European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/671

18.6.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/671 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Aibreán 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cineálacha sonraí breise maidir le bonneagar breoslaí malartacha

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (1), agus go háirithe Airteagal 20(6), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le hAirteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/1804, maidir le hoibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh breoslaí malartacha, nó, i gcomhréir leis na socruithe atá eatarthu, úinéirí na bpointí sin, go bhfuil siad le n-áirithiú go mbeidh an infhaighteacht ar shonraí statacha agus sonraí dinimiciúla maidir le bonneagar breoslaí malartacha atá á n-oibriú acu, nó seirbhísí atá nasctha go dlúth leis an mbonneagar sin a sholáthraíonn siad nó a sheachfhoinsíonn siad, saor in aisce, agus é sin faoin 14 Aibreán 2025.

(2)

Chun tacar cuimsitheach sonraí a sholáthar ar bhealach comhchuibhithe ar fud an Aontais a bheadh in ann riachtanais faisnéise a bheidh ag úsáideoirí deiridh amach anseo a chomhlíonadh, tacar sonraí maidir le bonneagar breoslaí malartacha, a chuirfeadh faisnéis leordhóthanach ar fáil do na húsáideoirí maidir le suíomh geografach, tréithe ginearálta agus seirbhísí a thairgtear sna pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, agus ós rud é go bhfuil forbairtí nua teicneolaíochta agus seirbhísí nua ag teacht chun an mhargaidh, is gá an liosta réamhthacar de chineálacha sonraí a áirítear le hAirteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/1804 a leasú.

(3)

Baineann na cineálacha sonraí breise a thugtar isteach tríd an Rialachán seo le faisnéis ghinearálta faoi oibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe, lena n-áirítear faisnéis faoi dhaoine fisiciúla a bheith i láthair ag freastal ar an stáisiún athluchtaithe nó athbhreoslaithe, nó faoi shaoráidí a bheith ann a thairgeann seirbhísí gaolmhara don úsáideoir. Ina theannta sin, cumhdaítear le roinnt cineálacha sonraí gnéithe inrochtaineachta, amhail paraiméadair chomhoiriúnachta cineáil feithicle níos mionsonraithe trí shonraíochtaí feithiclí a cheadaítear agus gnéithe oibríochtúla a chur san áireamh, amhail toilleadh carnach laethúil na stáisiún athbhreoslaithe hidrigine nó brú hidrigine arna sheachadadh ag an bpointe athbhreoslaithe. Ina theannta sin, tugann cineálacha eile sonraí aghaidh go sonrach ar fhorbairtí agus seirbhísí teicneolaíochta nua atá ag teacht chun an mhargaidh, amhail seirbhísí athluchtaithe chliste nó plugáil isteach agus luchtú. Ar an iomlán, is gá na cineálacha breise sonraí sin a thabhairt isteach chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí deiridh cinntí feasacha a dhéanamh maidir lena seisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar bhonn seirbhísí faisnéise ardcháilíochta arna bhforbairt ag na gníomhaithe ábhartha margaidh.

(4)

Chun forluí a sheachaint idir cineálacha sonraí atá ann cheana agus cineálacha sonraí a cuireadh isteach as an nua, is gá cineálacha áirithe sonraí a liostaítear in Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/1804 a choigeartú. Mar shampla, cuirtear roinnt cineálacha nua sonraí breise ‘faisnéis faoi shuíomh geografach an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS)’, ‘faisnéis bhreise faoin suíomh geografach’, ‘tír’, ‘réigiún’, ‘cathair nó baile’, ‘cód poist’, agus ‘ainm an tseolta’ in ionad an chineáil sonraí ‘suíomh geografach na bpointí athluchtaithe agus na bpointí athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha’.

(5)

Comhlánaíonn forálacha an Rialacháin seo na foranna atá ann cheana faoi Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/1804 trí phointí nua a chur le hAirteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/1804 chun sonraí statacha le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal, sonraí statacha breise le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh breoslaí malartacha, agus sonraí dinimiciúla breise le haghaidh bonneagar athluchtaithe hidrigine atá inrochtana don phobal a chumhdach.

(6)

Na cineálacha sonraí breise a thugtar isteach tríd an Rialachán seo, tá siad comhsheasmhach leis na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis an bhformáid, leis an minicíocht agus leis an gcáilíocht a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 20(7) de Rialachán (AE) 2023/1804 faoin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/655 ón gCoimisiún (2).

(7)

Chun forbairtí a dhéanfar amach anseo agus cur chun feidhme Airteagal 20(5) de Rialachán (AE) 2023/1804 a réamh-mheas, ba cheart na cineálacha sonraí a leagtar síos leis an Rialachán sin a bheith inrochtana trí phointe rochtana choitinn Eorpaigh atá le bunú ag an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2026. Cuirfidh sé sin ar chumas úsáideoirí sonraí rochtain éasca a fháil ar shonraí, comparáid a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le saintréithe an bhonneagair breoslaí malartacha, amhail praghas, inrochtaineacht, infhaighteacht nó toilleadh cumhachta.

(8)

Na cineálacha sonraí breise a shainordaítear leis an Rialachán seo, tógann siad ar thorthaí Ghníomhaíocht Tacaíochta Cláir na Saoráide um Chónascadh na hEorpa um Bailiú sonraí a bhaineann le pointí athluchtaithe/athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha agus na cóid aitheantais uathúla a bhaineann le gníomhaithe leictrea-shoghluaisteachta (IDACS) a tugadh i gcrích in 2022.

(9)

De bhun Airteagal 20(8) de Rialachán (AE) 2023/1804, tá na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 d’Airteagal 20 den Rialachán sin le foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhsí réasúnta sula mbeidh na forálacha atá iontu, nó leasuithe a dhéanfar orthu, ina gceangal ar oibreoirí nó ar úinéirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe i gcás breoslaí malartacha. Dá bhrí sin, beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 14 Aibreán 2025 ar aghaidh, chun a bheith ag teacht le dáta chur i bhfeidhm Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/1804.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1804 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 2 d’Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2023/1804:

‘2.   Faoin 14 Aibreán 2025, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh breoslaí malartacha, nó, i gcomhréir leis na socruithe atá eatarthu, úinéirí na bpointí sin, go mbeidh an infhaighteacht ar shonraí statacha agus sonraí dinimiciúla maidir le bonneagar breoslaí malartacha atá á n-oibriú acu, nó seirbhísí atá nasctha go dlúth leis an mbonneagar sin a sholáthraíonn siad nó a sheachfhoinsíonn siad, saor in aisce. Cuirfear na cineálacha sonraí seo a leanas ar fáil:

(a)

Sonraí statacha i gcás bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i)

Ainm dlíthiúil oibreoir nó úinéir an phointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe,

(ii)

Ainm tráchtála oibreoir nó úinéir na bpointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe,

(iii)

An líon pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe,

(iv)

Seirbhís tacaíochta,

(v)

Teileafón na deisce cabhrach,

(vi)

Saoráidí a thairgeann seirbhísí gaolmhara don úsáideoir,

(vii)

Faisnéis faoi shuíomh geografach an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS),

(viii)

Faisnéis bhreise faoin suíomh geografach,

(ix)

Tír,

(x)

Réigiún,

(xi)

Cathair nó baile,

(xii)

Cód poist,

(xiii)

Ainm an tseolta,

(xiv)

Am oscailte,

(xv)

Amchrios,

(xvi)

Comhoiriúnacht an chineáil feithicle,

(xvii)

Cineál sonraíochtaí feithiclí a cheadaítear,

(xviii)

An líon spásanna páirceála,

(xix)

An líon spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas,

(xx)

Gaireas íocaíochta a bhfuil léitheoir cártaí bainc aige,

(xxi)

Gaireas íocaíochta a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil aige atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad,

(xxii)

Rogha íocaíochta ad hoc eile,

(xxiii)

Faisnéis bhreise maidir le soláthraithe íocaíochta a bhfuil glacadh leo,

(xxiv)

Rogha íocaíochta (síntiús) atá conradh-bhunaithe;

(b)

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i)

Cód aitheantais pointe athluchtaithe (nascóir),

(ii)

An líon nascóirí,

(iii)

An cineál nascóra (plocóid),

(iv)

An cineál srutha,

(v)

Uaschumhacht an phointe athluchtaithe,

(vi)

Uaschumhacht an phointe athbhreoslaithe,

(vii)

Soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta a thairgeann athluchtú conradh-bhunaithe,

(viii)

Plugáil isteach agus luchtú,

(ix)

Seirbhísí athluchtaithe chliste,

(x)

Tá an leictreachas a sholáthraítear 100 % in-athnuaite;

(c)

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar hidrigin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i)

Staid hidrigine,

(ii)

Brú hidrigine,

(iii)

Toilleadh carnach laethúil,

(iv)

Tá an hidrigin a sholáthraítear 100 % in-athnuaite;

(d)

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe atá inrochtana don phobal

(i)

Tá an meatán leachtaithe a sholáthraítear 100 % in-athnuaite;

(e)

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i)

An cineál nascóra (rannóir);

(f)

Sonraí dinimiciúla maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i)

Stádas oibríochtúil,

(ii)

Infhaighteacht,

(iii)

Praghas ad hoc;

(g)

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar hidrigin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i)

Méid teoranta hidrigine ar fáil’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 14 Aibreán 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 234, 22.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1804/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/655 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí agus nósanna imeachta maidir le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí maidir le bonneagar breoslaí malartacha (IO L, 2025/655, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/655/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/671/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)