|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/658 |
4.4.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/658 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Aibreán 2025
lena n-aithnítear go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil a chuir an Fhrainc faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 31(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú biatais siúcra, cruithneachta boige, gráin bhuí, síl ráibe agus lusanna na gréine sa Bhallstát sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 31(4) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceanglaítear le Treoir (AE) 2018/2001 go sábháiltear le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le breoslaí iontaise ionas gur féidir iad a áireamh mar chuid de na spriocanna a leagtar amach sa Treoir sin. Chun na críche sin, in Airteagal 29(10) den Treoir sin leagtar síos tairseacha sonracha maidir le laghdú ar astaíochtaí le haghaidh na mbreoslaí sin, agus le hAirteagal 31 rialaítear an bealach a ríomhtar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid na mbreoslaí sin. Agus na ríomhanna sin á ndéanamh, is féidir úsáid a bhaint as na luachanna réamhshocraithe a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. In ionad luachanna réamhshocraithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó shaothrú amhábhar talmhaíochta, is féidir úsáid a bhaint as luachanna tipiciúla faoi roinnt coinníollacha. Maidir leis na luachanna tipiciúla sin, arb éard atá iontu an meánluach i limistéar sonrach, féadfaidh na Ballstáit nó tríú tíortha iad a thuairisciú don Choimisiún. Ní fhéadfar na luachanna tipiciúla a úsáid ach amháin má aithníonn an Coimisiún go bhfuil siad cruinn. |
|
(2) |
An 19 Samhain 2024 chuir an Fhrainc faoi bhráid an Choimisiúin an tuarascáil chríochnaitheach ina raibh sonraí chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú biatais siúcra, cruithneachta boige, gráin bhuí, síl ráibe agus lusanna na gréine a tháirgtear de ghnáth i limistéir ar a críoch a aicmítear mar leibhéal 2 in aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). D’iarr an Fhrainc go n-aithneofaí na sonraí mar shonraí cruinne i gcomhréir le hAirteagal 31(4) de Threoir (AE) 2018/2001. |
|
(3) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an tuarascáil agus chinn sé go bhfuil sonraí cruinne inti chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú biatais siúcra, cruithneachta boige, gráin bhuí, síl ráibe agus lusanna na gréine a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 sa Fhrainc. |
|
(4) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an tuarascáil a chuir an Fhrainc faoi bhráid an Choimisiúin an 19 Samhain 2024, tá sonraí cruinne inti chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú biatais siúcra, cruithneachta boige, gráin bhuí, síl ráibe agus lusanna na gréine a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 sa Fhrainc. Leagtar amach san Iarscríbhinn achoimre ar shonraí na tuarascála.
Airteagal 2
I gcás ina ndéanfar athrú ar na sonraí sa tuarascáil, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin í chun aitheantas a fháil ina leith an 19 Samhain 2024, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chruinneas na sonraí agus, dá bhrí sin, don bhunús leis an gCinneadh seo, tabharfaidh an Fhrainc fógra don Choimisiún faoi na hathruithe sin láithreach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra chun cinneadh a dhéanamh cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear sonraí cruinne fós leis an tuarascáil a bhfuil sí aitheanta ina leith.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige an 24 Aibreán 2030.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).
IARSCRÍBHINN
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú biatais siúcra sa Fhrainc (kg CO2-eq/tona de bhiatas siúcra a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)
|
Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síol |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
||||
|
ALSACE FRF1 |
55,0 |
16,1 |
16,3 |
3,5 |
1,7 |
22,9 |
0,4 |
115,9 |
|
LOWER NORMANDY FRD1 |
59,4 |
17,3 |
17,6 |
3,8 |
1,9 |
24,7 |
0,4 |
125,2 |
|
BURGUNDY FRC1 |
62,8 |
18,3 |
18,6 |
4,0 |
2,0 |
26,1 |
0,5 |
132,4 |
|
CENTRE FRB0 |
48,6 |
14,1 |
19,3 |
4,1 |
1,8 |
29,0 |
0,4 |
117,2 |
|
CHAMPAGNE-ARDENNE FRF2 |
39,9 |
15,6 |
15,1 |
3,2 |
2,0 |
23,6 |
0,5 |
99,8 |
|
UPPER NORMANDY FRD2 |
63,0 |
18,2 |
14,4 |
2,3 |
2,1 |
22,0 |
0,4 |
122,3 |
|
ILE-DE-FRANCE FR10 |
37,1 |
13,9 |
17,2 |
3,9 |
1,8 |
23,3 |
0,4 |
97,6 |
|
NORD-PAS-DE-CALAIS FRE1 |
46,2 |
17,7 |
16,4 |
3,4 |
1,5 |
22,0 |
0,4 |
107,6 |
|
PICARDY FRE2 |
45,9 |
17,6 |
18,1 |
4,1 |
1,8 |
24,3 |
0,4 |
112,1 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú cruithneachta boige a sa Fhrainc (kg Co2-eq/tona de chruithneacht bhog a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)
|
Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síol |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
||||
|
ALSACE FRF1 |
96,4 |
49,7 |
95,4 |
21,4 |
1,3 |
40,5 |
7,9 |
312,5 |
|
AQUITAINE FRI1 |
153,2 |
58,5 |
131,1 |
28,3 |
2,1 |
50,2 |
9,6 |
433,0 |
|
AUVERGNE FRK1 |
128,3 |
53,5 |
106,9 |
24,6 |
2,2 |
48,3 |
10,0 |
373,9 |
|
LOWER NORMANDY FRD1 |
106,5 |
40,5 |
80,4 |
19,3 |
4,1 |
33,7 |
6,2 |
290,8 |
|
BURGUNDY FRC1 |
132,7 |
52,0 |
100,4 |
24,4 |
4,0 |
46,4 |
8,8 |
368,7 |
|
BRITTANY FRH0 |
114,6 |
46,0 |
72,0 |
17,1 |
2,3 |
35,7 |
6,5 |
294,2 |
|
CENTRE FRB0 |
146,7 |
52,6 |
93,7 |
23,6 |
5,3 |
42,4 |
6,5 |
371,0 |
|
CHAMPAGNE-ARDENNE FRF2 |
111,9 |
51,6 |
87,6 |
23,1 |
3,8 |
35,1 |
6,8 |
319,8 |
|
FRANCHE-COMTE FRC2 |
131,3 |
52,9 |
102,1 |
23,4 |
4,1 |
41,2 |
8,3 |
363,1 |
|
UPPER NORMANDY FRD2 |
119,8 |
43,1 |
77,6 |
20,0 |
5,8 |
34,9 |
4,6 |
305,9 |
|
ILE-DE-FRANCE FR10 |
111,2 |
47,4 |
74,2 |
19,5 |
4,9 |
33,4 |
5,7 |
296,3 |
|
LORRAINE FRF3 |
102,6 |
55,0 |
86,4 |
23,0 |
4,0 |
42,2 |
9,1 |
322,3 |
|
MIDI-PYRENEES FRJ2 |
157,4 |
61,6 |
115,6 |
26,8 |
2,5 |
54,3 |
10,5 |
428,6 |
|
NORD-PAS-DE-CALAIS FRE1 |
85,7 |
41,0 |
76,4 |
19,1 |
3,4 |
32,2 |
5,4 |
263,2 |
|
LOIRE REGION FRG0 |
103,5 |
41,2 |
75,0 |
18,5 |
3,2 |
36,4 |
6,1 |
283,9 |
|
PICARDY FRE2 |
100,1 |
44,9 |
79,1 |
20,0 |
4,5 |
32,5 |
5,2 |
286,4 |
|
POITOU-CHARENTES FRI3 |
134,9 |
52,3 |
98,3 |
24,8 |
3,6 |
47,1 |
8,0 |
368,8 |
|
RHÔNE-ALPES FRK2 |
124,9 |
50,3 |
95,8 |
21,0 |
3,3 |
42,6 |
9,2 |
347,1 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú gráin bhuí sa Fhrainc (kg Co2-eq/tona de ghrán buí a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)
|
Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síol |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
||||
|
ALSACE FRF1 |
115,8 |
40,0 |
79,2 |
15,7 |
1,0 |
72,5 |
0,8 |
325,0 |
|
AQUITAINE FRI1 |
194,4 |
48,4 |
88,0 |
3,8 |
1,6 |
71,8 |
0,8 |
408,8 |
|
AUVERGNE FRK1 |
146,7 |
39,7 |
73,7 |
15,0 |
1,5 |
64,9 |
0,9 |
342,5 |
|
LOWER NORMANDY FRD1 |
180,9 |
49,3 |
72,7 |
15,2 |
1,6 |
83,2 |
1,1 |
404,0 |
|
BURGUNDY FRC1 |
163,5 |
45,4 |
69,7 |
14,7 |
1,8 |
70,1 |
1,0 |
366,3 |
|
BRITTANY FRH0 |
172,5 |
53,6 |
17,9 |
14,6 |
0,9 |
101,0 |
1,1 |
361,7 |
|
CENTRE FRB0 |
150,1 |
40,5 |
65,7 |
14,5 |
1,9 |
76,0 |
1,0 |
349,8 |
|
CHAMPAGNE-ARDENNE FRF2 |
108,7 |
40,6 |
62,5 |
14,9 |
1,8 |
83,1 |
1,2 |
312,8 |
|
FRANCHE-COMTE FRC2 |
172,0 |
47,9 |
72,7 |
15,3 |
1,4 |
81,7 |
1,0 |
392,0 |
|
UPPER NORMANDY FRD2 |
187,4 |
51,1 |
75,3 |
15,7 |
1,7 |
86,1 |
1,1 |
418,4 |
|
ILE-DE-FRANCE FR10 |
98,6 |
35,7 |
56,0 |
12,8 |
2,1 |
71,8 |
1,0 |
277,9 |
|
LORRAINE FRF3 |
128,7 |
49,3 |
71,7 |
17,8 |
2,3 |
84,5 |
1,3 |
355,6 |
|
MIDI-PYRENEES FRJ2 |
182,5 |
47,4 |
84,6 |
17,5 |
1,7 |
74,9 |
0,9 |
409,5 |
|
NORD-PAS-DE-CALAIS FRE1 |
105,0 |
39,5 |
51,4 |
10,8 |
1,1 |
84,2 |
1,1 |
293,0 |
|
LOIRE REGION FRG0 |
169,4 |
49,4 |
41,2 |
9,4 |
1,3 |
79,5 |
1,0 |
351,2 |
|
PICARDY FRE2 |
105,2 |
38,7 |
59,0 |
13,3 |
1,6 |
82,1 |
1,1 |
301,0 |
|
POITOU-CHARENTES FRI3 |
162,8 |
44,7 |
74,3 |
15,8 |
1,5 |
76,5 |
1,0 |
376,7 |
|
RHÔNE-ALPES FRK2 |
164,0 |
44,2 |
80,6 |
15,7 |
1,3 |
67,3 |
0,9 |
374,1 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú síl ráibe sa Fhrainc (kg CO2-eq/tona de shíol ráibe a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)
|
Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síol |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
||||
|
ALSACE FRF1 |
271,9 |
100,4 |
144,7 |
35,7 |
5,8 |
67,4 |
0,5 |
626,4 |
|
AQUITAINE FRI1 |
380,2 |
140,4 |
202,3 |
49,9 |
8,1 |
93,6 |
0,7 |
875,2 |
|
AUVERGNE FRK1 |
287,8 |
111,2 |
204,5 |
44,0 |
6,6 |
80,5 |
0,8 |
735,5 |
|
LOWER NORMANDY FRD1 |
295,5 |
109,7 |
135,0 |
33,7 |
6,6 |
67,0 |
0,4 |
648,0 |
|
BURGUNDY FRC1 |
294,3 |
109,2 |
192,8 |
45,6 |
8,0 |
75,0 |
0,6 |
725,7 |
|
BRITTANY FRH0 |
325,6 |
128,8 |
81,9 |
13,1 |
3,7 |
75,1 |
0,5 |
628,8 |
|
CENTRE FRB0 |
271,3 |
99,1 |
166,1 |
40,2 |
7,3 |
78,0 |
0,6 |
662,6 |
|
CHAMPAGNE-ARDENNE FRF2 |
247,0 |
119,6 |
169,1 |
41,6 |
6,3 |
76,3 |
0,5 |
660,4 |
|
FRANCHE-COMTE FRC2 |
311,6 |
116,2 |
186,9 |
42,8 |
7,1 |
67,9 |
0,5 |
733,0 |
|
UPPER NORMANDY FRD2 |
294,2 |
105,2 |
149,4 |
39,0 |
6,0 |
67,0 |
0,5 |
661,4 |
|
ILE-DE-FRANCE FR10 |
232,1 |
106,7 |
164,0 |
40,9 |
5,9 |
64,5 |
0,4 |
614,4 |
|
LANGUEDOC-ROUSSILLON FRJ1 |
271,5 |
134,6 |
200,4 |
50,1 |
8,1 |
89,0 |
0,6 |
754,3 |
|
LIMOUSIN FRI2 |
317,2 |
117,2 |
168,8 |
41,6 |
6,7 |
78,3 |
0,6 |
730,4 |
|
LORRAINE FRF3 |
257,4 |
128,1 |
189,7 |
47,0 |
6,7 |
87,3 |
0,7 |
716,9 |
|
MIDI-PYRENEES FRJ2 |
323,4 |
122,5 |
223,8 |
50,3 |
5,7 |
93,8 |
0,6 |
820,2 |
|
NORD-PAS-DE-CALAIS FRE1 |
231,4 |
106,2 |
152,7 |
37,3 |
5,4 |
56,5 |
0,4 |
590,0 |
|
LOIRE REGION FRG0 |
311,6 |
120,6 |
121,6 |
31,1 |
5,4 |
75,2 |
0,5 |
666,0 |
|
PICARDY FRE2 |
220,7 |
101,2 |
154,9 |
39,0 |
5,9 |
65,0 |
0,5 |
587,2 |
|
POITOU-CHARENTES FRI3 |
298,1 |
110,3 |
165,2 |
41,6 |
6,2 |
73,5 |
0,5 |
695,4 |
|
PROVENCE-ALPES-COTE D’AZUR FRL0 |
480,2 |
177,4 |
255,5 |
63,0 |
10,2 |
117,7 |
0,8 |
1 104,9 |
|
RHÔNE-ALPES FRK2 |
295,0 |
112,6 |
168,8 |
38,3 |
4,0 |
70,6 |
0,6 |
690,0 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú lusanna na gréine sa Fhrainc (kg CO2-eq/tona de lus na gréine a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)
|
Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síol |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
||||
|
AQUITAINE FRI1 |
173,1 |
70,1 |
135,6 |
23,5 |
7,0 |
118,7 |
1,4 |
529,5 |
|
AUVERGNE FRK1 |
125,2 |
46,5 |
80,0 |
3,7 |
6,6 |
107,1 |
1,3 |
370,3 |
|
BURGUNDY FRC1 |
140,1 |
55,1 |
76,5 |
14,6 |
7,9 |
116,0 |
1,4 |
411,6 |
|
CENTRE FRB0 |
131,9 |
48,2 |
80,7 |
15,8 |
10,6 |
108,1 |
1,3 |
396,6 |
|
CHAMPAGNE-ARDENNE FRF2 |
122,9 |
57,6 |
75,7 |
16,0 |
9,2 |
106,0 |
1,4 |
388,8 |
|
ILE-DE-FRANCE FR10 |
111,5 |
43,9 |
63,5 |
11,9 |
6,2 |
89,6 |
1,1 |
327,6 |
|
LANGUEDOC-ROUSSILLON FRJ1 |
97,3 |
35,5 |
38,0 |
7,4 |
8,0 |
148,4 |
1,7 |
336,3 |
|
LIMOUSIN FRI2 |
168,0 |
66,1 |
95,6 |
18,0 |
9,3 |
134,1 |
1,6 |
492,7 |
|
LORRAINE FRF3 |
134,6 |
67,3 |
96,3 |
20,0 |
10,7 |
112,9 |
1,5 |
443,4 |
|
MIDI-PYRENEES FRJ2 |
136,9 |
51,7 |
86,2 |
16,5 |
8,0 |
121,8 |
1,5 |
422,5 |
|
LOIRE REGION FRG0 |
165,1 |
71,8 |
48,4 |
14,1 |
7,0 |
115,6 |
1,3 |
423,4 |
|
POITOU-CHARENTES FRI3 |
151,1 |
61,5 |
78,1 |
14,3 |
6,7 |
125,3 |
1,4 |
438,4 |
|
PROVENCE-ALPES-COTE D’AZUR FRL0 |
231,4 |
91,1 |
131,7 |
24,8 |
12,8 |
184,1 |
2,2 |
678,2 |
|
RHÔNE-ALPES FRK2 |
161,0 |
68,0 |
100,8 |
8,8 |
7,6 |
125,6 |
1,5 |
473,4 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/658/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)