|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/734 |
8.5.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 7/2025
an 7 Feabhra 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/734]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2412 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide Pediococcus pentosaceus DSM 23688 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2414 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 maidir le bláthola aitil agus tintiúr aitil ó Juniperus communis L. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 2zzu (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 616 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2394 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2412 agus (AE) 2024/2414 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/2412, 16.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2412/oj.
(2) IO L, 2024/2414, 16.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2414/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/734/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)