European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/660

2.4.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/660 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Aibreán 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna) i dtargaidí cré

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is substaintí guaiseacha iad go leor hidreacarbón il-timthriallach aramatach (‘HIAnna’) mar gheall ar a n-airíonna carcanaigineacha, marthanacha, bithcharnacha agus tocsaineacha (MBT) agus/nó mar gheall ar a n-airíonna an-mharthanach agus an-bhithcharnach (aMaB). Chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint, le hiontráil 50 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (REACH) cuirtear teorainn leis an gcion HIA i meascáin éagsúla maidir lena n-úsáid nó lena gcur ar an margadh agus in earraí áirithe maidir lena gcur ar an margadh. Tá HIAnna le fáil freisin i dtáirgí áirithe a úsáidtear mar cheanglóirí i dtargaidí cré (dá ngairtear crécholúir freisin). Is targaidí eitilte (a bhfuil cruth sásar eitilte orthu) iad targaidí cré a úsáideann lámhachóirí spóirt agus sealgairí géim beaga chun cleachtadh a dhéanamh. Déantar iad a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as ceanglóirí amhail pic tarra guail, ardteochta (‘CTPHT’), pic pheitriliam nó cineálacha eile roisíní. Meastar go scaoiltear 270 tona HIAnna ar a laghad isteach sa chomhshaol in aghaidh na bliana agus targaidí cré ina bhfuil HIAnna á dtáirgeadh agus á n-úsáid. Má leantar de thargaidí cré ina bhfuil HIAnna a úsáid tiocfaidh méadú ar an ualach comhshaoil, agus ar nochtadh breise an chomhshaoil agus an duine. Ós rud é gur substaintí MBT agus aMaB iad HIAnna, ní féidir éifeachtaí an charntha sa chomhshaol a thuar san fhadtéarma. Dá bhrí sin, feidhmíonn saintréithriú na n-astaíochtaí mar athróg ionadach ar na rioscaí.

(2)

Sainaithnítear CTPHT mar shubstaint ar ábhar mór imní í mar gheall ar a hairíonna carcanaigineacha, MBT agus aMaB agus áirítear í in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Tá na hairíonna sin ag CTPHT toisc go bhfuil HIAnna ann. Dhiúltaigh an Coimisiún do na hiarratais ar údaruithe a cuireadh isteach chun CTPHT a úsáid mar cheanglóir i dtáirgeadh targaidí cré le Cinntí C(2022)1510 (2) agus C(2022)1512 (3). Níl feidhm ag an gceanglas údarúcháin maidir le substaintí in earraí a chur ar an margadh, agus baineann na hábhair imní a cuireadh in iúl maidir le scaoileadh HIA ó thargaidí cré le targaidí cré ina bhfuil CTPHT a allmhairítear isteach san Aontas freisin.

(3)

Ina theannta sin, tá HIAnna i roinnt roghanna malartacha ar CTPHT a úsáidtear faoi láthair san Aontas mar cheanglóir le haghaidh targaidí cré, cé go bhfuil tiúchain HIAnna níos ísle acu go ginearálta ná mar atá ag CTPHT. Tá roghanna malartacha a bhfuil cion HIA an-íseal iontu ar fáil freisin, chomh maith le roghanna malartacha atá saor ó HIA.

(4)

Chun ardleibhéal cosanta a áirithiú san Aontas agus chun ‘ionadú nár cheart’ a sheachaint, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) an 2 Iúil 2021 (4) de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 sainchomhad srianta Iarscríbhinn XV maidir le HIAnna i dtargaidí cré le haghaidh lámhach a ullmhú.

(5)

An 22 Nollaig 2021 d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht sainchomhad Iarscríbhinn XV (5) inar tháinig sí ar an gconclúid go bhfuil gá le gníomhaíocht uile-Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le targaidí cré le ceanglóirí ina bhfuil HIA a tháirgtear san Aontas nó a allmhairítear isteach san Aontas chun ardleibhéal comhchuibhithe cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú ar fud an Aontais agus chun saorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas a áirithiú. Ní féidir feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach ach amháin mura bhfuil difríocht shuntasach idir na Ballstáit ó thaobh ceanglas de, agus tá srianta i bhfeidhm cheana féin ag an Ostair, ag codanna den Bheilg agus ag an Ísiltír.

(6)

Mhol an Ghníomhaireacht nár cheart teorainn tiúchana 0,005 % de réir meáchain de mhais thirim na targaide cré le haghaidh shuim 18 HIA is táscairí a shárú i dtargaidí cré a chuirtear ar an margadh. Mhol an Ghníomhaireacht freisin srian a chur le húsáid na dtargaidí cré sin, chun cosc a chur ar scaoileadh ó thargaidí cré a cuireadh ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm an tsriain (6). Ós rud é go bhfuil go leor HIAnna éagsúla ann agus gur athraitheach a láithreacht sna ceanglóirí, tá sé praiticiúil coinníollacha an tsriain a bhunú ar thiúchan sraith HIAnna intomhaiste agus aitheanta a fheidhmíonn mar tháscairí maidir le HIAnna eile a bheith ann. Dá bhrí sin, trí thiúchan na 18 HIA is táscairí sin i dtargaidí cré a theorannú, cuirtear teorainn freisin le tiúchan HIAnna eile i dtargaidí cré. Bhreithnigh an Ghníomhaireacht ceithre theorainn tiúchana fhéideartha agus tháinig sí ar an gconclúid gurb í teorainn 0,005 % an rogha thosaíochta bunaithe ar a héifeachtacht chun níos mó ná 99 % de scaoileadh HIA a laghdú, agus ar infhaighteacht roghanna malartacha. Le teorainn tiúchana 0,005 % le haghaidh shuim na 18 HIA is táscairí ní fhéadfaí CTPHT, pic peitriliam ná roisín peitriliam a úsáid mar cheanglóirí i dtargaidí cré. Ionas go mbeidh an srian praiticiúil, tá an tsraith táscairí ailínithe le rialacha reatha na Cónaidhme Idirnáisiúnta Lámhach Spóirt le haghaidh targaidí cré a úsáidtear ina gcomórtais, ar rialacha iad lena bhforchuirtear teorainn tiúchana 0,005 % de réir meáchain de mhais thirim na targaide cré le haghaidh shuim na 18 HIA is táscairí.

(7)

Mhol an Ghníomhaireacht idirthréimhse bliana tar éis theacht i bhfeidhm an tsriain ar lena linn a cheadaítear táirgeadh agus úsáid targaidí cré ag a bhfuil tiúchan HIA suas le 1 % de réir meáchain de mhais thirim na targaide cré. Mheas an Ghníomhaireacht go raibh tréimhse den sórt sin riachtanach chun ganntanas targaidí cré in-úsáidte san Aontas a sheachaint, trí am a thabhairt do tháirgeoirí chun soláthróirí nua a aimsiú le haghaidh ceanglóirí a bhfuil cion íseal HIA iontu agus chun aon choigeartú ar a bpróisis táirgthe a chur chun feidhme. Sa chleachtas, chiallódh sé sin nach bhféadfaí targaidí cré ag a bhfuil CTPHT mar cheanglóir a chur ar an margadh nó a úsáid ó theacht i bhfeidhm an tsriain ar aghaidh toisc go bhfuil cion níos airde HIA sna targaidí cré sin. Dá leanfaí d’úsáid a bhaint as CTPHT mar cheanglóir i dtargaidí cré le linn idirthréimhse bliana, scaoilfí 114 thona de HIAnna agus ní bheadh aon tairbhe eacnamaíoch ann nó ní bheadh ach tairbhí eacnamaíocha teoranta ann toisc go bhfuil ceanglóirí malartacha ar phraghas comhchosúil ar fáil cheana. Ina theannta sin, scoir táirgeoirí an Aontais de bheith ag úsáid CTPHT i dtargaidí cré cheana.

(8)

An 13 Meán Fómhair 2022 ghlac Coiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta a thuairim lenar tháinig sé ar a gconclúid gurb é an srian atá beartaithe ag an nGníomhaireacht an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sainaitheanta i dtéarmaí a éifeachtaí atá sé an riosca a laghdú, agus ó thaobh praiticiúlachta agus inmhonatóireachta de. Thug an Coiste um Measúnú Riosca dá aire go soláthraítear bunús leordhóthanach leis an bhfaisnéis atá ar fáil maidir le scaoileadh 18 HIA isteach sa chomhshaol chun teacht ar an gconclúid gurb é an toradh a bhíonn ar úsáid targaidí cré ina bhfuil HIAnna faoi láthair agus an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint astu amach anseo go scaoiltear substaintí a bhfuil airíonna MBT, aMaB agus carcanaigineacha acu isteach sa chomhshaol. D’aontaigh sé freisin leis an nGníomhaireacht gur fianaise thacaíochta iad nochtadh ceirde, nochtadh don duine ó láimhseáil agus lámhach targaidí cré agus riosca gaolmhar do shláinte an duine (ailse), cé nach ndearnadh measúnú cainníochtúil orthu, chun údar a thabhairt leis an ngá atá le srian. Thug an Coiste um Measúnú Riosca dá aire go mbeidh rioscaí fadtéarmacha ann don duine agus don chomhshaol mar gheall ar nochtadh do HIAnna mar thoradh ar scaoileadh leanúnach HIAnna ó cheanglóirí targaide cré isteach sa chomhshaol. D’aontaigh an Coiste um Measúnú Riosca go mbeadh an srian atá beartaithe ar an mbeart bainistithe riosca is éifeachtaí chun scaoileadh HIAnna agus nochtadh do HIAnna ó thargaidí cré ina bhfuil HIAnna a laghdú. D’aontaigh an Coiste um Measúnú Riosca nach bhfuil aon údar le maoluithe. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an gcur chuige a ghlac an Ghníomhaireacht, d’aontaigh an Coiste um Measúnú Riosca gur cheart an srian a bhunú ar theorainn tiúchana 0,005 % de réir meáchain de mhais thirim na targaide cré le haghaidh na 18 HIA is táscairí roghnaithe, rud a laghdódh thart ar 99 % d’astaíochtaí HIA.

(9)

D’aontaigh an Coiste um Measúnú Riosca leis an nGníomhaireacht go gcuirfí cosc ar CTPHT a úsáid mar cheanglóir i dtargaidí cré dá socrófaí teorainn eatramhach tiúchana 1 % de réir meáchain de mhais thirim na targaide cré le haghaidh 18 HIA is táscairí, ach go gceadófaí ceanglóirí eile ina bhfuil HIAnna ar bhonn sealadach. Mar sin féin, thug an Coiste um Measúnú Riosca dá aire go bhféadfadh scaoileadh breise 150 tona ar a laghad de na 18 HIA is táscairí a bheith mar thoradh ar an idirthréimhse bliana atá beartaithe.

(10)

An 2 Nollaig 2022 ghlac an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch de chuid na Gníomhaireachta a thuairim. Tháinig an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar an gconclúid gurb é an srian atá beartaithe an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta, agus a thairbhí agus a chostais shocheacnamaíocha á gcur san áireamh, ar choinníoll go modhnaítear na coinníollacha mar a mhol an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch.

(11)

Mheas an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch go bhféadfaí an srian a chur chun feidhme láithreach gan idirthréimhse faoi ghnáthchúinsí, ach thug sé dá aire go bhféadfadh na smachtbhannaí trádála atá ann faoi láthair i gcoinne na Rúise difear a dhéanamh d’infhaighteacht ghearrthéarmach roinnt de na roghanna malartacha a breithníodh agus, dá bhrí sin, in ionad gan aon idirthréimhse a bheith ann, thacaigh sé le hidirthréimhse bliana, chun cur isteach ar shlabhraí soláthair a sheachaint. Mar sin féin, d’easaontaigh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch leis an nGníomhaireacht maidir leis an teorainn eatramhach tiúchana HIA atá le bunú le linn na hidirthréimhse. Agus na hábhair imní á gcur san áireamh maidir le hinfhaighteacht ghearrthéarmach éicearoisíní agus roisíní nádúrtha de bharr na smachtbhannaí trádála, mheas an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch go raibh údar le teorainn eatramhach tiúchana 0,1 % de réir meáchain de mhais tirim na targaide cré le haghaidh na 18 HIA is táscairí le linn na hidirthréimhse bliana. Le teorainn tiúchana den sórt sin le haghaidh na 18 HIA is táscairí, chuirfí toirmeasc láithreach, ó dháta theacht i bhfeidhm an tsriain, ar thiúchain HIA os cionn na teorann sin i dtargaidí cré. Go bunúsach, chuirfeadh sé sin toirmeasc ar thargaidí cré nach gcomhlíonann an teorainn tiúchana sin a chur ar an margadh agus a úsáid, agus mar thoradh air sin, ní fhéadfaí CTPHT agus pic peitriliam a úsáid a thuilleadh mar cheanglóirí i dtargaidí cré agus go mbainfí amach laghdú astaíochtaí níos airde i gcomparáid le teorainn tiúchana 1 % de réir meáchain, mar a mhol an Ghníomhaireacht, ar chostas comhchosúil.

(12)

D’aontaigh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch leis an nGníomhaireacht go bhfuil ceanglóirí malartacha atá indéanta go teicniúil ar fáil san Aontas agus go mbeadh costas níos airde de thuairim is cúpla cent in aghaidh na targaide cré ar thomhaltóirí mar thoradh ar chuid acu, rud a d’fhágfadh go mbeadh costais bhliantúla iomlána EUR 3,4 milliún ann, i gcás an rogha srianta a mhol an Ghníomhaireacht agus i gcás an rogha srianta a mhol an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch araon. D’aontaigh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch leis an nGníomhaireacht gurb iad na hastaíochtaí comhshaoil atá á seachaint na tairbhí a bhaineann leis an srian sin. Mheas an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch go seachnófaí astaíochtaí bliantúla 257 dtona mar thoradh ar an rogha srianta a mhol an Ghníomhaireacht, agus go seachnófaí astaíochtaí bliantúla 266 thona mar thoradh ar an rogha srianta a mhol an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch.

(13)

Chuathas i gcomhairle le Fóram na Gníomhaireachta um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú, dá dtagraítear in Airteagal 76(1), pointe (f) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, le linn an phróisis srianta agus cuireadh a thuairim san áireamh.

(14)

Thug an Coiste um Measúnú Riosca agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch dá n-aire tuairim an Fhóraim gur féidir a mheas go bhfuil an srian in-fhorfheidhmithe, ar choinníoll go bhforbraítear modh anailíseach sonrach lena sainítear an cur chuige tástála comhchuibhithe is gá.

(15)

An 31 Eanáir 2023 chuir an Ghníomhaireacht tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Measúnú Socheacnamaíoch (7) faoi bhráid an Choimisiúin. Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV agus tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Measúnú Socheacnamaíoch á gcur san áireamh, measann an Coimisiún go n-eascraíonn riosca do-ghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol as HIAnna a chur ar an margadh agus a úsáid i dtargaidí cré le haghaidh lámhaigh, ar riosca é nach mór aghaidh a thabhairt air ar fud an Aontais.

(16)

Measann an Coimisiún go léirítear gurb é atá sa srian maidir le HIAnna a chur ar an margadh agus a úsáid ina n-aonar nó mar chomhábhair de shubstaintí eile i dtargaidí cré, faoi mar a mhol an Ghníomhaireacht, an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sainaitheanta, agus a thionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht roghanna malartacha á gcur san áireamh.

(17)

Measann an Coimisiún gur cheart feidhm a bheith ag teorainn tiúchana 0,005 % de réir meáchain de mhais thirim na targaide cré le haghaidh na 18 HIA is táscairí toisc go seachnaítear leis an teorainn tiúchana sin thart ar 99 % d’astaíochtaí HIA i gcomparáid leis an mbonnlíne, go gceadaítear léi ceanglóirí malartacha leordhóthanacha a bheith ar fáil agus go dtáirgeann go leor táirgeoirí targaidí cré cheana atá i gcomhréir leis an teorainnluach atá beartaithe i gcomhréir leis na rialacha idirnáisiúnta lámhaigh spóirt atá ann cheana.

(18)

Measann an Coimisiún gur cheart dóthain ama a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile chun bearta iomchuí a dhéanamh, amhail conarthaí soláthair a athchaibidliú agus stoic atá ann cheana a dhiúscairt, chun an srian atá beartaithe a chomhlíonadh. Measann an Coimisiún go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis sin ós rud é go gcuireann an beart seo srian ní hamháin ar na 18 HIA a chur ar an margadh i dtargaidí cré, mar a moladh ar dtús i sainchomhad Iarscríbhinn XV, ach ar a n-úsáid i dtargaidí cré freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an tsriain sin a chur siar 12 mhí gan aon teorainn eatramhach tiúchana. Measann an Coimisiún go bhfuil gá leis an idirthréimhse sin freisin chun suaití sa slabhra soláthair a sheachaint mar gheall ar infhaighteacht theoranta ghearrthéarmach dhá chineál ceanglóirí malartacha, ar ceanglóirí iad a úsáidtear i dtargaidí cré agus lenar féidir an teorainn tiúchana 0,005 % de réir meáchain de mhais thirim na targaide cré (éicearoisíní agus roisíní nádúrtha) a chomhlíonadh, mar gheall ar theorainneacha trádála a bhaineann le ceann de mhórtháirgeoirí na gceanglóirí malartacha sin.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj.

(2)   IO C 130, 23.3.2022, lch. 8.

(3)   IO C 130, 23.3.2022, lch. 7.

(4)   https://echa.europa.eu/documents/10162/17233/rest_ctpht_mandate_en.pdf/6ca115c7-d892-1c27-3329-6d0e4ab34b87?t=1628765272700.

(5)   https://echa.europa.eu/documents/10162/ca0e70c1-db56-5d5f-55e1-76668c2d9623.

(6)  ECHA (2022). Doiciméad Cúlra a ghabhann leis an Tuairim maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV ina moltar srianta ar Shubstaintí ina bhfuil hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna) i dtargaidí cré le haghaidh lámhach https://echa.europa.eu/documents/10162/1cbc7e0f-4d6e-f8dd-cea2-0d32781281b2.

(7)   https://echa.europa.eu/documents/10162/5a8fcf33-9adc-d6cf-611e-019cc034af62.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil 50a nua seo a leanas isteach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006:

‘50a.

Hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna)

(a)

Aicéanaiftéin, Uimh. CAS 83-32-9, Uimh. CE 201-469-6

(b)

Aicéanaftailéin, Uimh. CAS 208-96-8, Uimh. CE 205-917-1

(c)

Antraicéin, Uimh. CAS 120-12-7, Uimh. CE 204-371-1

(d)

Beans[a]antraicéin, Uimh. CAS 56-55-3, Uimh. CE 200-280-6

(e)

Beinsi[a]piréin, Uimh. CAS 50-32-8, Uimh. CE 200-028-5 (Beinsi[def]criséin)

(f)

Beinsea[b]fluaraintéin, Uimh. CAS 205-99-2, Uimh. CE 205-911-9 (Beans(e)aicéifeanaintriléin)

(g)

Beinsi[e]piréin, Uimh. CAS 192-97-2, Uimh. CE 205-892-7

(h)

Beinsi[ghi]peiriléin, Uimh. CAS 191-24- 2, Uimh. CE 205-883-8

(i)

Beinsea[j]fluaraintéin, Uimh. CAS 205-82-3, Uimh. CE 205-910-3

(j)

Beinsea[k]fluaraintéin, Uimh. CAS 207-08-9, Uimh. CE 205-916-6

(k)

Criséin, Uimh. CAS 218-01-9, Uimh. CE 205-923-4

(l)

Débheans(a,h)antraicéin, Uimh. CAS 53-70-3, Uimh. CE 200-181-8

(m)

Fluaraintéin, Uimh. CAS 206-44-0, Uimh. CE 205-912-4

(n)

Fluairéin, Uimh. CAS 86-73-7, Uimh. CE 201-695-5

(o)

Indéini(1,2,3cd)piréin, Uimh. CAS 193-39-5, Uimh. CE 205-893-2

(p)

Naftailéin, Uimh. CAS 91-20-3, Uimh. CE 202-049-5

(q)

Feanaintréin, Uimh. CAS 85-01-8, Uimh. CE 201-581-5

(r)

Piréin, Uimh. CAS 129-00-0, Uimh. CE 204-927-3

Ní chuirfear ar an margadh ná ní úsáidfear iad, ina n-aonar nó mar chomhábhair de shubstaintí eile, i dtargaidí cré le haghaidh lámhaigh, ón 22 Aibreán 2026 má tá níos mó ná 50 mg/kg (0,005 % de réir meáchain de mhais thirim na targaide cré) de shuim na HIAnna uile a liostaítear iontu.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/660/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)