|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/822 |
28.4.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/822 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Aibreán 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 4i de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 2 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 401/2013. |
|
(2) |
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 14 dhuine a leasú. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) IO L 121, 3.5.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/401/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na 14 dhuine sa liosta faoin teideal ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 4a’:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘18. |
Sein Win |
Dáta breithe: 24.7.1956; Áit bhreithe: Pyin Oo Lwin, Maenmar/Burma; Náisiúntacht: Maenmar; Inscne: fireann |
Tá an Leifteanant-Ghinearál Sein Win ina chomhalta de Tatmadaw agus is iarAire Cosanta é (idir an 24 Lúnasa 2015 agus an 1 Feabhra 2021). Ó mhí Feabhra 2021 i leith, bhí sé ina chathaoirleach ar Eagraíocht Iarshaighdiúirí Cogaidh Mhaenmar. An 1 Feabhra 2021, ghlac sé páirt i gcruinniú den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) le comhaltaí eile Tatmadaw. Bhí an cruinniú a bhí ag an gComhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála míbhunreachtúil toisc nach raibh a chomhaltaí sibhialta páirteach ann. Le linn an chruinnithe sin, fógraíodh Myint Swe ina Uachtarán Gníomhach. D’fhógair Myint Swe staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, Min Aung Hlaing. Sáraíodh an nós imeachta chun an staid éigeandála a fhógairt mar, faoin mBunreacht, is ag an Uachtarán amháin atá an t-údarás staid éigeandála a fhógairt. Trína rannpháirtíocht i gcruinniú na Comhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála, ar lena linn a cinneadh an staid éigeandála a fhógairt agus cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit a thabhairt ar láimh d’Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, bhí páirt ag Sein Win i dtorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 a chur i leataobh agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta go ndearna na fórsaí míleata agus póilíneachta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i Stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad gurb ionann go leor de na sáruithe sin agus na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Mar Aire Cosanta ón 24 Lúnasa 2015 go dtí an 1 Feabhra 2021, is é Sein Win atá freagrach as na sáruithe agus mí úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse. |
22.3.2021 |
|
20. |
Mya Tun Oo |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Dáta breithe: 4.5.1961 nó 5.5.1961; Inscne: fireann |
Is comhalta d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) é an Ginearál Mya Tun Oo. Bhí sé ina Aire Cosanta ón 1 Feabhra 2021 go dtí an 3 Lúnasa 2023, agus is comhalta é den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC). An 1 Feabhra 2023, ceapadh ina Leas-Phríomh-Aire é freisin. An 1 Lúnasa 2023, ghlac sé ról Aire Iompair agus Cumarsáide an Aontais freisin. Déanann sé maoirseacht freisin ar chomhlachtaí maoirseachta eile atá faoi rialú giunta a bhfuil baint aige le hinfheistíocht eachtrach agus trádáil eachtrach. An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Ghlac Mya Tun Oo páirt i gcruinniú na Comhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022. Agus é ina chomhalta de NDSC agus de SAC, bhí baint dhíreach ag an nGinearál Mya Tun Oo leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin, dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmtha sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Mar chomhalta de SAC, tá an Ginearál Mya Tun Oo freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Thairis sin, ina cháil mar iarAire Cosanta, is ar Mya Tun Oo atá an fhreagracht as na hionsaithe a rinne na fórsaí míleata i stát Kayah an 25 Nollaig 2021 tráth a maraíodh breis is 30 duine, lena n-áirítear leanaí agus pearsanra daonnúil, agus as ollmharuithe agus céasadh sibhialtach ar fud Mhaenmar. Ina cháil mar Aire Cosanta, bhí an Ginearál Mya Tun Oo freagrach freisin as buamáil, aer-ruathair agus cásanna eile d’fhoréigean ar mórscála a rinne fórsaí armtha Mhaenmar le linn 2022. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma. In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad go bhfuil go leor de na sáruithe sin ar na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Ba é Mya Tun Oo a bhí ina Chomhcheann Foirne d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), an tríú post is sinsearaí sa Tatmadaw, ó mhí Lúnasa 2016 go dtí gur ceapadh é ina Aire Cosanta. Sa cháil sin, rinne sé maoirsiú ar oibríochtaí míleata a rinneadh i stát Rakhine agus rinne sé comhordú ar na fórsaí armtha éagsúla, lena n-áirítear an tArm, an Cabhlach agus an tAerfhórsa, chomh maith le húsáid airtléire. Tá sé freagrach dá bhrí sin as na sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse. |
22.3.2021 |
|
24. |
Moe Myint Tun |
Dáta breithe: 24.5.1968; Náisiúntacht: Maenmar; Inscne: fireann |
Ba chomhalta d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) agus den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é an Leifteanant-Ghinearál Moe Myint Tun. An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag an Leifteanant-Ghinearál Moe Myint Tun leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmtha sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Is léir go bhfuil tionchar leanúnach aige i réimeas an ghiunta ó na tairiscintí substaintiúla tógála atá á bhfáil ag a bhaill teaghlaigh, tairiscintí nach bhfaightear de ghnáth ach amháin mar gheall ar naisc le hoifigigh ardchéime. Mar iarchomhalta ar SAC, tá an Leifteanant-Ghinearál Moe Myint Tun freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta go ndearna na fórsaí míleata agus póilíneachta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i Stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad gurb ionann go leor de na sáruithe sin agus na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Bhí an Leifteanant-Ghinearál Moe Myint Tun ina Cheannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta (BSO)-6 agus bhí sé ina Cheann Foirne (an tArm) ar Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) suas go dtí 2019. Sa cháil sin dó, rinne sé maoirseacht ar oibríochtaí a rinneadh i Stát Rakhine. Tá sé freagrach dá bhrí sin as na sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse. |
22.3.2021 |
|
25. |
Than Hlaing |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Dáta breithe: 1965; Inscne: fireann |
Is comhalta é an Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw). Ceapadh é ina Leas-Aire Gnóthaí Baile agus ina Cheann Póilíneachta an 2 Feabhra 2021 agus d’éirigh sé as na poist sin an 5 Bealtaine 2022. Tá sé sna fórsaí cúltaca faoi láthair. An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Arna cheapadh ag SAC, bhí Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing ag gabháil do ghníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus i ngníomhaíochtaí freisin a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Ina theannta sin, tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí póilíneachta ag gníomhú dóibh faoi údarás an Leifteanaint-Ghinearál Than Hlaing ón 1 Feabhra 2021 i leith, trí agóideoirí neamharmtha sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse comhthionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, gabhálacha treallacha a dhéanamh agus ceannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Sna poist a bhí aige mar Leas-Aire Gnóthaí Baile agus Ceann Póilíneachta, bhí an Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing freagrach go díreach as an gcinnteoireacht a bhaineann le beartais diansmachta agus gníomhaíochtaí foréigneacha a rinne na póilíní i gcoinne léirsitheoirí síochánta; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma. |
22.3.2021 |
|
32. |
Sai Long Hseng |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Dáta breithe: 18.4.1947; Áit bhreithe: Kengtung, Maenmar/Burma; Inscne: fireann; Cárta fíorúcháin saoránachta: Katana (Naing) 0052495; Uimhir NRC: 13/KATANA (N)-005249; Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit |
Ba chomhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Sai Long Hseng. An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Sai Long Hseng leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmtha sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir. Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Sai Long Hseng freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. |
19.4.2021 |
|
40. |
Tin Aung San |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Dáta breithe: 16.10.1960; Inscne: fireann; Cárta aitheantais náisiúnta: 12/La Ma Na (N) 89 489 |
Is é an tAimiréal Tin Aung San Ardcheannasaí Chabhlach Mhaenmar, comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) agus Aire Oifig an Phríomh-Aire. Roimhe sin, bhí sé ina Aire Iompair agus Cumarsáide agus Aire Cosanta. An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Mar Aire Rialtais Iompair agus Cumarsáide, bhí sé freagrach as cumarsáid agus líonraí agus ar an gcaoi sin rinne sé cinntí agus chuir sé beartais chun feidhme lena ndearnadh saoirse rochtana ar líne ar shonraí a shainiú. Ó ghlac sé ceannas ar an aireacht, is iomaí múchadh agus moilliú d’aon ghnó ar an idirlíon a tharla, chomh maith le horduithe do sholáthraithe cosc a chur ar Facebook, Twitter agus Instagram ar líne. I mí Eanáir 2022, scaipeadh dréacht nua den bhille cibearshlándála, lenar féidir mí-úsáid a bhaint as teicneolaíocht faireachais chun faireachán a dhéanamh ar dhaoine aonair agus díriú orthu, agus, ar an gcaoi sin, a tsaoirse chun tuairimí a nochtadh chomh maith le rochtain ar fhaisnéis a chur faoi chois. Dá bhrí sin, tá sé freagrach go díreach as srian a chur le saoirse an phreasa agus le rochtain ar fhaisnéis ar líne, agus as ceart chun príobháideachais mhuintir Mhaenmar a shárú. Agus an méid sin á dhéanamh aige, tá an bonn á bhaint aige den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Mar chomhalta de SAC agus mar Leas-Phríomh-Aire, agus mar Aire Cosanta, bhí baint dhíreach ag Tin Aung San leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Tá sé freagrach go díreach chomh maith as na cinntí diansmachta a rinne SAC, lena n-áirítear reachtaíocht lena sáraítear cearta an duine, agus lena dteorannaítear saoirsí shaoránaigh Mhaenmar, agus as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag fórsaí slándála Mhaenmar. |
21.6.2021 |
|
44. |
Aung Naing Oo |
Dáta breithe: 13.10.1962 nó 9.6.1969; Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Áit bhreithe: Kyaukse, Mandalay, Maenmar/Burma; Inscne: fireann; Seoladh: L 103, Kenyeikthar Lane 6, FMI city, Yangon, Maenmar/Burma; Pasuimhir: DM002656; Cárta aitheantais náisiúnta: 7/PaKhaNa (Naing) 13345; 5/SaKaNa (Naing) 017289 |
Is é Aung Naing Oo an t-iarAire Tráchtála. Ba é an tAire Infheistíochta agus Caidrimh Eacnamaíoch Eachtraigh ón 2 Feabhra 2021 go dtí an 18 Lúnasa 2022. Ba í an Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC), arb é an tArd-Cheannasaí Min Aung Hlaing a ceannaire agus a ghlac cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuici féin ón 2 Feabhra 2021, a cheap é. Mar iarAire Rialtais, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Agus é ina Aire Infheistíochta agus Caidrimh Eacnamaíoch Eachtraigh, bhí sé i gceannas ar ghnó agus ar infheistíochtaí i Maenmar/Burma a éascú agus, dá bhrí sin, rannchuidíonn sé le riachtanais airgeadais an réimis mhíleata a dhaingniú. Sna ráitis agus sna gníomhartha a rinne sé, thacaigh sé go poiblí leis an coup agus leis an réimeas míleata, lena n-áirítear trína rá go ndearna na meáin idirnáisiúnta áibhéil faoin ngéarchéim agus d’áitigh sé freisin go bhfuil deireadh ag teacht le gluaiseacht na heasumhlaíochta sibhialta. Ina theannta sin, chuir sé cosc ar fheidhmeannaigh gnólachtaí teileachumarsáide eachtracha an tír a fhágáil gan chead agus thug sé bata agus bóthar do státseirbhísigh san Aireacht a bhí ag déanamh agóide i mí Feabhra 2021. Dá bhrí sin, lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí, baintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. |
21.2.2022 |
|
64. |
Ni Lin Aung |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Inscne: fireann |
Tá an Maor-Ghinearál Ni Lin Aung ag obair sa Cheannasaíocht an Oirthir Láir ó mí Lúnasa 2022. Is é iarCheannasaí Réigiún Cheannasaíocht an Oirthir d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) é. Tá Stát Kayah mar chuid de dhlínse na Ceannasaíochta Thoir. Le linn ionsaí an 24 Nollaig 2021 in aice le sráidbhaile Moso i mbailecheantar Phruso, Stát Karenni (Kayah), maraíodh ar a laghad 35 dhuine, sibhialtaigh ina measc, leanaí agus beirt oibrithe cabhrach daonnúla ón eagraíocht neamhrialtasach Save the Children. Tá an Tatmadaw freagrach as an ionsaí. Ina cháil mar Cheannasaí ar Cheannasaíocht an Oirthir, bhí an Maor-Ghinearál (roimhe seo an Briogáidire-Ghinearál) Ni Lin Aung i gceannas go díreach ar na haonaid i Stát Kayah, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as an sléacht sin. An 21 Iúil 2023, ceapadh an Maor-Ghinearál Ni Lin Aung ina Leas-Aire Gnóthaí Baile agus freagracht chomhpháirteach tugtha dó mar Cheann Póilíneachta, agus d’fhill sé ar an bhfeidhm mhíleata a bhí aige roimhe sin an 3 Lúnasa 2024. Mar iarLeas-Aire agus mar chomhalta d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), is cuid den réimeas míleata é a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Tá an Maor-Ghinearál Ni Lun Aung freagrach dá bhrí sin as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. |
21.2.2022 |
|
75. |
Phone Myat |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Inscne: fireann |
Is é Leifteanant-Ghinearál Phone Myat an Ceannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta 5 (BSO 5) ó mhí Eanáir 2025 i leith agus ba é an Ceannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta 3 (BSO 3) d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) ó mhí Aibreáin 2021 go mí Eanáir 2025. Roimhe sin – idir mí Iúil 2020 agus mí Aibreáin 2021 – bhí sé ina Leas-Aire san Aireacht Gnóthaí Baile agus idir Bealtaine 2019 agus mí Iúil 2020, ba é a bhí ina cheannasaí ar Cheannasaíocht an Iarthair. Mar cheannasaí ar BSO 5, tá Phone Myat i gceannas ar fhórsaí míleata i limistéar Yangon agus rialaíonn sé iad. Ina cháil mar cheannasaí BSO 3, ba é Phone Myat a rialaigh agus a bhí i gceannas ar fhórsaí míleata Cheannasaíocht an Iardheiscirt (Ayeyarwaddy), Cheannasaíocht an Deiscirt (Bago agus Magway) agus Cheannasaíocht an Iarthair (Rakhine agus Chin). Rinne fórsaí míleata faoina cheannas sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, coireanna agus ainghníomhartha, lena n-áirítear maruithe, ionsaithe talún agus aeir ar shibhialtaigh agus rinne siad sléacht agus ár i réigiún Magway, i Stát Chin agus i réigiún Bago. Ina cháil mar Cheannasaí ar BSO 5 agus mar iarCheannasaí ar BSO 3, tá Phone Myat freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. |
8.11.2022 |
|
77. |
Thet Pon |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Inscne: fireann |
Is é Leifteanant-Ghinearál Thet Pon an Ceannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta 6 (BSO 6) ó mhí Eanáir 2025 agus ba é an Ceannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta 5 (BSO 5) Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) ó mhí an Mheithimh 2020 go dtí mí Eanáir 2025. Roimhe sin, bhí sé ina Cheannasaí ar Cheannasaíocht an Iarthuaiscirt go dtí 2017 agus ó 2017 go dtí mí an Mheithimh 2020, bhí sé ina Cheannasaí Réigiúnach ar Yangon. Ina cháil mar cheannasaí ar BSO 6, is é Thet Pon a rialaíonn agus atá i gceannas ar na fórsaí míleata i réigiún Nay Pyi Taw. Ina cháil mar Cheannasaí BSO 5, ba é Thet Pon a rialaigh agus a bhí i gceannas ar na fórsaí míleata agus ar na binsí míleata i réigiún Yangon. I mí an Mhárta 2021, thug an Chomhairle Riaracháin Stáit dlí míleata isteach i Maenmar, lena n-aistrítear cumhacht feidhmiúcháin agus bhreithiúnach chuig cinn na gceannas míleata réigiúnach ábhartha. Faoi mhí Iúil 2022, ghearr binsí míleata i réigiún Yangon pionós an bháis ar 119 nduine, go leor acu ar chúiseanna polaitiúla, lena n-áirítear ceathrar comhaltaí den fhreasúra daonlathach a cuireadh chun báis i réigiún Yangon. Ina theannta sin, rinne fórsaí míleata i réigiún Yangon gníomhartha foréigneacha agus maruithe i gcoinne agóideoirí síochánta, mar shampla bhain siad úsáid as fórsa marfach le linn agóidí frith-ghiunta i mbailecheantar Hlaing Tharyar in Yangon an 14 Márta 2021. Ina cháil mar Cheannasaí BSO 6 agus mar iarCheannasaí BSO 5, tá Thet Pon freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. |
8.11.2022 |
|
78. |
Htein Win |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Inscne: fireann |
Is é an tAimiréal Htein Win Ardcheannasaí Cabhlaigh agus iarCheannaire ar Oiliúint na bhFórsaí Armtha agus iarCheannasaí Cheannasaíocht an Deiscirt d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw). Mar cheannasaí réigiúnach, ba é a rialaigh na fórsaí míleata i réigiúin Bago agus Magway agus ba é a bhí i gceannas orthu. Rinne fórsaí míleata sna réigiúin sin aer-ionsaithe, ruathair, coirloscadh, go leor maruithe agus úsáid sciatha daonna. Is teophointe ar leith é réigiún Magway ina mbíonn oibríochtaí brúidiúla frith-fhreasúra ar siúl ag an arm, agus úsáid á baint acu as an straitéis “dúnmharú, coirloscadh, agus creachadh” i réigiún Magway. Ina cháil mar Ardcheannasaí Cabhlaigh agus mar iarCheannaire ar Oiliúint na bhFórsaí Armtha agus iarCheannasaí ar Cheannasaíocht an Deiscirt, tá Htein Winn freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. |
8.11.2022 |
|
81. |
Nyunt Win Swe |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Inscne: fireann |
Is é Leifteanant-Ghinearál Nyunt Win Swe an Ceannasaí ar Bhiúró Oibríochtaí Speisialta 4 (BSO 4) ó 2023. Sa cháil sin, is é a rialaíonn na fórsaí míleata i réigiún Yangon agus is é atá i gceannas orthu. Ba é an Ceannasaí ar Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) i réigiún Yangon ó mhí an Mheithimh 2020 go dtí tús 2023. Sa cháil sin, ba faoi cheannas agus faoi rialú Nyunt Win Swe a bhí na fórsaí míleata i réigiún Yangon, agus ba é a rinne maoirseacht ar na binsí míleata i réigiún Yangon. I mí an Mhárta 2021, thug an Chomhairle Riaracháin Stáit dlí míleata isteach i Maenmar, lena n-aistrítear cumhacht feidhmiúcháin agus bhreithiúnach chuig cinn na gceannas míleata réigiúnach ábhartha. Faoi mhí Iúil 2022, ghearr binsí míleata i réigiún Yangon pionós an bháis ar 119 nduine, go leor acu ar chúiseanna polaitiúla, lena n-áirítear ceathrar comhaltaí den fhreasúra daonlathach a cuireadh chun báis i réigiún Yangon. Ina theannta sin, rinne fórsaí míleata i réigiún Yangon gníomhartha foréigneacha agus maruithe i gcoinne agóideoirí síochánta, mar shampla bhain siad úsáid as fórsa marfach le linn agóidí frith-ghiunta i mbailecheantar Hlaing Tharyar in Yangon an 14 Márta 2021. Sa cháil sin, tá Nyunt Win Swe freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. |
8.11.2022 |
|
89. |
Maung Maung Aye |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Áit bhreithe: Maenmar/Burma; Inscne: fireann; Céim: Ginearálta |
Ba é Ginearál Maung Maung Aye Ceann na Foirne Ginearálta d’arm, cabhlach agus aerfhórsa Mhaenmar go dtí mí na Nollag 2024. Ceapadh é ina Aire Cosanta i mí na Nollag 2024. Sna poist sin, tá Maung Maung Aye mar chuid den réimeas a d’urghabh cumhacht agus a dhíbir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma i mí Feabhra 2021. Tá ról gníomhach aige i ndáil le hairm a cheannach ón Rúis. Thairis sin, cuidíonn sé freisin chun seasamh idirnáisiúnta Fhórsaí Armtha Mhaenmar a neartú trí chruinnithe le comhpháirtithe ó thíortha eile. Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é a bhaineann a bhearta, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Tá sé freagrach as an iliomad sáruithe ar chearta an duine freisin. |
20.2.2023 |
|
95. |
Kyaw Swar Lin (ar a dtugtar freisin Kyaw Swar Linn) |
Náisiúntacht: Maenmar/Burma; Áit bhreithe: Maenmar/Burma; Inscne: fireann; Feidhm: Ceann na Foirne Ginearálta; iarLeas-Cheann Foirne an Airm agus iar-Ardcheathrúnach Fhórsaí Armtha Mhaenmar |
Bhí Leifteanant-Ghinearál Kyaw Swar Lin ina Ard-Cheathrúnach ó mhí na Bealtaine 2020 go mí na Nollag 2024, tráth a tugadh ardú céime dó go Ceann na Foirne Ginearálta d’arm, cabhlach agus aerfhórsa Mhaenmar, ar post ardchéime in arm Mhaenmar/Burma é. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 go mí na Nollag 2024, ba é Ceann Foirne an Airm é freisin. Ina theannta sin, reáchtálann Kyaw Swar Lin Myanmar Economic Corporation (MEC), atá ar cheann den dá ilchuideachta agus cuideachtaí sealbhaíochta atá á n-oibriú ag an arm agus a ghineann ioncam d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw). Mar Cheann na Foirne Ginearálta, iarLeas-Cheann Foirne an Airm agus mar iar-Ardcheathrúnach, tá sé mar chuid den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Kyaw Swar Lin ar lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí a bhaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tugann sé tacaíocht do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. |
20.7.2023’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/822/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)