European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/790

8.8.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/790 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Aibreán 2025

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 51(5), an dara fomhír, agus Airteagal 116(5), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Treoir 2013/36/AE rialacha maidir le cumhachtaí maoirseachta agus uirlisí le haghaidh údaráis inniúla maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa. Is trí bhíthin coláistí maoirseoirí a dhéantar gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú. De bhun Airteagal 116 de Threoir 2013/36/AE, tá na maoirseoirí comhdhlúthacháin le coláistí maoirseoirí a bhunú chun cúraimí maoirseachta áirithe a éascú agus chun comhordú agus comhar iomchuí le húdaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tír a áirithiú. Ina theannta sin, de bhun Airteagal 51(3) de Threoir 2013/36/AE, ceanglaítear ar na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúid ag a bhfuil brainsí suntasacha i mBallstáit eile coláistí maoirseoirí a bhunú agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 116 den Treoir sin.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/99 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú oibríochtúil coláistí maoirseoirí atá le bunú i gcomhréir le hAirteagal 51(3) agus Airteagal 116 de Threoir 2013/36/AE. Ós rud é gur leasaíodh na ceanglais stuamachta atá ábhartha maidir le coláistí maoirseoirí a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE, is gá roinnt forálacha de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/99 a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, chun feabhas a chur ar mhalartú rianúil tráthúil faisnéise idir comhaltaí agus breathnóirí na gcoláistí maoirseoirí agus leis na coláistí arna mbunú i gcomhréir le reachtaíocht earnála eile, ní mór próisis shoiléire intuartha a bhunú i gcreat oibríochtúil a bhfuil tuairisc shoiléir air agus de réir theimpléid shonracha. Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá sin le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise na gcoláistí maoirseoirí, is gá na teimpléid ábhartha a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. I bhfianaise líon na n-athruithe ar an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a bheadh ag teastáil chun teacht leis na leasuithe ar Threoir 2013/36/AE, agus ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/99 a aisghairm agus a ionadú.

(3)

Is céim fhíor-riachtanach í mapáil na ngrúpeintiteas san Aontas agus i dtríú tíortha chun comhaltaí agus breathnóirí féideartha na gcoláistí maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagail 116 agus 51 de Threoir 2013/36/AE a shainaithint agus chun iad a bhunú ina dhiaidh sin. Chun feidhmíocht an chleachtaidh mapála a éascú, ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthacháin é a stiúradh, agus é ag comhoibriú le comhaltaí féideartha an choláiste maoirseoirí ar cheart an deis a bheith acu barúil a thabhairt agus a rannchuidiú leis an gcleachtadh a sholáthar. Chun a áirithiú go mbaileofar an fhaisnéis ábhartha uile agus go léireofar í sa mhapáil, ba cheart í a dhéanamh trí theimpléad coiteann a úsáid. Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfar bunú coláistí maoirseoirí a léiriú leis an teimpléad mapála coiteann, agus sainiúlachtaí na gcoláistí agus stádas breathnóra na gcoláistí arna mbunú i gcomhréir le reachtaíocht eile á gcur san áireamh.

(4)

I bhfianaise an ghá atá le comhar éifeachtach idir comhaltaí an choláiste maoirseoirí, ba cheart an deis a bheith ag na comhaltaí sin a bheith rannpháirteach i gcomhdhéanamh an choláiste a mhéid a bhaineann le breathnóirí. Nuair a bheartaíonn an maoirseoir comhdhlúthacháin a iarraidh ar údarás páirt a ghlacadh mar bhreathnóir, ba cheart na comhaltaí a chur ar an eolas trí fhógra a thabhairt agus ba cheart a ndóthain ama a thabhairt dóibh chun measúnú a dhéanamh ar iarrataí den sórt sin. I gcás nach gceanglaítear stádas breathnóra den sórt sin leis an dlí, ba cheart an deis a bheith ag na comhaltaí cur ina choinne. Dá réir sin, tá sé fíor-riachtanach a áirithiú, agus an coláiste á bhunú, go gcuirfear iarrataí an mhaoirseora comhdhlúthacháin ar chomhaltaí amach anseo roimh iarrataí an mhaoirseora comhdhlúthacháin ar bhreathnóirí amach anseo.

(5)

Chun cumarsáid rianúil a áirithiú idir comhaltaí agus breathnóirí an choláiste maoirseoirí, go háirithe i staideanna éigeandála, ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthacháin liosta teagmhálaithe a bhunú leis na sonraí teagmhála uile is gá agus le sonraí teagmhála lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre agus ba cheart dó an liosta teagmhálaithe sin a chur in iúl do chomhaltaí agus do bhreathnóirí an choláiste.

(6)

Ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthacháin a bheith i gceannas ar an bpróiseas chun na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar a thabhairt i gcrích agus a leasú agus ba cheart dó a áirithiú go mbeidh an deis ag comhaltaí an choláiste maoirseoirí barúil a thabhairt agus a n-ionchur a sholáthar maidir leis na socruithe atá beartaithe, lena n-áirítear téarmaí rannpháirtíochta an bhreathnóra. Chun a áirithiú go bhfuil na socruithe arna dtabhairt i gcrích ag coláistí maoirseoirí comhsheasmhach, i dtéarmaí an struchtúir agus na bhforálacha a chumhdaítear, agus san am céanna go gceadaítear leo solúbthacht iomchuí chun socruithe agus comhaontuithe a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste a áireamh, ba cheart na socruithe a fhorbairt de réir teimpléad coiteann. Chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis a chomhroinnt go leormhaith i gcónaí i gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca an ghrúpa nó a eintiteas, ba cheart foráil a dhéanamh leis an teimpléad freisin maidir le tuairisc ar an bhfaisnéis atá le malartú má tharlaíonn teagmhas den sórt sin.

(7)

Mar gheall ar phaindéim COVID-19, ba mhinic arbh éigean cruinnithe na gcoláistí maoirseoirí a aistriú chuig bealaí fíorúla agus tháinig cruinnithe fíorúla chun bheith ina gcuid thábhachtach d’fheidhmiú na gcoláistí. Chun an t-athrú cleachtais sin a léiriú, agus chun leanúnachas fheidhmeanna na gcoláistí a ráthú i gcás teagmhais comhchosúla amach anseo, ba cheart solúbthacht a bheith ag an maoirseoir comhdhlúthacháin cinneadh a dhéanamh maidir le formáid chruinnithe an choláiste. Cé gur gá don choláiste maoirseoirí a bheith in ann i gcónaí a chruinnithe a thionól go fíorúil, ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthacháin, agus formáid an chruinnithe á cinneadh aige, cuspóirí an chruinnithe a chur san áireamh, go háirithe chun teacht ar chinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta institiúidsonracha i gcomhréir le hAirteagal 113 de Threoir 2013/36/AE agus maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh grúpa i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(8)

Chun a áirithiú gur ardán éifeachtach le haghaidh malartú faisnéise, comhair agus comhordaithe é an coláiste maoirseoirí, arb é is aidhm dó leasanna taisceoirí agus infheisteoirí ina mBallstáit a chosaint agus an chobhsaíocht airgeadais laistigh den Aontas a chosaint, ba cheart feabhas a chur ar an malartú faisnéise leis na comhaltaí, agus le breathnóirí, agus go háirithe leis an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal nó le húdarás réitigh an Bhallstáit baile. Dá bhrí sin, ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthacháin píosa áirithe faisnéise a tharchur chuig breathnóirí an choláiste maoirseoirí, i gcás ina measfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin go bhfuil sé ábhartha chun a gcúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás ina sáraíonn grúpeintiteas Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó Treoir 2013/36/AE, nó i gcás inar dócha go sáróidh sé Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Treoir 2013/36/AE go luath amach anseo de dheasca staid airgeadais a bheith ag dul in olcas go tapa, i staideanna éigeandála nó i gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca an ghrúpa nó a eintiteas. Chun sainaithint comharthaí luathrabhaidh a éascú chomh maith le rioscaí agus leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun eolas a dhéanamh don tuarascáil ar mheasúnú riosca an ghrúpa agus don tuarascáil ar mheasúnú riosca leachtachta, ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthacháin agus do chomhaltaí eile an choláiste maoirseoirí teacht ar chomhaontú roimh ré maidir leis na táscairí atá le malartú ar bhonn bliantúil ar a laghad. Ba cheart na táscairí sin a ríomh ar bhonn na sonraí maoirseachta a bhailíonn na húdaráis inniúla i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3117 ón gCoimisiún (5). Chun malartú tráthrialta faisnéise a áirithiú maidir leis na táscairí, ba cheart Iarscríbhinn ina bhfuil liosta táscairí comhaontaithe a áireamh sa teimpléad le haghaidh na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar.

(9)

Ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthacháin bunú agus nuashonrú chreat an choláiste le haghaidh staideanna éigeandála a stiúradh agus ba cheart dó a áirithiú go mbeidh an deis ag comhaltaí an choláiste maoirseoirí barúil a thabhairt agus a n-ionchur a sholáthar maidir leis an gcreat atá beartaithe. Maidir leis na socruithe oibríochtúla sonracha do gach coláiste maoirseoirí i ndáil le malartú faisnéise, comhar agus comhordú idir an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí i staid éigeandála, ba cheart tuairisc a thabhairt orthu sna socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar d’fhonn comhar agus bainistiú éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú i staid éigeandála. Chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh sa fhreagairt mhaoirseachta chomhordaithe ar staid éigeandála an fhaisnéis ábhartha uile chun an staid a bhainistiú ar an mbealach is fearr is féidir, tá rannpháirtíocht an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal ríthábhachtach. Dá bhrí sin, ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthacháin ionchur ón gcoláiste réitigh a chomhroinnt le comhaltaí an choláiste maoirseoirí agus a chur san áireamh agus an fhreagairt mhaoirseachta chomhordaithe á forbairt.

(10)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(11)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus tá tuairim iarrtha aige ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FEIDHMIÚ OIBRÍOCHTÚIL NA GCOLÁISTÍ MAOIRSEOIRÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 116 DE THREOIR 2013/36/AE;

Roinn 1

Bunú agus feidhmiú coláistí maoirseoirí

Airteagal 1

Grúpa institiúidí a mhapáil

1.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an dréachtmhapáil, arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 ón gCoimisiún (7), faoi bhráid na n-údarás atá incháilithe le bheith ina gcomhaltaí den choláiste maoirseoirí de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán sin (‘comhaltaí féideartha an choláiste maoirseoirí’), agus iarrfaidh siad ar na húdaráis sin a dtuairimí a chur in iúl agus sprioc-am a chur in iúl chun na tuairimí sin a chur isteach.

2.   Chun críocha na mapála agus gan dochar d’Airteagal 51 de Threoir 2013/36/AE, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin aon tuairim ó chomhaltaí féideartha an choláiste maoirseoirí a mheas.

3.   Tar éis bailchríoch a chur air, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an mhapáil in iúl do chomhaltaí féideartha uile an choláiste maoirseoirí.

4.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an mhapáil a thabhairt cothrom le dáta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3, ar bhonn bliantúil ar a laghad. Tabharfar an mhapáil cothrom le dáta níos minice i gcás ina mbeidh athruithe móra ar struchtúr an ghrúpa institiúidí.

5.   Úsáidfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun an mhapáil a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 2

Coláiste maoirseoirí a bhunú

1.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 chuig na húdaráis dá dtagraítear san Airteagal sin agus leagfaidh sé síos sprioc-am chun glacadh léi.

Na húdaráis a fhaigheann an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, gheobhaidh siad stádas mar chomhaltaí den choláiste maoirseoirí ar ghlacadh leis an iarraidh dóibh nó, mura ndearnadh aon agóid laistigh den sprioc-am le haghaidh glacadh leis an iarraidh, ar dhul in éag an sprioc-ama sin.

2.   Tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin fógra do na húdaráis a ghlac leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Beidh an méid seo a leanas san fhógra sin:

(a)

liosta na n-údarás a bheartaíonn an maoirseoir comhdhlúthacháin a iarraidh chun bheith ina mbreathnóirí den choláiste maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791;

(b)

liosta na n-údarás a bheartaíonn an maoirseoir comhdhlúthacháin a iarraidh chun bheith ina mbreathnóirí den choláiste maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791;

(c)

an togra le haghaidh théarmaí rannpháirtíochta na mbreathnóirí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) sa choláiste maoirseoirí;

(d)

maidir le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a), agus Airteagal 3(3), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, tuairim an mhaoirseora comhdhlúthacháin maidir leis an measúnú ar choibhéis na gceanglas rúndachta is infheidhme maidir leis an údarás maoirseachta tríú tír.

3.   San fhógra dá dtagraítear i mír 2, socróidh an maoirseoir comhdhlúthacháin sprioc-am leordhóthanach faoina bhféadfaidh aon chomhalta easaontach den choláiste maoirseoirí a agóid lánréasúnaithe in aghaidh thogra nó thuairim an mhaoirseora comhdhlúthacháin dá dtagraítear sa mhír sin, pointe (b), pointe (c) nó pointe (d), a chur in iúl i scríbhinn. Mura mbeidh aon agóid curtha in iúl laistigh den sprioc-am sin, measfar gur chomhaontaigh comhaltaí an choláiste maoirseoirí ar an togra nó ar an tuairim.

4.   Rachaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin i mbun idirphlé le haon chomhalta easaontach dá dtagraítear i mír 3 le rannpháirtíocht ÚBE agus chomhaltaí eile an choláiste maoirseoirí, de réir mar is iomchuí, idirphlé arb é is aidhm dó teacht ar chomhaontú.

5.   Ar chomhaontú chomhaltaí uile an choláiste maoirseoirí maidir leis an togra agus an tuairim dá dtagraítear i mír 2, seolfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin na hiarrataí chuig na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 le bheith ina mbreathnóirí den choláiste maoirseoirí agus leagfaidh sé síos sprioc-am chun glacadh leis. Beidh téarmaí rannpháirtíochta an bhreathnóra ag gabháil leis an iarraidh.

Gheobhaidh na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír stádas mar bhreathnóirí an choláiste maoirseoirí nuair a ghlacfaidh siad leis an iarraidh agus le téarmaí rannpháirtíochta na mbreathnóirí nó nuair a rachaidh an sprioc-am chun glacadh leis in éag mura mbeidh aon agóid déanta acu roimh an sprioc-am sin.

6.   Na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, féadfaidh siad a iarraidh chun bheith ina mbreathnóirí ar choláiste maoirseoirí. Cuirfear an iarraidh faoi bhráid an mhaoirseora comhdhlúthacháin. I gcás ina gcinnfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin a iarraidh ar na húdaráis sin a bheith rannpháirteach sa choláiste maoirseoirí mar bhreathnóirí, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo.

Airteagal 3

Liostaí teagmhálaithe

1.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin liosta teagmhálaithe a bhunú agus a choinneáil ar bun ina mbeidh sonraí teagmhála iomlána agus liosta teagmhálaithe éigeandála ina mbeidh sonraí teagmhála iomlána agus sonraí teagmhála lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre a bheidh le húsáid le linn staideanna éigeandála agus cuirfidh sé na liostaí teagmhálaithe sin in iúl do chomhaltaí agus do bhreathnóirí an choláiste maoirseoirí agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Cuirfear an liosta teagmhálaithe agus an liosta teagmhálaithe éigeandála i gceangal leis na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

2.   Soláthróidh comhaltaí an choláiste maoirseoirí a sonraí teagmhála agus a gcuid sonraí teagmhála lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre don mhaoirseoir comhdhlúthacháin agus cuirfidh siad an maoirseoir comhdhlúthacháin ar an eolas faoi aon athrú ar na sonraí sin gan moill mhíchuí.

3.   Tar éis dó faisnéis a fháil faoi athrú dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin leagan nuashonraithe den liosta teagmhálaithe nó den liosta teagmhálaithe éigeandála in iúl do chomhaltaí agus do bhreathnóirí an choláiste maoirseoirí gan moill mhíchuí.

Airteagal 4

Socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar

1.   Ullmhóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin togra maidir le tabhairt i gcrích socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar dá dtagraítear in Airteagal 115 de Threoir 2013/36/AE agus in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

2.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin a thogra in iúl do chomhaltaí an choláiste maoirseoirí agus iarrfaidh sé orthu a dtuairimí a sholáthar, agus sonróidh sé sprioc-am chun na tuairimí sin a chur isteach.

3.   Chun na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar a thabhairt chun críche, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin san áireamh aon tuairim a chuir comhaltaí an choláiste maoirseoirí in iúl agus míneoidh sé, más gá, an chúis nár cuireadh san áireamh na tuairimí sin.

4.   Tar éis bailchríoch a chur air, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar in iúl do chomhaltaí an choláiste maoirseoirí.

5.   Má mheasann an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí gur gá sin, déanfar cur chun feidhme na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar a thástáil trí bhíthin cleachtaí ionsamhlúcháin nó ar bhealach ar bith eile, de réir mar is iomchuí.

6.   Leasóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí, i gcás inar gá, na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar i gcás athruithe ar aon cheann dá n-eilimintí dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

Leasófar na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar i gcomhréir le mír 7 chun aon athrú ar chomhaltas an choláiste maoirseoirí a léiriú.

Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí athbhreithniú ar eilimintí na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 ar bhonn tráthrialta atá le cinneadh sna socruithe.

7.   Leasóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 go mír 4.

8.   Úsáidfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an teimpléad in Iarscríbhinn II chun na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar a thabhairt i gcrích agus a leasú.

Airteagal 5

Cruinnithe agus gníomhaíochtaí na gcoláistí maoirseoirí

1.   Tionólfaidh coláistí maoirseoirí cruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana. Mar sin féin, féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin, le toiliú chomhaltaí uile an choláiste maoirseoirí, tar éis sainiúlachtaí an ghrúpa a chur san áireamh, minicíocht éagsúil cruinnithe a chinneadh.

2.   Bunóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin cuspóirí chruinnithe an choláiste maoirseoirí. Áiritheoidh an maoirseoir comhdhlúthacháin go ndéanfar na cuspóirí sin a léiriú i gclár oibre na gcruinnithe.

3.   Cinnfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin cé acu i bhformáid fhisiciúil nó i bhformáid fhíorúil a thionólfar an cruinniú, bunaithe ar chuspóirí an chruinnithe.

4.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin clár oibre beartaithe an chruinnithe chuig comhaltaí uile an choláiste maoirseoirí, chuig an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, agus chuig na breathnóirí sin den choláiste maoirseoirí a bhfuil sé beartaithe ag an maoirseoir comhdhlúthacháin cuireadh a thabhairt dóibh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe 2025/791 agus iarrfaidh sé orthu aon mhír bhreise ar an gclár oibre a mholadh.

Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin san áireamh aon mholadh maidir le míreanna ar an gclár oibre a dhéanfaidh na comhaltaí agus na breathnóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus míneoidh sé, i gcás ina n-iarrfar sin, an chúis nach ndearnadh na tograí sin a chur san áireamh.

5.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí agus breathnóirí an choláiste maoirseoirí a bhfuil baint acu le cruinniú nó le gníomhaíocht ar leith doiciméid agus rannchuidithe le doiciméid oibre a mhalartú i bhfad roimh an gcruinniú nó roimh an ngníomhaíocht chun é a chur ar a gcumas do na rannpháirtithe uile sa chruinniú nó sa ghníomhaíocht cur go gníomhach leis an bplé.

Roinn 2

Pleanáil agus comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta i gcásanna gnóthais leantaigh

Airteagal 6

Malartú faisnéise idir an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí

1.   Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, nuair a gheofar í ó chomhalta den choláiste maoirseoirí, tarchuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin chuig comhaltaí eile an choláiste maoirseoirí í.

Má mheasann an maoirseoir comhdhlúthacháin, i dtaca le haon fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach bhfuil sí ábhartha do chomhalta ar leith den choláiste maoirseoirí, rachaidh sé i gcomhairle ar dtús leis an gcomhalta sin agus soláthróidh sé príomhphointí na faisnéise dó lena gcuirfear ar a chumas dó ábharthacht na faisnéise sin a chinneadh.

2.   Tarchuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(4) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 chuig a chéile.

3.   I gcás inar gá ar mhaithe le feidhmiú éifeachtúil agus éifeachtach an choláiste maoirseoirí, eagróidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an coláiste sin i bhfostruchtúir éagsúla. I gcás ina n-eagraítear an coláiste maoirseoirí i bhfostruchtúir éagsúla, coinneoidh an maoirseoir comhdhlúthacháin comhaltaí uile an choláiste maoirseoirí go hiomlán ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi na gníomhaíochtaí nó na bearta a dhéantar i bhfostruchtúir éagsúla.

4.   Tiocfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí ar chomhaontú maidir leis na modhanna chun faisnéis a mhalartú agus sonróidh siad an comhaontú sin sna socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

Airteagal 7

Malartú faisnéise idir an maoirseoir comhdhlúthacháin agus breathnóirí an choláiste maoirseoirí

1.   Ar theacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na ceanglais stuamachta institiúidsonracha i gcomhréir le hAirteagal 113 de Threoir 2013/36/AE, soláthróidh an maoirseoir comhdhlúthacháin don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

2.   I gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca an ghrúpa nó a eintiteas, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin in iúl do na breathnóirí ábhartha an fhaisnéis ábhartha a chomhroinntear chun críoch Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

Airteagal 8

An t-athbhreithniú leanúnach ar an gcead cuir chuige inmheánacha a úsáid

1.   I gcás nach gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí a bunaíodh i mBallstát, lena n-áirítear máthairghnóthas AE, na ceanglais a thuilleadh maidir le cur chuige inmheánach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 143(1), Airteagal 151(4) nó (9), Airteagal 283, Airteagal 312(2), nó Airteagal 363 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó i gcás ina sainaithníonn aon chomhalta ábhartha den choláiste maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 (‘comhalta ábhartha’) easnaimh ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 101 de Threoir 2013/36/AE, oibreoidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus an comhalta ábhartha le chéile, i gcomhairliúchán iomlán, chun teacht ar chomhaontú maidir le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

cúlghairm an cheada chun an tsamhail inmheánach a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791;

(b)

an srian ar úsáid na samhla inmheánaí dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (c), den Rialachán Tarmligthe sin;

(c)

ceanglais cistí dílse breise a fhorchur dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (d), den Rialachán Tarmligthe sin.

2.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí ábhartha an choláiste maoirseoirí a dhéanann maoirseacht ar eintitis a úsáideann an tsamhail inmheánach fhormheasta agus a ndéanann na heasnaimh dá dtagraítear i mír 1 difear dóibh, déanfaidh siad an cinneadh go comhpháirteach maidir le cúlghairm an cheada chun samhail inmheánach a úsáid nó maidir le srian ar úsáid na samhla inmheánaí. Beidh an comhar idir an maoirseoir comhdhlúthacháin agus na comhaltaí sin de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 3 go 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/100 ón gCoimisiún (8).

3.   Déanfar cinneadh maidir le ceanglas cistí dílse breise a fhorchur dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le cinneadh comhpháirteach caipitil a leagtar amach in Airteagal 113(1), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE.

4.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin gach comhalta eile den choláiste maoirseoirí ar an eolas faoi na cinntí a dhéantar de bhun mhír 1, i gcás ina measann sé gur dócha go ndéanfaidh an fhaisnéis sin difear do ghníomhaíochtaí eile an choláiste nó go bhfuil sí fíor-riachtanach chun cúraimí chomhaltaí eile an choláiste a fheidhmiú.

Airteagal 9

Fógra a thabhairt faoi shíntí nó athruithe neamhábhartha ar chuir chuige inmheánacha

1.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin comhaltaí ábhartha uile an choláiste maoirseoirí ar an eolas gan mhoill faoi aon síneadh neamhábhartha nó aon athrú neamhábhartha ar shamhail inmheánach fhormheasta a dhéanann difear d’aon cheann de na hinstitiúidí atá bunaithe i mBallstát.

2.   Cuirfidh comhalta ábhartha de choláiste maoirseoirí an maoirseoir comhdhlúthacháin ar an eolas faoi aon síneadh neamhábhartha nó aon athrú neamhábhartha a dhéanann difear d’aon cheann de na hinstitiúidí atá faoi shainchúram maoirseachta an chomhalta sin.

3.   Comhalta ábhartha de choláiste maoirseoirí a bhfuil imní air maidir le síneadh nó athrú a aicmiú mar shíneadh nó athrú neamhábhartha, cuirfidh sé na hábhair imní sin in iúl don mhaoirseoir comhdhlúthacháin. Soláthróidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an fhaisnéis sin do chomhaltaí ábhartha eile an choláiste maoirseoirí.

Maoirseoir comhdhlúthacháin a bhfuil imní air maidir le síneadh nó athrú a aicmiú mar shíneadh nó athrú neamhábhartha, cuirfidh sé na hábhair imní sin in iúl do chomhaltaí ábhartha uile an choláiste maoirseoirí. Pléifidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus na comhaltaí sin sonraí na n-ábhar imní sin chun teacht ar dhearcadh coiteann maidir le hábharthacht an tsínidh nó an athraithe.

4.   I gcás ina measfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí ábhartha an choláiste maoirseoirí go bhfuil síntí nó athruithe ar shamhail inmheánach fhormheasta aicmithe go mícheart ag an institiúid lena mbaineann mar shíntí nó athruithe neamhábhartha, cuirfidh siad an institiúid sin ar an eolas gan mhoill.

Airteagal 10

Malartú faisnéise maidir le comharthaí luathrabhaidh, rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus leochaileachtaí

1.   Ríomhfaidh comhaltaí an choláiste maoirseoirí na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 ar bhonn na faisnéise a bhailíonn údaráis inniúla ó institiúidí faoi mhaoirseacht i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3117.

Leagfar amach na táscairí comhaontaithe sna socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus beidh siad bunaithe ar an teimpléad le haghaidh liosta na dtáscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Gach comhalta den choláiste maoirseoirí atá rannpháirteach i bhforbairt tuarascála ar mheasúnú riosca an ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 113(2), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE nó tuarascála ar mheasúnú riosca leachtachta grúpa dá dtagraítear in Airteagal 113(2), pointe (b), den Treoir sin chun cinntí comhpháirteacha a dhéanamh maidir le ceanglais stuamachta institiúidsonracha i gcomhréir leis an Airteagal sin, cuirfidh sé luachanna na dtáscairí comhaontaithe le haghaidh na n-institiúidí atá faoina shainchúram maoirseachta in iúl don mhaoirseoir comhdhlúthacháin, de réir mar is ábhartha.

3.   Soláthróidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an méid seo a leanas do gach comhalta den choláiste maoirseoirí dá dtagraítear i mír 2:

(a)

na luachanna dá dtagraítear i mír 2;

(b)

luachanna na dtáscairí comhaontaithe le haghaidh an mháthairghnóthas AE agus ar an leibhéal comhdhlúite.

4.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí dá dtagraítear i mír 2 luachanna na dtáscairí comhaontaithe a mhalartú ar bhonn bliantúil ar a laghad, nó níos minice ná sin i gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla sin amhlaidh. I gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca an ghrúpa nó a eintiteas, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí dá dtagraítear i mír 2 luachanna na dtáscairí sin dá dtagraítear sa mhír sin, a bhfuil tionchar ag an teagmhas orthu, a thabhairt cothrom le dáta agus a mhalartú gan moill mhíchuí.

Airteagal 11

Clár scrúdúcháin agus cúraimí a chur ar pháirtithe agus freagrachtaí a tharmligean

1.   Ar theacht ar an gcinneadh comhpháirteach maidir le ceanglais stuamachta institiúidsonracha dá dtagraítear in Airteagal 113 de Threoir 2013/36/AE, soláthróidh comhaltaí an choláiste maoirseoirí a rannchuidithe don mhaoirseoir comhdhlúthacháin chun clár scrúdúcháin an choláiste maoirseoirí a bhunú dá dtagraítear in Airteagal 116(1), pointe (c), de Threoir 2013/36/AE i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

2.   Tar éis don mhaoirseoir comhdhlúthacháin na rannchuidithe dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ullmhóidh sé dréachtchlár scrúdúcháin don choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tograí chun cúraimí a chur ar pháirtithe agus freagrachtaí a tharmligean.

3.   Scaipfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an dréachtchlár scrúdúcháin ar chomhaltaí an choláiste maoirseoirí agus iarrfaidh sé orthu a dtuairimí a sholáthar i scríbhinn maidir le réimsí na hoibre comhpháirtí agus aon togra maidir le cúraimí a chur ar pháirtithe agus freagrachtaí a tharmligean, agus sonróidh sé sprioc-am chun na tuairimí sin a chur isteach.

4.   Chun an clár scrúdúcháin a thabhairt i gcrích, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin san áireamh aon tuairim agus amhras a chuir comhaltaí an choláiste maoirseoirí in iúl agus míneoidh sé, más gá, an chúis nár cuireadh na tuairimí sin san áireamh.

5.   Ar thabhairt i gcrích an chláir scrúdúcháin, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an clár sin in iúl do chomhaltaí an choláiste maoirseoirí mar aon le haon chomhaontú a bheidh tugtha i gcrích acu, ar bhonn deonach maidir le cúraimí a chur ar pháirtithe agus freagrachtaí a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

6.   Tabharfar clár scrúdúcháin an choláiste maoirseoirí cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad, nó níos minice má mheastar gur gá sin de thoradh an athbhreithnithe agus na meastóireachta maoirseachta de bhun Airteagal 97 de Threoir 2013/36/AE, nó de thoradh cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta institiúidsonracha i gcomhréir le hAirteagal 113 den Treoir sin.

7.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an clár scrúdúcháin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 go mír 5.

Airteagal 12

Malartú faisnéise i gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca an ghrúpa nó a eintiteas

I gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca an ghrúpa nó a eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 18(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, úsáidfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí ábhartha an choláiste maoirseoirí an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 a chur in iúl.

Roinn 3

Pleanáil agus comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta chun ullmhú le haghaidh staideanna éigeandála agus le linn staideanna éigeandála

Airteagal 13

Creat coláiste le haghaidh staideanna éigeandála

1.   Chun críocha Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, ullmhóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin togra chun creat coláiste a bhunú le haghaidh staideanna éigeandála.

2.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin a thogra faoi bhráid chomhaltaí an choláiste maoirseoirí agus iarrfaidh sé orthu a dtuairimí a sholáthar, agus sonróidh sé spriocdháta chun na tuairimí sin a chur isteach.

3.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin san áireamh aon tuairim agus aon amhras a chuir comhaltaí an choláiste maoirseoirí in iúl agus, i gcás nár cuireadh na tuairimí agus na forchoimeádais sin san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.

4.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an leagan críochnaitheach de chreat an choláiste le haghaidh staideanna éigeandála in iúl do chomhaltaí an choláiste maoirseoirí.

5.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí athbhreithniú ar chreat an choláiste le haghaidh staideanna éigeandála ar bhonn bliantúil ar a laghad agus tabharfaidh siad an creat coláiste sin cothrom le dáta i gcás inar gá sin.

6.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí creat an choláiste le haghaidh staideanna éigeandála a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 1 go 4.

Airteagal 14

Malartú faisnéise le linn staid éigeandála

1.   Maoirseoir comhdhlúthacháin a fhaigheann amach faoi staid éigeandála a dhéanann difear, nó ar dócha go ndéanfaidh sí difear, d’institiúid nó do bhrainse den ghrúpa atá bunaithe i mBallstát, tabharfaidh sé foláireamh gan moill mhíchuí do ÚBE agus do chomhalta an choláiste maoirseoirí a dhéanann maoirseacht ar an institiúid nó ar an mbrainse a ndéanann an staid éigeandála sin difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála sin difear dóibh.

2.   Comhalta den choláiste maoirseoirí a fhaigheann amach faoi staid éigeandála a dhéanann difear, nó ar dócha go ndéanfaidh sí difear, d’institiúid nó do bhrainse den ghrúpa atá bunaithe i mBallstát, tabharfaidh sé foláireamh don mhaoirseoir comhdhlúthacháin gan moill mhíchuí.

3.   Áiritheoidh an maoirseoir comhdhlúthacháin go gcuirfear gach comhalta eile den choláiste maoirseoirí ar an eolas go leormhaith maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an measúnú maoirseachta comhordaithe ar an staid éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 15;

(b)

an fhreagairt chomhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 16, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe, agus an faireachán a dhéantar uirthi dá dtagraítear in Airteagal 17;

(c)

na bearta luath-idirghabhála arna nglacadh de bhun Airteagail 27, 28 agus 29 de Threoir 2014/59/AE, de réir mar is ábhartha, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: an gá atá le comhordú na mbeart sin i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin, nó cinneadh na gcoinníollacha réitigh de bhun Airteagal 32 den Treoir sin.

4.   I gcás staid éigeandála a bheidh srianta do ghrúpeintiteas sonrach, is é comhalta an choláiste maoirseoirí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngrúpeintiteas sin in éineacht leis an maoirseoir comhdhlúthacháin a bhainisteoidh an staid éigeandála sin.

5.   An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, tabharfar cothrom le dáta í láithreach nuair a bheidh faisnéis nua ar fáil.

6.   I gcás ina ndéanfar an malartú faisnéise nó aon teachtaireacht dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 ó bhéal, deimhneoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ábhar na teachtaireachta nó na faisnéise sin i scríbhinn gan moill mhíchuí.

Airteagal 15

An measúnú maoirseachta ar staid éigeandála a chomhordú

1.   Chun críocha Airteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, comhordóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin forbairt dréachtmheasúnaithe maoirseachta chomhordaithe ar an staid éigeandála, bunaithe ar a mheasúnú féin agus ar mheasúnú chomhaltaí an choláiste maoirseoirí a dhéanann maoirseacht ar ghrúpeintitis a ndéanann an staid éigeandála difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála difear dóibh.

2.   Cumhdófar sa dréacht-mheasúnú maoirseachta comhordaithe na grúpeintitis a ndéanann an staid éigeandála difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála difear dóibh. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin san áireamh go leormhaith tuairimí agus measúnuithe chomhaltaí an choláiste maoirseoirí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na grúpeintitis sin dá dtagraítear in Airteagal 14(4) agus an t-ionchur ón údarás réitigh ar ghrúpleibhéal.

3.   I gcás ina mbeidh an staid éigeandála teoranta do ghrúpeintiteas sonrach, déanfaidh an comhalta den choláiste maoirseoirí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngrúpeintiteas sin, in éineacht leis an maoirseoir comhdhlúthacháin, an measúnú maoirseachta ar an staid éigeandála.

Airteagal 16

Comhordú na freagartha maoirseachta ar staid éigeandála

1.   Chun críocha Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, beidh an maoirseoir comhdhlúthacháin i gceannas ar fhreagairt mhaoirseachta chomhordaithe a fhorbairt ar an staid éigeandála maidir leis an ngrúpa agus na grúpeintitis a ndéanann an staid éigeandála difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála difear dóibh. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin tuairimí agus measúnuithe chomhaltaí an choláiste maoirseoirí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na grúpeintitis sin san áireamh go leormhaith.

2.   I gcás ina mbeidh an staid éigeandála teoranta do ghrúpeintiteas sonrach, is é an comhalta den choláiste maoirseoirí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngrúpeintiteas sin, in éineacht leis an maoirseoir comhdhlúthacháin, a dhéanfaidh an fhreagairt mhaoirseachta chomhordaithe ar an staid éigeandála a fhorbairt.

3.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 gan moill mhíchuí.

4.   Féadfar forbairt an mheasúnaithe maoirseachta chomhordaithe ar an staid éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 15 agus forbairt na freagartha maoirseachta comhordaithe ar an staid éigeandála sin a dhéanamh i gcomhthráth.

Airteagal 17

Faireachán agus nuashonrú ar an bhfreagairt mhaoirseachta chomhordaithe ar staid éigeandála

1.   Chun críocha Airteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, comhordóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin an faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maoirseachta a shonraítear sa fhreagairt mhaoirseachta chomhordaithe.

2.   Comhaltaí an choláiste maoirseoirí a dhéanann maoirseacht ar na grúpeintitis a ndéanann an staid éigeandála difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála difear dóibh, cuirfidh siad an maoirseoir comhdhlúthacháin ar an eolas faoi éabhlóid na staide éigeandála agus faoi chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann lena ngrúpeintitis féin, de réir mar is ábhartha.

3.   Coinneoidh an maoirseoir comhdhlúthacháin comhaltaí an choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear ÚBE, cothrom le dáta maidir leis an bhfaireachán ar an bhfreagairt mhaoirseachta chomhordaithe. Na tuairiscí chun dáta sin, cumhdófar leo an grúpa agus na grúpeintitis a ndéanann an staid éigeandála difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála difear dóibh.

4.   An maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí a dhéanann maoirseacht ar ghrúpeintitis a ndéanann an staid éigeandála difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála difear dóibh, breithneoidh siad an gá atá leis an bhfreagairt mhaoirseachta chomhordaithe a thabhairt cothrom le dáta agus an fhaisnéis a fhaightear ó chéile á cur san áireamh agus faireachán á dhéanamh ar chur chun feidhme na freagartha sin.

5.   Déanfar na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 gan moill mhíchuí.

CAIBIDIL 2

FEIDHMIÚ OIBRÍOCHTÚIL NA GCOLÁISTÍ MAOIRSEOIRÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 51(3) DE THREOIR 2013/36/AE

Roinn 1

Bunú agus feidhmiú coláistí maoirseoirí

Airteagal 18

Institiúidí a mhapáil, coláiste maoirseoirí a bhunú, liostaí teagmhálaithe agus socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar

1.   Maidir le coláistí maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 51(3) de Threoir 2013/36/AE, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile na cúraimí seo a leanas:

(a)

mapáil institiúide a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta;

(b)

coláiste maoirseoirí a bhunú;

(c)

liostaí teagmhálaithe a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta

(d)

socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar a thabhairt i gcrích agus a leasú.

2.   Chun críoch mhír (1), beidh feidhm ag Airteagail 1 go 4 mutatis mutandis.

Airteagal 19

Cruinnithe agus gníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí

1.   Bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile comhar tráthrialta le comhaltaí an choláiste maoirseoirí i bhfoirm cruinnithe nó gníomhaíochtaí eile.

2.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile eagrú na gcruinnithe agus na ngníomhaíochtaí, agus a gcuspóirí, in iúl do chomhaltaí an choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear ÚBE.

3.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cuspóirí na gcruinnithe nó na ngníomhaíochtaí a leagan síos go soiléir agus áiritheoidh sé go gcuimseofar na cuspóirí sin sna míreanna ar chlár oibre na gcruinnithe nó na ngníomhaíochtaí.

4.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile clár oibre beartaithe an chruinnithe chuig comhaltaí uile an choláiste maoirseoirí, chuig údarás réitigh an Bhallstáit baile, agus chuig na breathnóirí sin den choláiste maoirseoirí a bhfuil sé beartaithe aige cuireadh a thabhairt dóibh i gcomhréir le hAirteagal 28(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus iarrfaidh sé orthu aon mhír bhreise ar an gclár oibre a mholadh. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile aon mholadh a dhéanfaidh na comhaltaí agus na breathnóirí sin maidir le míreanna ar an gclár oibre a chur san áireamh agus míneoidh sé, i gcás ina n-iarrfar sin, an chúis nár tugadh isteach na tograí sin.

5.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile agus comhaltaí agus breathnóirí an choláiste maoirseoirí a bhfuil baint acu le cruinniú nó le gníomhaíocht ar leith doiciméid agus rannchuidithe le doiciméid oibre a scaipeadh in am roimh an ngníomhaíocht nó roimh an gcruinniú ionas go measfaidh comhaltaí agus breathnóirí rannpháirteacha an choláiste go leormhaith iad.

Roinn 2

Pleanáil agus comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta i gcásanna gnóthais leantaigh

Airteagal 20

Creat ginearálta le haghaidh malartú faisnéise idir údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí

1.   Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, nuair a gheofar í ó chomhalta den choláiste maoirseoirí, tarchuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile chuig comhaltaí eile an choláiste maoirseoirí í.

Má mheasann údarás inniúil an Bhallstáit baile, i dtaca le haon fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach bhfuil sí ábhartha do chomhalta ar leith den choláiste maoirseoirí, rachaidh sé i gcomhairle ar dtús leis an gcomhalta sin agus soláthróidh sé príomhphointí na faisnéise dó lena gcuirfear ar a chumas dó ábharthacht na faisnéise sin a chinneadh.

2.   Tarchuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(4) den Rialachán Tarmligthe chuig a chéile.

3.   I gcás inar gá ar mhaithe le feidhmiú éifeachtúil agus éifeachtach an choláiste maoirseoirí, eagróidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an coláiste i bhfostruchtúir éagsúla. I gcás ina n-eagraítear an coláiste maoirseoirí i bhfostruchtúir éagsúla, coinneoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile comhaltaí uile an choláiste maoirseoirí go hiomlán ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi na gníomhaíochtaí nó na bearta a dhéantar i bhfostruchtúir éagsúla.

4.   Tiocfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí ar chomhaontú maidir leis na modhanna chun faisnéis a mhalartú agus sonróidh siad an comhaontú sin sna socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

Airteagal 21

Creat ginearálta le haghaidh malartú faisnéise idir údarás inniúil an Bhallstáit baile agus breathnóirí an choláiste maoirseoirí

1.   An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 soláthróidh údarás inniúil an Bhallstáit baile d’údarás réitigh an Bhallstáit sin í a luaithe a bheidh an t-athbhreithniú maoirseachta agus an mheastóireacht mhaoirseachta le haghaidh na hinstitiúide dá dtagraítear in Airteagal 97 de Threoir 2013/36/AE tugtha i gcrích.

2.   I gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca na hinstitiúide nó a brainsí suntasacha, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile in iúl do na breathnóirí ábhartha an fhaisnéis ábhartha a chomhroinntear chun críocha Airteagal 35 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

Airteagal 22

Clár scrúdúcháin

1.   Chun clár scrúdúcháin an choláiste maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 99 de Threoir 2013/36/AE a bhunú agus i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, soláthróidh comhaltaí an choláiste maoirseoirí a rannchuidithe d’údarás inniúil an Bhallstáit baile.

2.   Tar éis d’údarás inniúil an Bhallstáit baile na rannchuidithe dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ullmhóidh sé dréachtchlár scrúdúcháin don choláiste maoirseoirí.

3.   Scaipfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an dréachtchlár scrúdúcháin ar chomhaltaí an choláiste maoirseoirí agus iarrfaidh sé orthu a dtuairimí a sholáthar i scríbhinn maidir le réimsí na hoibre comhpháirtí, agus sonróidh sé sprioc-am chun na tuairimí sin a chur isteach.

4.   Chun an clár scrúdúcháin a thabhairt i gcrích, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile san áireamh aon tuairim a chuir comhaltaí an choláiste maoirseoirí in iúl agus míneoidh sé, i gcás inar gá, na cúiseanna nár tugadh isteach na tuairimí sin.

5.   Ar thabhairt i gcrích an chláir scrúdúcháin, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an clár sin in iúl do chomhaltaí an choláiste maoirseoirí.

6.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile clár scrúdúcháin an choláiste maoirseoirí a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo uair sa bhliain ar a laghad, nó níos minice ná sin i gcás ina measfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile nó comhaltaí an choláiste maoirseoirí gur gá é a thabhairt cothrom le dáta mar sin mar thoradh ar an athbhreithniú maoirseachta agus ar an meastóireacht mhaoirseachta arna ndéanamh de bhun Airteagal 97 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 23

Malartú faisnéise i gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca na hinstitiúide nó a brainsí suntasacha

I gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca na hinstitiúide nó a brainsí suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, úsáidfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile agus comhaltaí ábhartha an choláiste maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 35(1) den Rialachán Tarmligthe sin an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 35(1) den Rialachán sin a mhalartú eatarthu féin.

Roinn 3

Pleanáil agus comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta chun ullmhú le haghaidh staideanna éigeandála agus le linn staideanna éigeandála, agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 24

Creat coláiste le haghaidh staideanna éigeandála

1.   Chun críocha Airteagal 36 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, ullmhóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile togra chun creat coláiste a bhunú le haghaidh staideanna éigeandála.

2.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile a thogra maidir le creat coláiste a bhunú le haghaidh staideanna éigeandála faoi bhráid chomhaltaí an choláiste maoirseoirí, iarrfaidh sé orthu a dtuairimí a sholáthar, agus socróidh sé sprioc-am chun na tuairimí sin a chur isteach.

3.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile san áireamh aon tuairim a chuirfidh comhaltaí an choláiste maoirseoirí in iúl agus, i gcás nár cuireadh na tuairimí sin san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.

4.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an leagan críochnaitheach de chreat an choláiste le haghaidh staideanna éigeandála in iúl do chomhaltaí an choláiste maoirseoirí.

5.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí, ar bhonn bliantúil ar a laghad, creat an choláiste le haghaidh staideanna éigeandála a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta.

6.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí creat an choláiste le haghaidh staideanna éigeandála a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 1 go 4.

Airteagal 25

Malartú faisnéise le linn staid éigeandála

1.   An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, tabharfar cothrom le dáta í láithreach nuair a bheidh faisnéis nua ar fáil.

2.   I gcás ina ndéanfar an malartú faisnéise nó aon teachtaireacht dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 ó bhéal, deimhneoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ábhar na teachtaireachta nó na faisnéise sin i scríbhinn gan moill mhíchuí.

3.   I gcás ina bhfaighidh comhalta den choláiste maoirseoirí amach faoi staid éigeandála a dhéanann difear, nó ar dócha go ndéanfaidh sí difear, do bhrainse ina dhlínse, cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit baile ar an eolas gan moill mhíchuí.

Airteagal 26

An measúnú maoirseachta ar staid éigeandála a chomhordú

1.   Chun críocha Airteagal 38 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, comhordóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile forbairt dréachtmheasúnaithe maoirseachta chomhordaithe ar an staid éigeandála, bunaithe ar a mheasúnú féin agus ar mheasúnú chomhaltaí an choláiste maoirseoirí a dhéanann maoirseacht ar bhrainsí a ndéanann an staid éigeandála difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála difear dóibh.

2.   Cumhdófar sa dréacht-mheasúnú maoirseachta comhordaithe na brainsí a ndéanann an staid éigeandála difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála difear dóibh. Sa dréachtmheasúnú maoirseachta comhordaithe, léireofar go leormhaith tuairimí agus measúnuithe chomhaltaí an choláiste maoirseoirí a dhéanann maoirseacht ar bhrainsí a ndéantar difear dóibh nó ar dócha go ndéanfar difear dóibh.

3.   I gcás ina mbeidh an staid éigeandála srianta do bhrainse sonrach, déanfaidh an comhalta den choláiste maoirseoirí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an mbrainse sin, in éineacht le húdarás inniúil an Bhallstáit baile, an measúnú maoirseachta ar an staid éigeandála.

Airteagal 27

An fhreagairt mhaoirseachta ar staid éigeandála chomhordú, faireachán a dhéanamh uirthi, agus í a thabhairt cothrom le dáta

1.   Agus an fhreagairt chomhordaithe ar staid éigeandála á forbairt mar a leagtar síos in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile san áireamh go leormhaith tuairimí chomhaltaí an choláiste maoirseoirí a dhéanann maoirseacht ar bhrainsí a ndéanann an staid éigeandála difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh an staid éigeandála difear dóibh.

2.   I gcás inarb ábhartha, comhordóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an faireachán ar chur chun feidhme aon ghníomhaíochta a leagtar amach sa fhreagairt mhaoirseachta chomhordaithe.

3.   Cuirfidh comhaltaí an choláiste maoirseoirí údarás inniúil an Bhallstáit baile ar an eolas faoi éabhlóid na staide éigeandála agus faoi chur chun feidhme aon ghníomhaíochta comhaontaithe a bhaineann leis na brainsí ina ndlínse.

4.   Coinneoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile comhaltaí an choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear ÚBE, cothrom le dáta ar an bhfaireachán ar an bhfreagairt mhaoirseachta chomhordaithe.

5.   Féadfar forbairt an mheasúnaithe maoirseachta ar staid éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 26 agus forbairt na freagartha maoirseachta comhordaithe ar an staid éigeandála sin a dhéanamh i gcomhthráth.

Airteagal 28

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/99.

Déanfar tagairtí don Rialachán Cur Chun Feidhme aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/99 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí a chinneadh i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 21, 28.1.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/99/oj).

(3)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3117 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (IO L, 2024/3117, 27.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3117/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2025 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú coláistí maoirseoirí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/98 ón gCoimisiún (IO L, 2025/791, 8.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/791/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/100 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonraítear próiseas an chinnidh chomhpháirtigh maidir le ceadanna stuamachta áirithe a chur i bhfeidhm de bhun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 21, 28.1.2016, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/100/oj).


IARSCRÍBHINN 1

Teimpléad mapala

Image 1

Image 2


IARSCRÍBHINN II

Teimpléad le haghaidh socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar de chuid an choláiste maoirseoirí arna bhunú le haghaidh Grúpa <XY>/Institiúid <A>

FORÁLACHA GINEARÁLTA

A.   Réamhrá

Déantar tagairt do na hairteagail ábhartha de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1) i dtaca le coláistí a bhunú agus i dtaca leis na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar: Airteagal 51 (brainsí suntasacha), Airteagal 115 (socruithe maidir le comhordú agus comhar) agus Airteagal 116 (coláistí maoirseoirí). Déan tagairt freisin do Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791  (2) agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790  (3) agus do na hairteagail ábhartha de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (4) i gcás ina mbeartaítear cúraimí sonracha do na húdaráis inniúla agus don choláiste maoirseoirí.

Tugtar tuairisc ghairid ar chuspóir na socruithe scríofa sin maidir le comhordú agus comhar, agus tuairisc á tabhairt ar an gcuspóir atá leis, agus deimhnítear gur gá na socruithe scríofa sin maidir le comhordú agus comhar a chomhaontú agus a choinneáil ar bun.

B.   Grúpa <XY>/Institiúid <A> agus comhaltaí agus breathnóirí a shainaithint

a.   Tuairisc agus struchtúr Ghrúpa <XY>/Institiúid <A>

Déantar tagairt do thorthaí an chleachtaidh mapála agus d’aon tabhairt cothrom le dáta.

Is féidir an leagan is déanaí den teimpléad mapála comhlánaithe a áireamh mar Iarscríbhinn.

Is féidir eagraghram lena léirítear na heintitis faoi mhaoirseacht agus láithreacht gheografach an ghrúpa nó na hinstitiúide a áireamh anseo freisin (nó mar Iarscríbhinn, de réir mar is iomchuí)

b.   Sainaithint na n-údarás inniúil ar comhaltaí den choláiste iad

Déantar tagairt d’airteagail ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 chun comhaltaí an choláiste a shainaithint agus liosta na n-údarás dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, a ghlac le bheith ina gcomhaltaí den choláiste maoirseoirí, a sholáthar. Sainaithnítear cé na húdaráis inniúla a dheonaigh formheas do chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó do chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha i gcomhréir le hAirteagal 21a de Threoir 2013/36/AE.

Déantar nasc le hIarscríbhinn A den teimpléad seo (Liosta teagmhálaithe)

c.   Sainaithint na n-údarás a ghlacann páirt sa choláiste mar bhreathnóirí

Déantar tagairt d’airteagail ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 chun breathnóirí féideartha an choláiste a shainaithint agus torthaí na gcuirí faoi seach a seoladh chuig na húdaráis a sholáthar dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791.

I gcás inar iarradh ar údaráis mhaoirseachta tríú tíortha a bheith ina mbreathnóirí den choláiste maoirseoirí, soláthraítear tagairtí don mheasúnú ar choibhéis na gceanglas rúndachta agus rúndachta gairmiúla is infheidhme maidir le húdaráis mhaoirseachta na tríú tíortha sin, measúnú a dhéanann comhaltaí uile an choláiste maoirseoirí. Nuair a bheidh breithniú déanta ar thuairim ó ÚBE maidir leis an measúnú sin, tugtar sonraí anseo.

Déantar tagairt i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 116(1a) de Threoir 2013/36/AE.

Déantar tagairt d’údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an choláiste réitigh agus do phríomh-mhaoirseoir an choláiste AML/CFT.

Déantar tagairt i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 21b de Threoir 2013/36/AE agus soláthraítear sonraí maidir leis an údarás inniúil ar iarradh air a bheith ina bhreathnóir den choláiste maoirseoirí tar éis an máthairghnóthas idirmheánach AE nó na máthairghnóthais idirmheánacha AE a bhunú.

Déantar nasc le hIarscríbhinn A den teimpléad seo (Liosta teagmhálaithe)

C.   Creat chun idirghníomhaíocht leis an gcoláiste réitigh a chomhordú

Soláthraítear mionsonraí maidir leis an gcreat lena gcumhdaítear a) rannpháirtíocht na mbreathnóirí sin in obair, i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an choláiste maoirseoirí, nó míreanna ar chlár oibre na gcruinnithe, lena n-áirítear staideanna éigeandála freisin, agus teagmhais a bhfuil drochthionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca an ghrúpa agus a eintiteas, i gcás inarb ábhartha sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh, chomh maith leis an bhfaisnéis a bhfuil coinne acu rochtain a bheith acu uirthi, go háirithe a raon feidhme, a minicíocht, chomh maith le bealaí slána cumarsáide; agus táscairí in Iarscríbhinn C á meas freisin; b) na príomhbhreithnithe ar ar a mbonn a chinneann an maoirseoir comhdhlúthacháin go bhfuil an fhaisnéis ábhartha chun cúram an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal a chur i gcrích.

Tuairisc ar an gcreat a comhaontaíodh idir an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí eile an choláiste chun ionchur comhordaithe a sholáthar don choláiste réitigh i gcomhréir le hAirteagal 5 (m) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus ionchur maidir le toradh phróiseas an athbhreithnithe maoirseachta agus na meastóireachta maoirseachta, toradh an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh grúpa, lena n-áirítear mionsonraí an phróisis (e.g. uainiú agus formáid an ionchuir; agus an chaoi a gcuirtear comhaltaí eile an choláiste ar an eolas faoi thíolacadh an ionchuir chomhordaithe).

Tuairisc ar ról an mhaoirseora comhdhlúthacháin, mar a comhaontaíodh idir an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste, go háirithe maidir le comhordú a dhéanamh ar sholáthar ionchur an choláiste maoirseoirí don choláiste réitigh ábhartha tríd an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal.

Tuairisc ar an gcreat chun an fhaisnéis a fhaightear ón gcoláiste réitigh, tríd an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, a sheoladh chuig an gcoláiste maoirseoirí, go háirithe an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17 (2) (c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus lena n-áirítear mionsonraí an phróisis (e.g. uainiú agus formáid na faisnéise; agus an chaoi a gcuirtear comhaltaí eile an choláiste ar an eolas faoin bhfaisnéis a fháil).

D.   Creat chun idirghníomhaíocht leis an gcoláiste AML/CFT a chomhordú

Soláthraítear mionsonraí maidir leis an gcreat lena gcumhdaítear a) rannpháirtíocht na mbreathnóirí sin in obair, i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an choláiste, nó míreanna ar chlár oibre na gcruinnithe, lena n-áirítear staideanna éigeandála freisin, agus teagmhais a bhfuil drochthionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca an ghrúpa agus a eintiteas, i gcás inarb ábhartha sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh, chomh maith leis an bhfaisnéis a bhfuil coinne acu rochtain a bheith acu uirthi, go háirithe a raon feidhme, a minicíocht, chomh maith le bealaí slána cumarsáide; b) na príomhbhreithnithe ar ar a mbonn a chinneann an maoirseoir comhdhlúthacháin go bhfuil an fhaisnéis ábhartha chun cúraimí phríomh-mhaoirseoir an choláiste AML/CFT a chur i gcrích.

Tuairisc ar an gcreat chun an fhaisnéis a fhaightear ón gcoláiste AML/CFT a chur chuig an gcoláiste maoirseoirí, trí phríomh-mhaoirseoir an choláiste AML/CFT, go háirithe maidir le torthaí an mheasúnaithe riosca, na bpleananna maoirseachta agus na mbeart maoirseachta atá beartaithe.

Tuairisc ar an gcreat chun ionchur ábhartha a sholáthar don choláiste AML/CFT.

E.   Creat le haghaidh idirghníomhaíocht leis an gcoláiste ilchuideachta airgeadais

Tuairisc ar an gcreat maidir leis an gcomhar leis an gcoláiste a bunaíodh chun maoirseacht fhorlíontach a dhéanamh ar an ilchuideachta airgeadais, lena n-áirítear an fhaisnéis atá le malartú (e.g. príomhchinntí, toradh na gcruinnithe).

F.   Creat chun idirghníomhaíocht le húdaráis phoiblí eile sna Ballstáit agus le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha a chomhordú

Soláthraítear mionsonraí maidir leis an gcreat lena gcumhdaítear (a) rannpháirtíocht na mbreathnóirí sin in obair, i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an choláiste maoirseoirí, nó míreanna ar chlár oibre na gcruinnithe, lena n-áirítear staideanna éigeandála freisin, agus teagmhais a bhfuil drochthionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca an ghrúpa agus a eintiteas, i gcás inarb ábhartha sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh, chomh maith leis an bhfaisnéis a bhfuil coinne acu rochtain a bheith acu uirthi, go háirithe a raon feidhme, a minicíocht, chomh maith le bealaí slána cumarsáide; (b) na príomhbhreithnithe ar ar a mbonn a chinneann an maoirseoir comhdhlúthacháin go bhfuil an fhaisnéis ábhartha do chomhlíonadh chúraimí na n-údarás poiblí eile sna Ballstáit agus na n-údarás maoirseachta i dtríú tíortha.

Tugtar mionsonraí de réir Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún  (5) maidir le raon feidhme rannpháirtíocht na mbreathnóirí sin sa phróiseas measúnaithe riosca grúpa agus maidir lena rannchuidithe faoi seach, i gcás inarb ábhartha.

Tuairisc ar an gcreat chun an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla eile agus ó údaráis inniúla tríú tíortha a sheoladh chuig an gcoláiste maoirseoirí, go háirithe maidir le torthaí a measúnuithe riosca, a bpleananna maoirseachta agus na mbeart maoirseachta atá beartaithe acu, i gcás inarb ábhartha.

G.   Creat chun faisnéis a mhalartú

Le raon feidhme na faisnéise atá le malartú i gcásanna gnóthais leantaigh, tá coinne go gcumhdófar, ar a laghad, na ceanglais a thagann ó Threoir 2013/36/AE agus ó Threoir 2014/59/AE, agus ó airteagail ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791. Mar sin féin, ba cheart do choláistí an roinn seo a chomhlánú freisin maidir le haon fhaisnéis eile a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste a chomhaontaítear a mhalartú.

Déantar tagairt do na hairteagail ábhartha de Threoir 2013/36/AE, de Threoir 2014/59/AE agus de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 a bhaineann le faisnéis atá le malartú agus tugtar tuairisc anseo ar aon fhaisnéis eile a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste atá le malartú.

Go háirithe, tá coinne go soláthrófar anseo an comhaontú idir an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí eile an choláiste maidir leis an tacar sonrach táscairí a bheidh le malartú agus an measúnú riosca grúpa á dhéanamh agus cinntí comhpháirteacha á ndéanamh maidir le ceanglais stuamachta institiúidsonracha i gcomhréir le hAirteagal 113 de Threoir 2013/36/AE. De réir fhorálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791, cumhdófar leis na táscairí sin ar a laghad na réimsí caipitil, giarála, leachtachta, cáilíochta sócmhainní, cistithe, brabúsachta, agus riosca comhchruinnithe, agus soláthrófar iad do gach grúpeintiteas agus don mháthaireintiteas, agus don ghrúpa ar an leibhéal comhdhlúite. Soláthrófar anseo freisin an comhaontú a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste maidir lena mhinice a mhalartaítear an fhaisnéis sin, lena n-áirítear mionsonraí an phróisis (e.g. mar chuid den phróiseas measúnaithe riosca grúpa nó trí mhalartuithe ar leithligh, etc.). Ba cheart liosta na dtáscairí a chur i gceangal leis an gcomhaontú scríofa sin maidir le comhoibriú agus comhar dá bhforáiltear in Iarscríbhinn C.

Maidir le comhroinnt thráthrialta faisnéise, tugtar tuairisc ar an minicíocht (e.g. go ráithiúil) agus ar na bealaí slána cumarsáide atá le húsáid (e.g. teilea-chomhdhálacha, ríomhphoist chriptithe, suíomh gréasáin slán a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste).

Tugtar tuairisc ar ról an mhaoirseora comhdhlúthacháin nó na n-údarás inniúil sa Bhallstát baile mar an mol lárnach chun faisnéis fhíor-riachtanach agus ábhartha a bhailiú agus a scaipeadh.

Tugtar tuairisc ar chineál solúbtha an chreata agus ar an gcaoi ar féidir é a chur in oiriúint do chineál agus do phráinn na faisnéise atá le malartú.

H.   Faisnéis rúnda a láimhseáil

Deimhnítear nach n-úsáidfear aon fhaisnéis rúnda a mhalartófar idir comhaltaí agus breathnóirí ach amháin chun críocha dleathacha maoirseachta Ghrúpa <XY>/Institiúid <A>.

Léirítear gealltanas go gcosnófar rúndacht na faisnéise a mhalartaítear agus deimhniú go bhfuil daoine a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis rúnda, nó a bhíonn ag caitheamh léi, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

I.   Socruithe rialachais maidir le cúraimí a chur ar pháirtithe agus freagrachtaí a tharmligean, i gcás inarb ábhartha

Tugtar tuairisc ar an bpróiseas sa choláiste maoirseoirí chun obair chomhpháirteach a d’fhéadfadh a bheith ann agus cúraimí a d’fhéadfaí a chur ar pháirtithe ar bhonn deonach agus aon tarmligean féideartha freagrachtaí a shainaithint mar chuid d’fhorbairt chlár scrúdúcháin an choláiste maoirseoirí agus na n-údarás a bhfuil baint acu leis na socruithe sin.

Tugtar tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na húdaráis lena mbaineann agus comhaltaí eile an choláiste maoirseoirí maidir le torthaí na hoibre agus tugtar tuairisc freisin ar nósanna imeachta cumarsáide idir na húdaráis lena mbaineann agus máthairghnóthas nó máthairinstitiúid an Aontais, agus aon cheann dá f(h)ochuideachtaí nó dá b(h)rainsí suntasacha.

J.   Tuairisc ar fhostruchtúir éagsúla an choláiste, i gcás inarb ábhartha agus tuairisc ar an socrú comhair idir an dá choláiste maoirseoirí arna bhunú i ndáil le hAirteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE

Nuair a eagraítear an coláiste maoirseoirí i bhfostruchtúir éagsúla (e.g. fostruchtúir choláiste lárnacha, ghinearálta, réigiúnsonracha), tugtar tuairisc ar na fostruchtúir sin, na critéir a úsáidtear chun a mballraíocht a chinneadh, comhaltaí agus breathnóirí gach fostruchtúir, chomh maith le nósanna imeachta chun sreafaí faisnéise iomchuí idir fostruchtúir éagsúla an choláiste a áirithiú.

Nuair a bhunaítear dhá choláiste maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, tugtar tuairisc ar na hábhair a ndéantar faisnéis a mhalartú ina leith idir na coláistí agus socruithe an choláiste lena n-áirithítear comhar iomchuí i gcás gnóthais leantaigh agus mar ullmhúchán do staideanna éigeandála agus le staideanna éigeandála.

AN CREAT CHUN GNÍOMHAÍOCHTAÍ MAOIRSEACHTA A PHLEANÁIL AGUS A CHOMHORDÚ I gCÁSANNA GNÓTHAIS LEANTAIGH

K.   An creat chun gníomhaíochtaí maoirseachta a phleanáil agus a chomhordú i gcásanna gnóthais leantaigh

Agus forálacha airteagail ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 mar bhunchloch, tugtar tuairisc ar na socruithe a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste chun clár scrúdúcháin an choláiste maoirseoirí a fhorbairt, a phlé, a chomhaontú agus a thabhairt cothrom le dáta.

L.   Beartas cumarsáide coláiste leis an máthairghnóthas nó máthairinstitiúid AE, agus lena f(h)ochuideachtaí nó lena b(h)rainsí

Tugtar tuairisc ar an mbeartas cumarsáide a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste idir na húdaráis inniúla agus máthairghnóthas nó máthairinstitiúid an Aontais, chomh maith lena (h)eintitis, agus forálacha na n-airteagal ábhartha de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 mar bhunchloch aige.

M.   Aon chomhaontú eile a bhaineann le feidhmiú an choláiste idir an maoirseoir comhdhlúthacháin nó údaráis inniúla an Bhallstáit baile, agus comhaltaí agus breathnóirí eile an choláiste

Tugtar mionsonraí maidir leis na nósanna imeachta comhaontaithe agus an amlíne atá le leanúint chun doiciméid an chruinnithe a scaipeadh.

Tugtar mionsonraí anseo faoi aon chomhaontú eile a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste, i gcás inarb ábhartha.

COMHAR I GCÁS TEAGMHAS A BHFUIL ÉIFEACHT ÁBHARTHA dHÍOBHÁLACH AIGE AR PHRÓIFÍL RIOSCA AN gHRÚPA NÓ A EINTITEAS A bHUNAÍTEAR SA BHALLSTÁT.

Tugtar tuairisc ar an teagmhas agus mionsonraí an phróisis a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste chun faisnéis a mhalartú idir comhaltaí an choláiste i gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar an bpróifíl riosca, go háirithe:

tuairisc ar shaintréithe teagmhais den sórt sin agus liosta de chásanna féideartha/ionchasacha de theagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar phróifíl riosca an ghrúpa nó a eintiteas, nuair a bheidh feidhm ag an nós imeachta a thuairiscítear thíos.

an príomhbhealach slán cumarsáide;

uainiú an tacair faisnéise, mar a áirítear in Iarscríbhinn D atá le comhroinnt sa choláiste maoirseoirí de réir chineál, dhéine, thionchar sistéamach féideartha agus dhóchúlacht ghabhála an teagmhais a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige agus ar an éabhlóid a mheastar a thiocfaidh air;

aon fhaisnéis bhreise a bheidh le comhroinnt, mar a chomhaontóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí, chomh maith leis an tacar faisnéise a áirítear in Iarscríbhinn D, i gcás inarb ábhartha;

freagairt mhaoirseachta chomhordaithe, má mheasann an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí gur gá sin.

AN CREAT LE hAGHAIDH PLEANÁIL AGUS COMHORDÚ GNÍOMHAÍOCHTAÍ MAOIRSEACHTA CHUN ULLMHÚ LE hAGHAIDH STAIDEANNA ÉIGEANDÁLA AGUS LE LINN STAIDEANNA ÉIGEANDÁLA

N.   Teagmhálaithe agus sonraí teagmhála le haghaidh staideanna éigeandála a thabhairt isteach agus a shainaithint

Déantar tagairt d’Airteagal 112(1)(c) de Threoir 2013/36/AE maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta a phleanáil agus a chomhordú mar ullmhúchán do staideanna éigeandála agus le linn staideanna éigeandála.

Déantar nasc le hIarscríbhinn B den teimpléad seo (Liosta Teagmhálaithe Éigeandála)

O.   Faisnéis atá le malartú agus nósanna imeachta atá le leanúint i staid éigeandála

a.   An creat maidir le faisnéis atá le malartú le linn staid éigeandála

Tugtar tuairisc ar na nósanna imeachta a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste atá le húsáid ag comhaltaí an choláiste le linn staideanna éigeandála, lena n-áirítear an príomhbhealach slán cumarsáide.

Tugtar an tacar íosta faisnéise a sonraíodh roimh ré, agus a bhfuil coinne leis go gcomhroinnfidh an maoirseoir comhdhlúthacháin nó údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus comhaltaí eile an choláiste maoirseoirí é i gcás ina sainaithneofar staid éigeandála.

Tugtar mionsonraí chun athbhreithniú a dhéanamh ar chumas mháthairghnóthas nó máthairinstitiúid an Aontais Eorpaigh an tacar faisnéise arna chomhaontú ag an gcoláiste maoirseoirí a chur ar fáil. Tugtar tuairisc ar na hathbhreithnithe atá beartaithe agus ar mhinicíocht na gcleachtaí ionsamhlúcháin, de réir mar is iomchuí.

b.   An creat le haghaidh nósanna imeachta comhordúcháin agus comhair i staid éigeandála

Déantar tagairt don airteagal ábhartha de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 a bhaineann le foláirimh le haghaidh staideanna éigeandála agus tugtar tuairisc ar an gcreat don mhaoirseoir comhdhlúthacháin agus do chomhaltaí eile an choláiste maoirseoirí chun foláireamh a thabhairt dá chéile nuair a thagann staid éigeandála chun cinn i bhfoghnóthas nó i máthairghnóthas de chuid an Aontais. Ba cheart forálacha a áireamh freisin maidir le ÚBE agus údaráis inniúla na mBallstát óstach ina mbunaítear brainsí suntasacha a chur ar an eolas.

Tugtar tuairisc ar an gcomhordú leis an gcoláiste réitigh, tríd an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, nó trí choláistí maoirseoirí eile (e.g. na dara coláistí maoirseoirí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE) nó grúpaí (e.g. Grúpa Bainistithe Géarchéime) a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach i gcaitheamh le staid éigeandála a dhéanann difear don ghrúpa, más infheidhme.

Tugtar tagairt do na bealaí cumarsáide slána comhaontaithe a úsáidfear chun faisnéis a mhalartú le linn staid éigeandála (e.g. ríomhphoist chriptithe, suíomh gréasáin slán a bhaineann go sonrach leis an gcoláiste).

Tugtar liosta de chásanna (samplaí de staideanna éigeandála) ina ndéanfar foláirimh agus ina bhfógrófar iad.

c.   An creat le haghaidh bainistiú staide éigeandála

Tugtar tuairisc ar an gcreat bainistithe staide éigeandála lena gcumhdaítear na pointí seo a leanas bunaithe ar airteagail ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790:

an measúnú maoirseachta comhordaithe, lena n-áirítear príomh-chomhpháirteanna an mheasúnaithe chomhchoitinn ar an staid éigeandála;

an fhreagairt mhaoirseachta chomhordaithe, lena n-áirítear mionsonraí maidir leis an ngá atá le haon ghníomhaíocht maoirseachta atá le cur i bhfeidhm ar mháthairghnóthas nó máthairinstitiúid an Aontais, nó ar na grúpeintitis nó brainsí dá ndéantar difear, agus maidir leis an raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann leo, mar aon leis an bhfaisnéis atá le malartú laistigh den choláiste, de réir mar is gá, leis an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus le ÚBE;

faireachán ar an bhfreagairt mhaoirseachta chomhordaithe, lena n-áirítear aon bheart agus socrú arna gcomhaontú.

d.   An Creat don Chumarsáid Sheachtrach

Tugtar tuairisc ar an gcreat cumarsáide seachtraí lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:

freagrachtaí a leithdháileadh chun cumarsáid phoiblí a chomhordú ag na céimeanna éagsúla den staid éigeandála;

an leibhéal faisnéise atá le nochtadh agus aird á tabhairt ar an bhféidearthacht discréid a fheidhmiú chun muinín sa mhargadh a choinneáil agus aon oibleagáid bhreise eile nuair a liostaítear i ndlínse amháin nó níos mó an grúpa a ndéanann an staid éigeandála difear dó;

ráitis phoiblí chomhpháirteacha a ullmhú fiú i gcás nach bhfuil iallach ach ar údarás inniúil amháin ráiteas den sórt sin a dhéanamh, más rud é go bhféadfadh leasanna chomhaltaí eile an choláiste a bheith i mbaol;

imthosca eisceachtúla agus gníomhaíochtaí atá le déanamh i gcás ina bhféadfaidh údarás inniúil lena mbaineann ráiteas ar leithligh a eisiúint;

freagracht as teagmháil a dhéanamh le máthairghnóthas nó máthairinstitiúid an Aontais agus lena f(h)ochuideachtaí nó lena b(h)rainsí, de réir mar is iomchuí;

an fhreagracht agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun gníomhaíochtaí comhordaithe a chur in iúl chun aghaidh a thabhairt ar an staid éigeandála.

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Tugtar mionsonraí maidir le gealltanas na n-údarás inniúil a chomhaontaíonn agus a shíníonn na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm go dtí go bhfaighfear aon teachtaireacht a bhaineann le scor na socruithe sin.

Déanfar toiliú chomhaltaí an choláiste maoirseoirí leis na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar nó le haon cheann dá leasuithe a chur ar bhonn foirmiúil i scríbhinn, lena n-áirítear glacadh trí ríomhphost.

Is féidir sínithe na n-údarás inniúil, de réir mar is infheidhme, a chur isteach sa roinn seo nó mar Iarscríbhinn. Soláthraítear aon tabhairt cothrom le dáta maidir leis na socruithe scríofa sin maidir le comhordú agus comhar, agus aon athbhreithniú orthu, chun athruithe ábhartha arna gcomhaontú ag comhaltaí an choláiste a léiriú.

Déantar tagairt don teanga chumarsáide agus, más infheidhme, d’fhoilsiú na socruithe scríofa maidir le comhordú agus comhar.


(1)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2025 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/98 ón gCoimisiún (IO L, 2025/791, 8.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/791/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2025 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí (IO L, 2025/790, 8.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/790/oj).

(4)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le coinníollacha chur i bhfeidhm phróiseas an chinnidh chomhpháirtigh le haghaidh ceanglais stuamachta institiúidsonracha de réir Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 188, 27.6.2014, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/710/oj).


Iarscríbhinn A

Liosta teagmhálaithe

Tá coinne go ndéanfar Iarscríbhinní a ghabhann leis na socruithe scríofa sin maidir le comhordú agus comhar a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, i bhfianaise chineál na nIarscríbhinní sin.

Níl nósanna imeachta foirmiúla comhairliúcháin ná formheasa ag teastáil chun liostaí teagmhálaithe agus liostaí teagmhálaithe éigeandála a choinneáil cothrom le dáta. Tá coinne go gcoinneoidh na húdaráis inniúla an maoirseoir comhdhlúthacháin cothrom le dáta i dtaca le haon athruithe ar an liosta teagmhálaithe agus ar an liosta teagmhálaithe éigeandála, agus ní mór dó a áirithiú go roinnfear an leagan is déanaí atá ar fáil le comhaltaí an choláiste maoirseoirí.

An nuashonrú is déanaí:

 

Údarás

Ainm an teagmhálaí agus teideal an phoist

Uimhir Theileafóin

Seoladh ríomhphoist

Maoirseoir comhdhlúthacháin/Údarás inniúil an Bhallstáit baile

1.

ar an leibhéal oibríochtúil

2.

sa bhainistíocht shinsearach

Líne thalún

Uimhir mhóibíleach

Líne thalún

Uimhir mhóibíleach

 

Údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh

1.

ar an leibhéal oibríochtúil

2.

sa bhainistíocht shinsearach

Líne thalún

Uimhir mhóibíleach

Líne thalún

Uimhir mhóibíleach

 

ÚBE

 

 

 

Údarás maoirseachta tríú tír

An t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal

Príomh-mhaoirseoir an choláiste AML/CFT

 

Más ábhartha:

Údarás réitigh

Údarás AML/CFT

 

 

 


Iarscríbhinn B

Liosta teagmhálaithe éigeandála

An nuashonrú is déanaí:

 

Údarás

Ainm an teagmhálaí agus teideal an phoist

Uimhir theileafóin

Uimhir lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre

Seoladh ríomhphoist

Maoirseoir comhdhlúthacháin/Údarás inniúil an Bhallstáit baile

1.

ar an leibhéal oibríochtúil

2.

sa bhainistíocht shinsearach

Líne thalún

Uimhir mhóibíleach

Líne thalún

Uimhir mhóibíleach

 

 

Údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh

1.

ar an leibhéal oibríochtúil

2.

sa bhainistíocht shinsearach

Líne thalún

Uimhir mhóibíleach

Líne thalún

Uimhir mhóibíleach

 

 

ÚBE

 

 

 

 

Údarás maoirseachta tríú tír

An t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal

Príomh-mhaoirseoir an choláiste AML/CFT

 

 

Más ábhartha:

Údarás réitigh

Údarás AML/CFT

 

 

 

 

Seoladh ríomhphoist slán le húsáid i staideanna éigeandála:

URL slán an tsuímh gréasáin le húsáid i staideanna éigeandála:


Iarscríbhinn C

Liosta táscairí

Déantar tagairt don chomhaontú idir an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí maidir leis na táscairí seo a leanas a shainaithint chun críoch Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 maidir le feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí.

Cuirtear isteach na táscairí atá le malartú chun an liosta thíos a chomhlánú, agus sainiúlachtaí an ghrúpa á gcur san áireamh.

Réimsí a chumhdaítear

Liosta comhaontaithe táscairí

Réimsí sainordaitheacha:

 

Caipiteal agus giaráil

 

Leachtacht

 

Cáilíocht na sócmhainne

 

Cistiú

 

Brabúsacht

 

Riosca comhchruinnithe

 

Réimsí breise/roghnacha:

 

 

 

 

 


Iarscríbhinn D

Teimpléad táscach le haghaidh comhroinnt faisnéise i gcás teagmhas a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar an bpróifíl riosca

Déantar tagairt don chomhaontú idir an maoirseoir comhdhlúthacháin agus comhaltaí an choláiste maoirseoirí maidir le sainaithint na faisnéise, faisnéis ba cheart a chomhroinnt chun críoch Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 maidir le feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí má thagann teagmhas chun cinn a bhfuil dhrochthionchar ábhartha aige ar phróifíl riosca an ghrúpa agus a eintiteas.

Ar bhonn an teimpléid tháscaigh thíos, sainaithnítear an tacar faisnéise atá le malartú, agus sainiúlachtaí an ghrúpa agus an fhaisnéis roghnach a sholáthraítear sa teimpléad thíos á gcur san áireamh.

An cineál faisnéise

Tuairisc

Faisnéis faoin teagmhas

1

An teagmhas, a d’fhéadfadh éifeacht ábhartha dhíobhálach a chruthú ar an bpróifíl riosca agus lena n-éilítear dlúthfhaireachán maoirseachta

Cineál an teagmhais agus tuairisc air, lena n-áirítear a dhéine atá sé.

An ndéanann an teagmhas difear don ghrúpa/eintiteas/grúpa eintiteas amháin, nó an ndéanann sé difear do níos mó eintiteas i mBallstát/san Aontas?

2

Tionchar an teagmhais ar an margadh airgeadais

Má dhéanann an teagmhas difear do níos mó eintiteas i mBallstát/san Aontas, déantar tuairisc ghairid ar an gcaoi a ndéanann an teagmhas difear do na margaí airgeadais sna dlínsí sin.

3

Tionchar sistéamach an teagmhais

An bhféadfadh an teagmhas tionchar sistéamach a bheith aige i mBallstát/san Aontas?

Faisnéis faoi na hinstitiúidí dá ndéantar difear

4

Eintiteas dá ndéantar difear

Ainm

5

Údarás Inniúil

Maoirseoir an eintitis dá ndéantar difear

6

Cineál na hinstitiúide

Institiúid, lena n-áirítear máthairinstitiúid nó fochuideachta, cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha

Brainse

7

Tábhacht an eintitis dá ndéantar difear

Tábhacht an eintitis don Bhallstát ina bhfuil sé údaraithe nó formheasta agus

tábhacht an eintitis don ghrúpa

8

Príomhimpleachtaí an teagmhais a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach aige ar an eintiteas

Impleachtaí díreacha agus indíreacha an teagmhais ar chumas an eintitis:

oibriú le linn mórshuaitheadh gnó, lena n-áirítear infhaighteacht seirbhísí seachfhoinsithe,

cistí dílse atá ar fáil agus suíomh leachtachta, lena n-áirítear comhchruinnithe cistiúcháin,

cáilíocht sócmhainní, lena n-áirítear aon chomhchruinniú riosca,

an bhrabúsacht agus an clár comhardaithe,

samhail ghnó agus straitéis ghnó,

socruithe rialachais inmheánaigh;

maille le faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil iarbhír nó thuartha.

9

Chun críoch Mhír 8 (Príomhimpleachtaí) úsáidtear na táscairí seo a leanas

Ón liosta táscairí comhaontaithe a áirítear in Iarscríbhinn C, liostaítear na cinn a chomhroinntear má thagann teagmhas chun cinn (ní chuireann sé sin cosc ar mhaoirseoirí táscairí breise a chomhroinnt)

10

Leochaileachtaí na hinstitiúide a dhéanann an teagmhas níos measa

Mionsonraí na leochaileachtaí, a d’fhéadfadh éifeachtaí an teagmhais a dhéanamh níos measa (e.g. leochaileachtaí na gcóras TF, samhlacha áirithinte, láithreacht trasteorann, saincheisteanna dlíthiúla nó rialála)

11

Tógálacht inghrúpa

Neamhchosaintí ábhartha inghrúpa ar an eintiteas a ndearna an teagmhas difear dó

Éifeacht ábhartha ionchasach ar ghrúpeintitis

Socruithe inghrúpa ábhartha eile

maille le faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil iarbhír nó thuartha.

12

Tógálacht sheachtrach

Contrapháirtithe ag a bhfuil neamhchosaintí ábhartha ar an eintiteas a ndearna an teagmhas difear dó

Socruithe ábhartha eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tógálacht

maille le faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil iarbhír nó thuartha.

Gníomhaíochtaí, bearta agus cumarsáid

13

Bearta agus gníomhaíochtaí a rinne an grúpa

Bearta agus gníomhaíochtaí a rinne an t-eintiteas agus a thionchar ar

a chumas oibriú i gcás mórshuaitheadh gnó, lena n-áirítear infhaighteacht seirbhísí seachfhoinsithe,

na cistí dílse atá ar fáil agus an suíomh leachtachta, maidir le comhchruinnithe cistiúcháin,

cáilíocht a chuid sócmhainní, lena n-áirítear aon chomhchruinniú riosca,

a bhrabúsacht agus a chlár comhardaithe,

a shamhail ghnó agus a straitéis ghnó,

a chuid socruithe rialachais inmheánaigh

maille le faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil iarbhír nó thuartha.

14

Bearta agus gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an ngrúpa a dhéanamh

Bearta agus gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an institiúid/grúpa a dhéanamh, agus an tionchar a mheastar a bheidh acu ar

a chumas oibriú i gcás mórshuaitheadh gnó, lena n-áirítear infhaighteacht seirbhísí seachfhoinsithe,

na cistí dílse atá ar fáil agus an suíomh leachtachta, maidir le comhchruinnithe cistiúcháin,

cáilíocht a chuid sócmhainní, lena n-áirítear aon chomhchruinniú riosca,

a bhrabúsacht agus a chlár comhardaithe,

a shamhail ghnó agus a straitéis ghnó,

a chuid socruithe rialachais inmheánaigh.

maille le faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil iarbhír nó thuartha.

15

Gníomhaíochtaí a rinne an tÚdarás Inniúil

Tuairisc ar na gníomhaíochtaí, ar a gcuspóir agus ar a n-éifeacht nó ar a n-éifeachtaí.

16

Gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an Údarás Inniúil a dhéanamh

Tuairisc ar na gníomhaíochtaí, a gcuspóir agus an éifeacht/na héifeachtaí a bhfuil coinne leo.

17

Cumarsáid sheachtrach an ghrúpa

Preaseisiúintí agus teachtaireachtaí seachtracha eile an ghrúpa.

18

Cumarsáid sheachtrach bheartaithe an Údaráis Inniúil

Preaseisiúintí agus teachtaireachtaí seachtracha eile atá beartaithe ag an Údarás Inniúil.


IARSCRÍBHINN III

Tábla comhghaoil

An Rialachán Cur Chun Feidhme seo

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/99

neamhbhainteach

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 17

Airteagal 19

Airteagal 18

Airteagal 20

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 20

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 21

Airteagal 25

Airteagal 22

Airteagal 26

Airteagal 23

Airteagal 27

Airteagal 24

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 25


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/790/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)