|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/724 |
8.5.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 6/2025
an 7 Feabhra 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/724]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2393 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú déshulfáite sóidiam a athnuachan agus le húsáidí nua den tsubstaint sin a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhithe áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2394 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú Enterococcus lactis NCIMB 10415 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd.) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1061/2013 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2394 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1061/2013 ón gCoimisiún (3), rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(4) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 614 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2185 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Scriostar téacs phointe 2zzr (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1061/2013 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2393 agus (AE) 2024/2394 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/2393, 10.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2393/oj.
(2) IO L, 2024/2394, 10.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2394/oj.
(3) IO L 289, 31.10.2013, lch. 38.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/724/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)