European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/743

8.5.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 27/2025

an 7 Feabhra 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/743]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2765 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2024 lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais (Sócmhainneacht II), agus an gnó sin a shaothrú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1b (Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32024 R 2765: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2765 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2024 (IO L, 2024/2765, 25.10.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2765 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/2765, 25.10.2024 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2765/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/743/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)