European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/772

22.4.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/772 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Aibreán 2025

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10a(21) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Treoir 2003/87/CE le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) chun í a ailíniú le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena leagtar síos sprioc de laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990. I gcomhréir leis an athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE, leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 (4) ón gCoimisiún lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún (5). Baineann na leasuithe ar Threoir 2003/87/CE agus ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 freisin le coigeartuithe ar leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta agus ceanglaítear leo athruithe a dhéanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún (6).

(2)

D’fhonn dreasachtaí a fheabhsú chun astaíochtaí a laghdú agus cur chun feidhme comhchuibhithe ar fud na mBallstát a áirithiú maidir leis na forálacha a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe nó laghdaithe, is gá soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha agus na modheolaíochtaí a bhaineann le leithdháileadh lamháltas saor in aisce a choigeartú le haghaidh foshuiteálacha le tagarmharc teochta agus foshuiteálacha le tagarmharc breosla agus cothrom iomaíochta á áirithiú san am céanna do struchtúir éagsúla soláthair teasa a úsáideann fuinneamh ó thionscnaimh incháilithe agus neamh-incháilithe araon. Chun laghdú astaíochtaí próisis nach gcumhdaítear le tagarmharcanna táirgí a dhreasú, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha céanna freisin maidir le foshuiteálacha astaíochtaí próisis. I gcás na bhfoshuiteálacha sin, ba cheart an coigeartú ar leithdháileadh lamháltas saor in aisce a bheith bunaithe ar mheán na leibhéal gníomhaíochta ionchasach, ar cheart é a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht choiteann agus ba cheart sonraí chun meán na leibhéal gníomhaíochta ionchasach a ríomh a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta i gcás ina bhfuil an difríocht idir an meánleibhéal gníomhaíochta agus an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann le foshuiteáil níos mó ná 15 %.

(3)

Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí arna dtuairisciú go bliantúil is gá le haghaidh na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce ar fáil go leanúnach, ba cheart an fhaisnéis maidir leis na blianta tuairiscithe a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/959 athruithe ar an timthriall comhlíontachta chun coigeartuithe ar an leithdháileadh saor in aisce a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Ós rud é gur athraíodh an teorainn ama d’údaráis inniúla chun leithdháileadh saor in aisce a dheonú ón 28 Feabhra go dtí an 30 Meitheamh, níl gá a thuilleadh leis an gceanglas réamhthuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta a chur isteach, agus dá bhrí sin níor cheart feidhm a bheith aige a thuilleadh.

(5)

Chun leithdháileadh lamháltas gan údar a sheachaint, foráiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 go bhféadfaidh an t-údarás inniúil eisiúint lamháltas a chur ar fionraí go dtí go mbeidh sé ríshoiléir nach gá an leithdháileadh ar an tsuiteáil a choigeartú i gcomhréir leis an Rialachán sin. Ba cheart cur ar fionraí eisiúint na lamháltas a bheith sainordaitheach mura mbeidh aon tuarascáil bhliantúil fhíoraithe ar an leibhéal gníomhaíochta ar fáil nó mura bhfíoraítear go bhfuil an tuarascáil sin sásúil de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (7).

(6)

Suiteálacha arna n-oibriú ag fiontair a gceanglaítear orthu iniúchadh fuinnimh a dhéanamh nó córas bainistíochta fuinnimh deimhnithe a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus, dá bhrí sin, atá faoi réir laghdú 20 % ar an leithdháileadh saor in aisce mura bhféadfaidís a léiriú le linn fhíorú na tuarascála sonraí bonnlíne gur cuireadh i gcrích cur chun feidhme moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ó na hiniúchtaí nó ó na córais bhainistíochta sin nó gur cheart an deis a bheith ag eisceachtaí ón gcoinníollacht maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh arna gcur i bhfeidhm de bhun Airteagal 22a(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, cur chun feidhme moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ina dhiaidh sin a léiriú. Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus stóinseacht an chórais a áirithiú, ba cheart don oibreoir fianaise fhíoraithe a sholáthar mar chuid den tuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta, lena léirítear go bhfuil cur chun feidhme na moltaí atá fós gan réiteach curtha i gcrích nó go bhfuil feidhm ag bearta coibhéiseacha. Tar éis chinneadh an údaráis inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 22a(1), an dara fomhír de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, ba cheart don oibreoir méid iomlán na lamháltas le haghaidh na mblianta atá fágtha sa tréimhse leithdháilte a fháil gach bliain.

(7)

Sonraítear céimeanna gnásúla na rialacha coinníollachta maidir le pleananna aeráidneodrachta in Airteagal 22b de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 i gcomhréir le hAirteagal 10a(1), an cúigiú fomhír, agus Airteagal 10b(4), an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, le haghaidh oibreoirí suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa níos airde ná an 80ú peircintíl de leibhéil astaíochtaí le haghaidh na dtagarmharcanna táirgí ábhartha, agus le haghaidh oibreoirí teilithéimh i mBallstáit áirithe a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar leithdháileadh saor in aisce breise roghnach. Chun bealach struchtúrtha a sholáthar chun tuairisciú a dhéanamh ar spriocanna idirmheánacha agus garspriocanna a baineadh amach agus chun fíorú ar bhaint amach na spriocanna agus na ngarspriocanna sin a éascú i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE, is gá a cheangal ar na hoibreoirí sin tuarascáil aeráidneodrachta a dhréachtú. Chun an tuarascáil aeráidneodrachta a chomhlánú, ba cheart d’oibreoirí an teimpléad arna fhorbairt ag an gCoimisiún a úsáid mura bhforordaíonn an Ballstát lena mbaineann teimpléad sonrach náisiúnta.

(8)

Chun an méid iomlán nó an leithdháileadh saor in aisce breise a fháil, ní mór d’oibreoirí suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa níos airde ná an 80ú peircintíl de leibhéil astaíochtaí le haghaidh na dtagarmharcanna táirgí ábhartha agus d’oibreoirí gléasraí teilithéimh i mBallstáit áirithe na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22b(1), an dara fomhír de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a chomhlíonadh agus chun a léiriú gur baineadh amach spriocanna idirmheánacha agus garspriocanna sa tuarascáil aeráidneodrachta fhíoraithe.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE agus Airteagal 22b(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, beidh soláthar an leithdháilte saor in aisce breise ag brath ar na gléasraí teilithéimh is faighteoir infheistíochtaí coibhéiseacha a dhéanamh i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach chomh maith leis na suiteálacha sin na spriocanna agus na garspriocanna dá dtagraítear in Airteagal 10b(4), an tríú fomhír, pointe (b), de Threoir 2003/87/CE a chomhlíonadh. Chun é a chur ar a gcumas do ghléasraí teilithéimh na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, ba cheart leithdháileadh breise saor in aisce a dheonú a luaithe a sholáthrófar fianaise dhoiciméadach ar an ngealltanas dlíthiúil le haghaidh na n-infheistíochtaí. Mar fhianaise dhoiciméadach ar an ngealltanas dlíthiúil don infheistíocht, ba cheart d’oibreoir tiomantas d’infheistíocht a dhéanamh nó don infheistíocht a rinneadh a léiriú; ba cheart a áireamh leis sin gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí de, amhail conradh, nó fianaise inléirithe eile ar ghealltanais airgeadais a bhaineann le hinfheistíochtaí amach anseo. Trí lamháltais saor in aisce bhreise a dheonú ar ghlacadh le fianaise an ghealltanais, spreagfar dul chun cinn teicneolaíoch agus áiritheofar go rannchuideoidh tairbhí an leithdháilte saor in aisce breise go díreach leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le teilithéamh a laghdú. Chun frithchothromú ar leithdháileadh lamháltas breise a bhunú roimh ré agus chun a áirithiú nach gealltanas amháin í an iarracht infheistíochta ach go dtiocfaidh sí chun bheith ina gníomhaíochtaí coincréiteacha, ba cheart na lamháltais 30 % breise a thabhairt ar ais mura gcomhlíontar na coinníollacha chun iad a dheonú agus ba cheart deireadh a chur le haon leithdháileadh lamháltas saor in aisce breise go dtí go dtabharfar na lamháltais ar ais.

(10)

Chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint agus athruithe táirgthe á n-ailíniú leis an leithdháileadh saor in aisce, ba cheart an líon íosta lamháltas is gá le haghaidh coigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce foshuiteála a mhéadú ó 100 go 300.

(11)

Chun leithdháileadh saor in aisce gan údar ar fhoshuiteálacha nach n-oibríonn a thuilleadh a sheachaint, níor cheart leithdháileadh saor in aisce a dheonú do chion na bliana féilire tar éis an lae a scoirtear d’oibríochtaí.

(12)

Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, le Treoir (AE) 2023/959 baineadh coincheap na ngineadóirí leictreachais agus a gcóir sonrach ó thaobh leithdháileadh saor in aisce ó CTA AE. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag athruithe ar an bparaiméadar sin a thuilleadh maidir le coigeartuithe ar leithdháileadh lamháltas saor in aisce a chinneadh.

(13)

Chun tacú le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach cruinn rialacha agus modheolaíochtaí agus le faireachán cuimsitheach éifeachtach ar leibhéil ghníomhaíochta, is gá do na húdaráis inniúla na sonraí a bhaineann le méid bliantúil deiridh athbhreithnithe na lamháltas astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce ar shuiteálacha a bhfuil coinne le hathruithe ar a leibhéil ghníomhaíochta agus na sonraí ó na suiteálacha uile atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(14)

Chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint agus chun an t-aistriú chuig an gcéad tréimhse leithdháilte eile a shimpliú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, agus ar an gcaoi sin ailíniú le cur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 a áirithiú a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis an tuairisciú ar shonraí bonnlíne don chéad tréimhse leithdháilte eile.

(15)

Tá earráidí in Airteagal 3(2), an dara fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 maidir le paraiméadair bhreise a d’fhéadfadh an t-údarás inniúil a chur de cheangal ar oibreoirí a thuairisciú sa tuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na hearráidí sin a cheartú.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe (1a) seo a leanas:

‘(1a)

ciallaíonn ‘meán na leibhéal gníomhaíochta ionchasach’, i gcás gach foshuiteála, meán uimhríochtúil na leibhéal gníomhaíochta bliantúil gaolmhar ionchasach, arna chinneadh bunaithe ar an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn I, don 2 bhliain féilire roimh thíolacadh na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 3(1);’;

(b)

cuirtear isteach an pointe (4a) seo a leanas:

‘(4a)

ciallaíonn ‘foshuiteáil astaíochtaí próisis’ foshuiteáil astaíochtaí próisis mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331;’;

(2)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, an dara habairt:

‘In 2021 agus in 2026, áireofar sa tuarascáil sin sonraí don 2 bhliain sular tíolacadh í.’;

(b)

leasaítear mír 3 mar a leanas;

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Cuirfear an tuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta faoi bhráid an údaráis inniúil a dheonaíonn an leithdháileadh saor in aisce faoin 31 Márta gach bliain, ach amháin má tá teorainn ama níos luaithe leagtha síos ag an údarás inniúil chun an tuarascáil sin a chur isteach.’;

(ii)

scriostar an dara fomhír;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Féadfaidh an t-údarás inniúil eisiúint lamháltas astaíochtaí saor in aisce do shuiteáil a chur ar fionraí go dtí go suífidh an t-údarás inniúil nach bhfuil aon cheanglas ann an leithdháileadh ar an tsuiteáil sin a choigeartú nó go dtí go nglacfaidh an Coimisiún Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 maidir leis na coigeartuithe ar an leithdháileadh ar an tsuiteáil sin.

Cuirfidh an t-údarás inniúil eisiúint lamháltas astaíochtaí saor in aisce ar fionraí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

níor chuir an t-oibreoir aon tuarascáil fhíoraithe ar an leibhéal gníomhaíochta isteach;

(b)

tá ráiteas tuairime dá dtagraítear i bpointe (b), (c) nó (d) d’Airteagal 27(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 sa tuarascáil fíorúcháin ar an tuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta.

Aon chur ar fionraí ar leithdháileadh na lamháltas i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo, fanfaidh sí i bhfeidhm go dtí go suífidh an t-údarás inniúil nach bhfuil aon cheanglas ann an leithdháileadh ar an suiteáil sin a choigeartú nó go dtí go nglacfaidh an Coimisiún Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 maidir leis na coigeartuithe ar an leithdháileadh ar an tsuiteáil sin.’;

(c)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, scriostar pointe (a);

(ii)

scriostar an dara fomhír;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 3a

Aisghnóthú lamháltas arna laghdú i gcomhréir le hAirteagal 22a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331

1.   I gcás inar laghdaíodh méid bliantúil deiridh na lamháltas astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 22a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, féadfaidh an t-oibreoir na lamháltais laghdaithe a aisghnóthú ar choinníoll go léiríonn an t-oibreoir chun sástacht an údaráis inniúil gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuireadh na moltaí uile atá fós gan réiteach ó iniúchtaí éifeachtúlachta fuinnimh nó ó chórais bainistíochta fuinnimh dheimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 22a(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 chun feidhme agus dheimhnigh an fíoraitheoir le linn fhíorú na tuarascála bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta gur cuireadh cur chun feidhme na moltaí sin i gcrích;

(b)

cuireadh bearta eile chun feidhme le linn na tréimhse bonnlíne ábhartha nó ina diaidh, ar bearta iad as a n-eascraíonn laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den tsuiteáil atá coibhéiseach leo siúd a mholtar sa tuarascáil ar an iniúchadh fuinnimh nó sa chóras bainistíochta fuinnimh deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 22a(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus dheimhnigh an fíoraitheoir le linn fhíorú na tuarascála bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta gur cuireadh cur chun feidhme na mbeart sin i gcrích agus gur baineadh amach na laghduithe coibhéiseacha sin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

2.   I gcás inar mian leis an oibreoir na lamháltais laghdaithe a aisghnóthú i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an t-oibreoir iarraidh faoi bhráid an údaráis inniúil chun na lamháltais laghdaithe a aisghnóthú mar chuid den tuarascáil fhíoraithe ar an leibhéal gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír. Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarraidh agus cinnfidh sé cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1.

I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus inar ghlac an Coimisiún Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 maidir leis na coigeartuithe ar an leithdháileadh ar an tsuiteáil sin, gheobhaidh an t-oibreoir gach bliain méid iomlán na lamháltas le haghaidh na mblianta atá fágtha sa tréimhse leithdháilte dar tús an bhliain a cuireadh isteach an iarraidh chun na lamháltais laghdaithe a aisghnóthú.

Airteagal 3b

Tuarascáil aeráidneodrachta

1.   Oibreoirí suiteálacha a bhfuil plean aeráidneodrachta curtha isteach acu i gcomhréir le hAirteagal 22b de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, dréachtóidh siad tuarascáil aeráidneodrachta ina mbeidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh oibreoirí dá dtagraítear i mír 1 an tuarascáil aeráidneodrachta agus an tuarascáil fíorúcháin chomhfhreagrach i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 a chur faoi bhráid an údaráis inniúil faoin 31 Márta 2026 i leith na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Márta gach 5ú bliain ina dhiaidh sin i leith na tréimhse 5 bliana roimhe sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama níos luaithe a shocrú chun an tuarascáil aeráidneodrachta agus an tuarascáil fíorúcháin chomhfhreagrach a chur isteach.

3.   Cuirfidh an Coimisiún teimpléad leictreonach nó formáid chomhaid shonrach ar fáil chun an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn II a sholáthar.

4.   Agus an tuarascáil aeráidneodrachta á dréachtú ag oibreoirí, úsáidfidh siad an teimpléad leictreonach nó an fhormáid chomhaid shonrach dá dtagraítear i mír 3.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 4, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí teimpléid leictreonacha nó formáidí comhaid sonracha arna bhforbairt ag na Ballstáit sin a úsáid chun tuarascálacha aeráidneodrachta a bhunú agus a chur isteach i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10a(1), an chéad fhomhír, de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 3c

Leithdháileadh lamháltas arna laghdú i gcomhréir le hAirteagal 22b(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331

1.   I gcás inar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22b(1), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, tar éis an laghdaithe ar lamháltais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den Airteagal sin, leithdháilfear na lamháltais laghdaithe le haghaidh gach bliana sa tréimhse leithdháilte is infheidhme.

2.   Chun críocha mhír 1, comhlíonfar an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 22b(1), an dara fomhír, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 má tá feidhm ag gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

go mbeidh tuarascáil aeráidneodrachta fhíoraithe curtha isteach ag an oibreoir faoin 31 Márta 2026, nó faoin teorainn ama níos luaithe arna socrú ag an údarás inniúil, i leith na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Márta gach 5ú bliain ina dhiaidh sin i leith na tréimhse 5 bliana roimhe sin;

(b)

fíoraíodh go bhfuil an tuarascáil aeráidneodrachta sásúil i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus dheimhnigh an fíoraitheoir gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta don tréimhse ábhartha 5 bliana;

(c)

comhlíonann an tuarascáil aeráidneodrachta fhíoraithe Airteagal 3b.

Airteagal 3d

Lamháltais 30 % sa bhreis do theilithéamh

1.   Chun réamhlíon bliantúil na lamháltas astaíochtaí a mhéadú 30 % i gcomhréir le hAirteagal 22b(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, cuirfidh oibreoirí fianaise dhoiciméadach faoi bhráid an údaráis inniúil ar an ngealltanas dlíthiúil le haghaidh na hinfheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 22b(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, agus fianaise dhoiciméadach go n-eascraíonn laghduithe móra ar astaíochtaí as an infheistíocht roimh 2030.

2.   Féadfaidh oibreoirí céaduaire an fhianaise dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach faoin 31 Márta 2026 in éineacht leis an tuarascáil aeráidneodrachta fhíoraithe. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22b(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 sna blianta ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-oibreoir an fhianaise dá dtagraítear i mír 1 isteach faoin 31 Márta den bhliain ábhartha in éineacht leis an tuarascáil bhliantúil fhíoraithe ar an leibhéal gníomhaíochta.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama níos luaithe a shocrú chun an fhianaise agus an tuarascáil aeráidneodrachta fhíoraithe a chur isteach.

3.   Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an bhfianaise dá dtagraítear i mír 1 agus ar an tuarascáil aeráidneodrachta fhíoraithe. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, cinnfidh an t-údarás inniúil cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le réamhlíon bliantúil na lamháltas astaíochtaí a mhéadú a leagtar síos in Airteagal 22b(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

4.   Chun a léiriú go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 22b(3), an chéad fhomhír, pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, cuirfidh an t-oibreoir an fhianaise uile seo a leanas ar fáil don údarás inniúil:

(a)

go bhfuil tuarascáil aeráidneodrachta fhíoraithe curtha isteach ag an oibreoir faoin 31 Márta 2026, nó faoin teorainn ama níos luaithe arna socrú ag an údarás inniúil, i leith na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Márta gach 5ú bliain ina dhiaidh sin i leith na tréimhse 5 bliana roimhe sin;

(b)

gur fíoraíodh go bhfuil an tuarascáil aeráidneodrachta sásúil i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus gur dheimhnigh an fíoraitheoir gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta don tréimhse ábhartha 5 bliana;

(c)

go gcomhlíonfaidh an tuarascáil aeráidneodrachta fhíoraithe Airteagal 3b.

5.   I gcás ina ndearna an t-údarás inniúil an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 le linn na tréimhse leithdháilte, gheobhaidh an t-oibreoir, sa bhliain ina ndearna an t-údarás inniúil an cinneadh sin, an 30 % de lamháltais bhreise le haghaidh gach ceann de na blianta roimhe sin sa tréimhse leithdháilte. Más rud é, tar éis na bliana ina ndearna an t-údarás inniúil an cinneadh dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil blianta fós fágtha sa tréimhse leithdháilte ábhartha, cuirfear an 30 % de lamháltais bhreise le réamhlíon bliantúil na lamháltas astaíochtaí atá le leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 22b(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

6.   Ní eisíocfar na lamháltais 30 % breise a thuilleadh má shuíonn an t-údarás inniúil nó an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe nár fíoraíodh an tuarascáil aeráidneodrachta i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

7.   Tabharfaidh an t-oibreoir na lamháltais 30 % breise ar ais gan mhoill in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

ní dheimhnítear baint amach na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear in Airteagal 10b(4), an tríú fomhír, pointe (b), de Threoir 2003/87/CE leis an bhfíorú a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 10b(4), an ceathrú fomhír, den Treoir sin;

(b)

nach ndearnadh luach infheistíochta atá coibhéiseach le luach an leithdháilte breise saor in aisce sin a infheistiú chun astaíochtaí a laghdú go mór roimh 2030 i gcomhréir le hAirteagal 10b(4), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE.

8.   Mura dtugann an t-oibreoir na lamháltais 30 % breise ar ais de bhun mhír 7, iarrfaidh an t-údarás inniúil ar riarthóir na clárlainne náisiúnta gan leithdháileadh na lamháltas a dháileadh saor in aisce ar an oibreoir sin a thuilleadh go dtí go gcuirfidh an t-oibreoir na lamháltais 30 % breise ar ais. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon iarraidh den sórt sin.’

;

(4)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gach bliain, déanfaidh an t-údarás inniúil comparáid idir meánleibhéal gníomhaíochta gach foshuiteála, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4, agus an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a úsáideadh ar dtús chun an leithdháileadh saor in aisce a chinneadh. I gcás ina bhfuil dearbhluach na difríochta idir an meánleibhéal gníomhaíochta agus leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála sin níos mó ná 15 % den leibhéal gníomhaíochta stairiúil sin, déanfar leithdháileadh lamháltas saor in aisce ar an tsuiteáil sin a choigeartú. Beidh feidhm ag an gcoigeartú sin ón mbliain tar éis an 2 bhliain féilire a úsáidtear chun an meánleibhéal gníomhaíochta a chinneadh agus déanfar é tríd an leithdháileadh saor in aisce don fhoshuiteáil ábhartha a mhéadú nó a laghdú faoin athrú céatadáin cruinn ar an meánleibhéal gníomhaíochta i gcomparáid leis an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a úsáideadh ar dtús chun an leithdháileadh saor in aisce a chinneadh.

Maidir le foshuiteálacha le tagarmharc teochta, foshuiteálacha le tagarmharc breosla agus foshuiteálacha astaíochtaí próisis, beidh an coigeartú dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar mheán na leibhéal gníomhaíochta ionchasach. Ní dhéanfar coigeartuithe le haghaidh gach ceann de na foshuiteálacha sin ach amháin má tá dearbhluach an choigeartaithe níos mó ná 15 %.’

;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘1a.   Chun críoch mhír 1, an dara fomhír, agus i gcás ina sáraítear luach na difríochta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, sannfaidh an t-oibreoir na méideanna ábhartha teasa, breosla agus astaíochtaí próisis do gach táirge ábhartha i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus na modhanna céanna á gcur i bhfeidhm agus a úsáidtear chun sonraí a shannadh d’fhoshuiteálacha mar a leagtar amach i roinn 3.2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331. Tabharfaidh an t-oibreoir tuairisc ar na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm sa phlean modheolaíochta faireacháin arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán sin.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndearnadh coigeartú i gcomhréir le mír 1, le linn tréimhse leithdháilte, ní féidir coigeartuithe breise a dhéanamh ach amháin má tá dearbhluach na difríochta idir an meánleibhéal gníomhaíochta agus leibhéal gníomhaíochta stairiúil na foshuiteála sin níos mó ná an t-eatramh 5 % is gaire, thar an athrú 15 %, rud ba chúis leis an gcoigeartú roimhe sin ar leithdháileadh saor in aisce ar an tsuiteáil sin, tríd an leithdháileadh saor in aisce don fhoshuiteáil ábhartha a mhéadú nó a laghdú tríd an athrú céatadáin beacht ar an meánleibhéal gníomhaíochta i gcomparáid leis an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a úsáideadh ar dtús chun an leithdháileadh saor in aisce a chinneadh.

Maidir le foshuiteálacha le tagarmharc teochta, foshuiteálacha le tagarmharc breosla agus foshuiteálacha astaíochtaí próisis, tagróidh luach na difríochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír do mheán na leibhéal gníomhaíochta ionchasach.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Má scoireann foshuiteáil de bheith ag oibriú, ní bheidh sí i dteideal an leithdháilte saor in aisce don chuid eile den bhliain féilire tar éis an lae a scoirtear d’oibríochtaí, ar bhonn pro rata, agus socrófar leithdháileadh saor in aisce na foshuiteála sin ag nialas ón mbliain tar éis scor d’oibríochtaí.’

;

(5)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

scriostar míreanna 1, 2 agus 3;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   I gcás ina léirítear sa tuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta a chuirtear isteach de bhun Airteagal 3 go bhfuil athrú níos mó ná 15 % tagtha ar mheán gluaisteach 2 bhliain paraiméadair a liostaítear in Airteagal 16(5), Airteagail 19, 20, nó 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, seachas leibhéil ghníomhaíochta, le haghaidh foshuiteála, i gcomparáid leis an luach a úsáidtear chun leibhéal tosaigh an leithdháilte saor in aisce a chinneadh, déanfar leithdháileadh lamháltas saor in aisce ar an tsuiteáil sin a choigeartú, ón mbliain tar éis an 2 bhliain a úsáidtear chun an t-athrú paraiméadair a chinneadh.

I gcás ina ndearnadh coigeartú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, le linn tréimhse leithdháilte, ní féidir tuilleadh coigeartuithe a dhéanamh ar pharaiméadar ach amháin má sháraíonn dearbhluach mheán gluaisteach an pharaiméadair ábhartha, i gcomparáid leis an luach a úsáidtear chun leibhéal tosaigh an leithdháilte saor in aisce a chinneadh, an t-eatramh 5 % is gaire, thar an athrú 15 %, arbh é ba chúis leis an gcoigeartú roimhe sin ar an leithdháileadh saor in aisce ar an tsuiteáil sin, tríd an leithdháileadh saor in aisce don fhoshuiteáil ábhartha a mhéadú nó a laghdú de réir athrú beacht céatadáin na comparáide sin.

Mura mó ná 15 % a thuilleadh an méadú nó an laghdú ar mheán gluaisteach an 2 bhliain féilire roimhe sin den pharaiméadar ábhartha i gcomparáid leis an luach a úsáidtear chun an leibhéal tosaigh de leithdháileadh saor in aisce foshuiteála a chinneadh, beidh leithdháileadh lamháltas saor in aisce ar an bhfoshuiteáil sin comhionann leis an luach a úsáidtear chun leibhéal tosaigh an leithdháilte saor in aisce a chinneadh, ón mbliain tar éis an 2 bhliain féilire a úsáidtear chun an meán gluaisteach a chinneadh.’

;

(6)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

Dearbhthairseach le haghaidh na gcoigeartuithe

Ní dhéanfar an coigeartú ar leithdháileadh lamháltas saor in aisce ar shuiteáil de bhun Airteagal 5(1), (2) agus (3) agus Airteagal 6 ach amháin más 300 lamháltas astaíochtaí ar a laghad sa chomhiomlán atá sa choigeartú ar réamh-mhéid bliantúil na lamháltas astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce ar an bhfoshuiteáil.

Airteagal 6b

Faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin

Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a leagtar síos in Airteagal 3(2) ó na tuarascálacha uile ar an leibhéal gníomhaíochta arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (3), a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan moill mhíchuí tar éis measúnú a dhéanamh ar na tuarascálacha.’

;

(7)

déantar an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn I;

(8)

déantar an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

In Airteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar oibreoirí tuairisciú freisin ar aon cheann de na paraiméadair bhreise a áirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 sa tuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1.’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.

(2)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/959/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/331/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe (IO L 2024/873, 4.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/873/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1842/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2067/oj).

(8)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/27/oj).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

An leibhéal gníomhaíochta ionchasach a ríomh

Maidir le gach foshuiteáil le tagarmharc teochta, gach foshuiteáil le tagarmharc breosla agus gach foshuiteáil astaíochtaí próisis, cinnfear an leibhéal gníomhaíochta ionchasach mar a leanas:

Formula
Cothromóid 1

inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

ALexpected,Y

:

an leibhéal gníomhaíochta ionchasach maidir leis an bhfoshuiteáil i mbliain Y.

HistEffi

:

meánéifeachtúlacht fuinnimh stairiúil nó meánéifeachtúlacht gás ceaptha teasa stairiúil (GCT) gach táirge i a tháirgtear laistigh den tsuiteáil a chumhdaítear le gach cód PRODCOM den fhoshuiteáil faoin liosta dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2552 ón gCoimisiún (1).

Maidir le foshuiteálacha le tagarmharc teochta agus foshuiteálacha le tagarmharc breosla, cinnfear an éifeachtúlacht fuinnimh stairiúil mar líon an mhéid ábhartha teasa nó breosla a úsáidtear chun gach táirge a tháirgeadh agus méideanna a dtáirgthe faoi seach de réir na mblianta ábhartha a úsáidtear le haghaidh an leibhéil gníomhaíochta stairiúla sa tuarascáil ar shonraí bonnlíne. Áiritheofar méideanna ábhartha trí aird a thabhairt freisin ar aon allmhairiú ó shuiteáil nó ó eintiteas eile nach n-áirítear i CTA AE nó nach n-áirítear ach amháin chun críocha Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Threoir 2003/87/CE.

I gcás foshuiteálacha astaíochtaí próisis, cinnfear an éifeachtúlacht GCT stairiúil mar líon na n-astaíochtaí próisis a bhaineann le táirgeadh gach táirge agus méideanna a dtáirgthe faoi seach de réir na mblianta ábhartha a úsáideadh don leibhéal gníomhaíochta stairiúil sa tuarascáil ar shonraí bonnlíne.

ProdLeveli,Y

:

leibhéal táirgthe gach táirge i a táirgeadh laistigh den tsuiteáil i mbliain Y.

Lremaining,Y

:

na méideanna atá fágtha den leibhéal gníomhaíochta le linn bhliain Y, nach mbaineann le táirgeadh na dtáirgí thuas, lena n-áirítear méideanna den leibhéal gníomhaíochta a bhaineann le honnmhairiú teasa nó táirgeadh táirgí nua nár táirgeadh le linn na bonnlíne.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2552 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí i ndáil le mionábhar an staidrimh maidir le táirgeadh tionsclaíoch lena mbunaítear miondealú aicmiúcháin ar tháirgí tionsclaíocha, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún, a mhéid a bhaineann le cumhdach an aicmithe táirgí (IO L 336, 29.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2552/oj).


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN II

Ábhar na tuarascála aeráidneodrachta

1.   SONRAÍ SUITEÁLA GINEARÁLTA

1.1.   Sainaithint na suiteála agus an oibreora

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa mhír seo:

(a)

ainm agus seoladh na suiteála;

(b)

aitheantóir suiteála a úsáidtear i gClárlann an Aontais;

(c)

aitheantas ceada agus dáta eisiúna an chéad cheada astaíochtaí gás ceaptha teasa a eisíodh don tsuiteáil de bhun Airteagal 6 de Threoir 2003/87/CE;

(d)

aitheantas ceada agus dáta an cheada astaíochtaí gás ceaptha teasa is déanaí a eisíodh don tsuiteáil de bhun Airteagal 6 de Threoir 2003/87/CE;

(e)

ainm agus seoladh an oibreora, faisnéis teagmhála ionadaí údaraithe agus príomhtheagmhálaí, murab ionann iad;

(f)

i gcás ina gcuireann an chuideachta teilithéimh an plean aeráidneodrachta isteach ar leibhéal na cuideachta, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) maidir le gach suiteáil atá nasctha leis an gcuideachta sin agus atá á hoibriú aici agus a chumhdaítear leis an bplean aeráidneodrachta, lena n-áirítear tuairisc ar na naisc leis an gcuideachta téimh ceantair.

1.2.   Faisnéis fíoraitheora

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa mhír seo:

(a)

ainm agus seoladh an fhíoraitheora, faisnéis teagmhála ionadaí údaraithe agus príomhtheagmhálaí, murab ionann iad;

(b)

ainm an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir;

(c)

uimhir chlárúcháin arna heisiúint ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

1.3.   Sonraí ábhartha a bhaineann leis an bplean aeráidneodrachta

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa mhír seo:

(a)

tagairt don phlean aeráidneodrachta is déanaí, agus uimhir leagain an phlean sin, ar ghlac an t-údarás inniúil leis lena n-áirítear an dáta óna bhfuil feidhm ag an leagan agus na leaganacha d’aon phlean aeráidneodrachta eile atá ábhartha don tréimhse 5 bliana lena mbaineann na spriocanna idirmheánacha agus na garspriocanna sa tuarascáil;

(b)

athruithe ar an bplean aeráidneodrachta a tharla sa tréimhse 5 bliana lena mbaineann na spriocanna idirmheánacha agus na garspriocanna sa tuarascáil;

(c)

faisnéis maidir le cibé acu a mheas an t-údarás inniúil go bhfuil na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (b) comhlíontach nó nár mheas;

(d)

léiriú ar an tréimhse ábhartha 5 bliana.

2.   FAISNÉIS AR GHARSPRIOCANNA AGUS AR SPRIOCANNA

2.1.

i gcás gach garsprice a liostaítear sa phlean aeráidneodrachta a bhaineann leis an tréimhse ábhartha 5 bliana, agus faisnéis faoi cé acu a baineadh nó nár baineadh amach é;

2.2.

na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha a baineadh amach i ndáil leis an tréimhse ábhartha 5 bliana, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

na spriocanna a bhaintear amach a bhaineann go sonrach le leibhéil ghníomhaíochta gach bliana de gach foshuiteáil le tagarmharc táirge nó d’fhoshuiteálacha cúltaca, i gcoibhneas leis na leibhéil eile táirgthe, comhsheasmhach leis na haonaid agus leis na teorainneacha córais a úsáidtear sa phlean aeráidneodrachta;

(b)

i gcás ina liostaítear spriocanna i gcoibhneas leis na luachanna tagarmhairc sa phlean aeráidneodrachta i gcomhréir le pointe 4(b)(ii) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún (1), na spriocanna a baineadh amach don tréimhse ábhartha 5 bliana, atá i gcoibhneas leis na luachanna tagarmhairc mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún (2) le haghaidh gach foshuiteála ábhartha a bhfuil feidhm aici maidir leis an tréimhse bhonnlíne ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, arna sloinneadh mar chéatadán den laghdú;

(c)

i gcás ina liostaítear dearbhspriocanna astaíochtaí sa phlean aeráidneodrachta i gcomhréir le pointe 4(c) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441, na dearbhspriocanna a baineadh amach don tréimhse ábhartha 5 bliana.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár agus formáid na bpleananna aeráidneodrachta is gá chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a dheonú (IO L, 2023/2441, 3.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2441/oj).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 87, 15.3.2021, lch. 29, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/447/oj).’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/772/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)