European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/670

7.4.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/670 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Aibreán 2025

lena bhforchuirtear dleacht shealadach frithdhumpála ar tháirgí comhréidhe teorollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile a allmhairítear agus ar de thionscnamh na hÉigipte, na Seapáine agus Vítneam iad

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 7 de,

Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 8 Lúnasa 2024, chuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) tús le himscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile, ar de thionscnamh na hÉigipte, na hIndia, na Seapáine agus Vítneam iad (‘na tíortha lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh an Coimisiún fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne an Comhlachas Eorpach Cruach (‘EUROFER’ nó ‘an gearánach’) an 24 Meitheamh 2024. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal an Aontais a dhéanann táirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail agus de chruach chóimhiotail eile, de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Clárú na n-allmhairí

(3)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2719 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chinn an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe ar a thionscnamh féin.

1.3.   Páirtithe leasmhara

(4)

San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. De bhreis air sin, chuir an Coimisiún an gearánach, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus údaráis na hÉigipte, na hIndia, na Seapáine agus Vítneam, na hallmhaireoirí, na soláthróirí agus na húsáideoirí aitheanta, trádálaithe, chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach, ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann.

(5)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. Tionóladh éisteachtaí le Rialtas na hÉigipte, táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch na hÉigipte, Nippon Steel Corporation, JFE Steel Corporation, Aireacht Geilleagair, Trádála agus Tionscail na Seapáine, agus leis an gCuibhreannas chun Allmhairí Táirgí Comhréidhe Teorollta a chosaint (‘an Cuibhreannas’).

1.4.   Barúlacha maidir le tionscnamh

1.4.1.   Maímh maidir le heaspa bagartha ar thionscal an Aontais

(6)

Tar éis an tionscnaimh, mhaígh táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch na hÉigipte go raibh onnmhairí táirgí comhréidhe teorollta cruach ón Éigipt chuig an Aontas diomaibhseach, nach raibh iontu ach 1,3 % den mhargadh oscailte. D’áitigh sé freisin, ós rud é gurb é an t-aon táirgeoir táirgí comhréidhe teorollta cruach san Éigipt é, go raibh a acmhainneacht i bhfad níos lú i gcomparáid leis na tíortha eile lena mbaineann agus nár mhéadaigh sé ó 1999 i leith.

(7)

D’áitigh an t-onnmhaireoir comhoibríoch céanna go raibh comhpháirtíocht sheanbhunaithe aige le roinnt soláthróirí trealaimh, bainc agus rialtais Eorpacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le hamhábhar a cheannach, lena gcuimsítear amhiarann ardghráid ó Bhallstát amháin.

(8)

Scrúdaíodh na maímh sin faoi na ranna maidir le cúisíocht agus le leas an Aontais faoi seach.

1.4.2.   Maímh maidir le heaspa fianaise

(9)

Fuarthas barúlacha ón gCuibhreannas, ó Rialtas na hÉigipte agus ón táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch san Éigipt.

(10)

D’áitigh an Cuibhreannas go raibh róchosaint ag tionscal an Aontais cheana féin le cur chun feidhme córais coimirce lena leagtar síos uasteorainn lena dteorannaítear allmhairí tríú tíortha go 15 %. D’áitigh an Cuibhreannas go ndearnadh roinnt beart frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais le hocht mbliana anuas i gcoinne allmhairí ó mhórthíortha táirgthe amhail an tSín, an Rúis, an Bhrasaíl, an Iaráin, an Úcráin agus an Tuirc. Tugtar aghaidh ar an argóint sin arís in aithris (198) thíos.

(11)

Mhaígh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin gur sáraíodh cearta cosanta mar gheall ar neamhiomláine leaganacha oscailte na n-iarscríbhinní a ghabhann leis an ngearán a cuireadh ar fáil sa chomhad a bhí oscailte lena scrúdú ag páirtithe leasmhara.

(12)

D’áitigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid Vítneam nach raibh an tionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 5.2 agus 5.3 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT ná le hAirteagal 5(2)(d) den bhun-Rialachán toisc nach raibh fianaise dhearfach ann lena dtugtar údar le tionscnamh an imeachta.

(13)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin sin nach raibh tosca agus innéacsanna a raibh tionchar acu ar staid thionscal an Aontais, amhail iad siúd a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5) agus mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(2) den bhun-Rialachán sa ghearán ón ngearánach nó go raibh faisnéis ábhartha a cuireadh isteach maidir le gnéithe áirithe eile neamhiomlán nó curtha i láthair ar bhealach a thabharfadh míléiriú ar staid iarbhír thionscal an Aontais. Bhain siad sin le:

miondealú ar mhéideanna allmhairí in aghaidh gach tíre a bhfuiltear ag díriú uirthi;

méideanna allmhairí agus luach na dtíortha nach bhfuiltear ag díriú orthu;

praghsanna díolacháin an Ghearánaigh agus Thionscal an Aontais;

miondealú ar shonraí fostaíochta na foirne riaracháin agus an lucht saothair a bhfuil baint dhíreach acu leis an monaraíocht;

pá don phearsanra;

sreabhadh airgid.

(14)

Mar thoradh air sin, níor déileáladh sa ghearán le líon ard táscairí díobhála nach mór scrúdú a dhéanamh orthu de bhun Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. Áirítear ar na táscairí sin toradh ar infheistíochtaí, tosca a dhéanann difear do phraghsanna an Aontais, éifeachtaí diúltacha iarbhír agus féideartha ar shreabhadh airgid, fardail, pá, nó an cumas caipiteal a thiomsú.

(15)

Ar deireadh, mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin sin go raibh na sonraí a chuir an gearánach ar fáil maidir leis an sciar den mhargadh dodhéanta go huimhríochtúil mar gheall ar na díolacháin intíre a bhí ag méadú go comhsheasmhach os cionn an leibhéil fáis ar thomhaltas.

(16)

Mar fhreagairt ar na hargóintí sin, measadh go raibh an fhianaise bhunriachtanach agus na hachoimrí neamhrúnda uile ar shonraí arna soláthar faoi chumhdach rúnda sa leagan a bhí ar oscailt lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara an ghearáin chun go bhfeidhmeodh páirtithe leasmhara a gceart cosanta le linn na n-imeachtaí.

(17)

Meabhraítear go ndéantar foráil le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán agus le hAirteagal 6.5 den Chomhaontú Frithdhumpála maidir le faisnéis rúnda a chosaint i gcúinsí ina mbeadh buntáiste suntasach iomaíochta ann d’iomaitheoir dá nochtfaí an fhaisnéis sin nó ina ndéanfadh an nochtadh dochar suntasach do dhuine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó do dhuine óna bhfuair an duine sin an fhaisnéis.

(18)

Tagann an fhaisnéis a sholáthraítear sna hiarscríbhinní teoranta a ghabhann leis an ngearán faoi na catagóirí sin. In aon chás, chuir an gearánach achoimre fhiúntach den fhaisnéis atá in iarscríbhinní teoranta an ghearáin ar fáil ionas go bhféadfadh páirtithe leasmhara ‘tuiscint réasúnta ar shubstaint na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún’ a bheith acu mar a leagtar amach in Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán. Tá achoimre leordhóthanach déanta ag an ngearánach ar ábhar na n-iarscríbhinní sin, gan sonraí íogaire a bhaineann go sonrach le cuideachta a nochtadh.

1.4.3.   Maímh maidir le réamh-ríomhanna dumpála le haghaidh na hÉigipte

(19)

Chuir rialtas na hÉigipte agus an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch araon barúlacha isteach maidir leis an tionscnamh, agus mhaígh siad nach ann do dhumpáil i gcás allmhairí ón Éigipt. D’áitigh siad gur suíodh an dumpáil don Éigipt sa ghearán trí ‘úsáid mhícheart a bhaint as an ráta malairte oifigiúil seachas as ráta an mhargaidh chomhthreomhair’ chun an gnáthluach agus an corrlach dumpála a ríomh. D’áitigh siad go léireofaí le húsáid ‘ráta an mhargaidh chomhthreomhair’ le haghaidh ríomh na dumpála nár díoladh allmhairí ón Éigipt ar phraghsanna a bhí íseal go héagórach i margadh an Aontais. Dá bhrí sin, d’iarr an dá pháirtí go n-úsáidfí an ráta malairte comhthreomhar le haghaidh airgeadraí eachtracha in ionad ráta oifigiúil Bhanc Ceannais na hÉigipte (‘CBE’) chun an Euro agus dollar na Stát Aontaithe (‘USD’) a chomhshó ina bpuint Éigipteacha (‘EGP’). Chun bunús a thabhairt lena maíomh, thagair an dá pháirtí d’fhoilseacháin Ernst &Young, CAI agus an Coimisiún Eorpach agus d’fhoraitheanta rialtasacha na hÉigipte lena n-aithnítear ráta malairte comhthreomhar an mhargaidh, lena n-áirítear doiciméad sonrach arna eisiúint tar éis na tréimhse imscrúdúcháin ag Údarás Rialála Airgeadais na hÉigipte lena n-údaraítear do EZDK na rátaí malairte iarbhír a úsáid, a bhfuil doiciméid mar thaca leo, seachas rátaí oifigiúla CBE chun críoch cuntasaíochta airgeadais agus tuairiscithe le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024.

(20)

Ba é cleachtas comhsheasmhach an Choimisiúin é, áfach, rátaí malairte oifigiúla a úsáid i gcásanna ina bhfuil líomhaintí ann maidir le húsáid rátaí malairte comhthreomhara (4). Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara gurbh é ráta oifigiúil CBE an t-aon ráta malairte dlíthiúil a bhí i réim le linn thréimhse imscrúdúcháin an ghearáin agus nach raibh aon ráta stairiúil a taifeadadh go poiblí ar mhargadh ‘dubh’ nó comhthreomhar don tréimhse imscrúdúcháin. Measadh go raibh fianaise leordhóthanach ag tacú leis an ngearán chun an cás a thionscnamh. I gcás an imscrúdaithe féin, áfach, níor bhraith an Coimisiún ach ar shonraí fíoraithe, i.a. a chuir na páirtithe isteach sna freagraí ceistneora agus a fíoraíodh ar an láthair. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(21)

Mhaígh an dá pháirtí freisin go ndearnadh earráid agus dumpáil á ríomh sa ghearán, trí úsáid a bhaint as ‘costais lastais ró-bhoilscithe’ gan údar. Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch ina theannta sin go ndearnadh earráidí agus dumpáil á ríomh sa ghearán tríd an ráta malairte oifigiúil a chur i bhfeidhm chun an gnáthluach a chinneadh agus trí ‘phraghsanna intíre earráideacha’ a úsáid agus trí thagairt a dhéanamh do phraghsanna táirgí comhréidhe teorollta cruach de chuid dhá chuideachta Éigipteacha nach dtáirgeann an táirge atá faoi imscrúdú.

(22)

I ndáil leis sin freisin, ba cheart a lua gur measadh go raibh fianaise leordhóthanach ag tacú leis an ngearán chun an cás a thionscnamh. I gcás an imscrúdaithe féin, níor bhraith an Coimisiún ach ar shonraí fíoraithe, i.a. a chuir na páirtithe isteach sna freagraí ceistneora agus a fíoraíodh ar an láthair. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

1.4.4.   Maímh maidir le réamh-ríomhanna dumpála le haghaidh Vítneam

(23)

Chuir an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha i Vítneam, Formosa Ha Tinh Steel Corporation (‘Formosa’), Hoa Phat Dung Quat Steel Joint Company (‘HPDQ’) agus úsáideoir, Marcegaglia Carbon Steel S.p.A, barúlacha isteach maidir le ríomhanna dumpála sa ghearán, agus go háirithe maidir leis na líomhaintí ón ngearánach i ndáil le ‘staid mhargaidh ar leith’ a bheith i Vítneam, staid nach gceadódh comparáid cheart de réir Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán. D’áitigh na trí pháirtí nach raibh bunús leis na líomhaintí sa ghearán maidir le staid áirithe an mhargaidh a bheith ann.

(24)

Mheabhraigh an Coimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige ar an bhfianaise sa ghearán, nár chuir sé san áireamh ach na gnéithe sin a raibh an fhianaise sa ghearán leordhóthanach agus cruinn go leor ina leith. Mheas sé nárbh amhlaidh an cás maidir leis an bhfianaise a bhí sa ghearán faoi staid ar leith an mhargaidh i Vítneam a bheith ann. Ina theannta sin, suíodh an dumpáil ríofa sa ghearán, áfach, gan staid áirithe an mhargaidh a chur san áireamh. Níor shuigh an Coimisiún ach oiread gurb ann do staid áirithe an mhargaidh le linn an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, ríomhadh na ríomhanna dumpála le haghaidh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha i gcomhréir leis an modh a shonraítear i Roinn 3.4 thíos. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh.

1.4.5.   Maíomh maidir leis an athrú ar imthosca a bhfuil coinne leis i Vítneam

(25)

D’áitigh Formosa go raibh brú ard ar an margadh intíre i Vítneam mar gheall ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú ó Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) agus ón India ar phraghsanna dumpáilte. Mar thoradh air sin, thionscain Rialtas Vítneam imscrúdú frithdhumpála, agus bhí bearta sealadacha le forchur i mí Eanáir 2025. Dá bhrí sin, d’áitigh Formosa gur cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an athrú a bhfuiltear ag súil leis sna himthosca, agus gur cheart dó a áirithiú go mbeadh bearta frithdhumpála a bheadh le forchur ar Vítneam sa deireadh leordhóthanach don staid nua de chineál marthanach.

(26)

Mheabhraigh an Coimisiún gur bhain an measúnú ar dhumpáil agus ar an díobháil dá bharr leis an tréimhse imscrúdúcháin agus leis an tréimhse faoi bhreathnú mar a luaitear i Roinn 1.8 thíos, agus nach bhféadfadh sé teacht roimh éabhlóid dhálaí an mhargaidh ná roimh iompraíocht na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin i Vítneam amach anseo. Má tá údar cuí leis, ar choinníoll go bhféadfadh athrú ar imthosca de chineál marthanach a léiriú, d’fhéadfaí tús a chur le hathbhreithniú ar dhleachtanna ar an mbonn sin faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

1.5.   Sampláil

(27)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.5.1.   Táirgeoirí an Aontais a shampláil

(28)

San fhógra tionscnaimh uaidh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún sampla ar bhonn na méideanna táirgeachta agus díolacháin ionadaíocha is airde agus raon geografach á áirithiú ag an am céanna. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt maidir leis an sampla sealadach ach ní bhfuair sé aon bharúil uathu.

(29)

Mar thoradh air sin, is éard a bhí sa sampla deiridh trí tháirgeoir de chuid an Aontais atá lonnaithe i dtrí Bhallstát éagsúla. Tá breis agus 34 % de mhéid iomlán measta na táirgeachta agus breis agus 35 % de dhíolacháin mheasta iomlána an táirge chomhchosúil san Aontas i gceist leis.

1.5.2.   Allmhaireoirí a shampláil

(30)

Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar.

(31)

Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla.

1.5.3.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin san Éigipt, san India, sa tSeapáin agus i Vítneam

(32)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin san Éigipt, san India, sa tSeapáin agus sa Vítneam an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Phoblacht Arabach na hÉigipte chuig an Aontas Eorpach, ar Mhisean na hIndia chuig an Aontas Eorpach, ar Mhisean na Seapáine chuig an Aontas Eorpach agus ar Mhisean Phoblacht Shóisialach Vítneam chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(33)

Maidir leis an Éigipt, sholáthair grúpa amháin de tháirgeoirí onnmhairiúcháin an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Is éard atá sa ghrúpa gabháltas, Ezz Steel Company (‘Ezz Steel’), ar leis táirgeoir onnmhairiúcháin, All Ezz Dekheila Steel Company (‘EZDK’), ar leis ina dhiaidh sin táirgeoir onnmhairiúcháin eile, Ezz Flat Steel Company (‘EFS’). I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil.

(34)

Maidir leis an India agus leis an tSeapáin, sholáthair cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin i ngach tír an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith sampláilte. Ní raibh ceann de na cuideachtaí Seapánacha, áfach, ina tháirgeoir onnmhairiúcháin den táirge lena mbaineann agus tugadh neamhaird air agus sampla á bhunú. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin san India agus sa tSeapáin araon, ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na dtíortha lena mbaineann maidir le roghnú na samplaí. Ní bhfuarthas aon bharúil i leith na samplaí.

(35)

Ar deireadh, maidir le Vítneam, sholáthair trí chuideachta an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla, ach ní raibh ach dhá cheann acu ina dtáirgeoirí onnmhairiúcháin den táirge lena mbaineann. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil.

1.6.   Scrúdú aonair

(36)

Níor iarr aon táirgeoir onnmhairiúcháin scrúdú aonair faoi Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin

(37)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, chuig an ngearánach, chuig na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte san Éigipt, san India, sa tSeapáin agus i Vítneam, chuig na hallmhaireoirí aitheanta agus chuig na húsáideoirí. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (5) lá an tionscnaimh.

(38)

Sholáthair an gearánach fianaise leordhóthanach prima facie sa ghearán ar shaobhadh amhábhair san India agus i Vítneam maidir leis an táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, mar a fógraíodh san fhógra tionscnaimh, chumhdaigh an t-imscrúdú an saobhadh amhábhar sin chun a chinneadh an gcuirfí forálacha Airteagal 7(2a) agus 7(2b) den bhun-Rialachán i bhfeidhm maidir leis an India agus le Vítneam. Ar an gcúis sin, sheol an Coimisiún ceistneoirí breise chuig Rialtas na hIndia agus chuig Rialtas Vítneam.

(39)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh sealadach a dhéanamh maidir le dumpáil, an díobháil dá deasca, agus leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

 

Táirgeoirí an Aontais

Thyssenkrupp Steel Europe AG, Duisburg na Gearmáine

Acciaieria Arvedi S.P.A., Cremona na hIodáile

Tata Steel IJmuiden BV, Velsen-Noord na hÍsiltíre

 

Lárionad Seirbhísí Trádála agus Cruach atá gaolmhar

Centro Siderurgico Industriale S.R.L., Perugia na hIodáile

Centro Siderurgico Adriatico S.R.L., Perugia, an Iodáil

Tata Steel Service Centre Feijen, BV, Maastricht na hÍsiltíre

Thyssenkrupp Stahlkontor AG, Essen, an Ghearmáin

 

Úsáideoirí

Marcegaglia Carbon Steel S.p.A., Gazoldo degli Ippoliti na hIodáile

Network Steel S.L., Maidrid na Spáinne

 

Táirgeoir onnmhairiúcháin san Éigipt

Ezz Steel

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin san India

ArcelorMittal Nippon Steel India Limited (‘AMNSIL’)

Bhushan Power and Steel Limited, agus JSW Steel Limited (‘Grúpa JSW’)

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSeapáin

Tokyo Steel Co. Ltd. (‘Tokyo Steel’)

Nippon Steel Corporation (‘Nippon Steel’) agus cuideachtaí comhlachaithe

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin i Vítneam

Formosa Ha Tinh Steel Corporation (‘Formosa’)

Hoa Phat Dung Quat Steel Joint Company (‘Hoa Phat’)

1.8.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(40)

Chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

(41)

Tar éis an tionscnaimh, d’áitigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin gur cheart an bhliain 2020 a áireamh mar an bhliain tagarmhairc sa tréimhse faoi bhreathnú, chun tionchar an tsaofa margaidh ó ghéarchéim COVID-19 ar éabhlóid allmhairí táirgí cruach comhréidh teorollta a chur san áireamh go hiomlán.

(42)

Mheas an Coimisiún nár cheart an tréimhse faoi bhreathnú a shíneadh go dtí an bhliain 2020 ós rud é go raibh tionchar mór ag imthosca eisceachtúla a spreag géarchéim COVID-19 ar an margadh agus ar fheidhmíocht thionscal an Aontais. Ní bheadh breisluach ag baint le síneadh den sórt sin. Thairis sin, bhí fad na tréimhse faoi bhreathnú comhsheasmhach le gnáthchleachtais imscrúdúcháin.

(43)

Mhaígh táirgeoir onnmhairiúcháin eile, tríd an tréimhse imscrúdúcháin a roghnú tráth an tionscnaimh, gur fhág an Coimisiún an ráithe ar fad amach idir deireadh na tréimhse imscrúdúcháin agus an dáta tionscnaimh (8 Lúnasa 2024) agus ar an gcaoi sin gur laghdaigh sé an tréimhse faoi bhreathnú go 2021 – R1.2024 trí na blianta iomlána 2020-2023 a eisiamh.

(44)

De réir an táirgeora onnmhairiúcháin sin, níor chomhlíon an cinneadh sin an ‘caighdeán dlíthiúil a fhorordaítear’ leis an mbun-Rialachán agus trí bhliain neamhionadaíoch 2021 a roghnú mar thagarmharc, rinneadh toradh na hanailíse díobhála ábhartha a shaobhadh.

(45)

Dhiúltaigh an Coimisiún go sealadach do na maímh sin ós rud é, ar an gcéad dul síos, gurb é cleachtas caighdeánach an Choimisiúin é agus go bhfuil sé dá rogha féin tréimhse imscrúdúcháin a roghnú lena gcumhdaítear tréimhse nach lú ná 6 mhí díreach roimh an dáta tionscnaimh (6) agus 3 bliana féilire a mheas le haghaidh an mheasúnaithe díobhála sa bhreis ar an tréimhse imscrúdúcháin agus ní 4 bliana. Ar an dara dul síos, ba í géarchéim COVID-19 ba chúis go príomha leis na caillteanais a thabhaigh an tionscal foriomlán, cibé acu san Aontas nó thar lear, sa bhliain 2020, rud a d’fhág go raibh dúnadh táirgeachta ann, agus roinnt gléasraí cruach díomhaoin ar fud an domhain. A luaithe a thosaigh an geilleagar ag téarnamh ó COVID-19 ó 2021 ar aghaidh, rinne an t-éileamh ar an táirge faoi imscrúdú amhlaidh, rud a d’fhág go raibh méaduithe ar phraghsanna agus ar bhrabúis ann. Ciallaíonn sé seo gur pointe an-íseal í an bhliain 2020, seachas gnáthbhliain. Ar an tríú dul síos, ó 2021 i leith, tá an soláthar agus an t-éileamh cobhsaithe ionas gur measadh go raibh an tréimhse faoi bhreathnú a thosaigh in 2021 iomchuí. In aon chás, i gcomhréir le cleachtas caighdeánach an Choimisiúin, rinne an Coimisiún anailís ar na tosca ábhartha uile chun measúnú a dhéanamh ar éabhlóid staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

2.   AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi imscrúdú

(46)

Is éard atá sa táirge faoi imscrúdú táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus ‘stiallacha cúnga’) gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan a bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe (‘an táirge faoi imscrúdú’).

Ní áirítear na táirgí seo a leanas:

(1)

táirgí de chruach dhosmálta agus de chruach sileacain leictreach grándírithe,

(2)

táirgí de chruach uirlise agus de chruach ardluais,

(3)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar tiús is mó ná 10 mm agus ar leithead 600 mm nó níos mó, agus

(4)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar tiús 4,75 mm nó níos mó ach nach mó nach 10 mm agus ar leithead 2 050 mm nó níos mó.

(47)

Déantar táirgí cruach comhréidhe teorollta a tháirgeadh trí theorolladh; Is próiseas foirmithe miotail é seo ina gcuirtear miotal te trí phéire amháin nó níos mó rolla teo chun an tiús a laghdú agus chun an tiús a dhéanamh aonfhoirmeach, ina mbíonn teocht an mhiotail os cionn a theochta athchriostalaithe. Is féidir iad a sholáthar i gcineálacha éagsúla: i gcornaí (iad bealaithe nó gan bheith bealaithe, picilte nó gan bheith picilte), i bhfaid ghearrtha (leathán) nó i stiallacha cúnga.

(48)

Tá dhá phríomhchineál úsáide a bhaintear as na táirgí cruach comhréidhe teo-rollta. Ar an gcéad dul síos, is iad an t-ábhar príomhúil iad chun táirgí cruach éagsúla breisluacha iartheachtacha a tháirgeadh, arb iad na táirgí is túisce a thairgtear as a measc táirgí cruach fuar-rollta comhréidhe agus táirgí cruach brataithe. Ar an dara dul síos, is ionchur tionsclaíoch iad a cheannaíonn úsáideoirí deiridh le haghaidh feidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear a n-úsáid sa tógáil (táirgeadh feadán cruach), an longthógáil, coimeádáin gháis, gluaisteáin, soithí brú agus píblínte fuinnimh.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(49)

An táirge lena mbaineann, is é an táirge faoi imscrúdú é, is de thionscnamh na hÉigipte, na hIndia, na Seapáine agus Vítneam (‘an tíortha lena mbaineann’) é, agus aicmítear é faoi láthair faoi chóid AC 7208 10 00 , 7208 25 00 , 7208 26 00 , 7208 27 00 , 7208 36 00 , 7208 37 00 , 7208 38 00 , 7208 39 00 , 7208 40 00 , 7208 52 10 , 7208 52 99 , 7208 53 10 , 7208 53 90 , 7208 54 00 , 7211 13 00 , 7211 14 00 , 7211 19 00 , ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225 19 10 90), 7225 30 90 , ex 7225 40 60 , cóid TARIC 7225 40 60 90), 7225 40 90 , ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226 19 10 91, 7226 19 10 95), 7226 91 91 agus 7226 91 99 . Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin. Tá raon feidhme an imscrúdaithe seo faoi réir shainmhíniú an táirge faoi imscrúdú atá le fáil thuas.

2.3.   An táirge comhchosúil

(50)

Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi imscrúdú a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre na hÉigipte, na hIndia, na Seapáine agus Vítneam (na tíortha lena mbaineann), agus

an táirge faoi imscrúdú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(51)

Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

2.4.   Maímh maidir le raon feidhme an táirge

(52)

D’iarr táirgeoir onnmhairiúcháin amháin (Daido Steel Co. Ltd, ‘Daido’) go n-eisiafaí a chineálacha uile táirgí cruach comhréidh teorollta ar an mbonn go dtugtar cruach uirlise agus cruach ardluais orthu sa tionscal, cé nach bhfuil siad oiriúnach don tuairisc ar chruach uirlise a áirítear in Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) an Aontais. Mhaígh sé go bhfuil saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha ar leith ag a tháirgí i) i gcomparáid le cineálacha eile táirgí cruach comhréidh teorollta, ii) go margaítear iad trí chainéil díolacháin speisialaithe a bhfuil praghsanna éagsúla acu agus iii) gur cheart a sonraíochtaí agus a n-úsáidí deiridh éagsúla a áireamh sa sainmhíniú ar raon feidhme an táirge.

(53)

In imscrúduithe a rinneadh roimhe seo ar an raon táirge céanna, d’eisiaigh an Coimisiún cruach uirlise agus cruach ardluais ó raon táirge na n-imeachtaí frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad. (7) Chinn an Coimisiún go bhfuil difríochtaí móra fisiceacha agus ceimiceacha idir cineálacha eile den táirge lena mbaineann seachas cruach uirlise agus cruach ardluais ar thaobh amháin, agus cruach uirlise agus cruach ardluais ar an taobh eile. Deimhníonn an Coimisiún an measúnú sin san imscrúdú atá idir lámha. Mheas an Coimisiún, áfach, maíomh Daido Steel Co. Ltd chun a chineálacha uile táirgí cruach comhréidh teorollta a eisiamh, nach raibh sé sonrach go leor. Ar na forais sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh Daido diúltú dá tháirgí uile ach dheimhnigh sé eisiamh cruach uirlise mar a fhoráiltear i Roinn 2.1. Mheas an Coimisiún freisin gur ar an allmhaireoir a bhí an fhreagracht na cóid AC iomchuí a úsáid agus na hearraí á ndearbhú aige do na húdaráis chustaim.

3.   DUMPÁIL

3.1.   an Éigipt

3.1.1.   An Gnáthluach

(54)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús chun a fháil amach an raibh méid iomlán na ndíolachán intíre ionadaíoch i gcás Ezz Steel, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin 5 % ar a laghad de mhéid iomlán a dhíolachán onnmhairiúcháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcás an táirge lena mbaineann . Ar an mbonn sin, bhí na díolacháin iomlána a rinne Ezz Steel maidir leis an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch.

(55)

Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a raibh díolacháin intíre ionadaíocha acu.

(56)

Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an méid ionadaíoch a bhí sna díolacháin intíre a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin ar a mhargadh intíre i gcás gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch i gcás cineál táirge comhionann nó inchomparáide más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdúcháin 5 % de mhéid iomlán dhíolacháin onnmhairiúcháin an chineáil táirge leis an Aontas.

(57)

Shuigh an Coimisiún go raibh díolacháin intíre na gcineálacha táirgí uile le haghaidh gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas ionadaíoch, ach amháin i gcás dhá chineál táirge a raibh na díolacháin intíre ina leith faoi bhun 5 % agus nach raibh siad ionadaíoch dá bhrí sin. Maidir leis na cineálacha táirgí sin, ríomhadh an gnáthluach i gcomhréir leis an modh thíos.

(58)

Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún an cion de dhíolacháin bhrabúsacha le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre i gcás gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun a chinneadh ar cheart díolacháin intíre iarbhír a úsáid chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán.

(59)

Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, gan beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:

(a)

gurb éard a bhí i gceist le méid díolachán an chineáil táirge arna dhíol ar phraghas díola a bhí comhionann leis an gcostas táirgthe arna ríomh nó níos mó ná sin, breis agus 80 % den mhéid díolachán iomlán i gcás an chineáil táirge sin; agus

(b)

go bhfuil meánphraghas díola ualaithe an chineáil táirge sin comhionann le costas aonaid an táirgthe nó níos mó ná sin.

(60)

Sa chás sin, is é atá sa ghnáthluach meánphraghsanna ualaithe dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(61)

Is é atá sa ghnáthluach an praghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha na gcineálacha táirgí sin, agus an méid sin amháin, le linn ná tréimhse imscrúdúcháin, más rud é:

(a)

go bhfuil 80 % nó níos lú de mhéid díolachán iomlán an chineáil táirge i gceist le méid díolachán brabúsach an chineáil táirge sin: nó

(b)

go bhfuil meánphraghas díola ualaithe an chineáil sin táirge faoi bhun meánchostas aonaid ualaithe na táirgeachta.

(62)

De réir na hanailíse a rinneadh ar dhíolacháin intíre, bhí os cionn 80 % de na díolacháin intíre uile brabúsach, agus bhí an meánphraghas díola ualaithe níos airde ná an costas táirgthe. Dá réir sin, ríomhadh an gnáthluach mar mheán ualaithe phraghsanna na ndíolachán intíre uile le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(63)

I gcás an dá chineál táirge nach raibh ar díol i méideanna ionadaíocha sa mhargadh intíre de réir bhrí Airteagal 2(3) den chéad abairt den bhun-Rialachán, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus le hAirteagal (6) den bhun-Rialachán.

(64)

Ríomhadh an gnáthluach tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgthe a bhain le táirge comhchosúil an táirgeora onnmhairiúcháin comhoibríocha le linn na tréimhse imscrúdúcháin:

(a)

na meánchostais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘SGA’) ualaithe a thabhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, sa ghnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdúcháin; agus

(b)

an meánbhrabús ualaithe a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríocha ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, sa ghnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(65)

Maidir le cineálacha táirge nár díoladh i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, rinneadh meánchostais SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála i gcás na gcineálacha sin a chur san áireamh.

3.1.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(66)

D’onnmhairigh an táirgeoir onnmhairiúcháin chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha, trádálaithe neamhspleácha agus ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

3.1.3.   Comparáid

(67)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltais a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna

3.1.3.1.   Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach

(68)

Chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar: costais iompair, árachais, láimhseála, luchtaithe, coimisiún agus choimhdeacha, i gcás inarb infheidhme.

(69)

Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus táillí bainc i gcás inarb infheidhme.

3.1.3.2.   Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin

(70)

Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar: iompar intíre, muirlasta agus árachas, agus láimhseáil agus luchtú.

(71)

Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus táillí bainc.

(72)

Chuir an chuideachta an Coimisiún ar an eolas faoi shaincheisteanna comhshó airgeadra san Éigipt le linn na tréimhse imscrúdúcháin, féach roinn 1.4.3 thuas. Ós rud é go raibh cuntais iniúchta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin bunaithe ar ráta malairte an mhargaidh chomhthreomhair, faoi mhaolú a d’eisigh Údaráis na hÉigipte an 5 Meán Fómhair 2023, úsáideadh an ráta malairte comhthreomhar seachas an ráta oifigiúil chun críoch an ríomha. Foráiltear le hAirteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán gur cheart dáta an díolacháin a bheith mar dháta an tsonraisc ‘de ghnáth’, agus go bhféadfaí dáta an chonartha, an ordaithe ceannaigh nó dhaingniú an ordaithe a úsáid más rud é gurb iad is iomchuí le téarmaí nithiúla an díolacháin a shuíomh. Ar an gcéad dul síos, bhreithnigh an Coimisiún luaineacht ráta malairte an mhargaidh chomhthreomhair EGP agus an titim mhór fhoriomlán ar EGP in aghaidh USD agus an Euro. Ar an dara dul síos, bhreithnigh an Coimisiún cleachtais socraithe praghsanna an táirgeora onnmhairiúcháin ón Éigipt, faoinar socraíodh na téarmaí ábhartha díola tráth an chonartha díolacháin seachas ag dáta an tsonraisc, maidir le díolacháin onnmhairí. Dá bhrí sin, d’úsáid an Coimisiún an ráta malairte míosúil, mar a tuairiscíodh i ráitis airgeadais an táirgeora onnmhairiúcháin, a bhí infheidhme tráth an chonartha díolacháin chun an praghas onnmhairiúcháin a thiontú ó USD go EGP.

3.1.4.   Corrlach dumpála

(73)

I gcás an táirgeora onnmhairiúcháin, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(74)

Ar an mbonn sin, is é 12,8 % an meánchorrlach dumpála ualaithe sealadach arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, arna ríomh don táirgeoir onnmhairiúcháin.

(75)

Tá an leibhéal comhair ard i gcás na hÉigipte, toisc gurb iad onnmhairí an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch 100 % de na hallmhairí iomlána le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála a shuí le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha ar leibhéal na haon chuideachta comhoibríche amháin.

(76)

Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Tábla 1

Corrlaigh dhumpála

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Ezz Steel Company

12,8 %

Gach allmhaire eile de thionscnamh na hÉigipte

12,8 %

3.2.   An India

(77)

Chomhoibrigh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte. Ar an margadh intíre, dhíol an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte an táirge comhchosúil go díreach agus trí thrádálaithe comhlachaithe. D’onnmhairigh siad an táirge lena mbaineann chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha agus trí pháirtithe comhlachaithe.

3.2.1.   An Gnáthluach

(78)

I gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin a sampláladh, rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús lena fháil amach an raibh méid iomlán na ndíolachán intíre ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Is díolacháin ionadaíocha iad na díolacháin laistigh den Aontas má bhí an méid iomlán díolachán an táirge chomhchosúil laistigh den Aontas le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh laistigh den Aontas comhionann le 5 % ar a laghad de mhéid a dhíolachán onnmhairí iomlán maidir leis an táirge atá faoi imscrúdú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an mbonn sin, bhí na díolacháin iomlána a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh maidir leis an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch.

(79)

Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a raibh díolacháin intíre ionadaíocha acu.

(80)

Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an raibh na cineálacha táirgí comhionanna nó inchomparáide arna ndíol ag gach táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibritheach ar a mhargadh intíre féin i gcomparáid le cineálacha táirgí a dhíoltar lena n-onnmhairiú chuig an Aontas ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch i gcás cineál táirge comhionann nó inchomparáide más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdúcháin 5 % de mhéid iomlán dhíolacháin onnmhairiúcháin an chineáil táirge leis an Aontas.

(81)

Shuigh an Coimisiún go raibh díolacháin intíre na gcineálacha táirgí uile le haghaidh gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas ionadaíoch, ach amháin i gcás dhá chineál táirge AMNSIL, agus trí chineál táirge de chuid Ghrúpa JSW nach raibh aon díolachán intíre ann ina leith, nó go raibh na díolacháin intíre faoi bhun 5 % agus dá bhrí sin nach raibh siad ionadaíoch. I gcás nach raibh aon díolachán intíre de chineál táirge den táirge comhchosúil, ríomhadh an gnáthluach toisc nach raibh praghas díolacháin intíre an táirgeora shampláilte eile don chineál táirge sin ar fáil ach oiread. Ní raibh aon fhoinse eile le haghaidh praghsanna intíre den táirge sin ar fáil. Maidir leis na cineálacha táirgí sin, ríomhadh an gnáthluach i gcomhréir leis an modh thíos.

(82)

Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún cion na ndíolachán brabúsach le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre le haghaidh gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun a chinneadh an n-úsáidfí díolacháin intíre iarbhír d’fhonn an gnáthluach a ríomh nó an ndéanfaí neamhshuim de dhíolacháin lasmuigh den ghnáthchúrsa trádála de bharr praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán.

(83)

Coigeartaíodh costas monaraíochta gach táirgeora onnmhairiúcháin sampláilte do na ‘costais neamhtháirgthe’ mar a thugtar orthu. Ba chostais iad sin a mheas na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte mar chostais neamhtháirgthe, agus dá bhrí sin níor leithdháileadh iad ar chostas na monaraíochta. Fuarthas amach gur chostais a bhain le monarú an táirge faoi imscrúdú iad na costais sin, fiú mura raibh siad leithdháilte.

(84)

Fuair gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amhiarann go páirteach ar mhargadh na hIndia agus, go pointe áirithe, óna mianaigh faoi chuing. Chun oibleagáidí conarthacha na gníomhaíochta mianadóireachta a chomhlíonadh, dhíol na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte amhiarann ar chaillteanas chun íoc pionós a sheachaint nó chun an costas pionóis a laghdú. Mheas an Coimisiún gur costas soláthair é an caillteanas réadaithe díolachán amhiarainn agus leithdháileadh é dá bhrí sin ar chostas na monaraíochta.

(85)

Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, gan beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:

(a)

gurb éard a bhí i gceist le méid díolachán an chineáil táirge arna dhíol ar phraghas díola a bhí comhionann leis an gcostas táirgthe arna ríomh nó níos mó ná sin, breis agus 80 % den mhéid díolachán iomlán i gcás an chineáil táirge sin; agus

(b)

tá meánphraghas díola ualaithe an chineáil táirge sin comhionann le meánchostas aonaid ualaithe na táirgeachta nó níos airde ná sin.

(86)

Sa chás sin, is é atá sa ghnáthluach meánphraghsanna ualaithe dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(87)

Is é atá sa ghnáthluach an praghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha na gcineálacha táirgí sin, agus an méid sin amháin, le linn ná tréimhse imscrúdúcháin, más rud é:

(a)

go bhfuil 80 % nó níos lú de mhéid díolachán iomlán an chineáil táirge i gceist le méid díolachán brabúsach an chineáil táirge sin; nó

(b)

go bhfuil meánphraghas díola ualaithe an chineáil sin táirge faoi bhun meánchostas aonaid ualaithe na táirgeachta.

(88)

I gcás nár díoladh cineál táirge i méideanna ionadaíocha ná ar chor ar bith sa mhargadh intíre de réir bhrí Airteagal 2(3) den chéad abairt den bhun-Rialachán, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus le hAirteagal (6) den bhun-Rialachán.

(89)

Ríomhadh an gnáthluach in aghaidh an chineáil táirge tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgthe ar tháirge comhchosúil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearnadh imscrúdú orthu le linn na tréimhse imscrúdúcháin:

(a)

na meánchostais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘SGA’) ualaithe a thabhaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearnadh imscrúdú orthu ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, sa ghnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdúcháin; agus

(b)

an meánbhrabús ualaithe a rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, sa ghnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(90)

Maidir le cineálacha táirge nár díoladh i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, rinneadh meánchostais SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála i gcás na gcineálacha sin a chur san áireamh. I gcás na gcineálacha táirgí nár díoladh ar chor ar bith ar an margadh intíre, cuireadh meánchostais ualaithe SGA agus brabús na n-idirbheart go léir a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála ar an margadh intíre leis.

3.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(91)

D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chuig an Aontas, bíodh sin go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí thrádálaithe comhlachaithe.

(92)

I gcás an táirgeora onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

(93)

Sa bhreis ar dhíolacháin dhíreacha, dhíol táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin an táirge lena mbaineann leis an Aontas freisin le páirtithe comhlachaithe, agus rinne na páirtithe sin tuilleadh próiseála ar an táirge lena mbaineann. I gcás na ndíolachán sin, suíodh an praghas onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán toisc go bhféadfadh an Coimisiún a fhíorú go raibh na praghsanna idir páirtithe comhlachaithe ar neamhthuilleamaí agus go raibh siad ina léiriú ar phraghsanna an mhargaidh.

3.2.3.   Comparáid

(94)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltais a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna

3.2.3.1.   Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach

(95)

Chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar: iompar intíre agus árachas, agus láimhseáil agus luchtú.

(96)

Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costas creidmheasa agus costais phacála.

3.2.3.2.   Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin

(97)

Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar: iompar intíre, muirlasta agus árachas, agus láimhseáil agus luchtú.

(98)

Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costas creidmheasa, coimisiúin agus táillí bainc.

(99)

Rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte éileamh faoi Airteagal 2(10)(b) den bhun-Rialachán ar choigeartú aisíocaíochta dleachta, agus d’áitigh siad, ós rud é gurb ann do scéim aisíocaíochta dleachta le haghaidh amhábhair áirithe, go mbeadh sé intuigthe go mbeadh cáin indíreach ionchorpraithe ina ndíolacháin intíre uile i gcomparáid leis na díolacháin onnmhairí. Ní raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin in ann a léiriú, áfach, an scéim aisíoca dleachta a bheith ann in aon chor, go ndéanfadh sé sin difear d’inchomparáideacht praghsanna. Ní raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin in ann a léiriú gur cuireadh méid na haisíocaíochta dleachta san áireamh sa phraghas díola. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir glacadh leis an maíomh sin.

(100)

Rinne táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin maíomh faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán maidir le costais iompair idir an gléasra táirgthe agus na trádstórais éagsúla sa tír. Ní raibh an táirgeoir onnmhairiúcháin in ann a léiriú, áfach, go ndéanfadh costas breise iompair difear d’inchomparáideacht praghsanna. Ní raibh an táirgeoir onnmhairiúcháin in ann a léiriú go raibh tionchar ag an gcostas iompair breise ar an bpraghas díola. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir glacadh leis an maíomh sin.

3.2.4.   Dumpáil

(101)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus le hAirteagal (12) den bhun-Rialachán.

(102)

Ar an mbonn sin, bhí an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht gan íoc, arna ríomh don táirgeoir onnmhairiúcháin, le haghaidh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh 0,77 % agus 1,76 %, i.e. faoi bhun 2% den phraghas onnmhairiúcháin, arb é an tairseach de minimis a leagtar amach in Airteagal 9(3) den bhun-Rialachán. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an corrlach dumpála ar fud na tíre faoi bhun de minimis freisin. Sna himthosca sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún deireadh a chur leis an imeacht reatha a mhéid a bhaineann le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na hIndia, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den bhun-Rialachán.

(103)

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar rún an Choimisiúin deireadh a chur leis an imeacht i leith na hIndia laistigh de 15 lá ó fhoilsiú an rialacháin seo.

3.3.   an tSeapáin

3.3.1.   An Gnáthluach

(104)

Chun an gnáthluach a shuí, scrúdaigh an Coimisiún ar dtús an raibh méid iomlán na ndíolachán intíre do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin 5 % ar a laghad de mhéid iomlán a dhíolachán onnmhairiúcháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcás an táirge lena mbaineann. Ar an mbonn sin, bhí na díolacháin iomlána a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin maidir leis an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch.

(105)

Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a raibh díolacháin intíre ionadaíocha acu.

(106)

Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an méid ionadaíoch a bhí sna díolacháin intíre a rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar an margadh intíre i gcás gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch i gcás cineál táirge den chineál sin más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdúcháin 5 % de mhéid iomlán dhíolacháin onnmhairiúcháin an chineáil táirge chomhionainne nó inchomparáide leis an Aontas.

(107)

Shuigh an Coimisiún go raibh díolacháin intíre na gcineálacha táirgí uile le haghaidh gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas ionadaíoch, ach amháin i gcás ceithre chineál táirge de chuid Tokyo Steel agus dhá chineál táirge de chuid Nippon Steel nach raibh aon díolachán intíre ann ina leith, nó go raibh na díolacháin intíre faoi bhun 5 % agus dá bhrí sin nach raibh siad ionadaíoch. I gcás nach raibh aon díolachán intíre de chineál táirge den táirge comhchosúil, ríomhadh an gnáthluach toisc nach bhféadfaí praghas díola intíre an táirgeora shampláilte eile don chineál táirge sin a nochtadh ar bhealach fiúntach gan rúndacht an táirgeora sin a shárú. Níor aimsigh an Coimisiún aon fhaisnéis eile maidir le praghsanna na dtáirgí sin. Maidir leis na cineálacha táirgí neamhionadaíocha sin, ríomhadh an gnáthluach i gcomhréir leis an modh thíos.

(108)

Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún an cion de dhíolacháin bhrabúsacha le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre i gcás gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun a chinneadh ar cheart díolacháin intíre iarbhír a úsáid chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán.

(109)

Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, gan beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:

(a)

gurb éard a bhí i gceist le méid díolachán an chineáil táirge arna dhíol ar phraghas díola a bhí comhionann leis an gcostas táirgthe arna ríomh nó níos mó ná sin, breis agus 80 % den mhéid díolachán iomlán i gcás an chineáil táirge sin; agus

(b)

tá meánphraghas díola ualaithe an chineáil táirge sin comhionann le meánchostas aonaid ualaithe na táirgeachta nó níos airde ná sin.

(110)

Sa chás sin, is é atá sa ghnáthluach meánphraghsanna ualaithe dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(111)

Is é atá sa ghnáthluach an praghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha na gcineálacha táirgí sin, agus an méid sin amháin, le linn ná tréimhse imscrúdúcháin, más rud é:

(a)

go bhfuil 80 % nó níos lú de mhéid díolachán iomlán an chineáil táirge i gceist le méid díolachán brabúsach an chineáil táirge sin: nó

(b)

go bhfuil meánphraghas díola ualaithe an chineáil sin táirge faoi bhun meánchostas aonaid ualaithe na táirgeachta.

(112)

Léiríodh san anailís ar dhíolacháin intíre, maidir leis an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte, bhí an méid díolachán brabúsach de chineálacha áirithe táirgí le linn na tréimhse imscrúdúcháin cothrom le níos lú ná 80 % de mhéid iomlán na ndíolachán den chineál sin. Dá réir sin, i gcás na gcineálacha táirgí sin, ríomhadh an gnáthluach mar mheán ualaithe na ndíolachán brabúsach amháin. Maidir le gach cineál táirge eile, bhí an cás a leagtar amach in aithris (109) infheidhme, agus ríomhadh an gnáthluach mar mheán ualaithe phraghsanna na ndíolachán intíre uile le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(113)

I gcás cineálacha táirgí de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh nár díoladh aon cheann de chineál táirge an táirge chomhchosúil ina leith, nó nár díoladh cainníochtaí dóthanacha díobh, sa ghnáthchúrsa trádála nó i gcás nár díoladh cainníochtaí ionadaíocha de chineál táirge ar an margadh intíre, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (6) den bhun-Rialachán.

(114)

Ríomhadh an gnáthluach tríd an méid seo a leanas a chur le meánchostas táirgthe an táirge chomhchosúil de chuid na dtáirgeoirí comhoibríoch sampláilte le linn na tréimhse imscrúdúcháin:

(a)

na meánchostais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘SGA’) ualaithe a thabhaigh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, sa ghnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdúcháin; agus

(b)

an meánbhrabús ualaithe a rinne an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, sa ghnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(115)

Maidir le cineálacha táirge nár díoladh i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, rinneadh meánchostais SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála i gcás na gcineálacha sin a chur san áireamh. I gcás nach raibh aon díolachán intíre de chineál táirge den táirge comhchosúil, ríomhadh an gnáthluach toisc nach bhféadfaí praghas díolacháin intíre táirgeora shampláilte eile don chineál táirge sin a nochtadh ar bhealach bríoch gan rúndacht an táirgeora sin a shárú.

(116)

Tugann an Coimisiún dá aire, i bhfianaise roinnt easnamh san fhaisnéis a cuireadh isteach maidir le ceann amháin de thrádálaithe intíre Nippon Steel agus i bhfianaise na méideanna teoranta de dhíolacháin intíre a ndearnadh difear dóibh, gur chinn an Coimisiún faisnéis ó Nippon Steel agus óna chuideachtaí comhlachaithe eile a úsáid mar athróg thagartha don trádálaí intíre sin chun an gnáthluach a shuí. Mar gheall ar nádúr íogair na sonraí agus na mínithe ábhartha, cuireadh tuilleadh sonraí ar fáil do Nippon Steel sa nochtadh sonrach.

3.3.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(117)

D’onnmhairigh Nippon Steel chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí comhlachaithe a bhí ag gníomhú mar allmhaireoir, agus níor onnmhairigh Tokyo Steel chuig an Aontas ach go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha.

(118)

I gcás an táirgeora onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

(119)

I gcás inar onnmhairigh an táirgeoir onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí comhlachaithe a bhí ag gníomhú mar allmhaireoirí, suíodh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar an bpraghas ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas de réir gach costais a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA, agus de réir na mbrabús a fabhraíodh.

3.3.3.   Comparáid

(120)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna.

3.3.3.1.   Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach

(121)

Chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar: iompar intíre; lasta aigéin agus árachas; Láimhseáil, luchtú agus costais choimhdeacha; agus pacáil.

(122)

Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costas creidmheasa; muirir bhainc; lascainí agus lacáistí; costais iardhíola; agus coimisiúin.

3.3.3.2.   Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin

(123)

Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar: iompar intíre; lasta aigéin agus árachas; láimhseáil, luchtú agus costais choimhdeacha; pacáil; agus dleachtanna coimirce.

(124)

Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costas creidmheasa; muirir bhainc; lascainí; costais iardhíola; agus coimisiúin.

(125)

Mhaígh Nippon Steel go ndearnadh coigeartú breise chun difríocht líomhnaithe sa phraghas idir díolacháin le hearnálacha éagsúla a chur san áireamh, i gcás ina mbeadh praghsanna i bhfad níos airde ar an meán d’earnáil amháin (‘earnáil A’) ná earnáil eile (‘earnáil B’). Bheadh an coigeartú a mholtar bunaithe ar an meándifríocht sa phraghas idir an dá earnáil le haghaidh na ndíolachán uile ar an margadh intíre, gan idirdhealú a dhéanamh idir an tréimhse díolacháin, an cineál táirge nó cibé acu a bhí an custaiméir comhlachaithe nó neamhspleách. Dhéanfaí an difríocht fhoriomlán sa phraghas i yen in aghaidh an tona mar thoradh air sin a asbhaint ón bpraghas díola tríd an difríocht sin sa phraghas a iolrú faoin gcainníocht a dhíoltar le hearnáil A ar bhonn idirbhirt. Le linn an fhíoraithe ar an láthair, chuir Nippon Steel roinnt faisnéise ginearálta ar fáil ag míniú cén fáth a mbeadh difríocht praghais idir an dá earnáil de ghnáth.

(126)

Mar sin féin, ní raibh an chuideachta (a) in ann buneilimintí na difríochta praghais a chainníochtú, agus níor léirigh sí ach difríocht fhoriomlán sa phraghas (an meánphraghas iomlán d’earnáil A lúide an meánphraghas iomlán d’earnáil B le linn na tréimhse imscrúdúcháin); (b) gan a bheith in ann doiciméadacht shonrach a sholáthar lena mínítear an difríocht sa phraghas ar bhonn táirge nó custaiméara; (c) gan a bheith in ann a mhíniú cén fáth, cé go raibh an praghas ar bhonn cineál táirge níos airde go deimhin d’earnáil A mar a líomhain Nippon Steel, i gcás idirbhearta eile bhí an praghas níos airde i ndáiríre d’earnáil B.

(127)

Ina theannta sin, bhí an difríocht sa phraghas idir díolacháin leis an dá earnáil ar bhonn cineál táirge neamhréireach agus bhí sé idir céatadán diúltach dhá dhigit agus céatadán dearfach dhá dhigit, go míosúil agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin ina hiomláine. Thairis sin, d’fhéadfadh an difríocht praghais idir an dá earnáil a bheith difriúil ó mhí go mí. Mar shampla, i gcás cineál táirge amháin, thug an Coimisiún faoi deara go raibh an praghas ar earnáil A níos costasaí go deimhin ná mar a bhí ar earnáil B in aon mhí amháin, go raibh sé níos saoire an chéad mhí eile agus arís níos costasaí an mhí ina dhiaidh sin.

(128)

Ar deireadh, cé gur sholáthair an táirgeoir onnmhairiúcháin Nippon Steel faisnéis maidir le díolacháin don dá earnáil éagsúla, ní bhfuair an Coimisiún an fhaisnéis sin ó aon cheann dá eintitis chomhlachaithe. Dá bhrí sin, i dteannta na saincheisteanna thuasluaite, níorbh fhéidir anailís a dhéanamh ar an difríocht líomhnaithe sa phraghas ar leibhéal na n-eintiteas comhlachaithe agus ar an tionchar ar an bpraghas díola deiridh le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre.

(129)

Ar na cúiseanna thuas, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh Nippon Steel maidir le coigeartú.

3.3.4.   Corrlach dumpála

(130)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(131)

Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Nippon Steel Corporation

42,5 %

Tokyo Steel Co. Ltd.

6,9 %

(132)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán.

(133)

Ar an mbonn sin, is é 32,9 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla.

(134)

Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile i sa tSeapáin, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is ionann an leibhéal comhair agus an méid onnmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh mar chion de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, arna suí ar bhonn Eurostat.

(135)

Is ard an leibhéal comhoibrithe atá ann sa chás seo ós rud é go raibh 100 % de mhéid iomlán na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le honnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála a shocrú le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha ar leibhéal na cuideachta comhoibríche sampláilte a bhfuil an corrlach dumpála is airde aici.

(136)

Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Tábla 2

Corrlaigh dhumpála

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Nippon Steel Corporation

42,5 %

Tokyo Steel Co. Ltd.

6,9 %

Cuideachtaí comhoibríocha eile:

Daido Steel Co., Ltd.

JFE Steel Corporation

32,9 %

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Seapáine

42,5 %

3.4.   Vítneam

3.4.1.   An Gnáthluach

(137)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús chun a fháil amach an raibh an méid iomlán díolachán intíre i gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibrithigh ionadaíoch (Formosa agus Hoa Phat), i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin 5 % ar a laghad de mhéid iomlán a dhíolachán onnmhairiúcháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcás an táirge lena mbaineann . Ar an mbonn sin, fuarthas go raibh na díolacháin iomlána a rinne Formosa agus Hoa Phat maidir leis an táirge comhchosúil sa mhargadh intíre ionadaíoch.

(138)

Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a raibh díolacháin intíre ionadaíocha acu.

(139)

Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an méid ionadaíoch a bhí sna díolacháin intíre a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch ar a mhargadh intíre i gcás gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch i gcás cineáil táirge más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdúcháin 5 % de mhéid iomlán dhíolacháin onnmhairiúcháin an chineáil táirge chomhionainne nó inchomparáide leis an Aontas.

(140)

Shuigh an Coimisiún, i gcás Formosa, gur ionadaíoch iad díolacháin intíre na gcineálacha táirgí uile le haghaidh gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas. I gcás Hoa Phat, bhí díolacháin intíre na gcineálacha táirgí uile le haghaidh gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas ionadaíoch, ach amháin i gcás dhá chineál táirge nach raibh aon díolachán intíre ann ina leith, nó go raibh na díolacháin intíre faoi bhun 5 % agus, dá bhrí sin, nach raibh siad ionadaíoch. I gcás nach raibh aon díolachán intíre de chineál táirge den táirge comhchosúil, ríomhadh an gnáthluach toisc nach bhféadfaí praghas díolacháin intíre an táirgeora shampláilte eile don chineál táirge sin a nochtadh ar bhealach fiúntach gan rúndacht an táirgeora sin a shárú. Níor aimsigh an Coimisiún aon fhaisnéis eile maidir le praghsanna na dtáirgí sin. Maidir leis na cineálacha táirgí sin, ríomhadh an gnáthluach i gcomhréir leis an modh thíos sa roinn seo.

(141)

Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún an cion de dhíolacháin bhrabúsacha le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre i gcás gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun a chinneadh ar cheart díolacháin intíre iarbhír a úsáid chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán.

(142)

Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, gan beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:

(a)

gurb éard a bhí i gceist le méid díolachán an chineáil táirge arna dhíol ar phraghas díola a bhí comhionann leis an gcostas táirgthe arna ríomh nó níos mó ná sin, breis agus 80 % den mhéid díolachán iomlán i gcás an chineáil táirge sin; agus

(b)

go bhfuil meánphraghas díola ualaithe an chineáil táirge sin comhionann le costas aonaid an táirgthe nó níos mó ná sin.

(143)

Sa chás sin, is é atá sa ghnáthluach meánphraghsanna ualaithe dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(144)

Is é atá sa ghnáthluach an praghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha na gcineálacha táirgí sin, agus an méid sin amháin, le linn ná tréimhse imscrúdúcháin, más rud é:

(a)

go bhfuil 80 % nó níos lú de mhéid díolachán iomlán an chineáil táirge i gceist le méid díolachán brabúsach an chineáil táirge sin: nó

(b)

go bhfuil meánphraghas díola ualaithe an chineáil sin táirge faoi bhun meánchostas aonaid ualaithe na táirgeachta.

(145)

Léiríodh san anailís ar dhíolacháin intíre, i gcás Formosa, gur lú méid na ndíolachán brabúsach de na cineálacha táirgí uile a léiríodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin ná 80 % de mhéid iomlán na ndíolachán den chineál sin. Dá réir sin, i gcás na gcineálacha táirgí sin, ríomhadh an gnáthluach mar mheán ualaithe na ndíolachán brabúsach amháin.

(146)

I gcás Hoa Phat, is éard a bhí i gceist le méid díolachán an chineáil táirge arna dhíol ar phraghas díola a bhí comhionann leis an gcostas táirgthe arna ríomh nó níos mó ná sin, breis agus 80 % den mhéid díolachán iomlán i gcás an chineáil táirge sin; agus go raibh meánphraghas díola ualaithe an chineáil táirge sin comhionann le costas aonaid an táirgthe nó níos mó ná sin. Dá réir sin, ríomhadh an gnáthluach mar mheán ualaithe phraghsanna na ndíolachán intíre uile le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(147)

I gcás na gcineálacha táirgí Formosa agus Hoa Phat nár díoladh cineál táirge den táirge comhchosúil ina leith sa ghnáthchúrsa trádála, nó nár díoladh cineál táirge go leordhóthanach ina leith, nó i gcás nár díoladh cineál táirge i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den bhun-Rialachán, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus Airteagal (6) den bhun-Rialachán toisc nárbh fhéidir praghas díola intíre an táirgeora shampláilte eile don chineál táirge sin a nochtadh ar bhealach fiúntach gan rúndacht an táirgeora sin a shárú. Níor aimsigh an Coimisiún aon fhaisnéis eile maidir le praghsanna na dtáirgí sin.

(148)

Ríomhadh an gnáthluach tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgthe a bhain le táirge comhchosúil Formosa agus Hoa Phat le linn na tréimhse imscrúdúcháin:

(a)

na meánchostais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘SGA’) ualaithe a thabhaigh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, sa ghnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdúcháin; agus

(b)

an meánbhrabús ualaithe a rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, sa ghnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(149)

Maidir le cineálacha táirge nár díoladh i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, rinneadh meánchostais SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála i gcás na gcineálacha sin a chur san áireamh. Maidir le cineálacha táirge nár díoladh ar chor ar bith ar an margadh intíre, rinneadh meánchostais ualaithe SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála i gcás na gcineálacha sin a chur san áireamh.

3.4.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(150)

D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí thrádálaí comhlachaithe i dtríú tír.

(151)

Dá bhrí sin, ba é a bpraghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

3.4.3.   Comparáid

(152)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltais a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna

3.4.3.1.   Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach

(153)

Chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar: iompar intíre, muirlasta agus árachas, agus láimhseáil agus luchtú.

(154)

Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus táillí bainc.

3.4.3.2.   Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin

(155)

Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar: iompar intíre, muirlasta agus árachas, agus láimhseáil agus luchtú.

(156)

Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus táillí bainc.

3.4.4.   Corrlaigh dhumpála

(157)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(158)

Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

 

Formosa Ha Tinh Steel Corporation

12,1 %

 

Hoa Phat Dung Quat Steel Joint Company

0 %

(159)

Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile i Vítneam, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is ionann an leibhéal comhair agus méid onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh ina chion de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, a suíodh ar bhonn an ghearáin agus na faisnéise a cuireadh ar fáil do Rialtas Vítneam.

(160)

Is ard an leibhéal comhoibrithe atá ann sa chás seo ós rud é go raibh beagnach 100 % de mhéid iomlán na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le honnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún corrlach dumpála na n-allmhairí eile go léir a shuí ar leibhéal Formosa.

(161)

Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Formosa Ha Tinh Steel Corporation

12,1 %

Hoa Phat Dung Quat Steel Joint Company

0 %

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Vítneam

12,1 %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(162)

Laistigh den Aontas, chuir 15 chuideachta sonraí táirgeachta agus díolacháin ar fáil sa chleachtadh seasta agus chuir siad in iúl gur tháirg siad an táirge comhchosúil le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil sa ghearán, bhí thart ar 86 % de tháirgeadh an táirge chomhchosúil san Aontas i gceist leis na 15 chuideachta sin.

(163)

Seachas na 15 chuideachta sin, bhí seacht gcuideachta eile ag táirgeadh an táirge chomhchosúil le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(164)

Suíodh gur thart ar 59,1 milliún tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail faisnéis ón ngearánach agus ó gach táirgeoir aitheanta san Aontas.

(165)

Mar a léirítear in aithris (28), roghnaíodh trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla, táirgeoirí a dhéanann ionadaíocht ar 34 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil agus 35 % de chainníocht dhíolacháin iomlán mheasta an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

(166)

Is iad táirgeoirí an Aontais a bhfuil táirgeacht iomlán an Aontais acu ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán agus tagraítear dóibh mar ‘tionscal an Aontais’.

(167)

Tá éagsúlacht i samhail ghnó tháirgeoirí an Aontais agus ina leibhéal comhtháthaithe ingearaigh. Mar sin féin, is féidir tionscal an Aontais a shaintréithriú ar an iomlán mar thionscal ina bhfuil ardleibhéal comhtháthaithe ingearaigh, toisc go bhfuarthas amach go raibh táirgeoirí de chuid an Aontais ina soláthróirí den táirge comhchosúil an tráth céanna d’allmhaireoirí agus d’úsáideoirí agus iad féin ina n-iomaitheoirí de chuid na n-allmhaireoirí neamhspleácha, na n-úsáideoirí agus na Lárionad Seirbhísí Cruach céanna mar a luaitear in aithris (302).

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(168)

Mar a luaitear in aithris (46), tagann an táirge faoi imscrúdú faoi roinnt chóid AC lena n-áirítear cóid ex áirithe. Ionas nach ndéanfar gannmheastachán ar thomhaltas an Aontais, agus i bhfianaise an tionchair imeallaigh dhealraithigh atá ag na cóid sin ar thomhaltas iomlán, cuireadh méideanna allmhairí ex-chóid AC san áireamh ina n-iomláine chun tomhaltas an Aontais a ríomh.

(169)

Ós rud é go bhfuil tionscal an Aontais comhtháite go hingearach den chuid is mó agus go meastar gur príomhábhar é an táirge faoi imscrúdú chun táirgí iartheachtacha breisluacha éagsúla a tháirgeadh, amhail táirgí fuar-rollta, cornaí galbhánaithe teothumtha, leatháin chruach teorollta, stiallacha agus leatháin theorollta ghearrtha san fhad iomchuí nó brataithe, rinneadh anailís ar leithligh ar thomhaltas faoi chuing agus ar thomhaltas saormhargaidh.

(170)

Tá an t-idirdhealú idir margadh faoi chuing agus saormhargadh ábhartha don anailís díobhála toisc nach nochtar táirgí a bhfuil sé beartaithe úsáid faoi chuing a bhaint astu d’iomaíocht dhíreach ó allmhairí, agus socraítear praghsanna aistrithe laistigh de na grúpaí de réir beartais praghais éagsúla. Os a choinne sin, tá an táirgeacht atá dírithe ar an saormhargadh in iomaíocht dhíreach le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú agus is ionann praghsanna agus praghsanna an tsaormhargaidh.

(171)

Chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a sholáthar ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh gníomhaíocht iomlán an táirge chomhchosúil agus chinn sé an raibh an táirgeacht beartaithe le haghaidh úsáid faoi chuing nó le haghaidh an tsaormhargaidh.

4.2.1.   Tomhaltas faoi chuing ar mhargadh an Aontais (tonaí)

(172)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas faoi chuing an Aontais ar bhonn úsáid faoi chuing agus díolacháin faoi chuing gach táirgeora aitheanta san Aontas ar mhargadh an Aontais. Ar an mbonn seo, forbraíodh tomhaltas faoi chuing an Aontais mar a seo a leanas:

Tábla 3

Tomhaltas faoi chuing ar mhargadh an Aontais (tonaí)

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Tomhaltas faoi Chuing

39 224 645

33 094 190

33 000 256

33 143 141

Innéacs (2021=100)

100

84

84

84

Foinse:

Freagra ar cheistneoir Eurofer

(173)

Suíodh go bhfuil 56,1 % de tháirgeacht táirgí comhréidhe teorollta cruach an Aontais tiomnaithe don mhargadh faoi chuing agus go ndíoltar an 43,9 % eile faoi dhálaí an tsaormhargaidh.

(174)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú thart ar 16 % ar thomhaltas faoi chuing an Aontais ar mhargadh an Aontais. Is é is cúis leis an laghdú sin den chuid is mó laghdú ar an éileamh i margaí faoi chuing, lena n-áirítear páirteanna monaraíochta amhail do thionscail na ngluaisteán agus na tógála.

(175)

D’áitigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, an sciar den tomhaltas faoi chuing (i.e. aistrithe inmheánacha chun tuilleadh próiseála a dhéanamh ar an táirge faoi imscrúdú gan sonrascadh agus dul isteach sa saormhargadh, agus ‘díolacháin faoi chuing ar idirbhearta neamhthuilleamaí le cuideachtaí comhlachaithe le haghaidh tuilleadh próiseála) i dtáirgeadh foriomlán táirgí cruach comhréidhe teorollta, gur cheart an sciar sin a chur san áireamh. Dar leis an táirgeoir onnmhairiúcháin sin, bheadh tionchar láidir aige sin ar chinneadh na díobhála deiridh, go háirithe ós rud é gur cuireadh cur chuige difriúil i bhfeidhm maidir leis na treochtaí fostaíochta nó na corrlaigh bhrabúsachta.

(176)

D’áitigh úsáideoir amháin, i gcás roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais a tháirgeann táirgí cruach comhréidhe teorollta comhtháite go hingearach agus a n-úsáid faoi chuing agus díolacháin an táirge chomhchosúil, go ndearna siad thart ar 50 % den táirgeacht iomlán, go deimhin, bhí sciar tháirgeoirí an Aontais i dtéarmaí thomhaltas (saor) an Aontais níos mó ná 70 %.

(177)

Rinne an Coimisiún scrúdú géar ar an gceist maidir le ‘húsáid faoi chuing’ agus ‘díolacháin faoi chuing’, rud atá an-ábhartha san imscrúdú atá idir lámha. Rinne sé díolacháin sa mhargadh oscailte agus díolacháin faoi chuing a mheas ar leithligh ina mheasúnú díobhála.

(178)

Tugann an Coimisiún dá aire, cé go bhfuil cuideachtaí comhlachaithe ag roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais a bhíonn ag trádáil nó ag próiseáil an táirge chomhchosúil, go ndéantar a ndíolacháin leis na heintitis chomhlachaithe sin ar neamhthuilleamaí freisin agus go gceadaítear do na heintitis chomhlachaithe sin ceannach ó gach soláthróir, lena n-áirítear iad siúd ó na tíortha lena mbaineann agus ní hamháin ó phríomhdhéantóirí cruach comhlachaithe agus go ndéantar na ceannacháin sin go léir ar phraghas an mhargaidh. Dá bhrí sin, níor measadh gur díolacháin faoi chuing iad na díolacháin uile idir páirtithe comhlachaithe agus gur áiríodh iad i méid nó i luach na ndíolachán sin.

4.2.2.   Tomhaltas saormhargaidh ar mhargadh an Aontais (tonaí)

(179)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas saormhargaidh an Aontais ar bhonn (a) dhíolacháin na dtáirgeoirí aitheanta uile san Aontas ar mhargadh an Aontais agus (b) na n-allmhairí isteach san Aontas ó gach tríú tír mar a thuairiscigh Eurostat (8), agus ar an gcaoi sin na sonraí arna gcur isteach ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sna tíortha lena mbaineann á gcur san áireamh freisin. Ar an mbonn sin, rinneadh tomhaltas saormhargaidh an Aontais a fhorbairt mar a leanas:

Tábla 4

Tomhaltas saormhargaidh an Aontais (tonaí)

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Tomhaltas Saormhargaidh

[33 097 951 – 39 993 358 ]

[28 245 156 – 34 452 883 ]

[30 127 073 – 36 275 456 ]

[31 192 346 – 37 690 752 ]

Innéacs (2021=100)

100

90

89

94

Foinse:

Freagra ar cheistneoir Eurofer, táirgeoirí sampláilte an Aontais, EUROSTAT

(180)

De réir na faisnéise a chuir tionscal an Aontais ar fáil, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú thart ar 6 % ar thomhaltas saormhargaidh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

4.2.3.   An tomhaltas foriomlán

(181)

An tomhaltas foriomlán – an tomhaltas faoi chuing agus an tomhaltas saormhargaidh san iomlán – tháinig forás air mar a leanas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 5

Tomhaltas foriomlán an Aontais (an saormhargadh agus an margadh faoi chuing) (tonaí)

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Tomhaltas Foriomlán an Aontais

[75 785 251 – 91 095 403 ]

[60 606 914 – 73 927 115 ]

[62 726 141 – 75 931 644 ]

[62 426 794 – 75 709 091 ]

Innéacs (2021=100)

100

87

86

87

Foinse:

Freagra ar cheistneoir Eurofer, táirgeoirí sampláilte an Aontais

(182)

Léirítear sa tábla thuas gur tháinig laghdú 13 % ar an tomhaltas foriomlán in 2022 i gcomparáid le 2021. B’ionann tomhaltas faoi chuing agus beagnach 56,1 % den tomhaltas foriomlán sa tréimhse imscrúdúcháin.

4.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

4.3.1.   Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus ar mhéideanna allmhairí agus ar phraghsanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(183)

Tar éis an tionscnaimh, chuir trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Éigipt agus ón tSeapáin, chomh maith le húsáideoirí, i gcoinne chinneadh tosaigh an Choimisiúin measúnú carnach a dhéanamh ar allmhairí ó na ceithre thír lena mbaineann agus d’áitigh siad an méid seo a leanas:

(a)

Bhí an méid a onnmhairíodh ón Éigipt diomaibhseach agus lean sé patrún difriúil ó allmhairí san Aontas. D’fhan na honnmhairí sin cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus níor tháinig ach méadú 5 % orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú nuair a cuireadh i gcomparáid iad le hallmhairí táirgí cruach comhréidhe teorollta comhcheangailte de chuid na dtíortha lena mbaineann. Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris (6) thuas, d’áitigh táirgeoirí na hÉigipte go raibh acmhainneacht táirgeachta an-íseal aici i gcomparáid le tíortha onnmhairiúcháin eile, lena n-áirítear na tíortha lena mbaineann agus go bhfuil a huasacmhainneacht táirgeachta bainte amach aici cheana féin.

(b)

Bhí sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir na táirgí cruach comhréidhe teorollta a monaraíodh agus a onnmhairíodh ón tSeapáin go dtí an tAontas de bharr a n-ardcháilíochta agus na táirgí a táirgeadh sna tíortha eile lena mbaineann, chomh maith le táirge comhchosúil an Aontais, agus ní raibh siad faoi réir na gcoinníollacha céanna dáileacháin/díola, nó coinníollacha comhchosúla fiú.

(c)

Bhí an acmhainneacht táirgeachta iomlán a bhí ar fáil sa tSeapáin ag laghdú agus bhí sí níos ísle ná acmhainneacht táirgeachta iomlán an Aontais. Ina theannta sin, maidir le honnmhairí na Seapáine de tháirgí cruach comhréidhe teorollta chuig an Aontas, níor lean siad an treocht chéanna le treocht na n-onnmhairí carnacha.

(184)

Ar bhonn a bhfuil thuas, líomhain na páirtithe leasmhara sin nár comhlíonadh na coinníollacha carnacha a leagtar amach in Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán maidir le honnmhairí ón Éigipt agus ón tSeapáin.

(185)

Scrúdaigh an Coimisiún ar cheart measúnú carnach a dhéanamh ar allmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den bhun-Rialachán.

(186)

Sonraítear leis an bhforáil sin go ndéanfar measúnú carnach ar na hallmhairí ó níos mó ná tír ach amháin más rud é go gcinntear an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an corrlach dumpála arna suíomh i ndáil leis na hallmhairí ó gach tír níos mó ná de minimis mar atá sainmhínithe in Airteagal 9(3) agus nach diomaibhseach méid na n-allmhairí ó gach tír; agus

(b)

gurb iomchuí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí i bhfianaise na ndálaí iomaíochta idir na táirgí allmhairithe agus na táirgí allmhairithe agus táirge comhchosúil an Aontais.

(187)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na hargóintí a rinne na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ar na forais seo a leanas:

(a)

Tagraíonn Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán do leibhéal a bheith diomaibhseach, gan tairseach a shocrú. Cé nach n-ionchorpraítear na tairseacha sin trí thagairt in Airteagal 3(4), féadfar Airteagal 5(7) den bhun-Rialachán a úsáid mar threoir chun méideanna diomaibhseacha allmhairí a shainiú, in anailís de réir an cháis faoi Airteagal 3(4). Sa chás áirithe seo, allmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, ba é a bhí i gceist leo 2,5 % ar a laghad den sciar den mhargadh ina n-aonar sa tréimhse imscrúdúcháin agus i bhfad níos mó ná 8 % nuair a breithníodh le chéile iad san imscrúdú, mar a thuairiscítear i dTábla 6. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh siad diomaibhseach faoi Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán.

(b)

Níor chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go raibh saintréithe fisiceacha éagsúla ag na táirgí sin nó nach raibh siad inmhalartaithe. D’eascair na difríochtaí idir na tíortha lena mbaineann as éagsúlachtaí sna próisis táirgthe idir na táirgeoirí sna tíortha lena mbaineann, seachas as cáilíocht na dtáirgí. Chomh maith leis sin, léirigh an t-imscrúdú go raibh úsáideoirí ag ceannach méideanna suntasacha den táirge faoi imscrúdú den cháilíocht chéanna cruach ó thíortha éagsúla lena mbaineann. Bhí cáilíocht na n-allmhairí de thionscnamh na Seapáine cosúil le cáilíocht roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais freisin.

(c)

An corrlach dumpála a suíodh i ndáil leis na hallmhairí ón Éigipt, ón tSeapáin agus ó Vítneam, bhí sé os cionn na tairsí de minimis a leagtar síos in Airteagal 9(3) den bhun-Rialachán. Níor dhiomaibhseach an méid allmhairí ó gach ceann de na tíortha lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 5(7) den bhun-Rialachán. [2,2 – 2,7 %], [1,7 – 2,3]% agus [1,1 – 1,4]% faoi seach a bhí sna sciartha den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Measadh nach raibh méideanna na n-allmhairí ón Éigipt, ón tSeapáin agus ó Vítneam diomaibhseach de réir bhrí Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán. Bhí sciar níos mó ná [8,0 – 8,5]% den mhargadh iomlán ag an Éigipt, an tSeapáin agus Vítneam le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(d)

Thug an Coimisiún dá aire freisin nach ndéantar foráil sa bhun-Rialachán maidir le haon choinníoll a bhaineann le hacmhainneacht táirgeachta ná le húsáid acmhainneachta.

(188)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 3(4) le haghaidh an dá thír lena mbaineann agus dheimhnigh sé go sealadach gur cheart scrúdú carnach a dhéanamh ar an Éigipt, ar an tSeapáin agus ar Vítneam chun an díobháil a chinneadh.

4.3.2.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(189)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn sonraí a sholáthair Eurostat, agus, i gcás Vítneam, ar bhonn na méideanna onnmhairí a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin (féach Tábla 6). Suíodh na sciartha den mhargadh trí mhéideanna allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas saormhargaidh an Aontais mar a thuairiscítear i dTábla 4.

(190)

Allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 6

An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

AN ÉIGIPT

An méid allmhairí ón Éigipt

[757 029 – 914 743 ]

[508 554 – 614 503 ]

[738 891 – 888 162 ]

[741 336 - 906 077 ]

An sciar den mhargadh atá ag an Éigipt

[2,2 – 2,7 ]%

[1,3 – 1,8 ]%

[2,0 – 2,5 ]%

[2,3 – 2,8 ]%

AN tSEAPÁIN

An méid allmhairí ón tSeapáin

592 624

1 049 208

1 072 332

1 080 049

An sciar den mhargadh atá ag an tSeapáin

[1,7 – 2,3 ]%

[3,2 – 3,7 ]%

[3,0 – 3,5 ]%

[2,9 – 3,4 ]%

VÍTNEAM

An méid allmhairí ó Vítneam (seachas Hoa Phat)

[376 064 – 452 812 ]

[391 091 – 475 197 ]

[791 275 – 956 124 ]

[791 008 – 957 536 ]

An sciar den mhargadh atá ag Vítneam (gan Hoa Phat a áireamh)

[1,1 – 1,4 ]%

[1,3 – 1,6 ]%

[2,5 – 3,1 ]%

[2,4 – 2,9 ]%

TÍORTHA LENA mBAINEANN

An méid allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

[1 676 689 – 2 029 676 ]

[1 801 528 – 2 219 425 ]

[2 457 927 – 2 988 514 ]

[2 654 306 – 3 201 585 ]

Sciar den mhargadh tíortha lena mbaineann

[4,9 – 5,4 ]%

[6,0 % – 6,5 ]%

[8,4 – 8,9 ]%

[8,0 – 8,5 ]%

Innéacs (2021=100)

100

119

159

156

Foinse:

Eurostat agus freagraí fíoraithe ar an gceistneoir Formosa agus Hoa Phat. Suíodh na sciartha den mhargadh trí mhéideanna allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas saormhargaidh an Aontais mar a thuairiscítear i dtábla 2.

(191)

Léirítear sa tábla thuas gur tháinig méadú, i ndearbhfhigiúirí, ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ag an am céanna, tháinig méadú beagnach 3 phointe céatadáin ar an sciar iomlán den mhargadh a bhí ag a n-allmhairí isteach san Aontas (ó [4,9 – 5,4 %] in 2021 go [8,0 – 8,5 %], nó méadú 56 %) le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.3.3.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(192)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat.

(193)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 7

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

AN ÉIGIPT

Meánphraghas allmhairí dumpáilte na hÉigipte

826

916

706

696

Innéacs (2021=100)

100

111

85

84

AN tSEAPÁIN

Meánphraghas allmhairí dumpáilte na Seapáine

854

891

688

678

Innéacs (2021=100)

100

104

81

79

VÍTNEAM

Meánphraghas allmhairí dumpáilte Vítneam (gan Hoa Phat a áireamh)

[785 – 943 ]

[727 – 885 ]

[644 – 776 ]

[622 – 754 ]

Innéacs (2021=100)

100

100

84

83

TÍORTHA LENA mBAINEANN

Meánphraghas na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann

[819 – 985 ]

[798 – 973 ]

[630 – 763 ]

[645 – 780 ]

Innéacs (2021=100)

100

106

83

82

Foinse:

Eurostat

(194)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas: na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtrí tháirgeoir san Aontas arna ngearradh ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe ar mhargadh saor an Aontais, arna gcoigeartú de réir an phraghais díreach ón monarcha; agus na meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha ar leibhéal CAL ag teorainn an Aontais in aghaidh chineál táirge na n-allmhairí ó tháirgeoirí comhoibríocha na dtíortha lena mbaineann chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna mbunú ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), le coigeartuithe iomchuí le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin.

(195)

Rinneadh an chomparáid praghsanna de réir cineáil le haghaidh idirbheart ar an leibhéal céanna trádála, arna coigeartú go cuí nuair ba ghá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(196)

Ar bhonn a bhfuil thuas, fuarthas amach go ndearna na hallmhairí dumpáilte ó fhormhór na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte lena mbaineann sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais i raon idir – 0,0 % agus 10,1 % mar atá le feiceáil sa tábla thíos.

Tábla 8

Corrlaigh sladghearrtha

Tír

Cuideachta

Corrlaigh sladghearrtha

AN ÉIGIPT

 

Grúpa EFS&EZDK

0 %

AN tSEAPÁIN

 

Nippon Steel Corporation

10,1 %

 

Tokyo Steel Co. Ltd.

10,4 %

VÍTNEAM

 

Formosa Ha Tinh Steel Corporation

3,3 %

(197)

Tá an chuid is mó den táirge lena mbaineann an-íogair ó thaobh an phraghais de agus tá iomaíocht bunaithe den chuid is mó ar phraghas. Ina theannta sin, tá praghsanna ar eolas sa mhargadh trí shuíomhanna gréasáin speisialaithe éagsúla. Léiríodh san imscrúdú nach bhfuil ach cuid de na horduithe bunaithe ar chonarthaí ar feadh tréimhse seasta, agus an fhéidearthacht ag custaiméirí i gcónaí aistriú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile i margadh atá luaineach go leor. Sa chomhthéacs sin, cé is moite den Éigipt, meastar gur mór iad na corrlaigh shladghearrtha. Léirigh an t-imscrúdú freisin gur shocht na hallmhairí ar phraghas íseal de thionscnamh na hÉigipte praghsanna thionscal an Aontais, rud a lean treochtaí agus patrúin trádála chomhchosúla.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(198)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscadal an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(199)

Mar a luaitear in aithris (28), baineadh úsáid as sampláil chun a chinneadh ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais.

(200)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinneadh measúnú ar na táscairí maicreacnamaíocha ar leibhéal thionscal iomlán an Aontais. Bhí an measúnú bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an gearánach ar fáil, faisnéis a cros-seiceáladh ansin le sonraí a chuir táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil, leis na staitisticí oifigiúla a bhí ar fáil (Eurostat) agus le sonraí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a mhéid a bhaineann le Vítneam. Rinneadh an anailís ar tháscairí micreacnamaíocha ar leibhéal tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Bhí an measúnú bunaithe ar a bhfaisnéis, arna bhfíorú go cuí. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte san Aontas. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(a)

Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo.

(b)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú.

(201)

Chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a thabhairt ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil atá faoi imscrúdú, agus chinn sé ar úsáid faoi chuing nó ar an margadh saor a bhí an táirgeacht dírithe. I gcás roinnt táscairí díobhála a bhaineann le tionscal an Aontais, rinne an Coimisiún anailís ar leithligh ar shonraí a bhaineann leis an margadh saor agus leis an margadh faoi chuing agus rinne sé anailís chomparáideach.

(202)

Tá na fachtóirí seo ar thaobh amháin: díolacháin, sciar den mhargadh, praghsanna aonaid, costas aonaid, brabúsacht, agus sreabhadh airgid. Mar sin féin, ní fhéadfaí scrúdú fóinteach a dhéanamh ar tháscairí eacnamaíocha eile ach amháin trí thagairt a dhéanamh don ghníomhaíocht iomlán, lena n-áirítear úsáid faoi chuing thionscal an Aontais.

(203)

Seo a leanas na tosca sin: táirgeacht, acmhainneacht, úsáid acmhainneachta, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí, fostaíocht, táirgiúlacht, stoic agus costais saothair. Maidir leis na tosca sin, ní féidir leis an gCoimisiún measúnú fóinteach a dhéanamh ach amháin trí thagairt a dhéanamh do ghníomhaíocht iomlán thionscal an Aontais. Tá an anailís sin i gcomhréir le cásdlí chúirteanna an Aontais agus EDT (9).

(204)

Mhaígh an Cuibhreannas go raibh tionscal táirgí cruach comhréidh teorollta an Aontais róchosanta cheana féin le bearta frithdhumpála agus coimirce. Le 8 mbliana anuas, rinneadh bearta frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais i gcoinne allmhairí an táirge faoi imscrúdú ó roinnt tíortha onnmhairiúcháin amhail an tSín, an Rúis, an Bhrasaíl, an Iaráin, an Úcráin agus an Tuirc. Ligeadh do na bearta i gcoinne na hÚcráine dul in éag in 2023. Ina theannta sin, modhnaíodh an córas coimirce le déanaí trí uasteorainn a shocrú lena dteorannaítear allmhairí 15 % de thíortha a chumhdaítear leis na Cuótaí-Rátaí-Taraife (TRQanna), amhail, e.g. Vítneam, an Éigipt agus an tSeapáin.

(205)

Ba cheart a thabhairt faoi deara go saothraíonn bearta frithdhumpála agus cosanta cuspóirí éagsúla. Tugann bearta frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais aghaidh ar staid éagórach praghsála, agus cumhdaíonn bearta coimirce méideanna allmhairí (i.e. bagairt mórdhíobhála i ngeall ar mhéadú tapa ar mhéideanna allmhairí). Thairis sin, thug an Coimisiún aghaidh ar na maímh sin maidir le leigheas dúbailte sa ‘rialachán maidir le leigheas dúbailte’ (10) mar a thugtar air. Dhiúltaigh an Coimisiún roimhe seo d’argóintí comhchosúla maidir le leigheasanna dúbailte ar an mbonn go n-áirithítear leis na rialacháin choimirce, i gcás ina sáraíonn allmhairí méid na dtaraif-chuótaí saor ó dhleacht, ní féidir ach na hallmhairí sin a chur faoi réir na dleachta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh is infheidhme ionas nach mbeidh éifeacht níos mó ar thrádáil ná mar is inmhianaithe mar thoradh air.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(206)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Méid táirgeachta (tonaí)

70 393 719

60 844 987

59 352 805

59 119 252

Innéacs (2021=100)

100

86

84

84

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

93 650 041

93 399 984

93 292 683

93 419 713

Innéacs (2021=100)

100

100

100

100

Úsáid acmhainneachta

75 %

65 %

64 %

63 %

Innéacs (2021=100)

100

87

85

84

Foinse:

Freagra ar cheistneoir Eurofer

(207)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú thart ar 11,274 milliún tona (–16 %) ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais mar thoradh ar an laghdú comhcheangailte ar dhíolacháin sna saormhargaí agus sna margaí faoi chuing.

(208)

Tagraíonn na figiúirí acmhainneachta a tuairiscíodh d’acmhainneacht theicniúil, rud a thugann le tuiscint gur cuireadh coigeartuithe san áireamh, arna meas ag an tionscal mar chaighdeáin, le haghaidh am bunaithe, cothabhála, scrogaill agus gnáthstadanna eile. D’fhan an acmhainneacht táirgeachta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(209)

Tháinig laghdú ar an ráta úsáide acmhainneachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, idir 63 % agus 75 % i gcomhréir leis an laghdú ar an méid táirgeachta.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(210)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais ar an saormhargadh

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Méid na ndíolachán i saormhargadh an Aontais (tonaí)

27 729 413

25 319 395

24 045 946

23 570 313

Innéacs (2021=100)

100

91

87

85

Sciar den mhargadh

72,2 %

73,6 %

70,8 %

70,2 %

Innéacs (2021=100)

100

102

98

97

Foinse:

Freagra ar cheistneoir Eurofer agus Eurostat

(211)

Tháinig laghdú 15 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais i saormhargadh an Aontais (gan díolacháin faoi chuing a áireamh) le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 27,729 milliún tona go 23,570 milliún tona.

(212)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 2 phointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ó thaobh thomhaltas an Aontais de, ó 72,2 % go 70,2 %. Ba mhó go mór an laghdú ar mhéid na ndíolachán i saormhargadh an Aontais agus an caillteanas ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh ná an laghdú ar thomhaltas i saormhargadh an Aontais, rud atá ina tháscaire ar mheath staid iomaíoch tháirgeoirí cruach an Aontais.

(213)

A mhéid a bhaineann leis an margadh faoi chuing san Aontas, is mar a leanas a tháinig forbairt ar an méid faoi chuing agus ar an sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

An méid faoi chuing ar mhargadh an Aontais agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Tomhaltas faoi chuing i margadh an Aontais (tonaí)

39 224 645

33 094 190

33 000 256

33 143 141

Innéacs (2021=100)

100

84

84

84

Táirgeacht iomlán thionscal an Aontais (tonaí)

70 393 719

60 844 987

59 352 805

59 119 252

Innéacs (2021=100)

100

86

84

84

% den mhéid faoi chuing i gcomparáid leis an táirgeacht iomlán

55,7 %

54,4 %

55,6 %

56,1 %

Foinse:

Freagra ar cheistneoir Eurofer

(214)

Tháinig laghdú níos mó ná 16 % ar mhéid faoi chuing thionscal an Aontais (comhdhéanta d’aistrithe faoi chuing agus de dhíolacháin faoi chuing i margadh an Aontais) i ndearbhfhigiúirí, ó 39,224 milliún tona go 33,143 milliún tona le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(215)

D’fhan sciar d’úsáid faoi chuing (arna shloinneadh mar chéatadán den táirgeacht iomlán) thionscal an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, idir 55,7 % agus 56,1 %.

4.4.2.3.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(216)

Ríomhadh an fhostaíocht gan ach na fostaithe atá ag obair go díreach don táirge comhchosúil i bpríomhdhéantóirí cruach éagsúla tháirgeoirí an Aontais a chur san áireamh. Chuir an modh seo sonraí cruinne ar fáil.

(217)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

An líon fostaithe

42 145

40 632

36 856

38 047

Innéacs (2021=100)

100

96

87

90

An táirgiúlacht (tona/fostaí)

1 670,2

1 497,4

1 610,3

1 553,8

Innéacs (2021=100)

100

90

96

93

Foinse:

Freagra ar cheistneoir Eurofer

(218)

Tháinig laghdú ar leibhéal fostaíochta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú chun costais táirgthe a laghdú agus éifeachtúlacht a bhaint amach i bhfianaise an mhéadaithe ar an iomaíocht ó na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus ó allmhairí eile ar an margadh. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú 9,7 % ar an lucht saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú, gan aon fhostaíocht indíreach a chur san áireamh. Mar thoradh ar an laghdú ar an méid táirgeachta (– 16,0 %) le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus i bhfianaise an laghdaithe sin, tháinig laghdú níos lú (- 7,0 %) ar tháirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas mar aschur in aghaidh an duine fostaithe in aghaidh na bliana, ná an laghdú ar an táirgeacht iarbhír. Léiríonn sé sin go raibh tionscal an Aontais toilteanach dul in oiriúint do dhálaí athraitheacha an mhargaidh chun leanúint de bheith iomaíoch.

4.4.2.4.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(219)

Cé is moite de tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin i Vítneam, bhí na corrlaigh dhumpála uile i bhfad os cionn an leibhéil de minimis. Ní diomaibhseach an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann.

4.4.2.5.   Fás

(220)

Tháinig laghdú 6 % ar thomhaltas an Aontais (saormhargadh) le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach tháinig laghdú níos mó 15 % ar mhéid díolachán thionscal de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais áfach. Dá bhrí sin, chaill tionscal an Aontais sciar den mhargadh, murab ionann agus an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann, sciar a mhéadaigh le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(221)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 13

Praghsanna díola ar an saormhargadh san Aontas

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/tona)

759

990

778

769

Innéacs (2021=100)

100

130

102

101

Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona)

687

886

839

814

Innéacs (2021=100)

100

129

122

118

Foinse:

Freagra ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(222)

Léirítear sa tábla thuas éabhlóid an phraghais díola aonaid ar shaormhargadh an Aontais i gcomparáid leis an gcostas táirgthe aonaid comhfhreagrach. Bhí na meánphraghsanna díola níos airde ar dtús ná na meánchostais aonaid táirgthe in 2021 agus 2022. D’aisiompaigh an staid in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin nuair a d’éirigh costais aonaid an táirgthe níos airde ná na meánphraghsanna díola.

(223)

Mínítear in aithrisí (254) go (256) staid urghnách ceann de na táirgeoirí sampláilte inar laghdaíodh a tháirgeacht go substaintiúil le linn na tréimhse imscrúdúcháin mar gheall ar thréimhse chothabhála níos faide ar cheann dá fhoirnéis ná mar a bhí beartaithe ar dtús. Níor cuireadh na costais bhreise arna nginiúint ag an staid sin san áireamh agus éabhlóid na gcostas táirgthe á cinneadh.

(224)

Bhí tionchar níos lú ag géarchéim COVID-19 ar éileamh an mhargaidh agus ar phraghsanna in 2021 agus 2022, nuair a rinneadh comparáid le 2023 agus leis an tréimhse imscrúdúcháin, rud a léirigh treocht dhiúltach a léiríodh le laghdú géar ar phraghsanna mar thoradh ar laghdú ar an éileamh ar chruach.

(225)

D’ainneoin iarrachtaí thionscal an Aontais costas a laghdú (féach aithris (218), d’fhan an costas táirgthe i bhfad níos airde ná na praghsanna díola a bhí ag laghdú in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Chun teorainn a chur leis an gcaillteanas sa sciar den mhargadh, lean táirgeoirí an Aontais an bís praghsanna anuas agus laghdaigh siad a bpraghas díola go suntasach, go háirithe le linn 2023 agus na tréimhse imscrúdúcháin. Ós rud é gur tráchtearra é an táirge faoi imscrúdú, bhí ar tháirgeoirí an Aontais an bís praghsanna laghdaitheach a leanúint.

(226)

I measc na dtáirgeoirí sampláilte, rinneadh táirgí comhréidhe teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile le haghaidh cruach le húsáid faoi chuing a aistriú nó a sheachadadh ar phraghsanna aistrithe le haghaidh tuilleadh próiseála iartheachtacha i dtáirgí éagsúla ag úsáid beartais éagsúla praghsála/costála (costas agus/nó costas plus), agus ní féidir a mheas gur dálaí an mhargaidh shaoir atá ann sin. Dá bhrí sin, ní féidir aon chonclúid fhiúntach a bhaint as éabhlóid praghsanna faoi chuig nó as éabhlóid costas. I gcás ina ndearnadh díolacháin idir páirtithe comhlachaithe ar neamhthuilleamaí mar a shonraítear in aithris (177), cuireadh san áireamh iad i ríomh an mheánphraghais díola aonaid ar shaormhargadh an Aontais a thuairiscítear i dTábla 13.

4.4.3.2.   Costais saothair

(227)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 14

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

82 734

77 979

92 410

86 923

Innéacs (2021=100)

100

94

112

105

Foinse:

Freagra ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(228)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 5 % ar an meánphá in aghaidh an fhostaí mar gheall ar fhachtóirí seachtracha mar shampla an ráta ard boilscithe den chuid is mó. Tharla an méadú in 2023 mar gheall ar na scaoil-íocaíochtaí ba ghá a chur in áirithe tar éis an laghdaithe ar líon na ndaoine.

4.4.3.3.   Fardail

(229)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 15

Fardail

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Stoic dheiridh (tonaí)

537 978

591 841

645 521

669 764

Innéacs

100

110

120

124

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

3,8 %

4,7 %

5,2 %

5,4 %

Innéacs (2021=100)

100

124

136

141

Foinse:

Freagra ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(230)

Tháinig méadú ar leibhéal na bhfardal le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tar éis treocht contrártha le treocht an mhéid táirgeachta. Cé gur méid tábhachtach acmhainní airgeadais i ndearbhthéarmaí iad fardail den sórt sin, d’fhan siad ar leibhéal réasúnta nuair a shloinntear iad mar chéatadán den mhéid táirgeachta.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(231)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 16

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Brabúsacht díolachán i saormhargadh an Aontais (% den láimhdeachas díolacháin)

12,4 %

14,1 %

–5,1 %

–3,0 %

Innéacs (2021=100)

100

113

-41

-24

Sreabhadh airgid (EUR)

763 849 964

860 448 884

- 313 097 226

- 307 289 972

Innéacs (2021=100)

100

113

-41

-40

Infheistíochtaí (EUR)

374 726 305

351 764 473

558 256 760

527 217 213

Innéacs (2021=100)

100

94

149

141

Toradh ar infheistíochtaí

39,2 %

40,2 %

–19,4 %

–18,4 %

Innéacs (2021=100)

100

102

-49

-47

Foinse:

Freagra ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(232)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. In 2021 agus 2022, mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, d’fhéadfadh tionscal an Aontais brabús éigin a bhaint amach. Mar sin féin, le linn an dara leath den tréimhse imscrúdúcháin, tháinig forbairt dhiúltach ar an mbrabúsacht. Tabhaíodh caillteanais in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin.

(233)

Mar a léirítear i dtábla 13, tar éis do phraghsanna díola méadú go mór in 2022, tháinig laghdú géar ar an bpraghas díola aonaid ag dul ar ais go dtí an leibhéal a baineadh amach in 2021. Níor lean costais aonaid táirgthe treocht chomhchosúil agus d’fhan siad ar leibhéal i bhfad níos airde, rud a d’fhág gur cailleadh –5,1 % in 2023 agus –3,0 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(234)

D’ainneoin na staide a bheith ag dul in olcas, lean tionscal an Aontais de mhéideanna móra a infheistiú. Rinneadh infheistíochtaí den sórt sin go príomha chun trealamh a bhí ann cheana a ionadú, trealamh a bhaineann le gnáthghníomhaíocht cuideachta atá gníomhach i dtionscal atá dian ar chaipiteal, tionscal ina bhfuil gá le hinfheistíochtaí den sórt sin. D’infheistigh tionscal an Aontais san aistriú glas freisin, chun a lorg CO2 a laghdú.

(235)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig meath mór ar an treocht i nglansreabhadh airgid le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus í ag dul síos ó leibhéil dhearfacha neamh-inbhuanaithe go leibhéil dhiúltacha neamh-inbhuanaithe, mar thoradh ar an mbrabúsacht a bhí ag dul in olcas agus ar an leibhéal méadaithe fardal.

(236)

Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig meath ar an toradh ar infheistíocht agus shroich sé leibhéil dhiúltacha in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin tar éis na treochta diúltaí brabúsachta. Rinne na caillteanais a tabhaíodh le linn na tréimhse faoi bhreathnú difear do chumas tháirgeoirí sampláilte an Aontais caipiteal a thiomsú mar is féidir a fheiceáil ó na hinfheistíochtaí ar ghá iad a chur siar (féach aithris (277) ina bpléitear saincheist na hinfheistíochta ligthe thar ceal).

4.5.   Conclúid maidir le díobháil

(237)

Níorbh fhéidir le tionscal an Aontais ina iomláine a mhéideanna táirgeachta agus díolacháin a choinneáil ar bun agus feabhas a chur ar a ráta úsáide acmhainneachta mar gheall ar an laghdú ar thomhaltas faoi chuing agus saor in aisce. Is amhlaidh gur tháinig laghdú níos mó ar mhéid na táirgeachta agus na ndíolachán ná mar a tháinig ar an tomhaltas ar mhargadh an Aontais. I bhfianaise an laghdaithe ar tháirgeacht, rinne tionscal an Aontais gníomhaíochtaí nithiúla chun éifeachtúlacht a fheabhsú trí ghreim ghéar a choinneáil ar chostas táirgthe (go príomha amhábhair agus costais saothair) agus tríd an táirgeacht in aghaidh an fhostaí a mhéadú nuair a thosaigh staid thionscal an Aontais ag dul in olcas. Mar sin féin, tháinig méadú 18 % ar an gcostas táirgthe nuair a d’fhan an praghas díola aonaid cobhsaí, cé is moite den bhliain 2022, le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, tháinig meath suntasach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, ag dul ó 12 % in 2021 agus 2022, nuair a thairbhigh tionscal an Aontais de théarnamh an gheilleagair tar éis ghéarchéim COVID-19, go staid chaillteanais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. D’fhéadfadh táirgeoirí sampláilte an Aontais infheistíochtaí a dhéanamh fós le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn a fhuinneamh i gcoinne staid airgeadais atá ag dul in olcas.

(238)

I bhfianaise a bhfuil thuas, thángthas ar an gconclúid ag an gcéim sin go léiríonn na sonraí thuas gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

(239)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais san am céanna. Aon díobháil fhéideartha, ar tosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann, d’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh an díobháil sin síos do na hallmhairí dumpáilte. Ar deireadh, na méideanna allmhairí a bhaineann leis an India agus leis an onnmhaireoir Vítneamach Ha Tinh Steel Corporation, nár aimsíodh aon dumpáil ina leith, níor breithníodh iad sin san anailís ar an nasc cúisíoch idir na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus tionscal an Aontais, ach nuair a bhí anailís á déanamh ar chúiseanna díobhála eile a d’fhéadfadh a bheith ann.

(240)

Ba iad seo a leanas na tosca a bhreithnigh an Coimisiún:

Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte ón Éigipt, ón tSeapáin agus ó Vítneam,

Úsáid acmhainne íseal,

Feidhmíocht díolacháin onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais,

Allmhairí ó thríú tíortha eile seachas na tíortha lena mbaineann,

Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann tionscal an Aontais,

Tionchar staid táirgeora sampláilte de chuid an Aontais ar an bpictiúr díobhála,

Méadú ar chostas na bpríomh-amhábhar, na gcostas fuinnimh agus na n-infheistíochtaí comhshaoil,

Éileamh laghdaithe.

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte ón Éigipt, ón tSeapáin agus ó Vítneam

(241)

Tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna díola na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó EUR 828/tona ar an meán in 2021 go EUR 679/tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Trína bpraghas díola aonaid a ísliú go leanúnach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Éigipt, ón tSeapáin agus ó Vítneam in ann a sciar den mhargadh a mhéadú ó [4,9 – 5,4]% in 2021 go [8,0 – 8,5]% le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a léirítear i dtábla 6. Tháinig méadú suntasach freisin ar an méid allmhairí ó na tíortha lena mbaineann in 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin: ó [1 676 689 – 2 029 676] go [2 654 306 – 3 201 585] tona in 2023.

(242)

Shuigh an Coimisiún go ndearna na méideanna méadaitheacha agus an laghdú géar ar phraghsanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú díobháil do thionscal an Aontais. Is amhlaidh atá toisc, i bhfianaise straitéis ionsaitheach praghsála tháirgeoir onnmhairiúcháin na dtíortha lena mbaineann, nach raibh aon rogha ag táirgeoirí an Aontais ach praghsanna a laghdú freisin agus díol ar chaillteanas chun leibhéal áirithe méideanna díolachán agus sciar den mhargadh a choinneáil. Thairis sin, leis na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i gcoinne allmhairí táirgí cruach comhréidh teorollta ón tSín agus ón Rúis go háirithe, bhí na tíortha lena mbaineann in ann a sciar den mhargadh a bhí ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne roimhe seo a mhéadú, agus a bpraghas díola aonaid á ísliú acu le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, bhí tionchar diúltach aige sin ar bhrabúsacht an tionscail, rud a shroich an leibhéal neamh-inbhuanaithe – 3,0 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire freisin gur tharla an méadú géar ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann mar aon le praghsanna dumpáilte a bhí ag sladghearradh agus/nó ag cúngú phraghsanna thionscal an Aontais, rud a tharla i gcomhthráth leis an meath suntasach ar staid thionscal an Aontais in 2023, agus a lean ar aghaidh le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

5.2.   Úsáid acmhainne íseal

(243)

Cé go líomhnaítear nach raibh aon nasc cúisíoch idir an díobháil agus na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann, d’áitigh Hoa Phat Group go raibh úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais íseal cheana féin ag tús na tréimhse faoi bhreathnú, cé go raibh sciar margaidh na dtíortha lena mbaineann idir [4,9 – 5,4]%.

(244)

Go deimhin, bhí na rátaí úsáide acmhainneachta táirgeachta i bhfad níos airde in 2021 (75 %) ná mar a bhí in 2023 nó sa tréimhse imscrúdúcháin nuair a thit sé go dtí níos lú ná 65 % mar thoradh ar an méadú ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus ar an laghdú ar an éileamh. Ní bhaineann sé le hábhar cé acu a bheadh nó nach mbeadh úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais níos airde in 2021 in éagmais aon allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus ní léiríonn sé ar bhealach ar bith nach mbeadh a n-allmhairí dumpáilte ina gcúis le díobháil. Os a choinne sin, tugann an comhtharlú ama idir an méadú ar allmhairí dumpáilte agus an laghdú ar úsáid acmhainneachta le fios gurbh iad na hallmhairí dumpáilte ba chúis leis an laghdú ar acmhainneacht. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

5.3.   Feidhmíocht díolacháin onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais

(245)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 17

Díolacháin onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais

Onnmhairí iomlána chuig custaiméirí neamhchomhlachaithe

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Iomlán na nOnnmhairí (EUR)

650 898 419

633 788 344

473 973 825

477 671 676

Innéacs (2021=100)

100

97

73

73

Iomlán na nOnnmhairí (tonaí)

736 702

659 023

577 824

590 812

Innéacs (2021=100)

100

89

78

80

Meánphraghas aonaid (EUR/tonaí)

883

961

820

808

Innéacs (2021=100)

100

109

93

92

Foinse:

Freagra ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(246)

D’áitigh an gearánach nach bhféadfadh a fheidhmíocht onnmhairiúcháin a bheith ina cúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Léirigh an t-imscrúdú nach raibh i ndíolacháin onnmhairiúcháin tháirgeoirí sampláilte an Aontais ach thart ar 15,4 % dá ndíolacháin iomlána sa saormhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus cion níos lú fós den táirgeacht iomlán (4,7 %) sa tréimhse chéanna. Ar an dara dul síos, cé gur tháinig laghdú mór ar onnmhairí thionscal an Aontais chuig custaiméirí neamhchomhlachaithe, lean siad patrún cosúil le tomhaltas foriomlán an Aontais ar tháinig laghdú 11 % air idir 2022 agus 2023 mar a léirítear in aithris (179). Ar an tríú dul síos, bhí na praghsanna onnmhairiúcháin ar leibhéal níos airde den chuid is mó ná a phraghsanna ar shaormhargadh an Aontais (+EUR 38/tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin) agus lean siad an treocht chéanna.

(247)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chuir feidhmíocht díolachán onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais. Mar sin féin, chinn sé nár mhaolaigh an toisc sin an nasc cúisíoch mar gheall ar na méideanna teoranta a bhí i gceist agus an treocht chomhthreomhar a lean díolacháin onnmhairí.

5.4.   Allmhairí ó thíortha seachas na tíortha lena mbaineann

(248)

D’áitigh Marcegaglia, Al Ezz Dekheila Steel Company S.A.E, Hoa Phat Group gur theip ar an ngearánach scrúdú iomchuí a dhéanamh ar thionchar allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú ón gCóiré Theas agus ón Téaváin ina ghearán. De réir a dtuairimí, deimhníodh le scrúdú ceart ar threochtaí méide agus luacha gur ghá na hallmhairí sin a chur san áireamh san anailís díobhála agus dumpála araon atá sa ghearán.

(249)

Mhaígh Nippon agus JFE Steel Corporation, ar an gcéad dul síos, go raibh an sciar níos ísle den mhargadh a bhí ag an nGearánach nasctha go díreach le méadú ar allmhairí ón Téaváin agus ón gCóiré Theas, a bhfuil méadú níos mó ná 5,5 % tagtha ar a sciar den mhargadh i dteannta a chéile. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh drochfheidhmíocht onnmhairiúcháin an ghearánaigh míniú a thabhairt ar an laghdú is géire agus is suntasaí i dtéarmaí na dtáscairí díobhála a sholáthraítear sa Ghearán. Tháinig laghdú 31 % ar mhéid díolachán onnmhairiúcháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(250)

I bhfianaise an mhéid thuas agus na gconclúidí sealadacha ar thángthas orthu i Ranna 3.2 agus 3.4, rinne an Coimisiún anailís ar éabhlóid na n-allmhairí ó thríú tíortha lena n-áirítear an India agus Vítneam, a mhéid a bhaineann le Hoa Phat. Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 18

Méideanna, praghsanna aonaid agus sciartha den mhargadh ó thríú tíortha

Tír

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

An India

Méid na n-allmhairí ón India

1 376 560

658 720

1 063 077

1 376 471

Innéacs (2021=100)

100

48

77

100

Praghsanna allmhairiúcháin aonaid ón India

678

966

698

685

Innéacs (2021=100)

100

143

103

101

Sciar den mhargadh de mhéid iomlán allmhairí an Aontais

4,0 %

2,1 %

3,5 %

4,2 %

an Chóiré Theas

An méid allmhairí ón gCóiré Theas

471 645

728 997

810 335

745 900

Innéacs (2021=100)

100

155

172

158

Praghsanna allmhairiúcháin aonaid ón gCóiré Theas

773

957

729

723

Innéacs (2021=100)

100

124

94

93

Sciar den mhargadh de mhéid iomlán allmhairí an Aontais

1,4 %

2,3 %

2,6 %

2,3 %

an Téaváin

An méid allmhairí ón Téaváin

702 961

845 353

1 045 768

1 038 571

Innéacs (2021=100)

100

120

149

148

Praghsanna allmhairiúcháin aonaid ón Téaváin

773

922

716

702

Innéacs (2021=100)

100

119

93

91

Sciar den mhargadh de mhéid iomlán allmhairí an Aontais

2,0 %

2,7 %

3,4 %

3,2 %

Vítneam (Hoa Phat)

An méid allmhairí ó Vítneam (Hoa Phat)

0

[33 856 – 36 489 ]

[645 812 – 660 826 ]

[763 125 – 789 249 ]

Innéacs (2021=100)

-

100

1 852

2 189

Praghsanna allmhairiúcháin aonaid ó Vítneam (Hoa Phat)

-

[680 – 690 ]

[601 - 625 ]

[586 – 614 ]

Innéacs (2021=100)

-

100

89

87

Sciar den mhargadh de mhéid iomlán allmhairí an Aontais

-

[0,1 % – 0,2 %]

[1,9 % – 2,3 %]

[2,2 % – 2,5 %]

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas na tíortha lena mbaineann

An méid allmhairí ó gach tír eile

7 831 765

[6 186 523 – 6 189 156 ]

[6 334 027 – 6 346 041 ]

[6 952 714 - 6 978 838 ]

Innéacs (2021=100)

100

79

81

89

Meánphraghsanna allmhairiúcháin aonaid ó gach tír eile

755

915

702

687

Innéacs (2021=100)

100

121

93

91

Sciar den mhargadh ag na tríú tíortha uile seachas na tíortha lena mbaineann

Sciar den mhargadh de mhéid iomlán allmhairí an Aontais

[21,7 – 23,1 ]%

[19,9 - 20,0 ]%

[20,4 – 20,7 ]%

[21,2 - 21,5 ]%

Sciar den mhargadh ag na tríú tíortha uile, na tíortha lena mbaineann san áireamh

Sciar den mhargadh de mhéid iomlán allmhairí an Aontais

[27,8 - 28,0 ]%

[26,2 - 26,5 ]%

[29,1 - 29,6 ]%

[29,7 - 30,2 ]%

Foinse:

Eurostat, Formosa, Hoa Phat

(251)

Léiríodh san imscrúdú gur tháinig méadú níos mó fós ar allmhairí ón India, ón gCóiré Theas, ón Téaváin agus ó Vítneam (Hoa Phat) le linn na tréimhse faoi bhreathnú i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon. Os a choinne sin, thug an Coimisiún faoi deara gur tháinig laghdú níos mó fós ar na hallmhairí ó thríú tíortha eile nach mbaineann leis an imscrúdú sin le linn na tréimhse céanna sa mhéid gur tháinig laghdú foriomlán ar allmhairí ó na tríú tíortha uile nach gcumhdaítear leis an imscrúdú sin. Ag an am céanna, tháinig méadú mór ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann.

(252)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar éabhlóid na bpraghsanna allmhairiúcháin ó thríú tíortha. Cé is moite den bhliain 2021, bhí na meánphraghsanna allmhairiúcháin ó thríú tíortha níos airde ar an meán ná na praghsanna allmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún nár mhaolaigh éabhlóid na n-allmhairí ó thríú tíortha an nasc cúisíoch.

5.5.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann tionscal an Aontais

(253)

Líomhain Nippon agus JFE Steel Corporation nár thug an gearánach aghaidh ar shaincheist na dtáirgí comhréidhe teorollta cruach a d’allmharaigh tionscal an Aontais féin isteach san Aontas agus dúirt siad go simplí, gan tuilleadh fianaise, nach raibh tionchar ag an toisc sin ar an nasc cúisíoch. Maidir le ceannacháin an táirge lena mbaineann arna ndéanamh ag eintitis chomhlachaithe tháirgeoirí an Aontais ó na tíortha lena mbaineann, léiríodh san imscrúdú, ós rud é go ngníomhaíonn na heintitis sin ar bhonn neamhthuilleamaí agus gur bhain cainníochtaí an-teoranta leis na hallmhairí sin lena mbaineann, nach féidir leis na hallmhairí sin an nasc cúisíoch a bhriseadh.

5.6.   Tionchar staid táirgeora sampláilte de chuid an Aontais ar an bpictiúr díobhála

(254)

Bhí cás urghnách roimh chuideachta shampláilte amháin le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a laghdaigh a hacmhainneacht táirgeachta go sealadach mar gheall ar thréimhse chothabhála níos faide ar cheann dá foirnéisí ná mar a bhí beartaithe ar dtús. Chuir an staid eisceachtúil sin leis an laghdú ar tháirgeacht na cuideachta sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ní mhínítear leis an teagmhas sin, áfach, an laghdú ar leibhéil táirgeachta fhoriomlána thionscal an Aontais (– 11,3 milliún tona) le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Go deimhin, bhí coinne ag an táirgeoir sin leis an gcothabháil le méid táirgeachta níos airde chun an tréimhse chothabhála a bhí le teacht a chúiteamh. Dá bhrí sin, i bhfianaise an lín mhóir táirgeoirí eile de chuid an Aontais a bhfuil acmhainneacht bhreise acu a bhí in ann níos mó a tháirgeadh agus a dhíol chun ‘an bhearna a líonadh’, ní raibh tionchar ag staid urghnách den sórt sin ar leibhéal táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(255)

D’áirithigh an Coimisiún freisin go ndearnadh coigeartú ar na costais a thuairiscigh an táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais lena mbaineann ionas nach mbeadh tionchar ag cás urghnách den sórt sin orthu.

(256)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir an staid urghnách sin leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais.

5.7.   Méadú ar chostas na bpríomh-amhábhar, praghsanna fuinnimh agus infheistíochtaí comhshaoil

(257)

Líomhain Nippon Steel, JFE Steel Corporation, Marcegaglia, Al Ezz Dekheila Steel Company S.A.E agus Hoa Phat Group nach raibh táirgeoirí an Aontais iomaíoch go leor mar gheall ar chostais mhonaraíochta níos airde a eascraíonn as costais amhábhar níos airde, costais fuinnimh níos airde agus thagair siad freisin don bhoilsciú agus d’infheistíochtaí in iarrachtaí dícharbónaithe arna ndéanamh ag tionscal an Aontais chun caighdeáin chomhshaoil níos déine a chomhlíonadh.

(258)

Maidir le fuinneamh, d’áitigh siad go raibh na méaduithe costais níos measa mar gheall ar iarmhairtí chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine. De rogha air sin, d’áitigh siad go raibh tionscal cruach an Aontais faoi mhíbhuntáiste tromchúiseach san iomaíocht i gcomparáid le go leor táirgeoirí cruach eile mar gheall ar na costais fuinnimh atá ard ó thaobh struchtúir de san Aontas i gcomparáid le beagnach gach mórthír eile a tháirgeann cruach.

(259)

Léiríodh san imscrúdú gur tháinig méadú suntasach ar chostas an phríomh-amhábhair mar a léirítear i dtábla 19 in 2022 sular tháinig laghdú air in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. D’fhéadfadh tionscal an Aontais an méadú ar an gcostas táirgthe a aistriú chuig a chustaiméirí in 2021 agus 2022, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh ardú tobann suntasach ar an bpraghas díola aonaid. In 2023, tháinig laghdú suntasach ar chostas an amhábhair in aghaidh an tonna den táirge críochnaithe. Mar sin féin, tháinig laghdú níos mó fós ar leibhéal na bpraghsanna ar mhargadh an Aontais ionas go raibh ar thionscal an Aontais an difreálach costais a ionsú. Tá an bhliain 2023 agus an tréimhse imscrúdúcháin i gcomhthráth leis an méadú ar mhéid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, rud a bhí níos measa mar gheall ar an laghdú géar ar phraghsanna a ghabhann leis.

Tábla 19

Costas na n-amhábhar (mian iarainn, gual cóic agus cóimhiotail áirithe)

 

2021

2022

2023

An tréimhse imscrúdúcháin

Costais iomlána (EUR)

5 286 595 383

6 050 962 798

5 195 661 057

5 089 341 440

Innéacs (2021=100)

100

114

98

96

Meánphraghas aonaid (EUR/tonaí)

372

482

416

406

Innéacs (2021=100)

100

129

112

109

Foinse:

Freagra ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(260)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfadh tionscal an Aontais, faoi dhálaí córa margaidh, a leibhéil praghsanna díola a choinneáil ar bun chun tairbhe a bhaint as laghdú ar chostais ó 2023 ar aghaidh agus chun bheith brabúsach i gcónaí. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh gur chuir an méadú domhanda ar phraghsanna amhábhar leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(261)

Rinneadh mionscrúdú ar thionchar chostas an fhuinnimh. Cé go bhfuil sé tábhachtach, ní hé an fuinneamh an phríomh-chomhpháirt chostais chun an táirge atá faoi imscrúdú a tháirgeadh. Chomh maith leis sin, ní fhéadfaí na hargóintí maidir le costais fuinnimh a réiteach leis an bhfíoras go raibh táirgeoirí sampláilte an Aontais fós in ann brabúis níos mó ná 10 % a bhaint amach in 2022, nuair a bheadh an míbhuntáiste comparáideach líomhnaithe sin i dtéarmaí costais ann freisin. I bhfianaise an sciar theoranta de chostais fuinnimh i gcostas iomlán an táirgthe (8 % ar an meán do na táirgeoirí sampláilte le linn na tréimhse imscrúdúcháin), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir an méadú ar chostais fuinnimh leis an díobháil ábhartha a suíodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(262)

Scrúdaíodh tionchar na n-infheistíochtaí arna spreagadh ag comhlíonadh comhshaoil freisin agus chinn an Coimisiún go sealadach go raibh infheistíochtaí T & F agus nuálaíochta a bhaineann le comhlíonadh comhshaoil fós cuibheasach cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir na costais a thabhaigh tionscal an Aontais chun an rialachán comhshaoil a chomhlíonadh leis an díobháil ábhartha a suíodh.

5.8.   Éileamh laghdaithe

(263)

Mhaígh Marcegaglia, Formosa, Al Ezz Dekheila Steel Company S.A.E agus Hoa Phat Group nár bhreithnigh an gearánach an laghdú suntasach ar éileamh i margadh an Aontais ina anailís chúisíochta.

(264)

Léirigh an t-imscrúdú, cé gur tháinig laghdú ar éileamh an mhargaidh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, gur lean allmhairí ó na tíortha lena mbaineann treocht eile agus gur tháinig méadú gar do 1 mhilliún tona orthu i ndearbhthéarmaí, agus dá bhrí sin fuair siad sciar suntasach den mhargadh chun dochair thionscal an Aontais. Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh staid thionscal an Aontais níos fearr in 2022 ná mar a bhí sa tréimhse imscrúdúcháin cé go raibh an tomhaltas ar leibhéal níos ísle ná mar a bhí sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir an laghdú ar an éileamh ar tháirgí comhréidhe teorollta cruach leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

5.9.   Conclúid maidir le cúisíocht

(265)

Suíodh nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón India, ón tSeapáin agus ó Vítneam ar thaobh amháin agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais ar an taobh eile. Tharla comhtharlú ama idir an méadú géar ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte ar phraghsanna díola ón Éigipt, ón tSeapáin agus ó Vítneam a bhí ag laghdú go leanúnach agus feidhmíocht an Aontais a bheith ag dul in olcas, rud a tháinig chun solais in 2023. Ní raibh aon rogha eile ag tionscal an Aontais ach an leibhéal praghsanna arna shocrú ag na hallmhairí dumpáilte a leanúint ionas nach gcaillfear sciar breise den mhargadh. Mar thoradh air sin, tháinig meath ar staid thionscal an Aontais mar a léiríodh le macratháscairí agus micreatháscairí éagsúla amhail brabúsacht, méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, fostaíocht agus sreabhadh airgid. Ag an am céanna, ní raibh tionscal an Aontais in ann tairbhe a bhaint as bearta frithdhumpála agus frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí ó thíortha éagsúla agus a forchuireadh freisin le linn na tréimhse faoi bhreathnú (féach aithris (53)).

(266)

Shuigh an Coimisiún gurbh iad na tosca eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar staid thionscal an Aontais ná feidhmíocht díolachán onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais agus na hallmhairí ó thíortha seachas na tíortha lena mbaineann.

(267)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ina gcúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais agus nár maolaíodh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha de thoradh na dtosca eile, arna meas ar bhonn aonair nó go comhpháirteach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

(268)

Mar a luaitear san fhógra tionscnaimh chuir an gearánach fianaise leordhóthanach ar fáil don Choimisiún go raibh saobhadh amhábhar san India agus i Vítneam maidir leis an táirge faoi imscrúdú. Le linn an imscrúdaithe, d’iarr an gearánach ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm Airteagal 7(2a) a leathnú chun an Éigipt agus an tSeapáin a chumhdach freisin.

(269)

Mar sin féin, ní raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh bhreise ar an saobhadh a liostaítear in Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán agus, dá bhrí sin, níor thug sí údar le leasú ar an bhfógra tionscnaimh ná ar an imscrúdú ina dhiaidh sin maidir le saobhadh amhábhair a d’fhéadfadh a bheith ann don Éigipt agus don tSeapáin.

(270)

Mar gheall ar an toradh go raibh leibhéil dumpála de minimis ann don India agus go raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún deireadh a chur leis an imeacht sin in aghaidh na hIndia i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den bhun-Rialachán, bhí an maíomh maidir le saobhadh amhábhair san India gan bhunús.

(271)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú ar an mbeart um dhíothú díobhála faoi 7(2a) i gcás Vítneam, agus faoi 7(2) i gcás na hÉigipte agus na Seapáine.

6.1.   Vítneam

(272)

Chun an measúnú a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí beart do Vítneam, shuigh an Coimisiún ar dtús an gearrdhíol (is é sin, cad é an corrlach díobhála a bheadh ann in éagmais saobhadh faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán) don táirgeoir onnmhairiúcháin Vítneamach a fuarthas go raibh sé ag dumpáil. Scrúdaigh sé ansin an raibh a chorrlach dumpála níos airde ná a chorrlach díobhála.

(273)

In éagmais saofa amhábhar, thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a bhaint amach trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán.

(274)

Maidir leis sin, mheas an gearánach gur cheart spriocbhrabús réasúnta a bheith idir 10 % agus 15 %, agus d’áitigh roinnt páirtithe leasmhara gur cheart é a bheith idir 6 % agus 8 %.

(275)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shocrú, chuir an Coimisiún na tosca seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %. Maidir le leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, níorbh fhéidir corrlach brabúis a shuí ar bhonn aon cheann de na blianta roimh an méadú air sin, toisc gur fhulaing tionscal an Aontais insreabhadh allmhairí dumpáilte ó thionscnaimh eile sna blianta sin. Chomh maith leis sin, fuarthas amach go raibh tionchar mór ag téarnamh eacnamaíoch iar-COVID-19 ar na blianta 2021 agus 2022 agus ba chosúil nach raibh siad iomchuí chun an spriocbhrabús a shocrú. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh aon cheann de na blianta sin cáiliú mar bhliain ina mbeadh gnáthstaid iomaíoch ar mhargadh an Aontais.

(276)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh sé níos iomchuí úsáid a bhaint as an leibhéal brabúsachta 6,8 % a baineadh amach in 2017 mar a fuarthas i gcás táirgí comhréidhe teorollta cruach in aghaidh na Tuirce (11).

(277)

Sholáthair tionscal an Aontais fianaise lena léiriú go mbeadh a leibhéal infheistíochtaí, taighde agus forbartha (T&F) agus nuálaíochta ní b’airde faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. D’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis sin le linn na gcuairteanna fíorúcháin ar an láthair trí thaifid inmheánacha na cuideachta a sheiceáil, taifid a bhaineann le pleananna infheistíochta, cinntí bainistíochta agus ráitis airgeadais. Go deimhin, fuarthas amach go raibh údar le maímh Thionscal an Aontais. Chun é sin a léiriú sa spriocbhrabús, ríomh an Coimisiún an difríocht idir na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí, taighde agus forbartha agus nuálaíochta (‘ITFN’) faoi ghnáthdhálaí iomaíochta arna soláthar ag tionscal an Aontais agus arna bhfíorú ag an gCoimisiún ar thaobh amháin, agus costais ITFN iarbhír le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar an taobh eile. Bunaithe ar fhaisnéis fhíoraithe maidir le hinfheistíochtaí nárbh fhéidir a chur chun feidhme le linn na tréimhse faoi bhreathnú, méadaíodh na sprioc-chorrlaigh bhrabúis suas le 1,05 % ag brath ar na táirgeoirí sampláilte.

(278)

Dá bhrí sin, bhí an spriocbhrabús a suíodh san imscrúdú seo agus i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán idir 6,8 % agus 7,85 % de réir na staide a suíodh i ngach ceann de na cuideachtaí sampláilte.

(279)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhála an táirge chomhchosúil le haghaidh thionscal an Aontais trí na sprioc-chorrlaigh bhrabúis faoi seach a chur i bhfeidhm ar chostas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(280)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais amach anseo a eascróidh as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, costais a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach, a raibh uirlisí tuairisciúcháin agus réamhaisnéisí na gcuideachtaí mar thaca léi, shuigh an Coimisiún costas breise idir EUR 15,28/tona agus EUR 41,12/tona, i gcomparáid leis an gcostais a bhain leis na coinbhinsiúin sin a chomhlíonadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Cuireadh an costas breise sin leis an bpraghas neamhdhíobhála.

(281)

Ansin, chinn an Coimisiún an leibhéal maidir le díothú na díobhála ar bhonn comparáid idir phraghas allmhairiúcháin an táirgeora i Vítneam ar bhonn cineál ar chineál (praghas tugtha i dtír), agus meánphraghas neamhdhíobhála ualaithe an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh aon difríocht a d’eascair ón gcomparáid sin mar chéatadán den mheánluach ualaithe CAL ar allmhairiú. Taispeántar toradh an ríomha sin sa tábla thíos.

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

Corrlach gearrdhíola (%)

Vítneam

Formosa Ha Tinh Steel Corporation

12,1  %

27,0  %

Vítneam

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Vítneam

12,1  %

27,0  %

(282)

Tar éis a chinneadh go raibh an gearrdhíol níos airde ná an dumpáil, rinneadh anailís bhríomhar ar an saobhadh amhábhair toisc nach féidir leis an dleacht frithdhumpála a bheith níos airde ná an dumpáil iarbhír.

(283)

De réir na fianaise sa ghearán, bhí onnmhairí amhiarainn agus guail cóic i gceist le [30-40 %] agus [26-39 %] faoi seach de chostas táirgthe Vítneam, faoi réir dleachtanna ar onnmhairí.

(284)

Ina anailís ar shaobhadh Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, mar a shonraítear san fhógra tionscnaimh, scrúdaigh an Coimisiún gach saobhadh a chumhdaítear leis an bhforáil sin.

(285)

Shainaithin an Coimisiún na príomh-amhábhair ar dtús a úsáideann gach ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha i dtáirgeadh an táirgthe lena mbaineann. Measadh gur phríomh-amhábhair iad na hamhábhair sin ar dócha go bhfuil 17 % ar laghad de chostas táirgthe an táirge lena mbaineann i gceist leo.

(286)

Deimhníodh san imscrúdú go raibh amhiarann agus gual cóic araon i measc na bpríomh-amhábhar a úsáideadh chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh agus go raibh gach ceann acu cothrom le níos mó ná 17 % de chostas táirgthe gach ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, d’allmhairigh an dá chuideachta, áfach, amhiarann agus cóc ó roinnt soláthróirí agus tíortha éagsúla, mar gheall ar tháirgeacht intíre a bheith ann nó gan a bheith leordhóthanach, agus mar gheall ar cháilíocht íseal an táirgthe intíre go ginearálta. Dá bhrí sin, ní raibh tionchar ag praghsanna intíre ar phraghsanna ceannaigh an dá amhábhar sin ag táirgeoirí onnmhairiúcháin, agus ní fhéadfadh siad a bheith faoi réir saobhadh intíre.

(287)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh fhéidir a shuí go raibh saobhadh ar an amhiarann agus ar an ngual cóic.

6.2.   An tSeapáin agus an Éigipt

(288)

Maidir leis an tSeapáin agus leis an Éigipt, chuirfí deireadh leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais dá mbeadh táirgeoirí an Aontais in ann spriocbhrabús a fháil trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán.

(289)

Chun an leibhéal díothaithe díobhála a shuí le haghaidh na dtíortha sin, d’úsáid an Coimisiún an mhodheolaíocht chéanna a thuairiscítear in aithrisí (275) go (281). Liostaítear thíos na corrlaigh dhíobhála le haghaidh gach ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. I gcás ‘cuideachtaí comhoibríocha eile’ agus i gcás ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Seapáine’, socraíodh na corrlaigh dhíobhála ar an mbealach céanna a socraíodh na corrlaigh dhumpála faoi seach (féach aithrisí (132) go (135)).

Tír

Cuideachta

Corrlach díobhála (%)

an Éigipt

Ezz Steel Company

18,2 %

an Éigipt

Gach allmhaire eile de thionscnamh na hÉigipte

18,2 %

an tSeapáin

Nippon Steel Corporation

31,8 %

an tSeapáin

Tokyo Steel Co. Ltd.

29,3 %

an tSeapáin

Cuideachtaí comhoibríocha eile:

Daido Steel Co., Ltd.

JFE Steel Corporation

31,1 %

an tSeapáin

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Seapáine

31,8 %

7.   LEAS AN AONTAIS

(290)

Tar éis dó a chinneadh Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé a chinneadh go soiléir nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a ghlacadh sa chás seo, d’ainneoin an chinnidh maidir le dumpáil dhíobhálach, i gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí, na n-úsáideoirí agus na dtomhaltóirí.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(291)

Tá tionscal an Aontais lonnaithe i roinnt Ballstát (an Fhrainc, an Ghearmáin, Poblacht na Seice, Poblacht na Slóvaice, an Iodáil, Lucsamburg, an Bheilg, an Pholainn, an Ísiltír, an Ostair, an Fhionlainn, an tSualainn, an Phortaingéil, an Ungáir agus an Spáinn), agus tá thart ar 38 047 fostaí fostaithe aige, atá ag obair go díreach don táirge comhchosúil i bpríomhdhéantóirí cruach éagsúla tháirgeoirí an Aontais (féach aithris (216)).

(292)

Chomhoibrigh cúig tháirgeoir déag le linn an imscrúdaithe. Níor chuir aon cheann de na táirgeoirí aitheanta i gcoinne thionscnamh an imscrúdaithe. Mar is léir ó roinn 4.5, tháinig meath ar staid thionscal iomlán an Aontais de thoradh allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Léiríodh díobháil ábhartha sna micreatháscairí agus sna macratháscairí araon agus go háirithe ábhartha a mhéid a bhaineann le brabúsacht, méideanna díolachán agus sciartha den mhargadh de thionscal an Aontais.

(293)

Le bearta frithdhumpála in aghaidh allmhairí ó thíortha lena mbaineann meastar go n-athbhunófar coinníollacha cóirthrádála ar mhargadh an Aontais agus go gcuirfear ar a chumas do thionscal an Aontais leibhéil bhrabúsachta inbhuanaithe a fháil i gcás tionscal atá chomh dian sin ar chaipiteal. Dá bharr sin, tá coinne leis go mbeidh táirgeoirí de chuid an Aontais in ann téarnamh ón staid díobhála, tuilleadh infheistíochta a dhéanamh agus a ngealltanais éagsúla a bhaint amach, lena n-áirítear gealltanais shóisialta agus chomhshaoil.

(294)

Mura bhforchuirfí bearta, d’fhágfadh sin go mbeadh caillteanais ní ba mhó ann laistigh de thionscal an Aontais, go gcuirfí a inmharthanacht i mbaol agus is dócha go ndúnfaí na saoráidí táirgthe agus go mbrisfí daoine as a bpost dá dheasca sin.

(295)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún ag an gcéim sin go rachadh forchur dleachtanna frithdhumpála chun leas thionscal an Aontais.

7.2.   Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil

(296)

Mar a luaitear in aithris (31), níor chomhlánaigh aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe ceistneoir ná níor chuir sé eilimintí aonair ar fáil don Choimisiún a léiríonn a mhéid a dhéanfaí dochar d’allmhaireoirí mar gheall ar fhorchur na mbeart. Mar sin féin, tháinig roinnt allmhaireoirí, a grúpáladh sa Chuibhreannas, chun cinn trí bharúlacha ginearálta a thabhairt maidir le leas an Aontais.

(297)

Is eagraíocht ‘ad hoc’ é an Cuibhreannas a bunaíodh chun leas úsáideoirí áirithe, lárionaid seirbhíse Cruach chomh maith le hallmhaireoirí an táirge atá faoi imscrúdú, a chosaint tar éis thionscnamh an imscrúdaithe atá i gceist.

(298)

Chuir an Cuibhreannas barúlacha isteach i gcoinne dleachtanna a fhorchur agus d’áitigh sé go mbeadh mar thoradh orthu (i) easpa soláthair leordhóthanaigh ó mhuilte cruach Eorpacha a bhfuil a n-acmhainneacht ainmniúil i bhfad níos airde ná a n-acmhainneacht iarbhír, (ii) méadú dofhulaingthe ar chostais do thionscail iartheachtacha, (iii) míbhuntáiste iomaíoch úsáideoirí vis à vis na húsáideoirí comhlachaithe (i.e. lárionaid seirbhísí cruach a bhaineann le príomhdhéantóirí cruach) agus (iv) saobhadh ar an slabhra soláthair domhanda ós rud é go gcuirfí úsáideoirí agus lárionaid seirbhísí cruach faoi mhíbhuntáiste soiléir vis-à-vis a n-iomaitheoirí i dtríú tíortha. Ina theannta sin, tionóladh éisteacht amháin arna iarraidh sin dóibh.

(299)

Mhaígh an Cuibhreannas go raibh sé freagrach as níos mó ná 50 % d’allmhairí iomlána an táirge faoi imscrúdú ó na tíortha lena mbaineann agus go mbeadh éifeachtaí diúltacha tromchúiseacha ag forchur dleachtanna frithdhumpála ar ghníomhaíochtaí gnó úsáideoirí/allmhaireoirí. Is iad táirgí comhréidhe teorollta cruach an príomh-amhábhar a úsáideann úsáideoirí chun táirgí iartheachtacha a tháirgeadh. Is é sin an phríomh-mhír chostais dóibh agus tá siad ag brath go mór ar allmhairí ó thríú tíortha chuig úsáideoirí soláthair agus chuig lárionaid seirbhísí cruach san Aontas.

(300)

Mar a luaitear in aithris (298), bhí comhaltaí an Chuibhreannais in iomaíocht dhíreach freisin le tionscal an Aontais atá ag próiseáil an táirge lena mbaineann ar bhonn díolacháin nó úsáide faoi chuing le haghaidh táirgí iartheachtacha comhchosúla a dhíoltar sa saormhargadh. Ós rud é go ndearna an Cuibhreannas ionadaíocht do leasanna dhá úsáideoir a chomhoibrigh san imscrúdú, rinneadh anailís níos mionsonraithe ar na maímh sin dá bhrí sin sa chéad chaibidil eile.

7.3.   Leas na n-úsáideoirí

(301)

Tháinig dhá úsáideoir chun cinn, atá lonnaithe san Iodáil (Marcegaglia Carbon Steel Spa) agus sa Spáinn (Network Steel S.L.), a mbíonn allmhairí acu ó na tíortha lena mbaineann agus a tháirgeann inter alia feadáin, píopaí agus táirgí cruach iartheachtacha, agus chuir siad freagra ar an gceistneoir ar fáil. Ba mhór an costas a bhí ar an táirge lena mbaineann/ar an táirge comhchosúil do na húsáideoirí sin. Tháinig úsáideoirí eile chun cinn ach níor thug siad freagra ar an gceistneoir. Bhí Network Steel S.L. agus Marcegaglia Carbon Steel Spa araon i gcoinne an tionscnaimh chomh maith le forchur féideartha beart.

(302)

Bíonn úsáideoirí ón Aontas in iomaíocht le cuideachtaí gaolmhara tháirgeoirí an Aontais ar mhargaí iartheachtacha an táirge faoi imscrúdú. Úsáideann siad an táirge atá faoi imscrúdú mar amhábhar chun táirgí iartheachtacha a mhonarú amhail cruach fhuar-rollta chothrom bhrataithe, cónaisc chuasacha, feadáin tháite agus próifílí i gcáilíochtaí éagsúla, agus úsáidtear freisin é mar aschur tionsclaíoch d’fheidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear tógáil, tógáil long, coimeádáin gháis agus brúshoithí.

(303)

Tá dlúthnasc idir gníomhaíocht an tionscail cruach agus an timthriall eacnamaíoch, agus bíonn tionchar suntasach ag na dálaí eacnamaíocha ginearálta, treochtaí tomhaltais chomh maith leis an acmhainneacht táirgeachta dhomhanda agus na luaineachtaí i dtrádáil idirnáisiúnta cruach agus na taraifí a fhorchuirtear uirthi.

(304)

D’ardaigh roinnt páirtithe saincheisteanna iomaíochais agus iomaíochta. D’áitigh táirgeoir onnmhairiúcháin go mbeadh olagaplacht (fheabhsaithe) san Aontas mar thoradh ar bhearta a fhorchur i gcoinne na dtíortha lena mbaineann, agus rinne úsáideoirí neamhchomhlachaithe gearán go gcuireann táirgeoirí de chuid an Aontais lárionaid neamhspleácha seirbhísí cruach agus úsáideoirí i staid nach bhfuil chomh hiomaíoch céanna leis na cinn ghaolmhara. Chuir na gearánaigh i gcoinne an dara maíomh ar an bhforas go bhfuil a n-idirbhearta le lárionaid seirbhísí cruach chomhlachaithe ar neamhthuilleamaí.

(305)

Chinn an Coimisiún nach raibh údar leis an éileamh maidir le holagaplacht i bhfianaise líon na muilte táirgthe cruach agus na ngrúpaí táirgthe cruach a bhí san Aontas mar a luaitear in aithris (317). Léiríonn táirgeoirí an Aontais iomaíocht fholláin eatarthu agus leanfaidh siad den iomaíocht le hallmhairí ó thríú tíortha, rud nach stopfaidh.

(306)

Maidir leis an dara maíomh, mheas an Coimisiún go raibh an maíomh gan bhunús, is é sin a mhéid a sholáthraíonn tionscal an Aontais cainníochtaí suntasacha do na lárionaid seirbhísí cruach neamhspleácha agus do na húsáideoirí neamhspleácha a sholáthair freagraí ar an gceistneoir, ar phraghas ar neamhthuilleamaí araon.

(307)

Mhaígh an dá úsáideoir go raibh a ngnó ag brath go mór ar allmhairí, ní hamháin i dtéarmaí méideanna, ach freisin ar chineálacha áirithe amhábhar a bhfuil saintréithe ardcháilíochta agus tiúis acu nach raibh tionscal an Aontais in ann a tháirgeadh, cé is moite de roinnt eisceachtaí, nó nach raibh sé toilteanach, toisc go laghdódh sé táirgiúlacht na líne táirgeachta teorollta. Thairis sin, líomhain siad go raibh soláthraithe tríú tír thar a bheith iontaofa. Léirigh an t-imscrúdú, áfach, go mbeidís in ann na táirgí sin a fháil ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin i dtríú tíortha eile amhail an India nó Vítneam, ar táirgí iad a fuarthas amach nach raibh dumpáil i gceist leo, chomh maith le táirgeoirí onnmhairiúcháin ó thíortha amhail an Chóiré Theas nó an Téaváin. Ba é 21,8 milliún tona agus 12,5 milliún tona faoi seach a dtáirgeadh acmhainneachta measta táirgí comhréidhe teorollta cruach in 2023.

(308)

Líomhain na húsáideoirí, mar gheall ar an méadú ar phraghas a n-amhábhair agus ar ghanntanas an táirge lena mbaineann ar an saormhargadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm beart in aghaidh na dtíortha lena mbaineann, nach mbeadh úsáideoirí in ann dul san iomaíocht ar comhchéim le táirgeoirí onnmhairiúcháin táirgí iartheachtacha a tháirgtear ón táirge atá faoi imscrúdú i dtríú tíortha.

(309)

Thairis sin, de réir na n-úsáideoirí céanna, d’fhéadfaí cathú a chur ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann díriú ar onnmhairí táirgí cruach breisluacha a dhéantar as an táirge lena mbaineann amhail cornaí galbhánaithe, cornaí réamhphéinteáilte, cornaí fuar-rollta, feadáin tháthaithe, etc. dá gcuirfí bearta i bhfeidhm in aghaidh táirgí comhréidhe teorollta cruach.

(310)

Ar deireadh, d’fhéadfadh lárionaid seirbhísí cruach atá lonnaithe san Aontas a dtáirgeadh táirgí iartheachtacha i dtríú tíortha a athlonnú, rud a d’fhéadfadh inbhuanaitheacht eacnamaíoch úsáideoirí neamhchomhlachaithe a chur i mbaol go mór, amhail athrollóirí, táirgeoirí feadán, lárionaid seirbhísí, a sholáthraíonn acmhainneacht, treoshuíomh seirbhíse agus na mílte oibrithe, go díreach agus go hindíreach, do mhargaí iartheachtacha an Aontais freisin.

(311)

Líomhain an dá úsáideoir sin go bhfágfadh forchur beart ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann nach mbeadh rochtain acu a thuilleadh ar fhoinsí iontaofa soláthair an táirge atá faoi imscrúdú ar mhargadh an Aontais, go háirithe ar chornaí ardcháilíochta a úsáidtear le haghaidh athrollú. Líomhain siad go bhfuil sciar réasúnta ard den mhargadh fós ag táirgeoirí an Aontais agus gur féidir leo brú láidir a chur ar mhargadh an táirge atá faoi imscrúdú mar atá ar an margadh iartheachtach.

(312)

Chun a chinneadh an raibh forchur na mbeart chun leas an Aontais, bhreithnigh an Coimisiún staid na bpáirtithe leasmhara eile, na n-úsáideoirí, is iad sin na lárionaid seirbhíse cruach. Is éard is lárionaid seirbhíse cruach ann cuideachtaí a dhéileálann le gníomhaíochtaí an tionscail cruach, gníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí. Feidhmíonn siad mar idirghabhálaí idir príomhdhéantóirí cruach, dáileoirí cruach agus tomhaltóirí, a thairgeann seirbhísí breisluacha amhail gearradh, scáineadh, agus múnlú táirgí cruach de réir sonraíochtaí custaiméara. De réir EUROMETAL (12), in 2023, phróiseáil 150 grúpa nó cuideachta lárionaid seirbhíse cruach táirgí miotail chomhréidh a raibh acmhainneacht loingsithe mheasta 31,3 milliún tonna acu. Cuireann an earnáil breis agus 20 000 post díreach agus indíreach ar fáil san Aontas. Meastar go bhfuil sciar 48 % den mhargadh ag lárionaid seirbhísí cruach neamhspleácha, agus gur le lárionaid seirbhísí cruach nó le lárionad seirbhísí cruach comhpháirtithe príomhdhéantóirí cruach an chuid eile. Tá príomhdhéantóirí cruach agus príomhphróiseálaithe cruach in iomaíocht freisin le hallmhairí tríú tíortha agus, dá bhrí sin, roinneann siad na dúshláin agus na hábhair imní a eascraíonn as ró-acmhainneacht dhomhanda.

(313)

Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún dá aire nach é cuspóir na ndleachtanna frithdhumpála margadh an Aontais a dhúnadh ó aon allmhaire, ach trádáil chóir a athbhunú trí dheireadh a chur le héifeacht na dumpála díobhálaí. Dá bhrí sin, tá coinne leis nach dtiocfaidh deireadh le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann, ach go leanfaidh siad ar aghaidh, cé gur praghsanna neamhdhumpáilte a bheidh i gceist.

(314)

Ar an dara dul síos, chinn an Coimisiún nach raibh na húsáideoirí ag brath go heisiach ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, ach gur cheannaigh siad an táirge comhchosúil freisin le linn na tréimhse imscrúdúcháin ó tháirgeoirí an Aontais a bhfuarthas ina leith nach raibh siad ag dumpáil i dtríú tíortha amhail an India, Vítneam, an Chóiré Theas agus an Téaváin.

(315)

Ar an tríú dul síos, toisc go bhfuil coinne leis go leanfaidh formhór na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar aghaidh tar éis dleachtanna frithdhumpála a fhorchur, agus ós rud é go mbeidh foinsí malartacha soláthair gan aon bhearta frithdhumpála fós ann (an Chóiré Theas, an Téaváin agus an India), níl aon bhunús leis an maíomh go mbeadh tionscal an Aontais in ann brú láidir praghsanna a fheidhmiú dá bhforchuirfí dleachtanna frithdhumpála. Tá 22 tháirgeoir i dtionscal an Aontais a sholáthraíonn raon leathan soláthair d’úsáideoirí laistigh den Aontas cheana féin, sa bhreis ar an rogha allmhairí ó thríú tíortha a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge comhchosúil.

(316)

Ina theannta sin, de réir foinsí speisialaithe tionscail (13), cé gur sáraíodh cuótaí saor ó tharaifí faoi na bearta coimirce is infheidhme maidir le táirgí cruach i gcás roinnt tríú tíortha amhail Vítneam, an tSeapáin agus an Téaváin, bhí tíortha eile amhail an India nó an Chóiré Theas fós tearcúsáidte, rud a d’fhág go (14) raibh deis ag allmhaireoirí a bhfoinsí a éagsúlú chun an soláthar a choinneáil ar bun. Go deimhin, dar leis an gcuideachta anailíse ar an margadh cruach MEPS ‘bhí a lán allmhaireoirí in ann a slabhra soláthair a éagsúlú cheana féin. Tá méadú tagtha ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta cruach ó tugadh isteach an uasteorainn 15 % le haghaidh ‘tíortha eile’. Chuidigh an méadú dealraitheach sin [.] leis an mbrú anuas a choinneáil ar phraghsanna cornaí teorollta a thaifead MEPS sa dara leath den bhliain seo caite’(2024). Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh go mbeadh ganntanas soláthair an táirge lena mbaineann/an táirge chomhchosúil mar thoradh ar bhearta a fhorchur.

(317)

Ina theannta sin, ós rud é gurb ann do roinnt táirgeoirí a bhaineann le grúpaí éagsúla a bhfuil a gceanncheathrú i dtíortha éagsúla, ní féidir a mheas go bhfuil an margadh an-chomhchruinnithe ná faoi rialú líon teoranta táirgeoirí móra cruach fiú. Go deimhin, is léir ó roinnt gníomhaithe gnóthas a bheith sa mhargadh gur timpeallacht an-iomaíoch í.

(318)

Ní raibh aon fhianaise ann gur cuireadh úsáideoirí agus trádálaithe neamhspleácha i seasaimh chaibidlíochta neamhfhabhracha i leith tháirgeoirí an Aontais ná go gcuirfí iallach ar úsáideoirí táirgeadh a athlonnú lasmuigh den Aontas. Thairis sin, mar a luaitear thuas, ní hé cuspóir na mbeart frithdhumpála an iomaíocht a chosc ó allmhairí, ach a áirithiú go ndéantar iad a thrádáil ar théarmaí cothroma, i.e. ar phraghsanna neamhdhumpáilte. Is féidir le hallmhairí leanúint de bheith ag teacht isteach san Aontas tar éis bearta a fhorchur; Dhíolfaí iad, áfach, ar phraghsanna córa.

(319)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin nach neartódh bearta frithdhumpála seasamh tháirgeoirí an Aontais chun dochair d’earnálacha iartheachtacha. Le margadh iomaíoch agus infhaighteacht acmhainneachta breise i measc tháirgeoirí an Aontais, murab ionann agus an méid a d’áitigh na húsáideoirí, ba cheart go leanfadh praghsanna de bheith iomaíoch.

(320)

Tugadh faoi deara go bhfuil acmhainneacht táirgeachta iomlán measta táirgí comhréidhe teorollta cruach an Aontais os cionn 90 milliún tona agus, dá bhrí sin, go sáraíonn sí go mór tomhaltas an Aontais (saor agus faoi chuing), a measadh a bheith thart ar 66 mhilliún tona. Dá bhrí sin, is beag seans go mbeadh aon ghanntanas soláthair ann dá gcoinneofaí na bearta ar bun.

(321)

Ar deireadh, léirigh an t-imscrúdú freisin gur fheidhmigh na húsáideoirí, a thug freagra ceistneora, níos fearr ná tionscal an Aontais a mhéid a bhaineann le próiseáil agus athdhíol an táirge faoi imscrúdú le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus an chuid is mó den tréimhse faoi bhreathnú d'ainneoin dhálaí iomaíocha an mhargaidh ar mhargadh an Aontais.

(322)

Cé go raibh brabúsacht na n-úsáideoirí comhoibríocha níos fabhraí ná brabúsacht thionscal an Aontais, bhí orthu déileáil leis na tosca seo a leanas:

(a)

Luaineacht phraghsanna an táirge faoi imscrúdú, le spotphraghsanna arda margaidh ag tús na tréimhse imscrúdúcháin agus laghdú tobann ag an deireadh.

(b)

Tharla crapadh an éilimh ar tháirgí iartheachtacha san Aontas mar gheall ar an moilliú ar roinnt deighleog tionscail amhail earnálacha na ngluaisteán, na tógála nó na n-earraí ‘bána’.

(c)

Patrún éabhlóide praghais comhchosúil le haghaidh táirgí iartheachtacha cornaí Teorollta (arb iad príomhchineál an táirge lena mbaineann iad) amhail na cornaí Fuar-rollta, Coilíní Galbhánaithe Teothumtha, ach freisin, leatháin chruach teorollta, stiallacha agus praghsanna leatháin teorollta gearrtha san fhad iomchuí nó brataithe.

(323)

I gcomparáid leis sin, tá staid tháirgeoirí an Aontais níos leochailí fós ós rud é nach féidir leo praghsanna a ardú gan caillteanas díolachán le hiomaitheoirí a thairgeann praghsanna níos ísle a chur i mbaol, cibé acu táirgeoirí nó allmhairí de chuid an Aontais iad, go háirithe ós rud é gur tráchtearra praghas-íogair iad táirgí cruach comhréidhe teorollta. D’aistreodh úsáideoirí go héasca chuig soláthairtí malartacha atá níos inacmhainne.

(324)

A mhéid a bhaineann le tionchar na mbeart ar na húsáideoirí, mheas an Coimisiún go bhféadfadh na húsáideoirí déileáil cheana féin le bearta coimirce 25 % a bheith ann, a luaithe a bheadh na cuótaí saor ó dhleacht ídithe, gan caillteanais a léiriú a bhuí lena solúbthacht, lena struchtúr costais níos tanaí agus lena gcumas táirgí a bhfuil breisluach níos airde agus corrlach brabúis níos airde acu a thairiscint.

(325)

Ar an mbonn sin, agus i bhfianaise leibhéal réasúnta comhchosúil na ndleachtanna atá beartaithe, agus i bhfianaise foinsí malartacha soláthair a bheith ann, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh éifeachtaí suntasacha ag forchur féideartha dleachtanna ar úsáideoirí agus nach mó iad ná éifeachtaí dearfacha na mbeart ar thionscal an Aontais. Go deimhin, léiríonn an anailís thuas go mbeadh tionchar teoranta ag forchur dleachtanna ar úsáideoirí táirgí comhréidhe teorollta cruach.

7.4.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(326)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh ann d’aon chúis láidir nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairiú táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na hÉigipte, na Seapáine agus Vítneam iad, ag an gcéim seo den imscrúdú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA

(327)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte.

(328)

Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na hÉigipte, na Seapáine agus Vítneam iad, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh dhíobhála agus na corrlaigh dhumpála i gcomparáid le chéile (féach aithris (288)). Is ar leibhéal an chorrlaigh dumpála nó an chorrlaigh díobhála, cibé acu luach ab ísle, a socraíodh méid na ndleachtanna.

(329)

I bhfianaise a bhfuil thuas ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

an Éigipt

Ezz Steel Company

12,8 %

an Éigipt

Gach allmhaire eile de thionscnamh na hÉigipte

12,8 %

an tSeapáin

Nippon Steel Corporation

31,8 %

an tSeapáin

Tokyo Steel Co. Ltd.

6,9 %

an tSeapáin

Cuideachtaí comhoibríocha eile:

Daido Steel Co., Ltd.

JFE Steel Corporation

31,1 %

an tSeapáin

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Seapáine

31,8 %

Vítneam

Formosa Ha Tinh Steel Corporation

12,1 %

Vítneam

Hoa Phat Dung Quat Steel Joint Company

0 %

Vítneam

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Vítneam

12,1 %

(330)

Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh [na tíre lena mbaineann]’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

(331)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh [an tír lena mbaineann]’.

(332)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(333)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

9.   CLÁRÚ

(334)

Mar a luaitear in aithris (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. Rinneadh an clárú chun go mbeadh an fhéidearthacht ann dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán.

(335)

I bhfianaise na dtorthaí ag an gcéim shealadach, ba cheart deireadh a chur le clárú na n-allmhairí.

(336)

Ní dhearnadh aon chinneadh ag an gcéim seo den nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach féideartha i ndáil le bearta frithdhumpála.

10.   FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH

(337)

I gcomhréir leis an mbun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh. Tar éis dó barúlacha a fháil ó NSC agus EZZ, rinne an Coimisiún ceartúcháin ar na ríomhanna nuair ba ghá sin. Barúlacha a thugtar tar éis an réamhnochta maidir le gnéithe modheolaíochta nó eile den imscrúdú, nach bhfuil bainteach le cruinneas na ríomhanna, déanfar iad a mheas ag céim chinntitheach an imscrúdaithe.

11.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(338)

Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta.

(339)

Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur na ndleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus ‘stiallacha cúnga’), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe, a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00 , 7208 25 00 , 7208 26 00 , 7208 27 00 , 7208 36 00 , 7208 37 00 , 7208 38 00 , 7208 39 00 , 7208 40 00 , 7208 52 10 , 7208 52 99 , 7208 53 10 , 7208 53 90 , 7208 54 00 , 7211 13 00 , 7211 14 00 , 7211 19 00 , ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225 19 10 90), 7225 30 90 , ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225 40 60 90), 7225 40 90 , ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226 19 10 91, 7226 19 10 95), 7226 91 91 agus 7226 91 99 de thionscnamh na hÉigipte, na Seapáine agus Vítneam.

Ní áirítear na táirgí seo a leanas:

(1)

táirgí de chruach dhosmálta agus de chruach sileacain leictreach grándírithe,

(2)

táirgí de chruach uirlise agus de chruach ardluais,

(3)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar tiús is mó ná 10 mm agus ar leithead 600 mm nó níos mó, agus

(4)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar tiús 4,75 mm nó níos mó ach nach mó nach 10 mm agus ar leithead 2 050 mm nó níos mó.

2.   Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála sealadach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír thionscnaimh

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

Cód breise TARIC

an Éigipt

Ezz Steel Company

12,8 %

89M8

an Éigipt

Gach allmhaire eile de thionscnamh na hÉigipte

12,8 %

8999

an tSeapáin

Nippon Steel Corporation

31,8 %

89M9

an tSeapáin

Tokyo Steel Co. Ltd.

6,9 %

89MA

an tSeapáin

Cuideachtaí comhoibríocha eile:

31,1 %

 

Daido Steel Co., Ltd.

JFE Steel Corporation

 

89MB

89ME

an tSeapáin

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Seapáine

31,8 %

8999

Vítneam

Formosa Ha Tinh Steel Corporation

12,1 %

89MC

Vítneam

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Vítneam

12,1 %

8999

3.   Níl dleachtanna frithdhumpála infheidhme maidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin Vítneamach grúpa Hoa Phat/Hoa Phat Dung Quat Steel Joint Company, ina bhfuil Hoa Phat Dung Quat Steel Joint Company, Hoa Phat Cold Rolled Steel Company Limited, Hoa Phat Steel Sheet Limited Liability Company, Hoa Phat Steel Pipe Company Limited – brainse Hung Yen, Binh Duong Hoa Phat Steel Pipe Company Limited, agus Hoa Phat Da Nang Steel Pipe Company Limited (cód breise TARIC 89MD).

4.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid i dtonaí) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é [san Éigipt, sa tSeapáin nó i Vítneam]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh [na hÉigipte, na Seapáine nó Vítneam].

5.   An táirge dá dtagraítear i mír 1, beidh a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta a sholáthar a bheidh comhionann le méid na dleachta sealadaí.

6.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   Cuirfidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha i scríbhinn maidir leis an rialachán seo, lena n-áirítear rún an Choimisiúin deireadh a chur leis an imeacht seo i leith na hIndia, chuig an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Maidir leis na páirtithe leasmhara ar mian leo éisteacht leis an gCoimisiún a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála, iarrtar orthu déanamh amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh ar iarrataí a chuirtear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus cinneadh a dhéanamh ar cheart glacadh leis na hiarrataí sin más iomchuí.

Airteagal 3

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí mar a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2719.

2.   Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí go dtiocfaidh aon bhearta cinntitheacha i bhfeidhm, sin nó go dtí go bhfoirceannfar na himeachtaí seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ar feadh tréimhse 6 mhí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar de thionscnamh na hÉigipte, na hIndia, na Seapáine agus Vítneam iad (IO C, C/2024/4995, 8.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4995/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2719 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear allmhairí táirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, de thionscnamh na hÉigipte, na hIndia, na Seapáine agus Vítneam faoi réir a gcláraithe (IO L 2024/2719, 25.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2719/oj).

(4)  Caighdeán Cuntasaíochta na hÉigipte uimh. 13, arna leasú le rún ón gComh-aireacht uimh. 1568/2022.

(5)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2743.

(6)  Airteagal 6.1 den bhun-Rialachán.

(7)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 92, 6.4.2017, lch. 68, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/649/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine iad agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Seirbia iad (IO L 258, 6.10.2017, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1795/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach, agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar tháirgí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce (IO L 238, 6.7.2021, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1100/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/969/oj).

(8)  Leasaíodh sonraí EUROSTAT chun méid na n-onnmhairí a thuairiscigh táirgeoirí onnmhairiúcháin Vítneamacha le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin a léiriú.

(9)  An Chúirt Bhreithiúnais, Cás C-315/90 Gimelec v an Coimisiún, EU:C:1991:447, mír 16 go mír 29; Tuarascáil ó Chomhlacht Achomhairc EDT 24.7.2001, WT/DS184/AB/R, míreanna 181 go 215.

(10)  Rialachán (AE) 2019/287 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Feabhra 2019 lena gcuirtear chun feidhme clásail choimirce dhéthaobhacha agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe trádála áirithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha (IO L 53, 22.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/287/oj).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100.

(12)  An Chónaidhm Eorpach um dháileadh agus trádáil feadán cruach agus miotal cruach. Is iad na comhaltaí na cónaidhmeanna náisiúnta de dháileadh cruach, miotal agus feadán chomh maith le dáileadh, Ionaid Seirbhíse Cruach agus cuideachtaí trádála a bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann acu i dtíortha Eorpacha ECFE.

(13)  MEPS International – Global Steel Prices, Eagrán Eanáir 2025.

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha in aghaidh allmhairí táirgí cruach áirithe (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/159/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/670/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)