|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/664 |
31.3.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/664 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Márta 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 (2) lena bhforáiltear maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘Stáit Aontaithe’) a allmhairítear isteach san Aontas, mar a leanas: |
|
(2) |
An 7 Aibreán 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 (3) lena bhforáiltear maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe a allmhairítear isteach san Aontas, mar a leanas: |
|
(3) |
Bhí na dleachtanna custaim breise a forchuireadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 dírithe ar na bearta coimirce a fhrithchothromú i bhfoirm dleachtanna custaim breise a thug na Stáit Aontaithe isteach ar bhonn roinn 232 d’Acht um Fhairsingiú Trádála na Stát Aontaithe 1962 maidir le hallmhairí táirgí sonraithe cruach agus alúmanaim de thionscnamh an Aontais, le héifeacht ón 1 Meitheamh 2018, agus ar allmhairí táirgí díorthaithe cruach agus alúmanaim de thionscnamh an Aontais, le héifeacht ón 8 Feabhra 2020. |
|
(4) |
An 18 Nollaig 2023, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 lena gcuirtear ar fionraí, go dtí an 31 Márta 2025, dleachtanna ad valorem breise, dleachtanna arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502 (4). |
|
(5) |
An 10 Feabhra 2025, thug na Stáit Aontaithe a mbearta coimirce isteach arís i bhfoirm dleachtanna custaim breise ar allmhairí cruach agus táirgí alúmanaim agus táirgí díorthaithe cruach agus táirgí díorthaithe alúmanaim de thionscnamh an Aontais, inter alia, ar na leibhéil tosaigh 25 % agus 10 % ad valorem, le héifeacht ón 12 Márta 2025 (5). |
|
(6) |
Ní mór don Aontas raon feidhme a cheart athchothromúcháin faoi GATT 1994 a chalabrú, chun go gcuirfear san áireamh forbairtí sa chaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe san am a chuaigh thart agus forbairtí a fógraíodh. |
|
(7) |
Is gá, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an bhfionraí leanúnach go ceann tréimhse ghearr eile chun deiseanna breise comhair a sholáthar, inter alia, leis na Stáit Aontaithe, lenaIO áirítear d’fhonn an chonspóid faoi na taraifí faoi seach a réiteach agus sula dtosófar ag cur dleachtanna custaim i bhfeidhm arís amhail ón 15 Aibreán 2025. |
|
(8) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
Tá an Rialachán seo neamhspleách ar sheasamh an Aontais, agus gan dochar dó, go bhfuil bearta coimirce na Stát Aontaithe ar neamhréir le Comhaontú EDT i gcónaí. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Bacainní Trádála arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 1, cuirtear ‘14 Aibreán 2025’ in ionad ‘31 Márta 2025’. |
|
(2) |
In Airteagal 2, cuirtear ‘14 Aibreán 2025’ in ionad ‘31 Márta 2025’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 27.6.2014, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/654/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2018 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/724 (IO L 158, 21.6.2018, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/886/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2020 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 109, 7.4.2020, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/502/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502 (IO L 2882, 19.12.2023, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2882/oj).
(5) Forógra Uimh. 10896 an 10 Feabhra 2025, Allmhairí Cruach isteach sna Stáit Aontaithe a choigeartú, agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis; Forógra Uimh. 10895 an 10 Feabhra 2025, Allmhairí Cruach isteach sna Stáit Aontaithe a choigeartú, agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis.
(6) Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (códú) (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1843/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/664/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)