European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/693

12.5.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/693 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Feabhra 2025

maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an scála do mhisin ag oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh sna Ballstáit

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh agus do Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 112(2) de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 13 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leo,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne,

Tar éis dul i gcomhairle leis na hionadaithe foirne ó institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 13(3) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, chuir Eurostat tuarascáil isteach maidir le héabhlóid praghsanna óstán, bialann agus seirbhísí lónadóireachta.

(2)

Léirítear sa tuarascáil sin gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais chothaithe laethúla agus ar na huasteorainneacha óstán chun éabhlóid praghsanna óstán, bialann agus seirbhísí lónadóireachta a chur san áireamh.

(3)

Tá measúnú ar staideanna casta eacnamaíocha agus/nó sóisialta i gceist le hathbhreithniú ar rátaí an liúntais cothaithe laethúil agus na n-uasteorainneacha óstán.

(4)

San athchóiriú deireanach a rinneadh ar Rialacháin Foirne oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ar Choinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, leagadh béim ar an ngá atá le hiarracht ar leith ó gach uile riarachán poiblí agus ó gach uile chomhalta dá fhoireann chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun dul in oiriúint don chomhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta atá ag athrú san Eoraip.

(5)

Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 1 Feabhra 2020, aisíocaíocht le hoifigigh agus seirbhísigh eile ar chaiteachas arna thabhú ar mhisean sa Bhallstát sin, níor cheart í a bheith faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagal 13(2), pointe (a), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a thuilleadh.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 13(2), pointe (a), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 13(2), pointe (a), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

(in EUR)

Ceann scríbe

Uasteorainn óstán

Liúntas laethúil

an Bheilg

171

132

an Bhulgáir

121

78

an tSeicia

149

98

an Danmhairg

208

172

an Ghearmáin

154

123

an Eastóin

118

125

Éire

191

144

an Ghréig

134

108

an Spáinn

154

101

an Fhrainc

212

127

an Chróit

132

99

an Iodáil

178

116

an Chipir

145

103

an Laitvia

128

110

an Liotuáin

114

103

Lucsamburg

178

142

an Ungáir

135

93

Málta

166

109

an Ísiltír

190

137

an Ostair

158

131

an Pholainn

126

95

an Phortaingéil

121

95

an Rómáin

109

88

an tSlóivéin

140

108

an tSlóvaic

120

104

an Fhionlainn

170

155

an tSualainn

198

135 ’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/693/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)