lena leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES (1).
(2)
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/235/CBES, measann an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 13 Aibreán 2026.
(3)
Chinn an Chomhairle gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le beirt atá ainmnithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES a bhaint agus gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le 20 duine a thabhairt cothrom le dáta.
(4)
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES mar a leanas:
(1)
in Airteagal 6, mír 2, cuirtear an dáta ‘13 Aibreán 2026’ in ionad an dáta ‘13 Aibreán 2025’.
(2)
leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES (‘Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2’) mar a leanas:
(1)
sa liosta dar teideal ‘Daoine’, scriostar iontrálacha 68 (a bhaineann le RAMIN Mohammad-Ali) agus 169 (a bhaineann le NILFRUSHAN Abbas Mortaza);
(2)
sa liosta dar teideal ‘Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis an 20 duine seo a leanas:
Breitheamh ag Coimpléasc Breithiúnach Shahid Muftah. Iar-ghiúistís dlísheomra choiriúil. Iar-bhreitheamh, Cúirt Réabhlóideach Tehran, brainse 26. Bhí sé i gceannas ar chásanna iarthoghcháin. Ghearr sé téarmaí fada príosúnachta le linn trialacha éagóracha ar ghníomhaithe ar son chearta an duine agus chuir sé pionós an bháis ar roinnt agóideoirí.
12.4.2011
29.
BOZORGNIA Mostafa
Inscne: fireann
Feidhm: Ceann bharda 350 i bPríosún Evin
Ceann bharda 350 i bPríosún Evin, a bhfuil míchlú air mar áit phríosúnachta do phríosúnaigh pholaitiúla an réimis agus mar gheall ar na fíor-dhrochdhálaí coinneála a bhaineann leis. D’imir sé foréigean díréireach ar phríosúnaigh roinnt uaireanta.
12.4.2011
33.
ABBASZADEH-MESHKINI Mahmoud
Inscne: fireann
Feisire Parlaiminte ó mhí Feabhra 2020 go 2024 agus Spéicéir Choiste na Parlaiminte um Shlándáil Náisiúnta agus Gnóthaí Eachtracha a bhfuil tacaíocht á tabhairt aige i gcónaí do réimeas na hIaráine, lena n-áirítear trí údar a thabhairt leis an mí-úsáid a rinne an réimeas i gcoinne na gluaiseachta “Bean, Beatha, Saoirse”.
Comhairleoir de chuid Ard-Chomhairle na hIaráine um Chearta an Duine go dtí 2019. Iar-rúnaí de chuid na hArd-Chomhairle um Chearta an Duine. Iarghobharnóir Chúige Ilam. Iarstiúrthóir Polaitiúil de chuid na hAireachta Gnóthaí Baile. Agus é ina Cheann ar Choiste Dlí Airteagal 10 um Ghníomhaíochtaí na bPáirtithe agus na nGrúpaí Polaitiúla, bhí sé i gceannas ar léirsithe agus imeachtaí poiblí eile a údarú agus ar pháirtithe polaitiúla a chlárú.
Sa bhliain 2010, chuir sé gníomhaíochtaí dhá pháirtí pholaitiúla leasaitheacha a bhí nasctha le Mir-Hossein Mousavi – Fronta Ioslamach Rannpháirtíochta na hIaráine agus Eagraíocht Mujahedeen na Réabhlóide Ioslamaí – ar fionraí. Ó 2009 ar aghaidh, tá toirmeasc comhsheasmhach leanúnach á chur aige ar na cruinnithe neamhrialtasacha go léir, agus dá bhrí sin dhiúltaigh sé an ceart bunreachtúil chun agóid a dhéanamh agus rinne sé go leor léirsitheoirí síochánta a ghabháil dá bharr sin, de shárú ar an gceart chun saoirse comhthionóil.
In 2009, dhiúltaigh sé freisin cead don fhreasúra searmanas a eagrú chun daoine a maraíodh le linn agóidí de bharr thoghcháin an Uachtaráin a chaoineadh.
10.10.2011
40.
HABIBI Mohammad Reza
Inscne: fireann
Feidhm: Príomh-Bhreitheamh Isfahan, iarArd-Aighne Isfahan, iarLeas-Ionchúisitheoir Isfahan agus iar-Cheann oifig na hAireachta Dlí agus Cirt in Yazd
Príomh-Bhreitheamh Isfahan, iarArd-Aighne Isfahan, iar-Leas-Ionchúisitheoir Isfahan agus iarCheann oifig na hAireachta Dlí agus Cirt in Yazd. Sna cúraimí éagsúla a bhí air mar bhreitheamh in Isfahan agus Yazd, lena n-áirítear an cúram atá air faoi láthair mar Phríomh-Bhreitheamh Isfahan, tá páirt dhíreach glactha aige i sárú ar chearta na saoránach agus é freagrach as an sárú sin, go háirithe an ceart chun saoirse cainte, an ceart chun agóid a dhéanamh, an ceart chun beatha, agus sárú ar thoirmeasc an chéasta. Bhí ról díreach ag Mohammad Reza Habibi freisin i gcur faoi chois agus i mórshárú an chirt chun agóid a dhéanamh le linn na n-agóidí ar fud na tíre i mí Eanáir 2017 agus i mí na Samhna 2019. Dá bhrí sin, ina cháil mar Phríomh-Bhreitheamh Isfahan, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
10.10.2011
46.
KAMALIAN Behrouz
(dá ngairtear freisin Hackers Brain, Behrooz_Ice)
Áit bhreithe: Tehran (an Iaráin)
Dáta breithe: 1983
Inscne: fireann
Feidhm: Ceannaire ar an gcibearghrúpa “Ashiyaneh”
Ceannaire ar an gcibearghrúpa “Ashiyaneh” a bhfuil nasc aige le réimeas na hIaráine. Tá “Ashiyaneh” Digital Security, grúpa a bhunaigh Behrouz Kamalian, freagrach as dian-chibirionsaithe ar an lucht freasúra intíre, ar leasaitheoirí intíre agus ar institiúidí eachtracha. Chuidigh obair eagraíocht “Ashiyaneh” (eagraíocht Kamalian) le cniogbheartaíocht an réimis i gcoinne an fhreasúra a raibh go leor sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gceist léi.
10.10.2011
48.
MAHSOULI Sadeq
(dá ngairtear freisin MAHSULI Sadeq)
Áit bhreithe: Oroumieh (an Iaráin)
Dáta breithe: 1959/1960
Inscne: fireann
Feidhm: Ardrúnaí Fronta Paydari (Fronta na Cobhsaíochta Ioslamaí) (Paydari Front (Front of Islamic Stability))
Ardrúnaí Fronta Paydari (Fronta na Cobhsaíochta Ioslamaí) ó 2021 i leith agus Leas-Ardrúnaí Fronta Paydari roimh 2021. Tá Fronta Paydari gníomhach le fada i gcleachtais gabhála stáit, insíothlú institiúidí agus síolteagasc Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). Tar éis don ghluaiseacht “Bean, Beatha, Saoirse”, teacht ar an saol, rud a seoladh i Meán Fómhair 2022, bhí ról ríthábhachtach ag Fronta Paydari faoi cheannaireacht Mahsouli ó thaobh na ndiandlíthe hijab agus geanmnaíochta a bhrú chun tosaigh agus a chur i bhfeidhm.
Tá Mahsouli ina iar-chomhairleoir de chuid an Iar-Uachtaráin Mahmoud Ahmadinejad. Is iar-chomhalta é freisin den Chomhairle Caothúlachta agus ina iarLeas-Cheann ar an bhFronta Buansheasmhach. Bhí sé ina Aire Leasa agus Slándála Sóisialta idir 2009 agus 2011 agus ina Aire Gnóthaí Baile go dtí mí Lúnasa 2009. Agus é ina Aire Gnóthaí Baile, bhí údarás ag Mahsouli ar na fórsaí póilíneachta, ar ghníomhairí slándála na haireachta inmheánaí agus ar na gníomhairí i ngnáthéadaí go léir. Bhí na fórsaí a bhí faoina stiúir freagrach as ionsaithe ar shuanliosanna in Ollscoil Tehran an 14 Meitheamh 2009 agus as céasadh mac léinn in íoslach na hAireachta (leibhéal 4 míchlúiteach an íoslaigh). Rinneadh mí-úsáid thromchúiseach ar agóideoirí eile in Ionad Coinneála Kahrizak, a bhí á fheidhmiú ag póilíní faoi rialú Mahsouli.
10.10.2011
54.
TAMADDON Morteza
(dá ngairtear freisin TAMADON Morteza)
Áit bhreithe: Shahr Kord-Isfahan (an Iaráin)
Dáta breithe: 1959
Inscne: fireann
Feidhm: Comhalta boird in Ollscoil Teicneolaíochta Khajeh Nasireddin Tusi. Iar-Cheann ar Chomhairle cúige na Slándála Poiblí in Tehran. Iar-Ard-Ghobharnóir IRGC i gCúige Tehran
Polaiteoir a bhfuil dlúthbhaint aige le hiarUachtarán na hIaráine, Ahmadinejad. Comhalta boird in Ollscoil Teicneolaíochta Khajeh Nasireddin Tusi. IarCheann ar Chomhairle cúige na Slándála Poiblí in Tehran. IarArd-Ghobharnóir IRGC i gCúige Tehran. Ina cháil mar Ghobharnóir agus mar Cheannaire ar Chomhairle cúige na Slándála Poiblí in Tehran, bhí sé freagrach go foriomlán as na gníomhaíochtaí diansmachtúla go léir a rinne IRGC i gCúige Tehran, lena n-áirítear cniogbheartaíocht a dhéanamh ar agóidí polaitiúla ó mhí an Mheithimh 2009 i leith.
10.10.2011
57.
HAJMOHAM- MADI Aziz
(dá ngairtear freisin Aziz Hajmohammadi, Noorollah Azizmohammadi)
Áit bhreithe: Tehran (an Iaráin)
Dáta breithe: 1948
Inscne: fireann
Feidhm: Aturnae in Tehran ó 2020 i leith. Iar-bhreitheamh i mbrainse 71 sa Chúirt Choiriúil i gCúige Tehran
Aturnae in Tehran ó 2020 i leith. Iar-bhreitheamh i mbrainse 71 sa Chúirt Choiriúil i gCúige Tehran. Ag obair dó thar ceann na mbreithiúna ó 1971 i leith, bhí sé páirteach i roinnt trialacha d’agóideoirí, lena n-áirítear Abdol-Reza Ghanbari, múinteoir a gabhadh i mí Eanáir 2010 agus a daoradh chun báis mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí polaitiúla. Tá teist aige maidir le sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear pianbhreitheanna mídhaonna, pianbhreitheanna báis agus pianbhreitheanna príosúin a chur ar phríosúnaigh pholaitiúla.
10.10.2011
58.
BAGHERI Mohammad-Bagher
Dáta breithe: 1941
Inscne: fireann
Feidhm: Leas-Cheann na mBreithiúna do Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus mar Rúnaí Foirne um Chearta an Duine
In 2019, ceapadh Mohammad-Bagher Bagheri mar Leas-Cheann na mBreithiúna do Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus mar Rúnaí Foirne um Chearta an Duine, in ionad Mohammad Javad Larijani sa chúram sin le foraithne ó Ebrahim Raisi. Bhí sé ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach idir mí na Nollag 2015 agus 2019. Iar-leaschathaoirleach ar riarachán breithiúnach chúige South Khorasan, agus é i gceannas ar chosc na coireachta. Chomh maith le 140 bású as cionta caipitil a admháil i mí an Mheithimh 2011, a tharla idir Márta 2010 agus Márta 2011, tuairiscítear gur tharla thart ar 100 bású eile le linn na tréimhse céanna agus sa chúige chéanna, mar atá cúige South Khorasan, gan fógra a thabhairt do na teaghlaigh ná do na dlíodóirí. Bhí sé, dá bhrí sin, comhpháirteach i sárú tromchúiseach ar an gceart chun próise cuí, agus é ag cur le líon ard de phionóis bháis.
10.10.2011
73.
FARHADI Ali
Inscne: fireann
Feidhm: Ceann ar Eagraíocht Phionósach an Rialtais; IarLeas-Cheann na Cigireachta um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Iniúchadh Poiblí in Aireacht Dlí agus Cirt Tehran. Iar-ionchúisitheoir Karaj
In 2024, cheap Aire Dlí agus Cirt na hIaráine Ali Farhadi ina cheann ar Eagraíocht Phionósach an Rialtais, atá ina heagraíocht chlaonta a bhfuil dímheas aici ar chearta na saoránach. IarLeas-Cheann na Cigireachta um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Iniúchadh Poiblí in Aireacht Dlí agus Cirt Tehran. Iar-ionchúisitheoir Karaj. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear cásanna cúirte ionchúisimh inar cuireadh pionós an bháis. Tharla líon ard básuithe i réigiún Karaj le linn a thréimhse mar ionchúisitheoir.
23.3.2012
79.
RASHIDI AGHDAM Ali Ashraf
Inscne: fireann
Feidhm: Leas-Stiúrthóir Sláinte, Ceartúcháin agus Oideachais Phríosúin Tehran ó 2015. IarCheann Phríosún Evin; IarCheann Phríosún Diesel Abad in Kermanshah
Leas-Stiúrthóir Sláinte, Ceartúcháin agus Oideachais Phríosúin Tehran ó 2015. IarCheann Phríosún Evin (2012-2015) agus Phríosún Diesel Abad in Kermanshah. Tháinig meath ar dhálaí sna príosúin, le linn a théarma, agus rinneadh tagairt i dtuairiscí do dhrochíde níos déine a bheith á tabhairt do phríosúnaigh. I mí Dheireadh Fómhair 2012, chuaigh naonúr príosúnach mná ar stailc ocrais i bPríosún Evin mar agóid i gcoinne shárú a gceart agus i gcoinne na gardaí príosúin a bheith ag caitheamh go foréigneach leo.
12.3.2013
107.
VAHIDI Ahmad
وحیدى احمد
Áit bhreithe: Shiraz (an Iaráin)
Dáta breithe: 27.7.1958
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Caothúlachta; IarAire Gnóthaí Baile (Minister of Interior)
Ceapadh Ahmad Vahidi ina chomhalta den Chomhairle Caothúlachta ar feadh téarma 5 bliana an 22 Meán Fómhair 2022. Ba é Aire Gnóthaí Baile na hIaráine é ón 25 Lúnasa 2021 go dtí 2024. Dá réir sin, bhí sé freagrach as Fórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF).
Agus é i mbun oifige, ceapadh líon oifigeach míleata agus slándála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo chuig gobharnóirí cúigeacha a imríonn príomhróil fós maidir le comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rialaithe sluaite ag fórsaí speisialta póilíneachta, ag mílíste Basij agus ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC).
Tá cur síos cuimsitheach déanta cheana féin ar na sáruithe follasacha tromchúiseacha ar chearta an duine atá déanta ag LEF, mar shampla, lámhach neamh-idirdhealaitheach agóideoirí síochánta le harmlón beo, leanaí san áireamh, ó cuireadh tús le hagóidí a bhain le bás Mahsa Amini, agus a thosaigh i lár mhí Mheán Fómhair 2022. Fuair os cionn 70 agóideoir bás agus gortaíodh na céadta go dona, leanaí san áireamh. Ó cuireadh tús leis na léirsithe, tá an iliomad cosantóirí agus iriseoirí ar chearta an duine coinnithe go treallach ag na fórsaí póilíneachta. Mhol Vahidi go poiblí freisin cur chuige fíordhian i leith daoine a ghlacann páirt sna léirsithe.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
14.11.2022
125.
MOHAMMADIAN Abbas-Ali
محمدیان عباس-علی
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: Ceannasaí póilíneachta ar Mhórcheantar Tehran; iar-cheann ar Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí (Law Enforcement Forces) (LEF) na hIaráine i gcúige Alborz (Karaj)
Tá Abbas-Ali Mohammadian ina cheannasaí póilíneachta ar Mhórcheantar Tehran ó mhí Eanáir 2023. Is é iar-cheann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí (LEF) na hIaráine i gcúige Alborz (Karaj) é, post a bhí aige ó 2017 go 2023).
Is cúige é Alborz (Karaj) ina bhfuil mórléirsithe ar siúl ó mhí Mheán Fómhair 2022 ar imir na póilíní foréigean iomarcach orthu. Bhí na fórsaí slándála ag scaoileadh go minic go díreach le hagóideoirí síochánta, rud ba chúis le go leor básanna, leanaí san áireamh.
Ina cháil mar cheannasaí póilíneachta ar Mhórcheantar Tehran, tá sé freagrach as beartais a chur chun feidhme lena sáraítear cearta na mban.
Agus é ina iar-cheann ar LEF i gcúige Alborz (Karaj) agus ina cheannasaí póilíneachta i láthair na huaire ar Mhórcheantar Tehran, tá Abbas-Ali Mohammadian freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
14.11.2022
140.
MIRAHMADI Seyyed Majid
مجید سید میراحمدى
Áit bhreithe: an Iaráin
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Céim: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceann ar Cheanncheathrú Lárnach Arbaeen, iarLeas-Aire Gnóthaí Baile na hIaráine (former Deputy Minister of Interior of Iran)
Tá an Briogáidire-Ghinearál Seyyed Majid Mirahmadi ina cheann ar Cheanncheathrú Lárnach Arbaeen - post a bhíonn ag baill de na fórsaí slándála go traidisiúnta. Ba é Leas-Aire Gnóthaí Baile na hIaráine go dtí 2024 é, agus é freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhórsaí slándála agus póilíneachta na hIaráine, gníomhaithe a bhfuil baint acu le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
Tá fórsaí slándála agus póilíneachta na hIaráine ag déanamh cos ar bolg go foréigneach ar agóidí, ag lámhach agóideoirí síochánta go díreach agus ag gabháil daoine go treallach agus neamhaird iomlán á tabhairt acu ar a gcearta daonna.
Sna ráitis atá eisithe aige, tagraíonn Mirahmadi do na hagóidí mar chíréibeacha nach mór deireadh a chur leo, agus déanann sé na daoine a ghlacann páirt in agóidí síochánta a choiriúlú agus bagairt orthu. Tá sé ag ceilt na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne fórsaí faoina údarás go pearsanta freisin, mar shampla, trína mhaíomh gur chuir an t-agóideoir 16 bliana d’aois Nika Shakrami lámh ina bás féin. Tugtar le fios i dtuairiscí gur rídhócha gur mharaigh na fórsaí slándála í.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
12.12.2022
145.
KARIMI Mohsen
محصن کریمی
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Céim: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Comhairleoir Sinsearach ag Ceannasaí Fhórsaí Talún Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC), iarCheannasaí Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) i gcúige Markazi
Ó mhí na Bealtaine 2024 i leith, tá an Briogáidire-Ghinearál Mohsen Karimi ina Chomhairleoir Sinsearach ag Ceannasaí Fhórsaí Talún Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). Tá sé ina iarcheannasaí ar IRGC i gcúige Markazi, dá ngairtear Cór Ruhollah (Ruhollah Corps) freisin. Is aonad míleata de chuid IRGC é Cór Ruhollah a bhfuil a cheanncheathrú lonnaithe in Arak agus tá sé freagrach as a bheith i gceannas ar aonaid uile IRGC agus Basij atá lonnaithe i gcúige Markazi agus iad a rialú.
Tá sé freagrach as cur faoi chois foréigneach na bhfórsaí slándála ar agóidí in 2022, as ar eascair bás Mehrshad Shahidi, 19 mbliana d’aois, in ionad coinneála IRGC in Arak.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
Feidhm: Comhalta d’Aireacht Faisnéise agus Slándála (Ministry of Intelligence and Security) (MOIS) na hIaráine; duine de chomhbhunaitheoirí agus POF Acadamh Ravin
Tá Seyed Mojtaba Mostafavi ina chomhalta d’Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine (MOIS) agus ina chomhbhunaitheoir agus ina POF ar Acadamh Ravin, eintiteas atá liostaithe ag an Aontas, agus ina gcuirtear oiliúint ar dhaoine aonair sa chibearshlándáil agus sa haiceáil, agus a earcaíonn as measc na n-oiliúnaithe sin do MOIS.
Tá baint fhorleathan ag MOIS le grúpaí inmheánacha freasúra a insíothlú, faireachán a dhéanamh ar bhagairtí intíre agus ar easaontóirí easaoránacha agus spiairí agus easaontaigh líomhnaithe a ghabháil.
Tá Seyed Mojtaba Mostafavi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
20.2.2023
185.
NESARI Habibollah Jan
Áit bhreithe: an Iaráin
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Céim: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí Imam Hassan Mujtaba Police Officer Training University; iar-ionadaí i gceannas ar oiliúint agus oideachas Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí Phoblacht Ioslamach na hIaráine (Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran) (LEF)
Is é an Briogáidire-Ghinearál Habibollah Jan Nesari ceannasaí Imam Hassan Mujtaba Police Officer Training University ó dheireadh 2023. Is iar-leas-cheannasaí i gceannas ar oiliúint agus oideachas é d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí Phoblacht Ioslamach na hIaráine (LEF) atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, post a bhí aige ó 2019 go 2023.
Idir 2016 agus an 30 Nollaig 2019, bhí sé ina leas-cheannasaí ar Aonaid Speisialta LEF.
Ina cháil mar leas-cheannasaí, bhí sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na fórsaí a d’úsáid airm mharfacha agus neamh-mharfacha le linn na n-agóidí ar fud na tíre i mí na Samhna 2019 inar maraíodh na céadta agóideoir. Fuair Binse Idirnáisiúnta an Phobail maidir le hAinghníomhartha na hIaráine (International People’s Tribunal on Iran’s Atrocities) ciontach é i gcoireanna in aghaidh an chine dhaonna as a ról sa chniogbheartaíocht ar agóideoirí ina cháil mar leas-cheannasaí. Mar chuid de na fórsaí slándála, fuarthas amach go ndearna na fórsaí póilíneachta plean a cheapadh agus a chur chun feidhme chun coireanna in aghaidh an chine dhaonna a dhéanamh, chomh maith le dúnmharú, príosúnacht, fuadach forfheidhmithe, céasadh agus foréigean gnéasach chun na hagóidí a chur faoi chois agus na coireanna a rinneadh le linn agóidí mhí na Samhna 2019 a cheilt.
Agus é ina leas-cheannasaí i gceannas ar oiliúint agus oideachas de chuid LEF agus ina cheannasaí ar Imam Hassan Mujtaba Police Officer Training University, bhí Nesari freagrach go pearsanta as na sáruithe ar chearta an duine a rinne LEF. Bhí LEF, ar chuir sé oiliúint air, mar chuid den chniogbheartaíocht fhoréigneach a rinneadh ar agóideoirí le linn na n-agóidí a bhris amach i mí Mheán Fómhair 2022, lena n-áirítear trí úsáid mharfach an fhornirt i gcoinne agóideoirí Iaránacha.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
20.2.2023
202.
SHARIF Ramezan
شریف رمظان
Áit bhreithe: an Iaráin
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: Ceann ar an Ionad Taighde agus Doiciméadachta Cosanta Beannaithe de chuid Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC); iar-urlabhraí IRGC
Tá Ramezan Sharif ina cheann ar an Ionad Taighde agus Doiciméadachta Cosanta Beannaithe de chuid Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) ó mhí Iúil 2024. Is iar-urlabhraí de chuid IRGC é.
Bhí baint mhór ag IRGC le hagóidí san Iaráin a chur faoi chois go gníomhach agus go foréigneach in 2022 agus 2023 agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
Sa ról atá aige, tá Sharif ag ceilt agus ag tacú le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag IRGC.
Dá bhrí sin, tá Ramezan Sharif freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
20.2.2023
203.
JOMEIRI Fathollah
Áit bhreithe: an Iaráin
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Céim: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceann na hEagraíochta Cosanta Faisnéise de chuid Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)/Aonad Slándála IRGC
Tá an Briogáidire-Ghinearál Fathollah Jomeiri ina cheann ar an Eagraíocht Cosanta Faisnéise de chuid Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC), dá ngairtear freisin Aonad Slándála IRGC.
Tá an t-aonad seo freagrach as bonneagar ríthábhachtach agus príomhréimsí na tíre a chosaint, daoine aonair tábhachtacha, mar shampla, boic mhóra an réimis, ach thar aon rud eile, an réimeas a chosaint.
Bhí baint mhór ag IRGC le hagóidí san Iaráin a chur faoi chois go gníomhach agus go foréigneach in 2022 agus 2023 agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
Sa ról atá aige, déanann Jomeiri sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag IRGC a stiúradh, a éascú agus a cheadú.
Dá bhrí sin, tá Fathollah Jomeiri freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
20.2.2023
224.
NIKVARZ Mohsen
محسن نیک ورز
Áit bhreithe: an Iaráin
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Iaránach
Feidhm: Ceann ar Roinn Cosanta Breithiúnaí agus Faisnéise Oifig an Ionchúisitheora i gCúige Kerman, iarIonchúisitheoir Poiblí Sirjan
Tá Mohsen Nikvarz ina cheann ar Roinn Cosanta Breithiúnaí agus Faisnéise Oifig an Ionchúisitheora i gCúige Kerman ó mhí Eanáir 2024.
Ina cháil mar Ionchúisitheoir Poiblí Sirjan, bhí Mohsen Nikvarz freagrach as roinnt dlíodóirí a ghabháil go treallach in Sirjan agus as pianbhreitheanna báis a ghearradh orthu le linn agóidí 2019. In 2023, tugadh ardú céime dó go Ceann Ionaid um Chosaint agus Faisnéise Ceartais chúige Kerman.
I gcomhthéacs na n-agóidí a bhris amach i mí Mheán Fómhair 2022, bhí baint ag Nikvarz le cás Maryam Arvin, cás inar ionchúisigh sé í as a cuid gníomhaíochtaí mar dhlíodóir cosanta d’agóideoirí. Tar éis a gabhála, a bhfuil freagracht phearsanta ag Nikvarz ina leith, céasadh go brúidiúil Maryam Arvin sa phríosún.
Tá Mohsen Nikvarz freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.