European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/707

11.4.2025

CINNEADH (CBES) 2025/707 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 8 Aibreán 2025

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh mar thaca le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/1/2025)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/1869 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh mar thaca le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh (CBES) 2017/1869, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh mar thaca le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh, ar bhonn togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).

(2)

An 29 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1247 (2), lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869 agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EUAM Iraq ón 1 Bealtaine 2024 go dtí an 30 Aibreán 2026.

(3)

An 30 Aibreán 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/1308 (3) lena gcuirtear síneadh le sainordú Anders WIBERG mar Cheann Misin EUAM Iraq ón 1 Bealtaine 2024 go dtí an 30 Aibreán 2025.

(4)

An 20 Feabhra 2025, mhol an tArdionadaí go gcuirfí síneadh le sainordú Anders WIBERG mar Cheann Misin EUAM Iraq ón 1 Bealtaine 2025 go dtí an 15 Lúnasa 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh le sainordú Anders WIBERG mar Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh mar thaca le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) ón 1 Bealtaine 2025 go dtí an 15 Lúnasa 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil. an 8 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An Cathaoirleach

D. PRONK


(1)   IO L 266, 17.10.2017, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1869/oj.

(2)  Cinneadh (CBES) 2024/1247 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh mar thaca le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (IO L, 2024/1247, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1247/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/1308 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 30 Aibreán 2024 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh mar thaca le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/1/2024) (IO L, 2024/1308, 13.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1308/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/707/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)