European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/760

8.5.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 32/2025

an 7 Feabhra 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/760]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2381 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/480 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna a bhaineann le hidirnascadh na gclár leictreonacha náisiúnta ar ghnóthais iompair de bhóthar (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 19ad (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/480 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32023 R 2381: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2381 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2023 (IO L, 2023/2381, 5.10.2023).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2381 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2023/2381, 5.10.2023 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2381/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/760/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)