|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/804 |
23.4.2025 |
Fógra a bhaineann le dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe ar Iarscríbhinní I, III(a), III(b) agus IV(a) agus VI a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le Trádáil i bhFíonta agus i nDeochanna Biotáilleacha [2025/804]
Trí bhíthin Chinneadh Uimh. 1/2024 uaidh an 4 Aibreán 2024 (1), bhunaigh an Comhchoiste an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le Trádáil i bhFíonta agus i nDeochanna Biotáilleacha, agus chinn sé Iarscríbhinní I, III(a), III(b), IV(a) agus VI a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.
Dearbhaíonn an tAontas gur tugadh chun críche a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh an Cinneadh ón gComhchoiste i bhfeidhm.
I gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh Uimh. 1/2024, tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2025.
(1) Cinneadh Uimh. 1/2024 ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le Trádáil i bhFíonta agus i nDeochanna Biotáilleacha an 4 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní I, III (a), III (b), IV (a) agus VI a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le Trádáil i bhFíonta agus i nDeochanna Biotáilleacha [2024/1215] (IO L, 2024/1215, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1215/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/notice/2025/804/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)