|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/675 |
7.4.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/675 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Aibreán 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún maidir le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘rothstoc — innill ghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE ón gCoimisiún maidir le clár na gcineálacha údaraithe feithiclí iarnróid
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 5(11) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘rothstoc - innill traenach agus rothstoc paisinéirí’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (‘STI LOC&PAS’). |
|
(2) |
Le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún (3), leagtar amach na cuspóirí sonracha ar cheart a bheith comhtháthaithe sna sonraíochtaí teicniúla maidir le hidir-inoibritheacht. I gcomhréir le hAirteagal 4(5) den Chinneadh, le Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014, tá athruithe le déanamh ar an nós imeachta maidir le fochórais mhóibíleacha a chur ar an margadh a chur san áireamh, lena n-áirítear na seiceálacha roimh chéadúsáid na bhfeithiclí údaraithe. |
|
(3) |
Mar gheall ar an ngá atá le tacú le hiompar a bhaineann le cosaint ar fud líonraí a bhfuil sonraíochtaí teicniúla éagsúla acu, dhírigh an earnáil iarnróid agus tionscal an tsoláthair iarnróid iarraidh chuig an gCoimisiún simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas chun feithiclí iarnróid a údarú do phearsanra a thionlacann traenacha a iompraíonn trealamh (e.g. pearsanra míleata a thionlacann trealamh a bhaineann le cosaint, comhraiceoirí dóiteáin, foireann an bhainisteoir bonneagair nó an ghnóthais iarnróid). Sainaithníodh sa mhalartú a rinne an Choimisiúin le saineolaithe an gá atá leis an raon feidhme do leasú den sórt sin a leathnú chuig catagóir níos leithne cásanna úsáide. |
|
(4) |
Leis an gcreat atá ann faoi láthair maidir le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht (STInna), is féidir feithiclí den sórt sin a údarú, lena n-áirítear seiceáil na comhlíontachta le rialacha náisiúnta. Mar sin féin, leis an bpróiseas údaraithe arna bhainistiú ag Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA), ceanglaítear uirthi measúnuithe a bhailiú ó Údaráis Náisiúnta Sábháilteachta aonair, rud lena dtugtar isteach castacht mhór, éiginnteacht agus moilleanna sa chinnteoireacht. |
|
(5) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014, leagtar amach na ceanglais atá le comhlíonadh le haghaidh an phróisis údaraithe feithiclí agus cuireann sé idir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh iarnróid chun cinn ach faoi láthair ní chumhdaítear leis feithiclí iompair neamhphaisinéirí atá beartaithe pearsanra a iompar ach nach bhfuil beartaithe lena n-úsáid le haghaidh seirbhís do phaisinéirí, faoi raon feidhme STI LOC&PAS. |
|
(6) |
Trí chomhcheanglais a shainiú le haghaidh údaruithe uathúla, éascaítear an próiseas údaraithe d’fheithiclí atá le hoibriú ar ghréasán iomlán an Aontais. Déantar an t-ualach maidir le seiceálacha réamhúdaraithe, tástálacha réamhúdaraithe agus deimhniú réamhúdaraithe a cheanglaítear le rialacha náisiúnta a theorannú go dtí an t-íosmhéid is gá chun comhoiriúnacht bealaí le gréasáin nach bhfuil comhchuibhithe go fóill a áirithiú. Faoin gcoincheap sin, tá solúbthacht ag an ngnóthas iarnróid maidir le húsáid feithiclí agus tá sé d’oibleagáid air an tseiceáil ar chomhoiriúnacht bealaí a dhéanamh ag an am céanna. |
|
(7) |
Is gá, dá bhrí sin, sonraíochtaí teicniúla a leagan amach maidir le húdarú uathúil feithiclí neamhphaisinéirí agus atá beartaithe chun pearsanra a iompar, amhail pearsanra míleata, pearsanra iarnróid nó comhraiceoirí dóiteáin. |
|
(8) |
Chun gur féidir próiseas tapa údaraithe a chur ar fáil chun carráistí pearsanra a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar fad, ba cheart na ceanglais shonracha is infheidhme maidir le carráistí pearsanra a choigeartú chun a léiriú go bhfuil sé beartaithe na haonaid sin a oibriú laistigh de thraenacha lastais agus nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. |
|
(9) |
Thairis sin, laghdaíodh raon feidhme chás sonrach na Sualainne a bhain le córas braite an bhosca the, rud a chuireann feabhas ar cheanglais choiteanna ar leibhéal an Aontais agus dá réir sin, a théann chun tairbhe an phróisis údaraithe feithiclí. |
|
(10) |
Chun an gá le rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm a sheachaint agus chun gur féidir údarú uathúil a chur ar fáil le haghaidh carráistí pearsanra, ba cheart ceanglais theoranta a shainiú, go háirithe, a mhéid a bhaineann leis an ualach uasta acastóra agus leis an uasluas. Mar gheall ar shaintréithe an trealaimh a chuireann isteach ar chórais braite traenacha, má tá nasc leictreach idir an carráiste agus an t-inneall féinghluaiste, forbrófar an srian sonrach. Chun a áirithiú nach gcuirfidh an carráiste pearsanra isteach ar chórais braite traenacha taobh riain, ba cheart sonraíochtaí a sholáthar i ndoiciméad teicniúil ERA. Saineofar iad sin ar bhealach lena gceadófar údarú uathúil an carráiste pearsanra gan gá rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 a leasú dá réir sin. |
|
(12) |
Ní chumhdaítear feithiclí atá beartaithe lena n-úsáid i dtraenacha a oibríonn seirbhísí tointeála chun gluaisteáin phríobháideacha agus leoraithe, in éineacht lena dtiománaithe agus a bpaisinéirí, a iompar. Na feithiclí sin - a iompraíonn tiománaithe agus paisinéirí fheithiclí bóthair - atá comhtháthaithe i dtraenacha a oibríonn seirbhísí tointeála le haghaidh feithiclí bóthair, ba cheart iad a bheith faoi réir forálacha eile an rialacháin seo maidir le feithiclí. Ní chumhdaítear, le STInna, feithiclí atá comhtháthaithe i dtraenacha a oibríonn seirbhísí tointeála a iompraíonn tiománaithe agus paisinéirí ar fheithiclí bóthair. |
|
(13) |
Ós rud é nach bhfuil gá le hinniúlacht shonrach nua chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta nó ar fhíorú na bhfochóras, níor cheart go mbeadh aon athrú ann a mhéid a bhaineann leis na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh chun críocha Rialacháin (AE) 1302/2014. |
|
(14) |
Leasófar Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE (4) lena leagtar amach sonraíocht chlár na gcineálacha údaraithe feithiclí iarnróid chun an cineál nua ‘carráiste pearsanra’ a áireamh. |
|
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 1302/2014 ón gCoimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE ón gCoimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘rothstoc — innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 228, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1302/oj).
(3) Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuspóirí sonracha le haghaidh sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a dhréachtú, a ghlacadh agus a athbhreithniú (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2017) 3800) (IO L 210, 15.8.2017, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2017/1474/oj.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2011 maidir le clár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí iarnróid (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2011) 6974),(IO L 264, 8.10.2011, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2011/665/oj).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 1302/2014 ón gCoimisiún mar a leanas:
|
(1) |
I bpointe 2.2.2 ‘Rothstoc’, cuirtear an mhír seo a leanas isteach ag deireadh phointe (A) (3): ‘Is éard is Carráiste Pearsanra ann aonad atá in ann daoine a iompar ach nach bhfuil sé beartaithe é a úsáid le haghaidh seirbhíse do phaisinéirí’. |
|
(2) |
I bpointe 2.3.1 ‘Cineálacha rothstoic’, cuirtear an mhír seo a leanas isteach ag deireadh phointe (A) (3): ‘Feithiclí iompair pearsanra (feithiclí iompair neamhphaisinéirí) a áirítear i dtraein nach n-oibríonn seirbhísí do phaisinéirí: Cuimsítear leis an gcineál sin feithiclí gan tarraingt nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, a úsáidtear go príomha chun pearsanra a iompar (e.g. pearsanra tionlacain míleata, comhraiceoirí dóiteáin, pearsanra an bhainisteora bonneagair nó an ghnóthais iarnróid) agus atá beartaithe lena gcomhtháthú i dtraenacha nach mbíonn rochtain ag an bpobal orthu de ghnáth agus nach bhfuil ceaptha le haghaidh iompar paisinéirí; tá siad faoi raon feidhme an STI seo mar charráistí pearsanra, agus féadfar iad a údarú lena gcur ar an margadh gan a bheith teoranta do limistéar úsáide ar leith faoi réir na gcoinníollacha i bPointe 7.1.1.6.’ |
|
(3) |
I bpointe 4.2.12.2, cuirtear pointe (28) nua isteach tar éis phointe (27) mar a leanas:
|
|
(4) |
Cuirtear pointe 7.1.1.6 nua isteach tar éis phointe 7.1.1.5.2:
|
|
(5) |
Leasaítear pointe 7.3.2.3 mar a leanas: Maidir le cás sonrach na Sualainne, leasaítear tábla 19 mar a leanas: ‘Tábla 19 Crios sprice agus crios coiscthe d’aonaid a mbeartaítear iad a oibriú sa tSualainn
|
|
(6) |
In Aguisín J, leasaítear tábla J-1 mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(7) |
In Aguisín J, leasaítear tábla J-2 mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/665/CE mar a leanas:
Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn III mar a leanas:
Sa cholún ‘catagóir’, cuirtear ‘feithiclí tarlaithe’ in ionad an dara catagóir “feithiclí tarlaithe do phaisinéirí” agus i gcás chód 32 sa cholún ‘fochatagóir’ cuirtear ‘Carráiste pearsanra’ in ionad ‘Forchoimeádta’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/675/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)