European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/661

4.4.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/661 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Aibreán 2025

lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm a iontráladh i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint, is é sin (‘Parmigiano Reggiano’ (ATFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(b) agus Airteagal 53(2), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena ndearnadh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a aisghairm, leanfaidh an Rialachán sin de bheith infheidhme maidir leis na hiarratais ar fhormheas ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge tásc geografach le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí a fuair an Coimisiún agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh roimh an 13 Bealtaine 2024. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leanfaidh na rialacha is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021 d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge ainmniúchán tionscnaimh a fuair an Coimisiún roimh an 8 Meitheamh 2022. Ós rud é go bhfuair an Coimisiún iarratas ar fhormheas ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge ATFC ‘Parmigiano Reggiano’ an 2 Nollaig 2021, tá feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 mar atá sa leagan is infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021.

(2)

Ós rud é gur leasuithe nach mion atá sna leasuithe i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, de bhun Airteagal 50(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, scrúdaigh an Coimisiún iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasuithe ar shonraíocht an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Parmigiano Reggiano’, atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún (4).

(3)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(4)

An 8 Meán Fómhair 2023, fuair an Coimisiún fógra freasúra agus an ráiteas freasúra réasúnaithe gaolmhar ó chuideachta atá lonnaithe sa Ghearmáin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 51(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu, atá ina gcónaí nó bunaithe i mBallstát seachas an Ballstát ónar cuireadh isteach an t-iarratas, fógra freasúra a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe. Ós rud é gur taisceadh an fógra freasúra ón gcuideachta atá lonnaithe sa Ghearmáin go díreach leis an gCoimisiún agus, dá bhrí sin, ós rud é nach raibh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 51(1), meastar an fógra freasúra sin a bheith neamh-inghlactha.

(6)

An 28 Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún fógra freasúra agus an ráiteas freasúra réasúnaithe gaolmhar ón Ostair. Chuir an Coimisiún an fógra freasúra agus an ráiteas réasúnaithe gaolmhar ar aghaidh chuig an Iodáil an 29 Lúnasa 2023. An 6 Deireadh Fómhair 2023, dheimhnigh an Ostair go raibh an ráiteas freasúra réasúnaithe iomlán agus nár mhian léi aon fhaisnéis bhreise a sholáthar.

(7)

Tar éis don Choimisiún an ráiteas freasúra réasúnaithe a scrúdú agus a chinneadh go raibh sé inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’iarr sé ar an Iodáil agus ar an Ostair, trí litir dar dáta an 14 Samhain 2023, dul i mbun comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar chomhaontú. An 23 Feabhra 2024, arna iarraidh sin ag an Iodáil, chuir an Coimisiún síneadh 30 lá breise leis an sprioc-am le haghaidh comhairliúcháin.

(8)

Tháinig deireadh leis na comhairliúcháin idir an Iodáil agus an Ostair gan teacht ar chomhaontú. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún le cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 52(3)(b) agus le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh aige.

(9)

Leis an tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair, ní mór idirthréimhse bheathaithe 4 mhí a bheith ann i gcás beostoc ó shlabhraí táirgeachta seachas slabhra ‘Parmigiano Reggiano’. Leis an leasú ar Airteagal 9 den roinn ‘Rialacha maidir le Beathú Bó’ den tsonraíocht táirge, bunaítear an ceanglas nach mór beostoc ó shlabhraí táirgeachta seachas slabhra ‘Parmigiano Reggiano’ a thabhairt isteach i bhfeirmeacha déiríochta nó in aonaid athstocála tráth nach déanaí ná an lá a bhaineann an t-ainmhí 10 mí d’aois amach. Tá feidhm ag an roinn ‘Rialacha maidir le Beathú Bó’ den tsonraíocht táirge maidir le hainmhithe a bheathú a bhfuil sé beartaithe leo bainne a tháirgeadh lena phróiseáil chun Parmigiano Reggiano a dhéanamh. Áirítear i slabhra ‘Parmigiano Reggiano’ feirmeacha déiríochta a tháirgeann ‘Parmigiano Reggiano’.

(10)

San údar a thug an Iodáil leis an leasú, chuir sí i dtábhacht an gá atá le gnéithe uathúla cháis ‘Parmigiano Reggiano’ a chaomhnú, is é sin, tionchar na críche agus toirmisc á gcur ar shadhlas agus béim á cur ar fhoráiste féaraigh; bainistiú beostoic agus cothú agus cúram cuí ainmhithe; agus an aiste bia shonrach lena gcothaítear dálaí micribhitheolaíocha fabhracha chun cáis a tháirgeadh. Thug an Iodáil le fios go bhfuil sé i gceist leis na hathruithe atá beartaithe na hainmhithe a chur in oiriúint don aiste bia, caighdeáin ATFC a chomhlíonadh, seiceálacha comhlíontachta a shimpliú agus saincheisteanna neamhchomhlíontachta a laghdú.

(11)

Is achoimre é a leanas ar argóintí na hOstaire mar a leagtar amach iad ina ráiteas freasúra réasúnaithe agus sna comhairliúcháin a rinneadh leis an Iodáil.

(12)

Mhaígh an Ostair go dtugtar isteach leis an iarratas ar leasú nach mion coinníollacha arb é atá iontu srian neamhúdaraithe ar shaorghluaiseacht earraí. Thagair an freasúróir d’Airteagail 34 agus 36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus do Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(13)

Sa chomhthéacs sin, d’áitigh an Ostair go dtéann an srian a tugadh isteach leis an leasú thar a bhfuil riachtanach chun an nasc leis an timpeallacht gheografach a bhunú.

(14)

D’áitigh an Ostair freisin nach féidir le héascú rialuithe faoin gcóras táirgthe deimhnithe údar a thabhairt leis an srian atá beartaithe. Chun tacú leis an maíomh sin, d’agair an Ostair Airteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ar dá réir nach mór an ceanglas maidir le pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe a bheith bunaithe ar an ngá atá le cáilíocht a chosaint, an tionscnamh a áirithiú nó rialú a áirithiú agus ar dá réir nár cheart an ceanglas sin a bheith ina shrian gan údar ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, agus d’agair sí freisin Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (7) lena gceanglaítear go mbeidh údar le haon srian ar thionscnamh amhábhar a sholáthraítear sa tsonraíocht táirge i gcás táirge a bhfuil a ainm cláraithe mar thásc geografach faoi chosaint i ndáil leis an nasc leis an limistéar geografach.

(15)

An réasúnaíocht maidir leis an athrú i ndáil le beostoc de thionscnamh slabhraí táirgthe eile a soláthraíodh san iarratas ar leasú nach mion, dheimhnigh an Iodáil go bhfuil an réasúnaíocht sin bailí agus thug sí argóinteacht bhreise a mhéid a bhaineann le tionchar tháirgeadh na n-amhábhar ar an táirge deiridh agus an gá atá leis na rialuithe ar cháilíocht an táirge a neartú.

(16)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na hargóintí a soláthraíodh sa ráiteas freasúra réasúnaithe ón Ostair i bhfianaise Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus an fhaisnéis a fuair sé maidir leis na comhairliúcháin idir na páirtithe leasmhara á cur san áireamh aige, agus tháinig sé ar na conclúidí seo a leanas.

(17)

A mhéid a bhaineann leis an srian neamhúdaraithe líomhnaithe ar shaorghluaiseacht earraí, le hAirteagal 34 CFAE toirmisctear srianta cainníochtúla ar allmhairí agus ar gach beart comhéifeachta. Mar sin féin, ba cheart Airteagal 34 CFAE a chur i bhfeidhm i bhfianaise Airteagal 36 CFAE, lena ndéantar foráil maidir le heisceachtaí ó shaorghluaiseacht earraí, lena gceadaítear srianta a bhfuil údar leo ar chúiseanna amhail maoin tionsclaíochta agus tráchtála a chosaint. Is ceart maoine intleachtúla iad ATFCanna a chumhdaítear leis an eisceacht sin.

(18)

In Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, sainmhínítear ainmniúchán tionscnaimh mar ainm lena sainaithnítear táirge (a) de thionscnamh áite, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith; (b) ar timpeallacht gheografach ar leith agus a gnéithe dúchasacha nádúrtha agus a gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe; agus (c) ar tharla a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe. Thairis sin, ceanglaítear leis an Airteagal céanna nach mór amhábhair le haghaidh táirgí a mhargaítear faoi ATFC teacht ón limistéar geografach sainithe agus ní fhéadfaidh siad teacht ó áiteanna lasmuigh den limistéar sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus faoi réir coinníollacha. Meastar gur amhábhair iad ainmhithe beo, feoil agus bainne chun na críche sin.

(19)

Níl aon díospóid ann gur coinníoll riachtanach é an córas beathaithe speisialta do bha chun a áirithiú go bhfuil na cáilíochtaí is gá ag an mbainne a tháirgeann siad chun Parmigiano Reggiano a tháirgeadh agus ar an gcaoi sin, an nasc leis an timpeallacht gheografach a bhunú. Níl aon díospóid ann ach oiread go dteastaíonn tréimhse oiriúnúcháin ó bha chun go mbeidh an éifeacht inmhianaithe ag an gcóras beathaithe. Is é sin cuspóir cheanglas na hidirthréimhse beathaithe 4 mhí a leagtar síos sa leagan reatha den tSonraíocht Táirge. Bainfear an ceanglas sin agus cuirfear ina ionad an ceanglas nach mór do bha a bheith 10 mí d’aois ar a mhéad sula dtabharfar isteach iad i slabhra táirgthe Parmigiano Reggiano. Leis an gceanglas nua sin, áirithítear go mbaintear an cuspóir céanna amach ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, trí chomhlíonadh agus inrialaitheacht na sonraíochta táirge a mhéadú.

(20)

I ndáil leis sin, leis na seiceálacha a dhéantar chun a áirithiú go n-urramaítear an córas atá ann faoi láthair, nochtadh gur teipeadh roinnt uaireanta air, agus go bhfuil méadú ag teacht ar an líon cásanna neamhchomhlíontachta nuair nár bhainistigh oibreoirí leithscaradh na n-ainmhithe a bhí faoi réir na hidirthréimhse beathaithe i gceart. Mar thoradh air sin, táirgeadh cáis ó bhainne a fuarthas ó bha a bhí faoi réir na hidirthréimhse beathaithe 4 mhí, agus dá bhrí sin, ní raibh sí incháilithe do chosaint ATFC. Ós rud é go dtugtar ba isteach agus iad 10 mí d’aois ar a mhéad, nuair nach bhfuil na ba ag lachtadh go fóill, is féidir a mheas go soláthraítear leis sin níos mó ráthaíochtaí maidir le cáilíocht agus barántúlacht an táirge ná 4 mhí den idirthréimhse bheathaithe. Ní bheadh aon riosca ann go ndéanfadh an t-oibreoir míbhainistiú ar leithscaradh ainmhithe le linn na hidirthréimhse beathaithe agus a sreafaí bainne, rud a d’fhéadfadh fadhbanna a chruthú leis an gcáis, agus d’fhéadfadh sé sin tarlú faoi láthair má tá bó ag lachtadh cheana féin nuair a thugtar ar an bhfeirm í. Thairis sin, leis an mbeart sin méadófar go mór inrialaitheacht na sonraíochta táirge toisc nach mbeidh aon ghá le leithscaradh na n-ainmhithe a rialú agus sreafaí bainne a scaradh ó chéile chun a áirithiú nach n-úsáidfear ach bainne ó ainmhithe incháilithe chun Parmigiano Reggiano a tháirgeadh.

(21)

Thairis sin, i gcomhréir leis an gcásdlí bunaithe, tá sé beartaithe le tásca geografacha go ráthófar go dtiocfaidh an táirge arna ainmniú amhlaidh ó limistéar geografach sonraithe agus go léireoidh sé saintréithe áirithe. Féadfaidh ardcháil a bheith orthu i measc tomhaltóirí bunaithe ar cháilíocht an táirge. I gcás tomhaltóirí, braitheann an nasc idir clú na dtáirgí agus cáilíocht na dtáirgí freisin ar a ndearbhófaí dóibh go bhfuil táirgí a dhíoltar faoin ainmniúchán tionscnaimh barántúil. I gcomhréir leis an gcásdlí bunaithe, ní mór a mheas go bhfuil srian comhoiriúnach le dlí an Aontais d’ainneoin a éifeachtaí sriantacha ar thrádáil má léirítear go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach agus go bhfuil sé in ann seasamh le clú an ainmniúcháin tionscnaimh lena mbaineann (8). I gcás Parmigiano Reggiano, maidir leis an gceanglas atá ann na ba a thabhairt isteach sa slabhra táirgthe agus iad 10 mí d’aois ar a mhéad, tá sé d’aidhm ag an gceanglas sin cáil ‘Parmigiano Reggiano’ a chaomhnú trí rialuithe ar a cháilíocht agus ar a bharántúlacht a éascú agus tríd an riosca a bhaint go n-úsáidfí bainne nach bhfuil na cáilíochtaí is gá aige chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh. Dá bhrí sin, tá cuspóir dlisteanach á shaothrú ag an gceanglas.

(22)

Thairis sin, ní léirítear go bhfuil bearta malartacha ann nach bhfuil chomh sriantach céanna agus atá in ann tréimhse oiriúnúcháin a bhunú agus, an tráth céanna, atá in ann a áirithiú go ndéanann an t-oibreoir leithscaradh na n-ainmhithe atá faoi réir na hidirthréimhse beathaithe a bhainistiú i gceart. Thairis sin, leis an leasú atá faoi dhíospóid, ceadaítear don Ostair leanúint dá ba a onnmhairiú chuig an Iodáil, tríd an gceanglas nua a chomhlíonadh maidir leis an eallach a dhíol ag aois níos óige.

(23)

Maidir leis an tagairt a rinne an Ostair d’Airteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus d’Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil na forálacha sin infheidhme sa chás atá i gceist, ar forálacha iad a bhaineann le pacáistíocht i ndáil le ATFCanna agus amhábhair i ndáil le TGFCanna, faoi seach.

(24)

I bhfianaise an mhéid thuas, ní mheastar go bhforchuirtear leis an iarratas ar leasú nach mion ar ‘Parmigiano Reggiano’ ATFC srian neamhúdaraithe ar shaorghluaiseacht earraí de réir bhrí Airteagal 34 i gcomhar le hAirteagal 36 CFAE nó go sáraítear leis Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(25)

A mhéid a bhaineann le comhlíonadh Threoir (AE) 2015/1535, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, nach bhfuil feidhm ag Treoir 98/34/CE, a aisghaireadh ina dhiaidh sin agus ar cuireadh Treoir (AE) 2015/1535 ina hionad, maidir leis na scéimeanna cáilíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo. I bhfianaise a bhfuil thuas, ní gá a mheas cé acu a cheadófaí nó nach gceadófaí an leasú atá beartaithe i gcomhréir le ceanglais na Treorach thuasluaite.

(26)

Dá réir sin, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Parmigiano Reggiano’ (ATFC) a fhormheas.

(27)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta maidir le táirgí talmhaíochta, fíon agus deochanna biotáilleacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo na leasuithe ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Parmigiano Reggiano’ ATFC.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2117/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 1996 maidir le tásca geografacha agus ainmniúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 148, 21.6.1996, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/1107/oj).

(5)   IO C 202, 9.6.2023, lch. 53.

(6)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/1535/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú shiombailí an Aontais le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus maidir le rialacha áirithe a bhaineann le foinsiú, rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha idirthréimhseacha breise áirithe (IO L 179, 19.6.2014, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/664/oj).

(8)  Féach, inter alia, breithiúnas an 20 Bealtaine 2003, Ravil, C-469/00, ECLI:EU:C:2003:295, míreanna 49 agus 51 agus Breithiúnas an 20 Bealtaine 2003, Consorzio del Prosciutto di Parma agus Salumificio S. Rita, C-108/01, ECLI:EU:C:2003:296, míreanna 64 agus 66.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/661/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)