European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/833

6.5.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/833 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Bealtaine 2025

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí leanacail a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus (AE) 2015/408 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/69/CE ón gCoimisiún (2) áirítear leanacail mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí leanacail a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Lúnasa 2025.

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na Beilge, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na hOstaire, an Ballstát is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí leanacail a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir an sainchomhad forlíontach is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 2 Eanáir 2019. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí an formheas ar leanacail a athnuachan.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

I mí an Mhárta 2020, d’iarr an t-Údarás faisnéis bhreise ar an iarratasóir maidir le hairíonna suaiteora inchrínigh leanacaile de bhun Airteagal 13(3a), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 chun go mbeadh an tÚdarás in ann an measúnú a chur i gcrích a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar eolaíoch chun airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh a leagtar amach i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, mar a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (6). Chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis a iarradh faoi bhráid an Údaráis.

(9)

I mí na Bealtaine 2023, rinne an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan a chur ar fáil don Údarás, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Ina dhréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan, rinne an Ballstát is rapóirtéir breithniú ar an bhfaisnéis bhreise maidir leis na critéir chun airíonna suaiteora inchrínigh a shainaithint agus mhol sé formheas leanacaile a athnuachan.

(10)

An 11 Meitheamh 2024 chuir an tÚdarás an Chonclúid uaidh (7) in iúl don Choimisiún inar léiríodh gur féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil leanacail na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, lena n-áirítear nach bhfuil aon airí suaiteora inchríneach ag leanacail.

(11)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 4 Nollaig 2024 agus an 12 Márta 2025 faoi seach.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an gConclúid ón Údarás agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, rinneadh scrúdú cúramach orthu agus cuireadh san áireamh iad.

(13)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach leanacail, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(14)

Dá bhrí sin, is iomchuí formheas leanacaile a athnuachan.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha agus i bhfianaise thoradh an mheasúnaithe riosca, is gá, mar sin féin, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe.

Go háirithe, is gá aird a thabhairt ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le trialacha breise ar iarmhair na mbarr uainíochta agus le measúnú ar nochtadh beostoic go dtí go mbeidh measúnú déanta ag an mBallstát is rapóirtéir ar an bhfaisnéis deimhniúcháin is gá agus go mbeidh meastóireacht déanta ag an Údarás uirthi.

Tá gá le faisnéis deimhniúcháin bhreise maidir le trialacha breise ar iarmhair na mbarr uainíochta, lena n-áirítear anailís le haghaidh meitibilítí a bhfuiltear ar aon eolas fúthu agus meitibilítí nua a d’fhéadfadh a bheith ann.

(16)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(17)

Cuireadh leanacail ar an liosta de shubstaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú a bhunaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún (8) toisc gur measadh gur shubstaint mharthanach agus thocsaineach í. Formheasfar substaint ghníomhach mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú de bhun Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcás ina gcomhlíonann sí dhá cheann de na critéir chun í a mheas mar shubstaint mharthanach, bhithcharnach agus thocsaineach. Léiríodh sa mheasúnú riosca maidir le formheas leanacaile a athnuachan nach gcomhlíonann an tsubstaint na critéir chun í a mheas mar shubstaint bhithcharnach agus thocsaineach i gcomhréir le pointí 3.7.2.2 agus 3.7.2.3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, faoi seach. Ós rud é nach gcomhlíontar dhá cheann as na trí chritéar, níor cheart leanacail a mheas mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú. Dá bhrí sin, is iomchuí an iontráil a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach leanacail a scriosadh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408.

(18)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2592 ón gCoimisiún (9), cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa le haghaidh leanacaile go dtí an 15 Lúnasa 2025 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a thabhairt chun críche sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh chun formheas leanacaile a athnuachan roimh an dáta éaga sin ar cuireadh síneadh leis, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí leanacail, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408

Scriostar an iontráil a bhaineann le leanacail ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Treoir 2008/69/CE ón gCoimisiún an 1 Iúil 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun clóifeintisín, díceamba, défheanaconasól, défhluibeansúrón, iomasacuin, leanacail, ocsáidé-asón, pioclóram agus pireaprocsaifein a chur léi mar shubstaintí gníomhacha (IO L 172, 2.7.2008, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/69/oj).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 trí chritéir eolaíocha a leagan amach chun airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/605/oj).

(7)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2024. Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach leanacail. EFSA Journal [Iris EFSA] 2024; 22(7): e8860 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8860.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún an 11 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme Airteagal 80(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena mbunaítear liosta de shubstaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú. (IO L 67, 12.3.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/408/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2592 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-naiftiolaicéataimíd, aigéad 1-naiftiolaicéiteach, 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, díceamba, eatafeanprocs, eisfeanvailéaráit, feanocsapróp-P, feanpróipidín, feinpiorasaimín, fluasafop-P, leanacail, naprópaimíd, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, próiheicseaidé-ón, spiorocsaimín, sulfar, teitreaconasól agus trí-alláit (IO L, 2023/2592, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2592/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Leanacail

Uimh. CAS: 2164-08-01

Uimh. CIPAC: 163

3-cioglaiheicsil-6,7-déhidri-1H-cioglaipeinti[d]pirimidín-2,4(3H,5H)-dé-ón

3-cioglaiheicsil-1,5,6,7-teitrihidricioglaipeintipirimidín-2,4(3H)-dé-ón

975 g/kg

1 Iúil 2025

30 Meitheamh 2040

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana i ndáil le leanacail, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le trialacha breise ar iarmhair na mbarr uainíochta agus le measúnú ar nochtadh beostoic go dtí go mbeidh measúnú déanta ag an mBallstát is rapóirtéir ar an bhfaisnéis deimhniúcháin is gá agus go mbeidh meastóireacht déanta ag an Údarás uirthi.

Faoin 25 Márta 2027, cuirfidh an t-iarratasóir faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faisnéis deimhniúcháin maidir le trialacha ar iarmhair na mbarr uainíochta, lena n-áirítear anailís le haghaidh meitibilítí a bhfuiltear ar aon eolas fúthu agus meitibilítí nua a d’fhéadfadh a bheith ann. Má bhraitear meitibilítí nua, iarrtar ar an iarratasóir staidéir thocsaineolaíocha a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar na meitibilítí sin. Iarrtar ar an iarratasóir measúnú iomchuí ar nochtadh beostoic a dhéanamh más gá.


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear mar a leanas an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 176 maidir le leanacail;

(2)

i gCuid B, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘175

Leanacail

Uimh. CAS: 2164-08-01

Uimh. CIPAC: 163

3-cioglaiheicsil-6,7-déhidri-1H-cioglaipeinti[d]pirimidín-2,4(3H,5H)-dé-ón

3-cioglaiheicsil-1,5,6,7-teitrihidricioglaipeintipirimidín-2,4(3H)-dé-ón

975 g/kg

1 Iúil 2025

30 Meitheamh 2040

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana i ndáil le leanacail, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le trialacha breise ar iarmhair na mbarr uainíochta agus le measúnú ar nochtadh beostoic go dtí go mbeidh measúnú déanta ag an mBallstát is rapóirtéir ar an bhfaisnéis deimhniúcháin is gá agus go mbeidh meastóireacht déanta ag an Údarás uirthi.

Faoin 25 Márta 2027, cuirfidh an t-iarratasóir faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faisnéis deimhniúcháin maidir le trialacha ar iarmhair na mbarr uainíochta, lena n-áirítear anailís le haghaidh meitibilítí a bhfuiltear ar aon eolas fúthu agus meitibilítí nua a d’fhéadfadh a bheith ann. Má bhraitear meitibilítí nua, iarrtar ar an iarratasóir staidéir thocsaineolaíocha a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar na meitibilítí sin. Iarrtar ar an iarratasóir measúnú iomchuí ar nochtadh beostoic a dhéanamh más gá.’


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/833/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)