. Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le críoch Cheanada, agus le críoch an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
2. Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh an tAontas Eorpach fógra do Cheanada faoi na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir lena gcríocha. Féadfaidh sé ina dhiaidh sin, tráth ar bith, fógra a thabhairt faoi aon athruithe air sin.
Airteagal 31
Forálacha críochnaitheacha
1. Tabharfaidh gach Páirtí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile nuair a bheidh na nósanna imeachta is gá le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo curtha i gcrích aige. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar dháta an dara fhógra as na fógraí sin.
2. Tabharfaidh Ceanada fógra don Choimisiún Eorpach sula dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm trí bhealaí taidhleoireachta maidir le céannacht na n-údarás seo a leanas:
|
(a) |
Údarás Inniúil Cheanada dá dtagraítear in Airteagal 2(b); |
|
(b) |
na húdaráis phoiblí neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 14(1); agus |
|
(c) |
an comhlacht riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 17. Tabharfaidh Ceanada fógra faoi aon athrú ar chéannacht na n údarás seo gan mhoill. |
3. Déanfaidh an tAontas Eorpach an fhaisnéis sin dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
4. Cuirtear an Comhaontú seo in ionad aon réamhshocruithe maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí agus sonraí PNR a phróiseáil, lena n-áirítear an Comhaontú idir Rialtas Cheanada agus an Comhphobal Eorpach maidir le Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí agus Sonraí maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí a Phroiseáil, arna dhéanamh i Lucsamburg an 3 Deireadh Fómhair 2005.
Arna dhéanamh i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs.
IARSCRÍBHINN
Gnéithe sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí dá dtagraítear in Airteagal 2(d)
|
1. |
Cód aimsithe PNR |
|
2. |
Dáta na háirithinte / dáta eisiúna an ticéid |
|
3. |
Dáta nó dátaí an taistil atá beartaithe |
|
4. |
Ainm (nó ainmneacha) |
|
5. |
Faisnéis maidir le daoine a eitlíonn go minic (sainitheoir na haerlíne nó an díoltóra a riarann an clár, ‘uimhir an duine a eitlíonn go minic’, leibhéal a bhallraíochta, cur síos ar an tsraith lena mbaineann agus an cód comhghuaillíochta) |
|
6. |
Ainmneacha eile ar PNR, lena n-áirítear an líon taistealaithe ar PNR |
|
7. |
Seoladh, uimhir ghutháin agus faisnéis leictreonach teagmhála an phaisinéara, na ndaoine a chuir an t-eitilt in áirithe don phaisinéir, na ndaoine trínar féidir teagmháil a dhéanamh leis an bpaisinéir aeir, agus na ndaoine atá le cur ar an eolas i gcás éigeandála |
|
8. |
Gach faisnéis íocaíochta / bhilleála atá ar fáil (gan sonraí idirbhirt eile atá nasctha le cárta creidmheasa nó cuntas agus nach bhfuil nasctha leis an idirbheart taistil a áireamh) |
|
9. |
Cúrsa taistil le haghaidh PNR ar leith |
|
10. |
Gníomhaireacht taistil/gníomhaire taistil |
|
11. |
Faisnéis maidir le códroinnt |
|
12. |
Faisnéis scoilte nó roinnte |
|
13. |
Stádas taistil an phaisinéara (lena n-áirítear deimhnithe agus stádas seiceáil isteach) |
|
14. |
Faisnéis maidir le ticéadú, lena n-áirítear uimhir an ticéid, ticéid aontreo agus Luachan do Tháille Ticéid Uathoibrithe |
|
15. |
Gach faisnéis maidir le bagáiste |
|
16. |
Faisnéis maidir le suíocháin, lena n-áirítear uimhir an tsuíocháin |
|
17. |
Faisnéis Fhorlíontach Eile (OSI), Faisnéis maidir le Seirbhís Speisialta (SSI) agus faisnéis i dtaobh Iarraidh maidir le Seirbhís Speisialta (SSR) |
|
18. |
Aon sonraí réamhaisnéise faoi phaisinéirí a bhailítear chun críoch áirithinte |
|
19. |
Gach athrú stairiúil a rinneadh ar shonraí PNR atá liostaithe i bpointe (1) go (18) |
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/841/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)