European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/672

2.4.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/672 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Márta 2025

maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le ráigeanna den ghalar crúb agus béil san Ungáir agus sa tSlóvaic agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 2029)

(Is iad na téacsanna Gearmáinise, Ungáirise agus Slóvaicise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é an galar crúb agus béil a bhíonn ar ainmhithe san ord mamach Artiodactyla agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseachtaí choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráig den ghalar crúb agus béil in ainmhithe de speicis liostaithe, tá riosca suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina bhfuil ainmhithe de speicis liostaithe ar coimeád.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, foráiltear le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an galar crúb agus béil, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le ráigeanna den ghalar crúb agus béil i mbunaíochtaí ina bhfuil bó-ainmhithe ar coimeád i gContae Győr-Moson-Sopron san Ungáir, agus i réigiún Trnava sa tSlóvaic. Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú san Ungáir agus sa tSlóvaic, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tar éis na ráigeanna sin, ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Ina theannta sin, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 nach mór na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin a chur i bhfeidhm ar a laghad go dtí an 30 Aibreán 2025.

(5)

O rinneadh an leasú is déanaí ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613, tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag an tSlóvaic agus ag an Ungáir go bhfuil ráigeanna nua den ghalar crúb agus béil deimhnithe ann, ráigeanna a deimhníodh an 25 agus an 26 Márta 2025, faoi seach. Tá na ráigeanna nua sin lonnaithe i réigiún Trnava sa tSlóvaic, gar don teorainn leis an Ungáir, agus i gContae Győr-Moson-Sopron san Ungáir, gar don teorainn leis an Ostair. I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh an Ungáir, an tSlóvaic agus an Ostair, i gcomhar le chéile, criosanna srianta nua, ina gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin chun leathadh breise an ghalair sin a chosc.

(6)

Sa staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair, tá ardriosca ann go leathfaidh an galar a thuilleadh, go háirithe ós rud é, de réir na faisnéise a chuir údarás inniúil na hUngáire agus na Slóvaice ar fáil, go bhfuil ceann de na ráigeanna nua lonnaithe lasmuigh de na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613, agus go dtugann an leathadh eipidéimeolaíoch le fios go bhfuil limistéir nach beag buailte.

(7)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc, agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais, agus is gá na limistéir a aithnítear mar chriosanna cosanta, mar chriosanna faireachais agus mar chriosanna srianta breise san Ungáir agus sa tSlóvaic, agus mar chrios faireachais agus mar chriosanna srianta breise san Ostair, a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus fad na mbeart sin a shocrú, i gcomhar leis na Ballstáit sin. Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir atá le cuimsiú sna criosanna srianta sin a shainiú ó thaobh spáis agus ama de araon, ionas nach leathfaidh an galar ón Ostair, ón Ungáir agus ón tSlóvaic go dtí codanna eile de na Ballstáit sin, go dtí Ballstáit eile nó go dtí tríú tíortha. Is gá freisin soiléireacht a sholáthar ar leibhéal an Aontais, trí ghníomh dlí de chuid an Aontais a ghlacadh, lena sonraítear teorannú beacht na limistéar sin agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm iontu, chun aon chur isteach nach bhfuil údar leis a sheachaint a mhéid a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe agus a dtáirgí san Aontas, agus le honnmhairí go tríú tíortha.

(8)

Ina theannta sin, mar gheall ar dhéine agus práinn na staide eipidéimeolaíche, is gá bearta éigeandála breise a ghlacadh chun an riosca go leathfadh an galar a thuilleadh laistigh de chríocha na hOstaire, na hUngáire agus na Slóvaice agus chuig na Ballstáit eile nó chuig tríú tíortha a mhaolú, agus chun aon bhacainn trádála nach bhfuil údar léi ar ghluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí a sheachaint. Chuige sin, is gá a áirithiú go mbeidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe de speicis shoghabhálacha ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise a bhunaítear i gcríoch na mBallstát sin, chuig cinn scríbe lasmuigh d’imlínte seachtracha an chreasa shrianta bhreise ar aon chúis seachas gluaiseachtaí na n-ainmhithe sin go díreach chuig seamlas atá suite laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna lena marú láithreach, agus go gcomhlíonfar coinníollacha breise áirithe.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Bunóidh an Ostair, an Ungáir agus an tSlóvaic criosanna srianta láithreach, lena gcuimseofar criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

2.   Áiritheoidh an Ostair, an Ungáir agus an tSlóvaic an méid seo a leanas:

(a)

go gcuimseofar leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn; agus

(b)

maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, sna criosanna faireachais agus sna criosanna srianta breise, go gcuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

1.   I gcás ina ndeonófar maolú ar an toirmeasc ar ainmhithe de speicis shoghabhálacha a aistriú ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlínte seachtracha chreasa shrianta bhreise a liostaítear san Iarscríbhinn sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, comhlíonfaidh údarú na ngluaiseachtaí sin na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo freisin.

2.   Ní údarófar na gluaiseachtaí ainmhithe dá dtagraítear i mír 1 ach i gcás ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin díreach chuig seamlas atá suite laistigh de chríoch náisiúnta an Bhallstáit chéanna, lena marú láithreach.

3.   Ní údaróidh an t-údarás inniúil aon ghluaiseacht ainmhithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonann na modhanna iompair a úsáidtear na ceanglais maidir le modh iompair ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe a leagtar síos in Airteagal 24 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Ina theannta sin, ní údaróidh an t-údarás inniúil na gluaiseachtaí sin ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní iompraíonn an modh iompair ach ainmhithe de speicis shoghabhálacha a bhfuil an stádas sláinte céanna acu agus a choimeádtar sa bhunaíocht chéanna;

(b)

séalaíonn an t-údarás inniúil an modh iompair ag an mbunaíocht tionscnaimh tar éis luchtú na n-ainmhithe agus baineann an t-údarás inniúil an séala ag an seamlas cinn scríbe.

4.   Na hainmhithe de speicis shoghabhálacha atá le hiompar mar a thagraítear i mír 1, beidh siad faoi réir cigireacht chliniciúil ag an údarás inniúil 24 uair an chloig nó níos lú roimh an dáta iompair.

Airteagal 3

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613.

Airteagal 4

Is chuig Poblacht na hOstaire, chuig an Ungáir agus chuig Poblacht na Slóvaice a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca nach beag ag gabháil leo i ndáil le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 ón gCoimisiún an 24 Márta 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an ngalar crúb agus béil san Ungáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/496 (IO L, 2025/613, 25.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/613/oj).


IARSCRÍBHINN

Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe

Tír

Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí

An Ungáir

HU-FMD-2025-00001

Crios cosanta:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.745480, Long. 17.694840.

30.4.2025

Crios faireachais:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.745480, Long. 17.694840, excluding the areas contained in the protection zone.

30.4.2025

An tSlóvaic

HU-FMD-2025-00001

Crios faireachais:

In district Dunajská Streda: the municipalities of Medveďov, Sap, Baloň, Čiližská Radvaň and Kľúčovec.

In district Komárno: the municipalities of Číčov, Trávnik and Klížska Nemá.

30.4.2025

An tSlóvaic

SK-FMD-2025-00001

Crios cosanta:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8049, Long. 17.6666.

30.4.2025

Crios faireachais:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8049, Long. 17.6666, excluding the areas contained in the protection zone.

30.4.2025

An Ungáir

SK-FMD-2025-00001

Crios faireachais:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8049, Long. 17.6666.

30.4.2025

An tSlóvaic

SK-FMD-2025-00002

Crios cosanta:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8433, Long. 17.6214.

30.4.2025

Crios faireachais:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8433, Long. 17.6214, excluding the areas contained in the protection zone.

30.4.2025

An Ungáir

SK-FMD-2025-00002

Crios faireachais:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8433, Long. 17.6214.

30.4.2025

An tSlóvaic

SK-FMD-2025-00003

Crios cosanta:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9097, Long. 17.5387.

30.4.2025

Crios faireachais:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9097, Long. 17.5387, excluding the areas contained in the protection zone.

30.4.2025

An Ungáir

SK-FMD-2025-00003

Crios faireachais:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9097, Long. 17.5387.

30.4.2025

An tSlóvaic

SK-FMD-2025-00004

Crios cosanta:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9704, Long. 17.4947.

2.5.2025

Crios faireachais:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9704, Long. 17.4947, excluding the areas contained in the protection zone.

2.5.2025

An Ungáir

SK-FMD-2025-00004

Crios faireachais:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9704, Long. 17.4947.

2.5.2025

An Ungáir

HU-FMD-2025-00002

Crios cosanta:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.90917, Long. 17.19819.

17.5.2025

Crios faireachais:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.90917, Long. 17.19819, excluding the areas contained in the protection zone.

17.5.2025

An Ostair

HU-FMD-2025-00002

Crios faireachais:

In the Federal State Burgenland within the district Neusiedl am See the cadastrial communities of Nickelsdorf, Mönchhof, Halbturn and Deutsch Jahrndorf.

17.5.2025

Criosanna srianta breise

Tír

Limistéir a bhunaítear mar chrios srianta breise, cuid den chrios srianta, dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí

An Ungáir

County of Győr-Moson-Sopron, and in the County of Komárom-Esztergom the Districts of Komárom, Tata and Esztergom, excluding the areas contained in any protection or surveillance zone.

17.5.2025

An tSlóvaic

Regions of Bratislava, Trnava and Nitra, excluding the areas contained in any protection or surveillance zone.

17.5.2025

An Ostair

In the Federal State Niederösterreich the district Gänserdorf and within the district Bruck an der Leitha the municipalities Au am Leithaberge, Bad Deutsch-Altenburg, Berg, Bruck an der Leitha, Enzersdorf an der Fischa, Göttlesbrunn-Arbesthal, Götzendorf an der Leitha, Hainburg a.d. Donau, Haslau-Maria Ellend, Höflein, Hof am Leithaberge, Hundsheim, Mannersdorf am Leithagebirge, Petronell-Carnuntum, Prellenkirchen, Rohrau, Scharndorf, Sommerein, Trautmannsdorf an der Leitha, Wolfsthal, Ebergassing, Fischamend, Klein-Neusiedl, Schwadorf;

in the district Mistelbach the municipalities Altlichtenwarth, Bernhardsthal, Bockfließ, Großengersdorf, Großkrut, Hausbrunn, Herrnbaumgarten, Pillichsdorf, Rabensburg, Schrattenberg, Wilfersdorf;

in the district Mistelbach within the municipality Drasenhofen the cadastrial communities Drasenhofen, Steinebrunn;

in the district Mistelbach within the municipality Geweinstal the cadastrial communities Gaweinstal, Schrick, Martinsdorf;

in the district Mistelbach within the minicipality Großebersdorf the cadastrial Community Eibesbrunn;

in the district Mistelbach within the community Mistelbach the cadastrial communitry Kettlasbrunn;

in the district Mistelbach within the municipality Poysdorf the cadastrial communities Höbertsgrub, Ketzelsdorf, Passauerhof, Poysbrunn, Walterkrichen;

in the district Mistelbach within the municipality Wolkersdorf im Weinviertel the cadastrial communities Obersdorf and Wolkersdorf;

in the distrikt Wiener Neustadt (Land) the municipalities Lichtenwörth, Zillingdorf.

In the Federal State Burgenland the districts Eisenstadt-Stadt, Rust-Stadt, Eisenstadt-Umgebung, Mattersburg, Neusiedl am See (with the exception of the municipalities Nickelsdorf, Mönchhof, Halbturn and Deutsch Jahrndorf) und Oberpullendorf.

17.5.2025


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/672/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)