|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/811 |
28.4.2025 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2025/811 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Feabhra 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis a bhfuil fógra le tabhairt ina leith do chórais tuairiscithe long
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 27(2) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is cúis mhór imní iad na forbairtí is déanaí maidir le hiompar earraí contúirteacha, lena n-áirítear ola, mar gheall ar choinbhleachtaí geopholaitiúla a dhéanann difear don mhuiriompar. Go háirithe, baineann rioscaí suntasacha do shábháilteacht mhuirí agus d’éiceachórais mhuirí le tarlú an chabhlaigh dhorcha nó an scáthchabhlaigh, mar a thugtar air, mar a shainmhínítear i Rún A.1192(33) ó Chomhthionól na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), ar longa faoi bhun an chaighdeáin iad go minic. |
|
(2) |
Tugann meastacháin le fios go bhfuil fás 70 % tagtha ar chabhlach dorcha nó scáthchabhlach le cúpla bliain anuas agus go bhfuil thart ar 600 soitheach ann. Cruthaíonn oibriú teimhneach an chabhlaigh dhorcha nó an scáthchabhlaigh deacrachtaí, go háirithe maidir le stádas deimhnithe a bhunú agus a fhíorú, lena n-áirítear deimhnithe árachais. An méadú ar iompar ola ag longa neamhshábháilte agus neamhárachaithe den sórt sin, baineann sé an bonn de na caighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil atá i bhfeidhm faoi ionstraimí arna bhforbairt ag IMO. |
|
(3) |
Mar thoradh air sin, meastar gur bagairt dho-ghlactha ar shábháilteacht anama ar muir agus ar an gcomhshaol é neamhchosaint mhéadaithe imeallbhoird Eorpacha na mBallstát ar dhamáiste don chomhshaol a thagann as gníomhaíocht threisithe an chabhlaigh dhorcha nó an scáthchabhlaigh, agus as a n-eascraíonn riosca méadaithe maidir le tionóiscí agus teagmhais mhuirí. |
|
(4) |
D’fhéadfadh teorainn a bheith ar na féidearthachtaí dlíthiúla maidir le dliteanas a shannadh nó cúiteamh a fháil i gcás teagmhais mar gheall ar úinéireacht dhoiléir agus cumhdach árachais na soithí, rud a d’fhágfadh go gcuirfí an t-ualach ar na Ballstáit lena mbaineann agus ar an Aontas na damáistí a eascraíonn as doirteadh féideartha a leigheas. |
|
(5) |
Tá forálacha i dTreoir 2009/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le hárachas úinéirí long le haghaidh éilimh mhuirí i ndáil le fógra a thabhairt faoi chruthúnas ar árachas muirí d’aon long – gan beann ar bhratach – a sheolann chuig aon chalafort de chuid Bhallstáit an Aontais, agus chuig farraige theorann Bhallstáit an Aontais, gan dochar do cheanglais an dlí idirnáisiúnta. Ní chumhdaítear leis longa faoi bhealach áfach. |
|
(6) |
In Airteagal 5 de Threoir 2002/59/CE ceanglaítear go gcomhlíonfaidh gach long a thagann isteach i limistéar córas um thuairisciú éigeantach long aon Bhallstáit de chuid an Aontais, go gcomhlíonfaidh sí an córas sin agus an fhaisnéis is gá á thuairisciú acu. Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 16 go measfar go bhféadfadh aon long nach dtugann fógra, nó nach bhfuil deimhnithe árachais nó ráthaíochtaí airgeadais aici, i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta nó rialacha an Aontais, a bheith ina guais fhéideartha don loingseoireacht nó ina bagairt ar an tsábháilteacht mhuirí, ar shábháilteacht daoine aonair nó ar an gcomhshaol. |
|
(7) |
Leis na ceanglais atá ann cheana, ní chumhdaítear go leordhóthanach cásanna ina seolann longa, gan beann ar a mbratach, feadh chóstaí na mBallstát, faoi bhealach ach nach dtéann isteach i gcalafort ar bith de chuid aon Bhallstáit, agus ní mór aghaidh a thabhairt air sin. |
|
(8) |
Leagtar béim sna forbairtí idirnáisiúnta is déanaí ar an ngá atá le bearta láidre chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le soithí neamhárachaithe agus neamhshábháilte. I Rún A.1192(33) ó Chomhthionól IMO (Nollaig 2023), moltar gníomhaíochtaí chun oibríochtaí neamhdhleathacha san earnáil mhuirí ag an gcabhlach dorcha nó ag an scáthchabhlach a chosc. Sna treoirlínte athbhreithnithe ó Choiste Dlí IMO (LEG.1/Circ.16, Meitheamh 2024) leagtar síos caighdeáin nuashonraithe chun deimhnithe árachais dliteanais shibhialta a aithint agus soláthraithe slándála airgeadais a bhailíochtú, lena n-áirítear Clubanna Cosanta & Slánaíochta (P&I), agus leis na Rúin ó Chomhthionól Chiste 1992 agus ó Chomhthionól an Chiste Fhorlíontaigh (Rúin Uimh. 14 agus Uimh. 6 faoi seach, Samhain 2024) treisítear an córas idirnáisiúnta dliteanais agus cúitimh a bunaíodh faoi Choinbhinsiún 1992 maidir le Dliteanas Sibhialta (CLC), Coinbhinsiún 1992 maidir le Ciste, agus Prótacal an Chiste Fhorlíontaigh. Chun ailíniú leis na caighdeáin idirnáisiúnta sin a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar rioscaí atá ag teacht chun cinn, is gá Treoir 2002/59/CE a thabhairt cothrom le dáta chun na forbairtí sin a léiriú. |
|
(9) |
Chun ullmhacht maidir le sábháilteacht/truailliú muirí a fheabhsú agus chun é a chur ar a gcumas do Stáit chósta faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrácht muirí, go háirithe soithí a bhfuil lastas contúirteach nó truaillithe amhail ola á iompar acu, tá roinnt córas um Thuairisciú Long Éigeantach (MSR) bunaithe ag IMO. Tá na córais sin ceaptha chun malartú faisnéise ríthábhachtaí a bhaineann le gluaiseachtaí agus lastas long a éascú, lena n-áirithítear go gcuirtear na húdaráis ábhartha ar an eolas go pras. San Aontas, déantar an fhaisnéis sin a tharchur trí chórais náisiúnta tuairiscithe atá nasctha le córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí, SafeSeaNet. Leagtar amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/59/CE an cineál faisnéise atá le soláthar ag longa do na húdaráis trí chórais tuairiscithe ábhartha. Chun freastal ar riachtanais oibríochtúla agus sábháilteachta atá ag teacht chun cinn, is gá an Iarscríbhinn sin a leasú chun faisnéis nua a chur san áireamh, agus go sonrach maidir le deimhnithe árachais, rudaí a mheastar a bheith fíor-riachtanach chun sábháilteacht mhuirí, cosaint an chomhshaoil agus práinnfhreagairt éifeachtach a áirithiú. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2002/59/CE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I bpointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/59/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe X:
|
‘— |
X. Ilghnéitheach:
|
Airteagal 2
1. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoi cheann 6 mhí ar a dhéanaí, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón lá tar éis lá a nglactha
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 208, 5.8.2002, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/59/oj.
(2) Treoir 2009/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hárachas úinéirí long ar éilimh mhuirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 128, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/20/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/811/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)