European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/826

30.4.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/826 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Aibreán 2025

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/261 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’) agus go háirithe Airteagal 9 agus Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/261 (2) ón gCoimisiún d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

(2)

Mar a tugadh faoi deara in aithris (252) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/261, gheall an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar shreafaí bithdhíosail agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe tar éis fhorchur na mbeart frithdhumpála ar bhithdhíosal ón tSín. Dá bhrí sin, bunaíodh cóid TARIC ar leithligh le haghaidh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán Cur Chun Feidhme seo agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch faireacháin. Mar sin féin, chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, ba cheart cóid bhreise TARIC a chur le cóid AC 2710 19 11 , 2710 19 15 , 2710 19 21 , 2710 19 25 agus 2710 19 29 .

(3)

I bhfianaise a bhfuil thuas, meastar gur gá an bun-Rialachán a leasú chun cóid bhreise TARIC a chur san áireamh in Airteagal 1(1) de.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 1, mír 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/261:

‘1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cóid TARIC 1516 20 98 21, 1516 20 98 22, 1516 20 98 23, 1516 20 98 29, 1516 20 98 31, 1516 20 98 32 agus 1516 20 98 39), ex 1518 00 91 (cóid TARIC 1518 00 91 21, 1518 00 91 22, 1518 00 91 23, 1518 00 91 29, 1518 00 91 31, 1518 00 91 32 agus 1518 00 91 39), ex 1518 00 95 (cóid TARIC 1518 00 95 10, 1518 00 95 11 agus 1518 00 95 19), ex 1518 00 99 (cóid TARIC 1518 00 99 21, 1518 00 99 22, 1518 00 99 23, 1518 00 99 29, 1518 00 99 31, 1518 00 99 32 agus 1518 00 99 39), ex 2710 19 42 (cóid TARIC 2710 19 42 21, 2710 19 42 22, 2710 19 42 23, 2710 19 42 29), ex 2710 19 44 (cóid TARIC 2710 19 44 21, 2710 19 44 22, 2710 19 44 23, 2710 19 44 29, 2710 19 44 31, 2710 19 44 32 agus 2710 19 44 39), ex 2710 19 46 (cóid TARIC 2710 19 46 21, 2710 19 46 22, 2710 19 46 23, 2710 19 46 29, 2710 19 46 31, 2710 19 46 32 agus 2710 19 46 39), ex 2710 19 47 (cóid TARIC 2710 19 47 21, 2710 19 47 22, 2710 19 47 23, 2710 19 47 29, 2710 19 47 31, 2710 19 47 32 agus 2710 19 47 39), 2710 20 11 , 2710 20 16 , ex 3824 99 92 (cóid TARIC 3824 99 92 10, 3824 99 92 11, 3824 99 92 13, 3824 99 92 14, 3824 99 92 15, 3824 99 92 16, agus 3824 99 92 19), 3826 00 10 agus ex 3826 00 90 (95) (cóid TARIC 3826 00 90 11, 3826 00 90 12, 3826 00 90 13, 3826 00 90 19, 3826 00 90 31, 3826 00 90 32 agus 3826 00 90 39), cé is moite de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chomhlíonann ceanglais ASTM D7566-22 Sonraíocht Chaighdeánach maidir le Breosla Tuirbín Eitlíochta ina bhfuil Hidreacarbóin Shintéisithe, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 2710 19 42 (cód breise TARIC 89FT), ex 2710 19 44 (cód breise TARIC 89FT), ex 2710 19 46 (cód breise TARIC 89FT), ex 2710 19 47 (cód breise TARIC 89FT) ex 2710 20 11 (cód breise TARIC 89FT) agus ex 2710 20 16 (cód breise TARIC 89FT), agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad. Chun faireachán a dhéanamh ar allmhairí breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, mar aon leis na cóid a luaitear sa mhír seo a eisiadh ó raon feidhme an bhirt, beidh na cóid TARIC bhreise seo a leanas faoi réir faireacháin: Cóid AC 2710 19 11 (cód breise TARIC 89FT), 2710 19 15 (cód breise TARIC 89FT), 2710 19 21 (cód breise TARIC 89FT), 2710 19 25 (cód breise TARIC 89FT) agus 2710 19 29 (cód breise TARIC 89FT).’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/261 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/261, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/261/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/826/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)