|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/711 |
11.4.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/711 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Aibreán 2025
maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú, muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae agus turcaithe lena ramhrú, údarú ullmhóide arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh diúil (sealbhóir an údaraithe: AVEVE BV) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1088/2011, (AE) Uimh. 989/2012 agus (AE) Uimh. 1040/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Údaraíodh ullmhóid arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1088/2011 ón gCoimisiún (2), le haghaidh béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 989/2012 ón gCoimisiún (3), agus le haghaidh muca lena ramhrú, mionspeicis mhucúla lena ramhrú seachas Sus scrofa domesticus agus turcaithe lena ramhrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1040/2013 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas chun údarú na hullmhóide arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755, ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, bhain an t-iarratas sin freisin le húdarú úsáide nua den ullmhóid chéanna le haghaidh bainbh diúil, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagail 14(2) agus 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas eile chun údarú na hullmhóide arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas eile chun údarú na hullmhóide arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh muca lena ramhrú, mionspeicis mhucúla lena ramhrú seachas Sus scrofa domesticus agus turcaithe lena ramhrú, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(6) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 5 Meitheamh 2024 (5) agus an 3 Iúil 2024 (6) go bhfuil an ullmhóid arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755, ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754, sa dá fhoirmliú (púdar agus leacht), sábháilte i gcónaí do bhainbh scoite, do bhéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú, do mhuca lena ramhrú, mionspeicis mhucúla lena ramhrú agus turcaithe lena ramhrú, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi na coinníollacha úsáide atá ann faoi láthair agus ós rud é nár modhnaíodh comhdhéanamh agus próiseas monaraíochta na mbreiseán go substaintiúil. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach ndéanfaí difear do na conclúidí sin dá ndéanfaí an úsáid a leathnú chuig bainbh diúil. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le foirmliú púdair na hullmhóide, ina bhfuil carbónáit chailciam agus séipilít, agus foirm leachtach na hullmhóide, nach greannaitheoirí craicinn ná súl iad Mar gheall ar an easpa sonraí, níor thángthas ar aon chonclúid maidir le hacmhainneacht greannaithe fhoirmliú púdair na hullmhóide, a fhoirmlítear le carbónáit chailciam agus plúr cruithneachta. Meastar gur íogróir riospráide agus craicinn é an breiseán, ina fhoirmlithe uile. Mheas an tÚdarás nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhreiseáin i gcomhthéacs athnuachan an údaraithe, ós rud é nach n-áirítear san iarratas aon togra maidir le coinníollacha úsáidte a leasú nó a fhorlíonadh, togra a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin, i dtaobh na speiceas/catagóirí a bhfuil údarás ann ina leith. Mheas sé gur féidir na conclúidí ar thángthas orthu maidir leis na speicis sin a leathnú chuig speicis eile agus dá bhrí sin tháinig sé ar an gconclúid go bhféadfadh an breiseán a bheith éifeachtach i gcás bainbh diúil ar leibhéal 4 000 XU agus 900 BGU/kg d’ábhar beatha iomlán. Níor mheas an tÚdarás go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(7) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh anailíse ar ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei MUCL 49754 mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis na hiarratais atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointí (a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (7), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(8) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún maidir leis an ullmhóid arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754, go gcomhlíonann sí na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan le haghaidh bainbh scoite, béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú, muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae (lena gcumhdaítear muca lena ramhrú agus mionspeicis mhucúla lena ramhrú) agus turcaithe lena ramhrú. Thairis sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh bainbh diúil. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(9) |
Mar thoradh ar an athnuachan ar údarú na hullmhóide arb e atá inti ion-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú, muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae agus turcaithe lena ramhrú, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1088/2011, (AE) Uimh. 989/2012 agus (AE) Uimh. 1040/2013 a aisghairm. |
|
(10) |
Ó tharla, ar chúiseanna sábháilteachta, nach bhfuil gá le cur i bhfeidhm láithreach modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na hullmhóide arb e atá inti ion-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú, muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae agus turcaithe lena ramhrú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Maidir le húdarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ar ullmhóid í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, le haghaidh bainbh scoite, béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú, muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae agus turcaithe lena ramhrú, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe le haghaidh bainbh diúil, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 3
Aisghairm
Aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1088/2011, (AE) Uimh. 989/2012 agus (AE) Uimh. 1040/2013.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei MUCL 49754, mar a údaraítear le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1088/2011, (AE) Uimh. 989/2012 agus (AE) Uimh. 1040/2013, agus réamh-mheascáin a bhfuil an ullmhóid sin iontu atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh bainbh scoite, béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú, muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae agus turcaithe lena ramhrú, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Samhain 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Bealtaine 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán bheathaithe dá dtagraítear i mír 1 atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh bainbh scoite, béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú, muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae agus turcaithe lena ramhrú, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Bealtaine 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Bealtaine 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1088/2011 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2011 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei (MUCL 49755) agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei (MUCL 49754) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe Aveve NV) (IO L 281, 28.10.2011, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/1088/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 989/2012 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei (MUCL 49755) agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei (MUCL 49754) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Aveve NV) (IO L 297, 26.10.2012, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/989/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1040/2013 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2013 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei (MUCL 49755) agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei (MUCL 49754) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh le haghaidh béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Aveve NV) (IO L 283, 25.10.2013, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1040/oj).
(5) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8852; EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8853.
(6) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8951.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta. |
|||||||||||||||||||
|
4a9 |
AVEVE BV |
Ion-1,4-béite-xiolanáis (CE 3.2.1.8) Ion–1,3(4)-béite-ghlúcanáis (CE 3.2.1.6) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid ard é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáise arna tháirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755 agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáise arna tháirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 a bhfuil gníomhaíocht íosta acu de: 40 000 XU (1) agus 9 000 BGU (2)/g. Foirmeacha soladacha agus leachtacha. Tréithriú na substainte gníomhaí Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49755, ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.6) arna táirgeadh le Trichoderma reesei MUCL 49754 Modh anailíse (3) Maidir le hion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le hion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis i mbeatha chumaisc a chinneadh:
|
Bainbh (bainbh scoite agus bainbh diúil) Muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae Turcaithe lena ramhrú Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga |
- |
4 000 XU 900 BGU |
- |
|
an 1 Bealtaine 2035 |
||||||||||
|
Mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
3 000 XU 675 BGU |
||||||||||||||||||
(1) Is éard atá in 1 XU méid na heinsíme lena scaoiltear 1 μmol de shiúcra dí-ocsaídithe in aghaidh an nóiméid ó xiolán de speilt choirce ag pH 4,8 agus 50 °C.
(2) Is éard atá in 1 BGU méid na heinsíme lena scaoiltear 1 μmol de shiúcra dí-ocsaídithe in aghaidh an nóiméid ó bhéite-ghlúcan d’eorna ag pH 5,0 agus 50 °C.
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/711/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)