|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/803 |
24.4.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/803 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Aibreán 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh aontachas na Túinéise do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais Eorpaigh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle (1), maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus le Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle (2), i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. Tá 39 bPáirtí sa Choinbhinsiún faoi láthair (‘na Páirtithe’), an tAontas agus 22 Bhallstát den Aontas san áireamh. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 14 de Reacht Chomhairle na hEorpa, beidh gach comhalta de Chomhairle na hEorpa i dteideal ionadaí amháin ar Choiste Airí Chomhairle na hEorpa (‘Coiste na nAirí’), agus beidh gach ionadaí i dteideal vóta amháin. Tá Ballstáit uile an Aontais ina gcomhaltaí de Chomhairle na hEorpa agus, dá bhrí sin, tá ionadaíocht acu ar Choiste na nAirí. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 76(1) den Choinbhinsiún, tá Coiste na nAirí in ann, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe agus toiliú d’aon toil a fháil uathu, a iarraidh ar Bhallstát nach bhfuil i gComhairle na hEorpa aontú don Choinbhinsiún, le cinneadh a dteastaíonn tromlach dhá thrian de Choiste na nAirí ina leith, dá bhforáiltear in Airteagal 20.d de Reacht Chomhairle na hEorpa, agus le vóta d’aon toil ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún atá i dteideal suí ar Choiste na nAirí. |
|
(4) |
An 22 Aibreán 2020, chinn Coiste na nAirí cuireadh a thabhairt don Túinéis aontú don Choinbhinsiún. De bhun an chinnidh sin, tá an cuireadh sin fós bailí ar feadh 5 bliana ó dháta a ghlactha, is é sin, go dtí an 23 Aibreán 2025 (‘an spriocdháta’). |
|
(5) |
Le litir dar dáta an 20 Feabhra 2025, d’iarr an Túinéis síneadh ar an spriocdháta go dtí an 23 Aibreán 2027, chun go mbeidh sí in ann a nósanna imeachta inmheánacha a thabhairt chun críche. |
|
(6) |
Táthar ag súil go nglacfaidh Coiste na nAirí, ag an gcruinniú a bheidh aige an 23 Aibreán 2025, cinneadh maidir le síneadh a chur leis an spriocdháta go dtí an 23 Aibreán 2027. |
|
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na nAirí a bhunú, ós rud é go bhféadfadh éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag síneadh a chur leis an spriocdháta. Is é an éifeacht a bheadh ag an síniú sin go ndéanfaí athnuachan ar an iarraidh ar an Túinéis aontú don Choinbhinsiún agus, dá bhrí sin, bhunófaí caidreamh conarthach idir an tAontas agus an Túinéis faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin. D’fhéadfadh an cinneadh maidir le síneadh a chur leis an spriocdháta tionchar a imirt freisin ar an gcaoi a ndéantar cinntí i gCoiste na bPáirtithe. |
|
(8) |
Rachadh aontachas na Túinéise don Choinbhinsiún chun tairbhe don Aontas ós rud é go leathnófaí leis caighdeáin uaillmhianacha an Choinbhinsiúin chuig an tír sin. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais 2 bhliain eile a thabhairt don Túinéis chun a nósanna imeachta inmheánacha a thabhairt chun críche. |
|
(9) |
Ós rud é nach comhalta de Chomhairle na hEorpa é an tAontas ach gur comhaltaí iad a Bhallstáit uile, tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag a Bhallstáit, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú Choiste Airí Chomhairle na hEorpa an 23 Aibreán 2025 tacú le síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh aontachas na Túinéise do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac go dtí an 23 Aibreán 2027.
Airteagal 2
Na Ballstáit sin den Aontas is comhaltaí de Choiste Airí Chomhairle na hEorpa, cuirfidh siad an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/803/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)