European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/762

8.5.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 28/2025

an 7 Feabhra 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/762]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1467 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 maidir le speictream raidió a chomhchuibhiú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda san Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 5cw (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32024 D 1467: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1467 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2024 (IO L, 2024/1467, 31.5.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1467 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/1467, 31.5.2024 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1467/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/762/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)