European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/750

8.5.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 4/2025

an 7 Feabhra 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/750]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2177 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 6-fíotáis arna táirgeadh le Aspergillus oryzae DSM 33737 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina bhéaróg nó a thógtar le haghaidh pórúcháin, cránacha de gach speiceas Suidae agus gach éisc eite (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd, atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.) (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2179 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 a mhéid a bhaineann leis an uaschion 4-hiodrocsa–2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-óin molta le haghaidh cat agus madraí (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2184 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti eistearáis fúmainisine arna táirgeadh le Komagataella phaffii NCAIM (P) Y001485 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh agus muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2180 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis, ion-1,4-béite-ghlúcanáis agus ion-béite-1,4-glúcanáis xileaglúcan-sonrach arna táirgeadh le Trichoderma citrinoviride DSM 33578 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha de gach speiceas Suidea (sealbhóir an údaraithe: Huvepharma EOOD) (4) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2385 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le 4-meitil-5-viniltiasól a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2388 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide Pediococcus pentosaceus DSM 23689 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014 (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2389 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le hullmhóid de shóidiam seamdúraimicine (Aviax 5 %) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Phibro Animal Health s.a.) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1443/2006 (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2464 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 maidir le hola eisintiúil bhán phéine ó Pinus pinaster Aiton a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (8), arna cheartú le IO L, 2024/90623, 11.10.2024, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(9)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2427 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2024 maidir le bláthola lus an choire ó Coriandrum sativum L. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (9), arna cheartú le IO L, 2024/90626, 15.10.2024, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(10)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2441 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Enterococcus lactis DSM 22502 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch a athnuachan agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 304/2014 (10), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(11)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2389 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1443/2006 (11), ar rialachán é atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(12)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2441 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 304/2014 (12), ar rialachán é atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(13)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 2zzu (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32024 R 2388: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2388 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 (IO L, 2024/2388, 10.9.2024).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 469 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32024 R 2179: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2179 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 (IO L, 2024/2179, 3.9.2024).’

3.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 604 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1989 ón gCoimisiún):

‘605.

32024 R 2177: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2177 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 6-fíotáis arna táirgeadh le Aspergillus oryzae DSM 33737 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina bhéaróg nó a thógtar le haghaidh pórúcháin, cránacha de gach speiceas Suidae agus gach éisc eite (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd, atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.) (IO L, 2024/2177, 3.9.2024).

606.

32024 R 2184: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2184 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti eistearáis fúmainisine arna táirgeadh le Komagataella phaffii NCAIM (P) Y001485 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh agus muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae (IO L, 2024/2184, 4.9.2024).

607.

32024 R 2180: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2180 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis, ion-1,4-béite-ghlúcanáis agus ion-béite-1,4-glúcanáis xileaglúcan-sonrach arna táirgeadh le Trichoderma citrinoviride DSM 33578 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha de gach speiceas Suidea (sealbhóir an údaraithe: Huvepharma EOOD) (IO L, 2024/2180, 3.9.2024).

608.

32024 R 2385: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2385 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le 4-meitil-5-viniltiasól a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L, 2024/2385, 10.9.2024).

609.

32024 R 2388: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2388 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide Pediococcus pentosaceus DSM 30168 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014 (IO L, 2024/2388, 10.9.2024).

610.

32024 R 2389: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2389 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le hullmhóid de shóidiam seamdúraimicine (Aviax 5 %) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Phibro Animal Health s.a.) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1443/2006 (IO L, 2024/2389, 10.9.2024).’

611.

32024 R 2464: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2464 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 maidir le hola eisintiúil bhán phéine ó Pinus pinaster Aiton a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L, 2024/2464, 13.9.2024), arna cheartú le IO L, 2024/90623, 11.10.2024.

612.

32024 R 2427: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2427 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2024 maidir le bláthola lus an choire ó Coriandrum sativum L. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L, 2024/2427, 17.9.2024), arna cheartú le IO L, 2024/90626, 15.10.2024.

613.

32024 R 2441: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2441 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Enterococcus lactis DSM 22502 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch a athnuachan agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 304/2014 (IO L, 2024/2441, 17.9.2024).’

4.

Scriostar téacs phointí 1zzy (Rialachán (CE) Uimh. 1443/2006 ón gCoimisiún) agus 105 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 304/2014 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2177, (AE) 2024/2179, (AE) 2024/2184, (AE) 2024/2180, (AE) 2024/2385, (AE) 2024/2388, (AE) 2024/2389, (AE) 2024/2464, arna cheartú le IO L, 2024/90623, 11.10.2024, (AE) 2024/2427, Arna cheartú le IO L, 2024/90626, 15.10.2024, agus (AE) 2024/2441 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/2177, 3.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2177/oj.

(2)   IO L, 2024/2179, 3.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2179/oj.

(3)   IO L, 2024/2184, 4.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2184/oj.

(4)   IO L, 2024/2180, 3.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2180/oj.

(5)   IO L, 2024/2385, 10.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2385/oj.

(6)   IO L, 2024/2388, 10.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2388/oj.

(7)   IO L, 2024/2389, 10.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2389/oj.

(8)   IO L, 2024/2464, 13.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2464/oj.

(9)   IO L, 2024/2427, 17.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2427/oj.

(10)   IO L, 2024/2441, 17.9.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2441/oj.

(11)   IO L 271, 30.9.2006, lch. 12.

(12)   IO L 90, 26.3.2014, lch. 8.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/750/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)