European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/737

26.6.2025

CINNEADH TARMLIGTHE (AE) 2025/737 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Aibreán 2025

maidir le hearnálacha a chuir an Fhionlainn san áireamh go haontaobhach sa chóras trádála astaíochtaí laistigh den Aontas le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise de bhun Airteagal 30j de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 30j de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1).

Le hAirteagal 30j(1) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tugtar an deis do na Ballstáit, ó 2027 ar aghaidh, leathnú a dhéanamh, go haontaobhach, ar chur i bhfeidhm an chórais trádála astaíochtaí laistigh den Aontas (‘CTA AE’) le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise chun earnálacha a chumhdach nach liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.

(2).

Agus leas á bhaint ag na Ballstáit as an deis sin, cuirfidh siad san áireamh go háirithe na héifeachtaí ar an margadh inmheánach, saobhadh iomaíochta féideartha, sláine comhshaoil an chórais trádála astaíochtaí agus iontaofacht an chórais faireacháin agus tuairiscithe atá beartaithe.

(3).

An 19 Nollaig 2024, thug an Fhionlainn fógra faoi iarraidh ar chur i bhfeidhm an chórais trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise a leathnú chun liosta earnálacha a chumhdach nach gcumhdaítear go fóill le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ná le Caibidlí II agus III den Treoir sin.

(4).

Mhínigh údaráis na Fionlainne, le cuimsiú earnálacha breise, go laghdófaí an t-ualach riaracháin agus go n-éascófaí na próisis tuairiscithe agus faireacháin le haghaidh na n-eintiteas rialáilte agus an údaráis inniúil náisiúnta. Ina theannta sin, bheadh praghsáil níos aonfhoirmí ar dhé-ocsaíd charbóin i measc na n-earnálacha mar thoradh air.

(5).

I dtuairim an Choimisiúin, dá leathnófaí raon feidhme CTA AE thar an liosta gníomhaíochtaí a liostaítear faoi Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, mar a d’iarr an Fhionlainn, bheadh tairbhí comhshaoil ann go deimhin, agus bheadh simpliú riaracháin i gceist do sholáthróirí breosla atá ag gníomhú mar eintitis rialáilte san Fhionlainn.

(6).

Ar bhonn na sonraí athbhreithnithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh 2016, 2017 agus 2018 a rinneadh in 2020, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), is é 1 179 206 tCO2 meánmhéid iomlán na n-astaíochtaí a chomhfhreagraíonn do na hearnálacha ar thug an Fhionlainn fógra fúthu i gcomhthéacs na hiarrata sin ar leathnú aontaobhach. Úsáidfear an méid sin mar bhonn chun méid na lamháltas breise a bheidh le heisiúint amach anseo ó 2027 ar aghaidh a ríomh.

(7).

Rinne an Coimisiún measúnú ar na modheolaíochtaí tuairiscithe agus faireacháin atá beartaithe ag an bhFionlainn agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil siad iontaofa agus i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30j de Threoir 2003/87/CE.

(8).

Leis an gcóras dleachta máil atá i bhfeidhm san Fhionlainn, go háirithe na bonneagair dháileacháin, ní chuirtear é ar a gcumas go héifeachtach d’eintitis rialáilte úsáid deiridh breoslaí a idirdhealú idir earnálacha a chumhdaítear cheana féin le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ar thaobh amháin, agus na hearnálacha lena mbaineann an leathnú raoin feidhme seo ar an taobh eile. Chun faireachán, tuairisciú agus fíorú costéifeachtach ar astaíochtaí a éascú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú a bhaineann le tuairisciú atá bainteach leis an bhfachtóir raoin sna tuarascálacha astaíochtaí bliantúla agus sna pleananna faireacháin, níor cheart a cheangal ar eintitis rialáilte idirdhealú a dhéanamh idir tuairisciú astaíochtaí in earnálacha lena mbaineann leathnú an raoin feidhme agus astaíochtaí in earnálacha a chumhdaítear cheana féin le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.

(9).

Chun an timthriall bliantúil tráthrialta a chomhlíonadh maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí sa chóras trádála astaíochtaí nua le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise, is iomchuí go ndéanfadh eintitis rialáilte astaíochtaí fíoraithe don raon feidhme leathnaithe dar thús an 1 Eanáir 2025 a thuairisciú, i gcomhréir le hAirteagal 30f(2) de Threoir 2003/87/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme fhormheas an leathnaithe aontaobhaigh

An leathnú, san Fhionlainn, ar an ngníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE chun na hearnálacha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chumhdach, formheastar an leathnú sin faoi réir na gcoinníollacha a liostaítear in Airteagal 3.

Airteagal 2

Eisiúint liúntas breise a údarú

Eiseofar lamháltais bhreise in 2027 ar bhonn mheánmhéid na n-astaíochtaí iomlána, is é sin 1 179 206 tCO2 arna dtuairisciú ag an bhFionlainn i dtaobh na n-earnálacha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo le haghaidh 2016, 2017 agus 2018 i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 30c(1) de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 3

Oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe

Áiritheoidh an Fhionlainn go ndéanfaidh gach eintiteas rialáilte faireachán agus tuairisciú, i gcomhréir le hAirteagal 30f(2) de Threoir 2003/87/CE, don údarás inniúil, le haghaidh gach bliana féilire, ar na hastaíochtaí a chomhfhreagraíonn do na cainníochtaí breoslaí arna scaoileadh chun ídithe ón 1 Eanáir 2025 sna hearnálacha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32 , ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj).


IARSCRÍBHINN

An liosta earnálacha breise atá faoi réir CTA AE san Fhionlainn de bhun Airteagal 30j de Threoir 2003/87/CE

Cód IPCC

Earnáil

Ábhar

1 A 3 d

(fothacar)

Loingseoireacht Uisce-iompartha

Astaíochtaí ó bhreoslaí a úsáidtear chun soithí uisce-iompartha a thiomáint, lena n-áirítear sciorrárthaí agus duillárthaí, ach gan an loingseoireacht tráchtála a áireamh

1 A 4 c i

Dóchán seasta le haghaidh talmhaíochta/foraoiseachta/iascaireachta

Astaíochtaí ó bhreoslaí a dhóitear i gcaidéil, triomú gráin, tithe gloine gairneoireachta agus dóchán eile talmhaíochta, foraoiseachta nó dóchán seasta i dtionscal na hiascaireachta, lena n-áirítear feirmeacha éisc

1 A 4 c ii

Feithiclí eisbhóthair agus dóchán soghluaiste innealra eile

Astaíochtaí ó bhreoslaí a dhóitear i bhfeithiclí tarraingthe ar thalamh talmhaíochta agus i bhforaoisí


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2025/737/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)