|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/779 |
15.4.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE (CBES) 2025/779
an 14 Aibreán 2025
lena leasaítear Comhsheasamh 2008/944/CBES lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Nollaig 2008, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2008/944/CBES (1), lena ndearnadh nuashonrú agus ionadú ar Chód Iompair an Aontais Eorpaigh maidir le hOnnmhairiú Arm a ghlac an Chomhairle an 8 Meitheamh 1998. |
|
(2) |
Leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES na critéir maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála nach mór do gach Ballstát a úsáid chun measúnú a dhéanamh, de réir an cháis, ar iarratais ar cheadúnais onnmhairiúcháin. Ó glacadh Comhsheasamh 2008/944/CBES, mar thoradh ar roinnt forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, is gá féachaint arís ar na critéir sin agus oibleagáidí agus gealltanais nua a fhorchur chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar cheadúnais onnmhairiúcháin. |
|
(3) |
An 16 Meán Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an athbhreithniú ar Chomhsheasamh 2008/944/CBES, lena gcuirtear de chúram ar an Meitheal um Rialuithe ar Onnmhairiú Gnáth-Arm (COARM) athmheasúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhsheasaimh sin. |
|
(4) |
Foráiltear le hAirteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil gníomhaíocht an Aontais go hidirnáisiúnta le bheith bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú féin, prionsabail a bhféachann sé lena gcur chun cinn sa saol mór. Airítear orthu sin an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an tAontas le hoibriú ar mhaithe le hardleibhéal comhair i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo, chomh maith leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chaomhnú. |
|
(6) |
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ceanglaítear ar an Aontas comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí. I ndáil leis sin, tugann an Chomhairle dá haire, inter alia, Rialacháin (AE) 2021/821 (2) agus Rialachán (AE) 2025/41 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(7) |
Chun éifeachtacht an Chomhsheasaimh sin a uasmhéadú, ba cheart do na Ballstáit oibriú faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála chun a gcomhar a threisiú agus chun a gcóineasú a chur chun cinn i réimse na n-onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata, inter alia, trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú, lena n-áirítear faisnéis maidir le cinn scríbe shonracha agus maidir le fógraí diúltaithe, beartais onnmhairithe arm agus, i gcás inarb iomchuí, faireachán ar úsáid deiridh, trí dhul i gcomhairle maidir lena measúnú riosca, agus trí bhearta féideartha a shainaithint chun cóineasú a mhéadú a thuilleadh agus chun aontacht agus comhleanúnachas a chur chun cinn i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais. |
|
(8) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an comhar idir na Ballstáit a threisiú a thuilleadh maidir le rialacha a bhaineann le ceadúnú onnmhairiúcháin agus cóineasú a chur chun cinn i réimse onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. Is gá freisin critéir athbhreithnithe a leagan síos agus a chaomhnú ar dá réir a dhéanfar measúnú ar rialú aistriú na teicneolaíochta sin. Is féidir na haidhmeanna sin a bhaint amach trí Chomhsheasamh 2008/944/CBES a thabhairt cothrom le dáta chun ardchaighdeáin choiteanna a áirithiú maidir le rialú aistrithe teicneolaíochta agus trealaimh den sórt sin a chur chun feidhme. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Comhsheasamh 2008/944/CBES a leasú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Comhsheasamh 2008/944/CBES mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 Critéir 1. Critéar 1: Urraim do na hoibleagáidí agus na ceanglais idirnáisiúnta atá ar na Ballstáit, go háirithe na bearta sriantacha arna nglacadh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó arna nglacadh ag an Aontas Eorpach, comhaontuithe maidir le neamhiomadú agus ábhair eile, chomh maith le hoibleagáidí agus gealltanais idirnáisiúnta eile. Diúltófar ceadúnas onnmhairiúcháin dá mbeadh formheas ar neamhréir le hoibleagáidí agus ceangaltais idirnáisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear:
2. Critéar 2: Urraim do chearta an duine sa tír is ceann scríbe deiridh, chomh maith le hurraim don dlí idirnáisiúnta daonnúil ag an tír sin.
3. Critéar 3: An cás inmheánach sa tír is ceann scríbe deiridh, atá ann mar gheall ar theannas nó ar choinbhleachtaí armtha. Diúltóidh na Ballstáit ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh teicneolaíocht mhíleata nó trealamh míleata a spreagfadh nó a fhadódh coinbhleachtaí armtha nó a mhéadódh an teannas nó na coinbhleachtaí armtha atá ann cheana féin sa tír is ceann scríbe deiridh, gan dochar do shlándáil agus do chosaint dhlisteanach dhleathach na tíre sin. 4. Critéar 4: An tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht a chaomhnú ar bhonn réigiúnach. Diúltóidh na Ballstáit ceadúnas onnmhairiúcháin má tá riosca soiléir ann go n-úsáidfeadh an faighteoir beartaithe an teicneolaíocht mhíleata nó an trealamh míleata atá le honnmhairiú chun ionsaí a dhéanamh ar thír eile nó chun éileamh críche a mhaíomh le forneart. Agus na rioscaí sin á meas acu, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas, inter alia, san áireamh:
5. Critéar 5: Slándáil náisiúnta na mBallstát agus na gcríoch a bhfuil a gcaidreamh seachtrach de chúram ar Bhallstát, chomh maith le slándáil náisiúnta tíortha cairdiúla agus comhghuaillithe. Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:
6. Critéar 6: Iompar an tír is ceannaitheoir nó an tír is faighteoir maidir leis an gcomhphobal idirnáisiúnta, go háirithe maidir leis an dearcadh atá aici i ndáil leis an sceimhlitheoireacht, cineál a comhghuaillíochtaí agus an dlí idirnáisiúnta a bheith á chomhlíonadh aici. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh, inter alia, cuntas na tíre is ceannaitheoir nó na tíre is faighteoir maidir leis an méid seo a leanas:
7. Critéar 7: Tá an riosca ann go ndéanfar an teicneolaíocht mhíleata nó an trealamh míleata a atreorú sa tír is faighteoir nó go ndéanfar iad a ath-onnmhairiú faoi choinníollacha neamh-inmhianaithe. Agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na teicneolaíochta míleata nó an trealaimh mhíleata atá le honnmhairiú ar an tír is faighteoir agus ar an riosca go bhféadfaí an teicneolaíocht nó an trealamh sin a atreorú chuig úsáideoir deiridh neamh-inmhianaithe nó le haghaidh úsáid deiridh neamh-inmhianaithe, déanfar an méid seo a leanas a mheas:
8. Critéar 8: Comhoiriúnacht onnmhairithe na teicneolaíochta míleata nó an trealaimh mhíleata le hacmhainneacht theicneolaíoch agus eacnamaíoch na tíre is ceann scríbe deiridh, ina gcuirtear san áireamh a inmhianaithe atá sé go gcomhlíonfadh na stáit a riachtanais dhlisteanacha slándála agus cosanta agus an oiread acmhainní daonna agus eacnamaíocha is lú a atreorú le haghaidh armála. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh, i bhfianaise faisnéis ó fhoinsí ábhartha mar shampla tuarascálacha ó Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe, an Banc Domhanda, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, an gcuirfeadh an t-onnmhairiú atá beartaithe isteach go mór ar fhorbairt inbhuanaithe na tíre is ceann scríbe deiridh. Measfaidh siad, sa chomhthéacs sin, leibhéil choibhneasta caiteachais mhíleata agus shóisialta na tíre, agus aon chúnamh ón Aontas nó aon chúnamh déthaobhach á chur san áireamh freisin.’ |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: ‘Airteagal 5 Ní dheonófar ceadúnais onnmhairiúcháin ach amháin ar bhonn réamheolais iontaofa maidir le húsáid deiridh sa tír is ceann scríbe deiridh. Go hiondúil, beidh gá le deimhniú úsáideora deiridh nó doiciméadacht iomchuí agus/nó cineál éigin údaraithe oifigiúil arna eisiúint ag an tír is ceann scríbe deiridh. Féadfaidh na Ballstáit uirlisí faireacháin eile don úsáideoir deiridh a úsáid, lena n-áirítear ceangal a chur ar úsáideoirí deiridh teacht ar chomhaontú maidir le sásraí sonracha fíorúcháin. Agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar cheadúnais chun teicneolaíocht mhíleata nó trealamh míleata a onnmhairiú chun críoch táirgthe i dtríú tíortha, cuirfidh na Ballstáit san áireamh go háirithe an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an táirge críochnaithe sa tír tháirgthe agus an riosca go bhféadfaí an táirge críochnaithe a atreorú nó a onnmhairiú chuig úsáideoir deiridh neamh-inmhianaithe.’ |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Gan dochar do Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), beidh feidhm freisin ag na critéir a leagtar amach in Airteagal 2 den Chomhsheasamh seo agus ag an nós imeachta comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Chomhsheasamh seo maidir leis na Ballstáit i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 i gcás ina bhfuil forais thromchúiseacha ann lena chreidiúint gurb iad na fórsaí armtha nó na fórsaí slándála inmheánacha nó eintitis chomhchosúla sa tír lena mbaineann úsáideoir deiridh na n-earraí agus na teicneolaíochta sin. Tuigfear go n-áirítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin leis na tagairtí sa Chomhsheasamh seo do theicneolaíocht mhíleata nó do threalamh míleata. (*1) Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj).’;" |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: ‘Airteagal 7 1. Chun éifeachtacht an Chomhsheasaimh seo a uasmhéadú, oibreoidh na Ballstáit faoi chuimsiú Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun a gcomhar a threisiú agus chun a gcóineasú a chur chun cinn i réimse onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata, inter alia, trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú, lena n-áirítear faisnéis maidir le cinn scríbe shonracha agus maidir le fógraí diúltaithe, beartais onnmhairithe arm agus, i gcás inarb iomchuí, faireachán ar úsáid deiridh, trí dhul i gcomhairle maidir lena measúnú riosca, agus trí bhearta féideartha a shainaithint chun cóineasú a mhéadú tuilleadh agus chun aontacht agus comhleanúnachas a chur chun cinn i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais. 2. Chun cóineasú a chur chun cinn agus cinnteoireacht a éascú maidir le honnmhairiú trealaimh nó teicneolaíochta míleata arna gcistiú agus arna dtáirgeadh go comhpháirteach, féadfaidh na Ballstáit, atá rannpháirteach i gcomhthionscadal cosanta, sásraí éascaithe a úsáid chuige sin. Moltar do na Ballstáit atá rannpháirteach i dtionscadal comhpháirteach cosanta dul i gcomhairle le chéile maidir lena measúnú riosca.’ |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: ‘Airteagal 15 Déanfar an Comhsheasamh seo a athbhreithniú faoin 15 Aibreán 2030.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).
(2) Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj).
(3) Rialachán (AE) 2025/41 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le bearta allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirthurais le haghaidh airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n-armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) (IO L, 2025/41, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/41/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/779/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)