European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/654

31.3.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/654 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Márta 2025

maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an ngalar crúb agus béil san Ungáir agus sa tSlóvaic agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1957)

(Is iad na téacsanna Ungáirise agus Slóvaicise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é an galar crúb agus béil a bhíonn ar ainmhithe san ord mamach Artiodactyla agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseachtaí choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus táirgí díobh laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráig den ghalar crúb agus béil in ainmhithe de speicis liostaithe, tá riosca suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina bhfuil ainmhithe de speicis liostaithe ar coimeád.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, foráiltear in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear an galar crúb agus béil, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Foráiltear in Airteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos ann bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le ráig den ghalar crúb agus béil i mbunaíocht ina bhfuil bó-ainmhithe ar coimeád i gContae Győr-Moson-Sopron san Ungáir, áit atá dlúth leis an teorainn leis an tSlóvaic, agus dheimhnigh an t-údarás inniúil an ráig sin an 6 Márta 2025. Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 go gcuimseodh na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú san Ungáir, agus an crios faireachais atá le bunú sa tSlóvaic, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tar éis na ráige sin, ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Ina theannta sin, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 nach mór na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin a chur i bhfeidhm ar a laghad go dtí an 30 Aibreán 2025.

(5)

Ó ullmhaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613, tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag an tSlóvaic go bhfuil trí ráig den ghalar crúb agus béil deimhnithe i réigiún Trnava gar don teorainn le Contae Győr-Moson-Sopron san Ungáir, ráigeanna a deimhníodh an 21 Márta 2025, agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tá crios srianta bunaithe aici, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin chun leathadh breise an ghalair sin a chosc.

(6)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais na limistéir inar cheart crios srianta le haghaidh an ghalair crúb agus béil a bhunú, lena gcuimsítear na criosanna cosanta agus faireachais ba cheart a bhunú sa tSlóvaic, chomh maith leis na limistéir inar cheart criosanna faireachais a bhunú san Ungáir, i gcomhar leis na Ballstáit sin. Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir a chuimseofar sna criosanna cosanta agus faireachais sin a shainiú ó thaobh spáis agus ama de araon, ionas nach leathfadh an ghalar ó na bunaíochtaí atá buailte sa tSlóvaic go dtí codanna eile de na Ballstáit sin, go dtí Ballstáit eile nó go dtí tríú tíortha. Is gá freisin soiléireacht a sholáthar ar leibhéal an Aontais, trí ghníomh dlí de chuid an Aontais a ghlacadh, lena sonraítear teorannú beacht na limistéar sin, agus soiléireacht ar na bearta atá le cur i bhfeidhm iontu, chun aon chur isteach nach bhfuil údar leis a sheachaint a mhéid a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí díobh san Aontas, agus le honnmhairí go tríú tíortha.

(7)

Dá réir sin, is gá athbhreithniú tapa a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ar na bearta is infheidhme sna limistéir arna n-ainmniú mar chriosanna srianta maidir leis an ngalar crúb agus béil, limistéir lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais sa tSlóvaic, agus criosanna faireachais san Ungáir, i gcomhar leis na Ballstáit sin.

(8)

Ina theannta sin, is gá imlínte na gcriosanna srianta i ndáil leis an ráig a bhí ann roimhe sin in Győr-Moson-Sopron san Ungáir a thabhairt cothrom le dáta, agus fad na mbeart a chuirtear i bhfeidhm iontu a thabhairt cothrom le dáta, agus teacht chun cinn na staide eipidéimeolaíche á chur san áireamh.

(9)

Ba cheart Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 a leasú, agus ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann leis a ionadú.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

1.   Bunóidh an Ungáir agus an tSlóvaic láithreach criosanna srianta, lena gcuimseofar criosanna cosanta agus faireachais, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

2.   Áiritheoidh an Ungáir agus an tSlóvaic an méid seo a leanas:

(a)

go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn; agus

(b)

maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, go gcuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn.’

;

2.

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Is chuig an Ungáir agus chuig Poblacht na Slóvaice a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 ón gCoimisiún an 24 Márta 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an ngalar crúb agus béil san Ungáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/496 (IO L, 2025/613, 25.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/613/oj).


IARSCRÍBHINN

Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe

Tír

Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí

An Ungáir

HU-FMD-2025-00001

Protection zone:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.745480, Long. 17.694840.

30.4.2025

Surveillance zone:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.745480, Long. 17.694840, excluding the areas contained in the protection zone.

30.4.2025

An tSlóvaic

HU-FMD-2025-00001

Surveillance zone:

In district Dunajská Streda: the municipalities of Medveďov, Sap, Baloň, Čiližská Radvaň and Kľúčovec.

In district Komárno: the municipalities of Číčov, Trávnik and Klížska Nemá.

30.4.2025

An tSlóvaic

SK-FMD-2025-00001

Protection zone:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8049, Long. 17.6666.

30.4.2025

Surveillance zone:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8049, Long. 17.6666, excluding the areas contained in the protection zone.

30.4.2025

An Ungáir

SK-FMD-2025-00001

Surveillance zone:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8049, Long. 17.6666.

30.4.2025

An tSlóvaic

SK-FMD-2025-00002

Protection zone:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8433, Long. 17.6214.

30.4.2025

Surveillance zone:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8433, Long. 17.6214, excluding the areas contained in the protection zone.

30.4.2025

An Ungáir

SK-FMD-2025-00002

Surveillance zone:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8433, Long. 17.6214.

30.4.2025

An tSlóvaic

SK-FMD-2025-00003

Protection zone:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9097, Long. 17.5387.

30.4.2025

Surveillance zone:

Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9097, Long. 17.5387, excluding the areas contained in the protection zone.

30.4.2025

An Ungáir

SK-FMD-2025-00003

Surveillance zone:

Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9097, Long. 17.5387.

30.4.2025


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/654/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)