European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/753

25.7.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/753 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Aibreán 2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí inneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh go deonach ag eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht sna teimpléid le haghaidh nochtaí iareisiúna tréimhsiúla a bhunú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (1), agus go háirithe Airteagal 21(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht a roghnú féadfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/2631 a nochtadh trí úsáid a bhaint as na teimpléid choiteanna. Níl aon oibleagáid ann an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/2631 a nochtadh trí úsáid a bhaint as na teimpléid choiteanna sin. Mar sin féin, má roghnaíonn eisitheoirí na teimpléid sin a úsáid, ba cheart dóibh iad a leanúint. Tá saoirse fós ag eisitheoirí a úsáideann na teimpléid faisnéis bhreise a nochtadh.

(2)

Le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2023/2631, ceanglaítear ar an gCoimisiún treoirlínte a fhoilsiú lena mbunófar teimpléid le haghaidh nochtaí deonacha réamheisiúna d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht. Trína áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht agus inchomparáideacht ann idir na teimpléid a fhoilsítear sna treoirlínte, agus na teimpléid ba cheart d’eisitheoirí na mbannaí sin a úsáid nuair a nochtfaidh siad faisnéis iareisiúna go deonach, éascófar an úsáid a bhainfidh infheisteoirí as an bhfaisnéis atá sna teimpléid sin agus, ar an gcaoi sin, méadófar trédhearcacht.

(3)

Chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann leis na nochtaí nach mór d’eisitheoirí a fhoilsiú le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha, na teimpléid le haghaidh nochtaí deonacha faisnéise iareisiúna d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, is comhlánú iad ar na ranna ábhartha de na teimpléid le haghaidh nochtaí iareisiúna faoin gCaighdeán Bannaí Glasa Eorpacha.

(4)

Trí shoiléireacht a thabhairt d’eisitheoirí maidir le húsáid na dteimpléad nochta iareisiúna, spreagfar úsáid na dteimpléad sin i measc na n-eisitheoirí agus, ar an gcaoi sin, cuideofar le trédhearcacht agus caighdeánú sa mhargadh le haghaidh bannaí inbhuanaithe a fheabhsú. Dá bhrí sin, is gá gnéithe a bhaineann le húsáid na dteimpléad sin a shonrú a thuilleadh. Baineann sé sin le cé chomh minic agus ba cheart d’eisitheoirí nochtaí iareisiúna tréimhsiúla a fhoilsiú, agus ba cheart a chur san áireamh leis sin cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann an t-eisitheoir athbhreithniú seachtrach ar na nochtaí.

(5)

Chun tuilleadh soiléireachta a thabhairt d’eisitheoirí, is gá an teanga atá le húsáid le haghaidh na nochtaí deonacha a shonrú, mar aon leis an modh foilsithe agus cá fhad ba cheart an fhaisnéis nochta a bheith ar fáil.

(6)

Chun infheisteoirí a chosaint, is gá a shonrú conas ba cheart d’eisitheoirí leanúint ar aghaidh más gá dóibh a nochtaí a cheartú.

(7)

Le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) 2023/2631, cuirtear ar a gcumas d’údaráis inniúla ceangal a chur ar eisitheoirí a úsáideann na teimpléid le haghaidh nochtadh deonach faisnéise iareisiúna chun na heilimintí a liostaítear in Airteagal 21 den Rialachán sin a áireamh sna teimpléid sin. Chun cumarsáid a éascú idir eisitheoirí a úsáideann na teimpléid sin agus na húdaráis inniúla ábhartha agus chun fógraí maidir le foilsiú nochtaí deonacha a éascú, ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha pointe teagmhála a chruthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Teimpléid le haghaidh nochtaí iareisiúna tréimhsiúla i leith bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht

Eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht agus a roghnaíonn úsáid a bhaint as na teimpléid dheonacha choiteanna dá dtagraítear in Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2023/2631, úsáidfidh siad na teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn. Féadfaidh baint a bheith ag teimpléad amháin le níos mó ná eisiúint bannaí amháin.

Airteagal 2

Minicíocht an nochta

1.   Eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a roghnaíonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/2631 a nochtadh go deonach, déanfaidh siad amhlaidh le haghaidh gach tréimhse 12 mhí go dtí an dáta a leithdháilfear na fáltais uile ó na bannaí sin. Eisitheoirí bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht agus a roghnaíonn faisnéis den sórt sin a nochtadh go deonach, déanfaidh siad amhlaidh le haghaidh gach tréimhse 12 mhí go dtí an bhreathnóireacht dheireanach is sprioc don inbhuanaitheacht.

2.   Tosóidh an chéad tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 1 ar dháta eisiúna na mbannaí lena mbaineann.

3.   Eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, féadfaidh siad dáta deiridh na chéad tréimhse tuairiscithe a shocrú mar lá deireanach na bliana féilire nó na bliana airgeadais eisiúna.

4.   Eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht agus a fhaigheann athbhreithniú seachtrach ar a nochtaí iareisiúna tréimhsiúla, nochtfaidh siad an fhaisnéis iareisiúna sin laistigh de 270 lá ó dheireadh gach tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 1.

5.   Eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht agus nach bhfaigheann athbhreithniú seachtrach ar a nochtaí iareisiúna tréimhsiúla, nochtfaidh siad an fhaisnéis iareisiúna sin laistigh de 150 lá ó dheireadh gach tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 3

Foilsú ar shuíomhanna gréasáin na n-eisitheoirí

1.   Eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, nochtfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/2631 trí úsáid a bhaint as na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 1 ar a suíomh gréasáin.

Na nochtaí, lena n-áirítear aon leasú nó aon cheartúchán orthu, beidh siad ar fáil, saor in aisce, go dtí 12 mhí ar a laghad tar éis aibíocht na mbannaí lena mbaineann.

2.   Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/2631, de rogha eisitheoir na mbannaí lena mbaineann, i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, nó:

(a)

i gcás nach ndéanfar na bannaí a thairiscint don phobal ná a ligean isteach chun a dtrádála ach i mBallstát amháin, i dteanga a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi;

(b)

i gcás ina ndéanfar na bannaí a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála in dhá Bhallstát nó níos mó, i dteanga a nglacann údarás inniúil gach ceann de na Ballstáit sin léi.

3.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás inar foilsíodh réamheolaire le haghaidh na mbannaí lena mbaineann de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/2631 i dteanga nó i dteangacha an réamheolaire sin.

Airteagal 4

Ceartúcháin

Eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, i gcás ina gceartaítear leithdháileadh na bhfáltas tar éis fhoilsiú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/2631, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin agus í a fhoilsiú gan moill mhíchuí.

Airteagal 5

Fógra a thabhairt d’údaráis inniúla agus modhanna cumarsáide

1.   Eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, tabharfaidh siad fógra dá n-údaráis inniúla faoin méid seo a leanas:

(a)

foilsiú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/2631;

(b)

foilsiú aon nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 4;

(c)

an hipearnasc chuig an suíomh gréasáin ar ar foilsíodh an fhaisnéis.

2.   Cruthóidh údaráis inniúla pointe teagmhála a fheidhmeoidh mar fhaighteoir na bhfógraí uile a thabharfaidh an t-eisitheoir i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1129/oj).


IARSCRÍBHINN

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH NOCHTAÍ IAREISIÚNA TRÉIMHSIÚLA I LEITH BANNAÍ A MHARGAÍTEAR MAR BHANNAÍ ATÁ INBHUANAITHE Ó THAOBH AN CHOMHSHAOIL DE

[I gcás ina ndearnadh athbhreithniú ar na nochtaí iareisiúna tréimhsiúla, léireofar é sin sa teideal.]

Níl an doiciméad seo ná a bhfuil ann faoi réir aon fhormheasa ná aon fhormhuinithe ag aon údarás inniúil.

1.   Faisnéis ghinearálta

[Dáta eisiúna an bhanna/na mbannaí nó na dtráinsí den bhanna/de na bannaí]

[Dáta foilsithe na nochtaí iareisiúna tréimhsiúla]

[An chéad dáta agus an dáta deireanach den tréimhse dá dtagraítear sna nochtaí iareisiúna bliantúla: [dáta-dáta]]

[Ainm dlíthiúil an eisitheora]

[I gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (AED) an eisitheora]

[Seoladh suímh gréasáin a thugann faisnéis d’infheisteoirí maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir]

[Seoladh suímh gréasáin lena dtugtar rochtain d’infheisteoirí ar dhoiciméid a bhaineann leis an mbanna/na bannaí, más ann dóibh amhail creataí bannaí glasa, teimpléid dheonacha chomhlánaithe, tuarascálacha tréimhsiúla]

[I gcás ina bhfuil fáil air, ainm an bhanna/na mbannaí arna shannadh ag an eisitheoir]

[I gcás ina bhfuil fáil orthu, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) an bhanna/na mbannaí agus a thráinsí/a dtráinsí]

[I gcás ina raibh na nochtaí iareisiúna tréimhsiúla faoi réir athbhreithniú iareisiúna, ainm agus sonraí teagmhála an athbhreithneora sheachtraigh agus nasc chuig an athbhreithniú iareisiúna ábhartha]

[I gcás inarb infheidhme, ainm an údaráis inniúil a d’fhormheas an réamheolaire bannaí nó na réamheolairí bannaí agus nasc chuig an réamheolaire nó na réamheolairí]

2.   Straitéis i leith an chomhshaoil agus réasúnaíocht

Forbhreathnú

[Na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) arna saothrú leis an mbanna/na bannaí.]

Nasc leis na heochairtháscairí feidhmíochta maidir le sócmhainní, láimhdeachas, caiteachas caipitiúil (CapEx), agus caiteachas oibriúcháin (OpEx)

[I gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir na hoibleagáide faisnéis a nochtadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 (1), an modh inar rannchuidigh fáltais ó bhannaí le hailíniú tacsanomaíochta an eisitheora maidir le láimhdeachas, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin]

Nasc chuig pleananna um aistriú

[I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir oibleagáide pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a (2), pointe (a)(iii), nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin:

an modh inar rannchuidigh fáltais ó bhannaí le maoiniú agus le cur chun feidhme na bpleananna sin; agus

nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear na pleananna sin.]

3.   Leithdháileadh na bhfáltas ó bhannaí

[Soláthrófar an fhaisnéis a liostaítear thíos ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche ar a laghad, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus breithnithe comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil.]

Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht

[Cibé acu atá fáltais á leithdháileadh ag an eisitheoir de réir cur chuige céimseach nó ar phunann sócmhainní, agus cé acu is banna/bannaí urrúsúcháin é/iad an banna/na bannaí urrúsúcháin, nó nach ea]

[An sciar íosta d’fháltais ó bhannaí a úsáideadh le haghaidh gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, de réir na modheolaíochta a d’úsáid an t-eisitheoir: íosmhéid [XX] % de na fáltais ó bhannaí]

[I gcás inarb eisitheoir ceannasach é an t-eisitheoir, agus inar leithdháileadh fáltais ó bhannaí ar fhaoiseamh cánach, fóirdheontais, tomhaltas idirmheánach, aistrithe reatha laistigh de rialtas nó comhar idirnáisiúnta nó cineálacha eile caiteachais phoiblí, tuairisc shoiléir ar an leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus cuspóirí atá ailínithe le tacsanomaíocht]

[Comhlánóidh an t-eisitheoir Tábla A nó Tábla B thíos, ag brath ar cibé acu atá na fáltais á leithdháileadh de réir cur chuige céimseach nó a leithdháileadh iad ar phunann sócmhainní. Déanfar na hiomláin chomhfhreagracha a chomhlánú freisin.]

Eisiaimh

[Ráiteas [tá/níl] maidir le cé acu atá nó nach bhfuil leithdháileadh fáltas ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (3) eisiata leis an mbanna, arna chomhlánú go roghnach le tuairisc ghearr/míniú gearr]

4.   (Roghnach) Tionchar comhshaoil

[Más ann dóibh, tuairisc ar thionchair chomhshaoil na bhfáltas ón mbanna/ó na bannaí]

[D’fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis a nochtar anseo méadrachtaí sonracha amhail Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa (GCT) a seachnaíodh (tCO2e), toilleadh fuinnimh in-athnuaite a suiteáladh (arna thomhas in MW, laghdú ar ídiú fuinnimh (MWh) agus/nó laghdú ar dhéine fuinnimh (MWh in aghaidh an aonaid táirgthe), laghdú ar aistarraingt uisce (m3) agus/nó laghdú ar dhéine uisce (m3 in aghaidh an aonaid táirgthe), laghdú ar dhramhaíl a ghintear (tonaí méadracha) agus laghdú ar dhramhaíl ghuaiseach agus neamhghuaiseach (tonaí méadracha), laghdú ar an achar talún a ndéantar difear dó (ha) nó ar mhéid na talún a athbhunaítear (ha) a bhaineann le tionchair bhithéagsúlachta.]

5.   Faisnéis faoi thuairisciú

[Nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora]

[I gcás inarb infheidhme, nasc chuig tuarascálacha ábhartha an eisitheora, amhail an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó an tuarascáil inbhuanaitheachta chomhdhlúite de bhun Threoir 2013/34/AE]

6.   Faisnéis ábhartha eile

[I gcás banna urrúsúcháin, déanfar tagairtí don eisitheoir sa doiciméad seo a fhorléiriú mar thagairtí don tionscnóir de réir mar is iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear tagairtí don tionscnóir ina n-ionad]

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH Nochtaí iareisiúna tréimhsiúla i leith bannaí atá nasctha le hINBHUANAITHEACHT

[I gcás ina ndearnadh athbhreithniú ar na nochtaí iareisiúna tréimhsiúla, léireofar é sin sa teideal.]

Níl an doiciméad seo ná a bhfuil ann faoi réir aon fhormheasa ná aon fhormhuinithe ag aon údarás inniúil.

1.   Faisnéis ghinearálta

[Dáta eisiúna an bhanna/na mbannaí nó na dtráinsí den bhanna/de na bannaí]

[Dáta foilsithe na nochtaí iareisiúna tréimhsiúla]

[An chéad dáta agus an dáta deireanach den tréimhse dá dtagraítear sna nochtaí iareisiúna bliantúla: [dáta-dáta]]

[Ainm dlíthiúil an eisitheora]

[I gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (AED) an eisitheora]

[Seoladh suímh gréasáin a thugann faisnéis d’infheisteoirí maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir]

[Seoladh suímh gréasáin lena dtugtar rochtain d’infheisteoirí ar dhoiciméid a bhaineann leis an mbanna/na bannaí, más ann dóibh amhail creataí bannaí glasa, teimpléid dheonacha chomhlánaithe, tuarascálacha tréimhsiúla]

[I gcás ina bhfuil fáil air, ainm an bhanna/na mbannaí arna shannadh ag an eisitheoir]

[I gcás ina bhfuil fáil orthu, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) an bhanna/na mbannaí agus a thráinsí/a dtráinsí]

[I gcás inarb infheidhme, ainm an údaráis inniúil a d’fhormheas an réamheolaire bannaí nó na réamheolairí bannaí agus nasc chuig an réamheolaire]

[I gcás ina raibh na nochtaí iareisiúna tréimhsiúla faoi réir athbhreithniú iareisiúna, céannacht agus sonraí teagmhála an athbhreithneora sheachtraigh agus nasc chuig an athbhreithniú iareisiúna ábhartha]

2.   Straitéis i leith an chomhshaoil agus réasúnaíocht

Saintréithe tábhachtacha an bhanna

[Tuairisc ar an réasúnaíocht agus ar leibhéal na huaillmhéine]

[Tuairisc ar ábharthacht agus ar mhodheolaíocht ríofa na n-eochairtháscairí feidhmíochta agus spriocanna feidhmíochta inbhuanaitheachta gaolmhara arna leagan síos ag an eisitheoir, mar aon le faisnéis atá cothrom le dáta maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na heochairtháscairí feidhmíochta a roghnaíodh, lena n-áirítear bunlínte i gcás inarb ábhartha, chomh maith le nuashonruithe a bhaineann le spriocanna feidhmíochta inbhuanaitheachta, agus aon fhaisnéis eile atá ábhartha maidir le hanailís a dhéanamh ar an dul chun cinn atá nasctha le heochairtháscairí feidhmíochta agus spriocanna feidhmíochta inbhuanaitheachta]

[Ráiteas i dtaobh cibé acu atá na heochairtháscairí feidhmíochta faoi réir athbhreithniú seachtrach, iniúchadh comhshaoil nó tuairim thánaisteach chomhchosúil agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an eintitis atá freagrach as an athbhreithniú sin nó as an tuairim sin]

[i gcás inarb ábhartha, an modh ina bhfuil an banna nasctha le láimhdeachas, caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora atá ailínithe le tacsanomaíocht trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (4) a chur i bhfeidhm]

[Tuairisc ar struchtúr na mbannaí, lena n-áirítear an sásra coigeartaithe cúpóin]

Forbhreathnú

[Na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) arna saothrú leis an mbanna/na bannaí]

Nasc chuig pleananna um aistriú

[I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir oibleagáide pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin:

an modh inar rannchuidigh fáltais ó bhannaí le maoiniú agus le cur chun feidhme na bpleananna sin; agus

nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear na pleananna sin.]

3.   Faisnéis faoi thuairisciú

[Nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora]

[I gcás inarb infheidhme, nasc chuig tuarascálacha ábhartha an eisitheora, amhail an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó an tuarascáil inbhuanaitheachta chomhdhlúite de bhun Threoir 2013/34/AE]

4.   Faisnéis ábhartha eile

Tábla A, atá le cur leis na nochtaí iareisiúna tréimhsiúla i leith bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcás ina bhfuil fáltais á leithdháileadh de réir cur chuige céimseach

[Soláthrófar an fhaisnéis sa tábla thíos ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche ar a laghad, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus breithnithe comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil.]

Cumhdaítear leis an bhfaisnéis sa tábla thíos an tréimhse ó eisiúint an bhanna lena mbaineann, suas go dtí an dáta tuairiscithe.

Tábla A

1.

Ainm, suíomh agus tuairisc an tionscadail (nó grúpa tionscadal nó gníomhaíochta eacnamaíche)

1.1.

(Le haghaidh gach tionscadail/grúpa tionscadal/gníomhaíochta eacnamaíche, de réir mar is infheidhme) [Ainm]

1.2.

[Suíomh]

1.3.

[Tuairisc bhunúsach]

2.

Méid na bhfáltas arna leithdháileadh ón mbanna/ó na bannaí

2.1.

[Fáltais ó bhannaí arna leithdháileadh ar an tionscadal/grúpa tionscadal/gníomhaíocht eacnamaíoch seo ón dáta eisiúna]

2.2.

[Fáltais ó bhannaí arna leithdháileadh ar an tionscadal/ar an ngrúpa tionscadal/gníomhaíocht eacnamaíoch seo le linn na tréimhse tuairiscithe.]

2.3.

An sciar den tionscadal arna chistiú leis an mbanna/na bannaí

3.

Sciar d’iomlán na bhfáltas arna n-úsáid le haghaidh maoiniú (i mbliain na heisiúna nó tar éis bhliain na heisiúna) nó athmhaoiniú (níos luaithe)

3.1.

[An sciar den mhéid i ró 2.1 arna úsáid le haghaidh maoiniú agus athmhaoiniú]

3.2.

[An sciar den mhéid i ró 2.2 arna úsáid le haghaidh maoiniú agus athmhaoiniú]

4.

Cineál agus earnáil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha arna gcistiú leis an mbanna/na bannaí

4.1.

[I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an tionscadal arna chistiú leis an mbanna/na bannaí: na cineálacha/na hearnálacha]

4.2.

[I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an tionscadal arna chistiú leis an mbanna/na bannaí: i gcás inarb infheidhme, na cóid NACE faoi seach i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7)]

5.

Méid na bhfáltas arna leithdháileadh ón mbanna/ó na bannaí atá ailínithe le tacsanomaíocht

5.1.

[D’fháltais iomlána ó bhannaí a leithdháileadh ar an tionscadal, an méid arna leithdháileadh ar ghníomhaíocht atá ailínithe le tacsanomaíocht ón dáta eisiúna i leith]

5.2.

[Sciar céatadáin den mhéid a thugtar i ró 2.1]

5.3.

[De na fáltais ó bhannaí a leithdháileadh ar an tionscadal sa tréimhse tuairiscithe, an méid a leithdháiltear ar ghníomhaíocht atá ailínithe le tacsanomaíocht sa tréimhse thuairiscithe]

5.4.

[Sciar céatadáin den mhéid a thugtar i ró 2.2]

6.

Cuspóirí comhshaoil agus critéir scagtha theicniúla

6.1.

[An cuspóir/na cuspóirí comhshaoil spriocdhírithe, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)]

6.2.

[Léiriú maidir le cé na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2) nó Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 a úsáidtear chun na critéir scagtha theicniúla agus a ndátaí cur i bhfeidhm a shocrú]

6.3.

[Faisnéis faoin modheolaíocht agus faoi na toimhdí a úsáidtear chun na príomh-mhéadrachtaí tionchair a ríomh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, agus le haghaidh aon mhéadracht tionchair bhreise]

7.

Cineál na sócmhainní agus an chaiteachais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

7.1.

[den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse thuairiscithe i ró 5.3, méid an chaiteachais chaipitiúil]

7.2.

[den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse thuairiscithe i ró 5.3, méid an chaiteachais oibriúcháin]

7.3.

[den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse thuairiscithe i ró 5.3, méid na sócmhainní seasta]

7.4.

[den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse thuairiscithe i ró 5.3, méid na sócmhainní airgeadais]

8.

Méid na bhfáltas arna leithdháileadh ón mbanna/ó na bannaí nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht

8.1.

[d’fháltais iomlána ó bhannaí a leithdháileadh ar an tionscadal, an méid arna leithdháileadh ar ghníomhaíocht nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht ón dáta eisiúna i leith]

8.2.

[sciar céatadáin den mhéid a thugtar i ró 2.1]

8.3.

[de na fáltais ó bhannaí a leithdháileadh ar an tionscadal sa tréimhse tuairiscithe, an méid a leithdháiltear ar ghníomhaíocht nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht sa tréimhse thuairiscithe]

8.4.

[sciar céatadáin den mhéid a thugtar i ró 2.2]

9.

Faisnéis ábhartha eile

9.1.

[Faisnéis ábhartha eile, amhail príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil, naisc chuig suíomhanna gréasáin ina bhfuil faisnéis ábhartha agus naisc chuig doiciméid phoiblí ábhartha ina bhfuil faisnéis níos mionsonraithe, amhail suíomh gréasáin an eisitheora ina dtugtar tuairisc ar an tionscadal nó tuairisc arna déanamh ag comhairleacht chomhshaoil]

Méideanna Iomlána:

Ó eisiúint ar aghaidh

[tréimhse thuairiscithe]

Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ó eisíodh iad: [X]

Ar díobh sin, méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht ó eisiúint ar aghaidh: [X]

Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh sa tréimhse thuairiscithe: [X]

Ar díobh sin, méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht sa tréimhse thuairiscithe: [X]

Ar díobh sin:

Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar chaiteachas caipitil atá ailínithe le tacsanomaíocht sa tréimhse thuairiscithe: [X]

Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar chaiteachas oibriúcháin atá ailínithe le tacsanomaíocht sa tréimhse thuairiscithe: [X]

Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar chaiteachas [eile] atá ailínithe le tacsanomaíocht sa tréimhse thuairiscithe: [X]

Tábla B, atá le cur leis na nochtaí iareisiúna tréimhsiúla i leith bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcás ina bhfuil fáltais ó bhannaí á leithdháileadh ar phunann sócmhainní

[Soláthrófar an fhaisnéis sa tábla thíos ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche ar a laghad, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus breithnithe comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil.]

Cumhdaítear leis an bhfaisnéis sa tábla thíos an tréimhse thuairiscithe.

Tábla B

Bannaí gan íoc a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Punann sócmhainní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Forléargas ar gach banna gan íoc a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena léirítear a luach aonair agus a gcomhluach

Forléargas ar na sócmhainní atá ar chlár comhardaithe an eisitheora, lena léirítear na nithe seo a leanas:

1.

[Ainm, suíomh, agus tuairisc bhunúsach ar an tionscadal]

2.

[I gcás ina bhfuil fáil orthu, léiriú ar na fáltais atá beartaithe a leithdháileadh ar an tionscadal seo ón mbanna]

3.

[I gcás ina bhfuil fáil air, léiriú ar an sciar den mhéid i bpointe 2 atá le húsáid le haghaidh maoiniú agus athmhaoiniú]

4.

[I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an tionscadal arna chistiú leis an mbanna: na cineálacha/na hearnálacha agus, i gcás inarb infheidhme, na cóid NACE faoi seach i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006]

5.

[I gcás ina bhfuil fáil air, méid na bhfáltas le haghaidh an tionscadail sin arna chistiú leis an mbanna arna leithdháileadh ar ghníomhaíocht atá ailínithe le tacsanomaíocht] [sciar céatadáin den mhéid a thugtar i bpointe 2]

6.

[An cuspóir/na cuspóirí comhshaoil spriocdhírithe, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852] [Léiriú ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2) nó Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 a úsáidtear chun na critéir scagtha theicniúla a chinneadh, agus a ndátaí cur i bhfeidhm] [Faisnéis maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí a úsáidtear chun príomh-mhéadrachtaí tionchair a ríomh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, agus maidir le haon mhéadracht tionchair bhreise.]

7.

[I gcás ina bhfuil fáil orthu, sonraigh méid agus/nó líon na dtionscadal nua i gcomparáid le méid eisiúintí nua bannaí i mbliain féilire na heisiúna.]

8.

[Faisnéis ábhartha eile, amhail príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil, chomh maith le naisc chuig suíomhanna gréasáin ina bhfuil faisnéis ábhartha agus naisc chuig doiciméid phoiblí ábhartha ina bhfuil faisnéis níos mionsonraithe.]

Luach iomlán phunann na mbannaí gan íoc a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de:

Luach iomlán phunann na sócmhainní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de:

Luach iomlán phunann na sócmhainní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaineann le gníomhaíocht thacsanomaíocht-ailínithe:


(1)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).

(2)  (2) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i ndáil le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/1818/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh, (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2178/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).

(6)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh ghníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle, chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1893/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/753/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)