|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/659 |
4.4.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/659 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Aibreán 2025
lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le veinír ó roinnt speiceas Acer L. de thionscnamh Cheanada a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42a(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun cosc a chur ar thabhairt isteach i gcríoch an Aontais Davidsoniella virescens (R.W. Davidson) Z.W. de Beer, T.A. Duong & M.J. Wingfield, an phataigin is cúis le galar sú-adhmaid smálaithe na mailpe, tolladóir criathraithe an chrainn tae Euwallacea fornicatus sensu lato„ agus Phytophthora ramorum Werres, De Cock & Man in ‘t Veld (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) (‘na lotnaidí sonraithe’), ní fhéadfar adhmad ó roinnt speiceas de chuid Acer L., de thionscnamh Cheanada (‘an t-adhmad sonraithe’), a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach amháin má chomhlíonann sé ceanglais speisialta phointí 85, 86, 102 agus 111 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2). Is iad na speicis adhmaid lena mbaineann Acer saccharum Marsh, Acer macrophyllum Pursh, Acer buergerianum Miq., Acer negundo L., Acer palmatum Thunb., Acer paxii Franch., agus Acer pseudoplatanus L., dá dtagraítear sna pointí den Iarscríbhinn sin lena mbaineann. |
|
(2) |
I mí an Mheithimh 2021, chuir Ceanada iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar mhaolú ar na ceanglais speisialta a leagtar síos in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2072 maidir leis an adhmad sonraithe i bhfoirm veiníre a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais. Bhí sainchomhad ag gabháil leis an iarraidh sin ina raibh faisnéis theicniúil agus eolaíoch faoi phróiseas táirgthe veiníre, lena n-áirítear veinír mhailpe, sa tír sin agus faoina thionchar ar lotnaidí atá ábhartha don adhmad sonraithe, agus go háirithe ar na lotnaidí sonraithe. Cuimsítear sa phróiseas sin céimeanna amhail cóireáil teasa ar an adhmad cruinn, rúisceadh, bearradh, gearradh agus triomú ardteasa. Rinneadh an sainchomhad sin a fhorlíonadh le faisnéis bhreise i mí Eanáir 2022. |
|
(3) |
Chuir Ceanada an sainchomhad faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i mí Eanáir 2022. Rinne an tÚdarás anailís ar an sainchomhad agus tháinig sé ar an gconclúid sa tuairim uaidh (3) go bhfuil na bearta a dhéantar tuairisc orthu ann in ann láithreacht lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a bhaineann le veinír mailpe san adhmad sonraithe a laghdú go leibhéal an-íseal nó na lotnaidí sonraithe a bhaint go hiomlán. Dá bhrí sin, leis an bpróiseas táirgthe le haghaidh adhmad atá beartaithe chun veinír a tháirgeadh i gCeanada, soláthraítear an leibhéal céanna cosanta ar thabhairt isteach na lotnaidí sonraithe agus a sholáthraíonn na ceanglais shonracha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2072 maidir leis an adhmad sonraithe de thionscnamh Cheanada a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais. |
|
(4) |
Leis an bpróiseas táirgthe chun an t-adhmad sonraithe atá beartaithe le haghaidh veinír a tháirgeadh is féidir an riosca a bhaineann leis na lotnaidí sonraithe agus lotnaidí coraintín eile de chuid an Aontais a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go héifeachtach go leibhéal inghlactha, agus ina fhianaise sin, ba cheart cead a thabhairt an t-adhmad sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais faoi cheanglais áirithe. Ba cheart a áireamh ar na ceanglais sin scrúduithe agus cóireálacha ar na lomáin a úsáidtear chun veinír a tháirgeadh agus ar an veinír féin. |
|
(5) |
Ós rud é nár tugadh isteach aon adhmad sonraithe ó Cheanada, adhmad a táirgeadh de réir an phróisis táirgthe thuasluaite, i gcríoch an Aontais go dtí seo agus nár tharla trádáil den chineál sin fós, tá riosca fíteashláintíochta ag baint leis an adhmad sonraithe nach bhfuil measúnú iomlán déanta air go fóill. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh tréimhse shealadach chun gur féidir measúnú iomlán a dhéanamh ar an riosca sin. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar amach sa Rialachán seo bearta sonracha maidir le hadhmad mailpe (Acer L.) atá i bhfoirm veiníre, de thiús de 6 mm nó níos lú agus de thionscnamh Cheanada a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘adhmad sonraithe’ adhmad ó Acer saccharum Marsh, Acer macrophyllum Pursh, Acer buergerianum Miq., Acer negundo L., Acer palmatum Thunb., Acer paxii Franch. nó Acer pseudoplatanus L., i bhfoirm veiníre de thiús de 6 mm nó níos lú agus atá de thionscnamh Cheanada; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘lotnaidí sonraithe’Davidsoniella virescens (R.W. Davidson) Z.W. de Beer, T.A. Duong & M.J. Wingfield, Euwallacea fornicatus sensu lato agus Phytophthora ramorum Werres, De Cock & Man in ‘t Veld (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad). |
Airteagal 3
Maolú ar Rialachán (AE) 2019/2072
De mhaolú ar na ceanglais speisialta a leagtar amach i bpointí 85, 86, 102 agus 111 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2072, féadfar an t-adhmad sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
|
(a) |
comhlíontar na ceanglais a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
faoin 31 Márta gach bliain, tá tuarascáil bhliantúil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Cheanada, tuarascáil ar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhliain féilire roimhe sin agus a bhfuil na heilimintí uile a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo inti. |
Airteagal 4
Deimhniú fíteashláintíochta
Beidh deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis an adhmad sonraithe ar a mbeidh an ráiteas seo a leanas faoin gceannteideal ‘Dearbhú breise’: ‘Comhlíonann an choinsíneacht seo na ceanglais de chuid an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/659 ón gCoimisiún’.
Airteagal 5
Leasú ar Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072
Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i gcomhréir leis an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm agus tréimhse feidhme
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meán Fómhair 2029.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(3) Measúnú riosca tráchtearraí ar leatháin veiníre mailpe ó Cheanada. EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22:e8892. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8892.
IARSCRÍBHINN I
CEANGLAIS A BHAINEANN LE TÁIRGEADH AN ADHMAID SHONRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3
|
1. |
Ní fhéadfar an t-adhmad sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach amháin nuair a dheimhníonn Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Cheanada ar an deimhniú fíteashláintíochta, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 4, go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile i leith an adhmaid shonraithe maidir lena bhaint, a chóireáil agus a shainaithint i gCeanada:
|
|
2. |
Áireofar na nithe seo a leanas i gcás gach láithreán próiseála sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na bliana féilire roimhe sin:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:
|
(1) |
I bpointe 85, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa chéad cholún: ‘Adhmad Acer saccharum Marsh., lena n-áirítear adhmad nach bhfuil a dhromchla nádúrtha cruinn coinnithe aige, seachas i bhfoirm:
|
|
(2) |
I bpointe 86, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa chéad cholún: ‘Adhmad Acer saccharum Marsh., atá beartaithe chun leatháin veiníre a tháirgeadh*
|
|
(3) |
I bpointe 102, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa chéad cholún: ‘Adhmad ó Acacia Mill., Acer buergerianum Miq., Acer macrophyllum Pursh, Acer negundo L., Acer palmatum Thunb., Acer paxii Franch., Acer pseudoplatanus L., Aesculus californica (Spach) Nutt., Ailanthus altissima (Mill.) Swingle, Albizia falcate Backer ex Merr., Albizia julibrissin Durazz., Alectryon excelsus Gärtn., Alnus rhombifolia Nutt., Archontophoenix cunninghamiana H. Wendl. & Drude, Artocarpus integer (Thunb.) Merr., Azadirachta indica A. Juss., Baccharis salicina Torr. & A.Gray, Bauhinia variegata L., Brachychiton discolor F.Muell., Brachychiton populneus R.Br., Camellia semiserrata C.W.Chi, Camellia sinensis (L.) Kuntze, Canarium commune L., Castanospermum australe A.Cunningham & C.Fraser, Cercidium floridum Benth. ex A.Gray, Cercidium sonorae Rose & I.M.Johnst., Cocculus laurifolius DC., Combretum kraussii Hochst., Cupaniopsis anacardioides (A.Rich.) Radlk., Dombeya cacuminum Hochr., Erythrina corallodendron L., Erythrina coralloides Moc. & Sessé ex DC., Erythrina falcata Benth., Erythrina fusca Lour., Eucalyptus ficifolia F.Müll., Fagus crenata Blume, Ficus L., Gleditsia triacanthos L., Hevea brasiliensis (Willd. ex A.Juss) Muell.Arg., Howea forsteriana (F.Müller) Becc., Ilex cornuta Lindl. & Paxton, Inga vera Willd., Jacaranda mimosifolia D.Don, Koelreuteria bipinnata Franch., Liquidambar styraciflua L., Magnolia grandiflora L., Magnolia virginiana L., Mimosa bracaatinga Hoehne, Morus alba L., Parkinsonia aculeata L., Persea americana Mill., Pithecellobium lobatum Benth., Platanus x hispanica Mill. ex Münchh., Platanus mexicana Torr., Platanus occidentalis L., Platanus orientalis L., Platanus racemosa Nutt., Podalyria calyptrata Willd., Populus fremontii S.Watson, Populus nigra L., Populus trichocarpa Torr. & A.Gray ex Hook., Prosopis articulata S.Watson, Protium serratum Engl., Psoralea pinnata L., Pterocarya stenoptera C.DC., Quercus agrifolia Née, Quercus calliprinos Webb., Quercus chrysolepis Liebm, Quercus engelmannii Greene, Quercus ithaburensis Dence. Quercus lobata Née, Quercus palustris Marshall, Quercus robur L., Quercus suber L., Ricinus communis L., Salix alba L., Salix babylonica L., Salix gooddingii C.R.Ball, Salix laevigata Bebb, Salix mucronata Thnb., Shorea robusta C.F.Gaertn., Spathodea campanulata P.Beauv., Spondias dulcis Parkinson, Tamarix ramosissima Kar. ex Boiss., Virgilia oroboides subsp. ferrugine B.-E.van Wyk, Wisteria floribunda (Willd.) DC. agus Xylosma avilae Sleumer, seachas sna foirmeacha seo a leanas:
ach lena n-áirítear adhmad nach bhfuil a dhromchla nádúrtha cruinn coinnithe aige*
|
|
(4) |
I bpointe 111, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa chéad cholún: ‘Adhmad ó Acer macrophyllum Pursh, Aesculus californica (Spach) Nutt., Lithocarpus densiflorus (Hook. & Arn.) Rehd., Quercus L. agus Taxus brevifolia Nutt., seachas sna foirmeacha seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/659/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)