|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/646 |
28.3.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/646 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Márta 2025
lena dtacaítear le toradh rathúil ar Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach a éascú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS:
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (Straitéis 2003 an Aontais Eorpaigh i gcoinne AOS), ina n-aithnítear tacaíocht don Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) mar chéad tosaíocht do ghníomhaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus ina n-iarrtar go gcaomhnófar sláine agus uiliú NPT, comhaontuithe maidir le coimirciú na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA), agus na bprótacal a ghabhann le NPT agus leis na comhaontuithe maidir le coimirciú IAEA. |
|
(2) |
I gcomhréir le Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh agus le Straitéis 2003 an Aontais Eorpaigh i gcoinne AOS, leantar de ghníomhaíochtaí an Aontais a dhéanamh ar an tuiscint gurb é cur chuige iltaobhach i leith na slándála, lena n-áirítear dí-armáil agus neamhleathadh, an bealach is fearr chun an t-ord idirnáisiúnta a choinneáil agus seasamh leis na conarthaí agus na comhaontuithe iltaobhacha maidir le dí-armáil agus neamhleathadh, iad a chur chun feidhme agus a neartú. |
|
(3) |
Mar chuid den ghealltanas níos leithne seasamh leis an gcreat dí-armála, neamhleata agus rialaithe arm, tacú leis agus é a chur chun cinn a thuilleadh, léirítear sa Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint a ghlac an Chomhairle an 21 Márta 2022 an tiomantas comhroinnte atá ann chun leanúint de thacaíocht a thabhairt do lárnacht NPT agus de bhéim a leagan ar an ngá atá leis na hoibleagáidí uile a ghabhann leis a chur chun feidhme, chomh maith leis na gealltanais a tugadh ag Comhdhálacha Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach a bhí ann roimhe seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear an gá atá le dul chun cinn nithiúil a dhéanamh i dtreo Airteagal VI an NPT a chur chun feidhme ina iomláine, agus é mar sprioc dheiridh airm núicléacha a bhuandíothú. |
|
(4) |
Tá páirt ghníomhach á glacadh ag an Aontas sa timthriall athbhreithnithe NPT atá ann faoi láthair. Tiocfaidh deireadh leis an timthriall reatha leis an 11ú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach, a bheidh ar siúl i Nua-Eabhrac i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2026. |
|
(5) |
Measann an tAontas gurb é NPT bunchloch an chórais dhomhanda maidir le neamhleathadh arm núicléach, gurb é an bunús bunriachtanach é chun dí-armáil núicléach a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal VI de, agus gur gné thábhachtach é maidir le cur i bhfeidhm fuinnimh núicléach a fhorbairt tuilleadh chun críoch síochánta. I ndáil leis an méid sin, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2005/329/PESC, (1) Cinneadh 2010/212/CBES, (2) Conclúidí maidir leis an Naoú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach, (3) agus Conclúidí maidir leis an Deichiú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (4). |
|
(6) |
Mhol an tAontas go comhsheasmhach go mbeadh níos mó cuimsitheachta ann, agus go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar an gcur chuige réigiúnach a glacadh sa timthriall athbhreithnithe roimhe seo, i gcomhthéacs an phlé i ndáil le próiseas athbhreithnithe an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach a neartú a thuilleadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh toradh rathúil ar Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach a éascú trí chuimsitheacht níos fearr agus comhdhlúthú an chur chuige réigiúnaigh sa timthriall athbhreithnithe reatha a chur chun cinn, agus seasamh le sláine NPT agus í á caomhnú ag an am céanna trí dhíriú go cothrom ar thrí cholún an Chonartha atá chomh tábhachtach lena chéile agus a threisíonn a chéile: dí-armáil, neamhleathadh agus úsáidí síochánta an fhuinnimh núicléach.
2. Chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, tacóidh an tAontas le tionscadal i ndáil le Comhdháil Athbhreithnithe 2026 leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
(a) |
suas le ceithre chruinniú réigiúnacha a eagrú san Afraic, san Áise agus san Aigéan Ciúin, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, agus sa Mheánoirthear; |
|
(b) |
dhá imeacht eile a eagrú, ceann amháin le linn an 80ú seisiún de Chéad Choiste Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus ceann eile le linn Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach, chun torthaí agus conclúidí na gcruinnithe réigiúnacha thuasluaite a chur in iúl; agus |
|
(c) |
tacú le rannpháirtíocht i gComhdháil Athbhreithnithe 2026 an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach agus an rannpháirtíocht sin a áirithiú, trí urraíocht a dhéanamh ar thoscaire amháin in aghaidh na príomhchathrach ón oiread Stát is Páirtithe agus is féidir, agus ó thrí cinn díobh ar a laghad. |
Leagtar amach cur síos ar an tionscadal sin san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (an tArdionadaí) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is í Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) a dhéanfaidh cur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 3
1. Is é EUR 988 941,12 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
2. Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú na tagartha airgeadais dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé comhaontú maoiniúcháin i gcrích le UNODA. Sonrófar sa chomhaontú maoiniúcháin go bhfuil UNODA chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid, a áirithiú.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí a bhaineann leis an bpróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú airgeadais sin i gcrích.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag UNODA. Beidh na tuarascálacha sin ina mbonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún ar ghnéithe airgeadais chur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 18 mí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm mura dtabharfar comhaontú maoiniúcháin i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. HENNIG-KLOSKA
(1) Comhsheasamh 2005/329/PESC ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 a bhaineann le Comhdháil Athbhreithnithe 2005 na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach ( IO L 106, 27.4.2005, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2005/329/oj).
(2) Cinneadh 2010/212/CBES ón gComhairle an 29 Márta 2010 a bhaineann le seasamh an Aontais Eorpaigh le haghaidh Chomhdháil Athbhreithnithe 2010 na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach ( IO L 90, 10.4.2010, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/212/oj).
(3) Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Naoú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach. Doiciméad ST 8079/15 ón gComhairle.
(4) Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Deichiú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach Doiciméad ST 13243/21 ón gComhairle.
IARSCRÍBHINN
Lena dtacaítear le toradh rathúil ar Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach a éascú
Cúlra
Is dúshláin aitheanta thromchúiseacha araon iad na dúshláin atá roimh an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (CNL) faoi láthair. Tá méadú tagtha ar na leibhéil riosca sa timpeallacht gheostraitéiseach atá ann faoi láthair, lena n-áirítear an baol go n-úsáidfear airm núicléacha agus go mbeidh coinbhleacht núicléach ann. Tá comharthaí ann go bhféadfadh rás arm núicléach nua a bheith ag tosú. Tá dálaí geostraitéiseacha ag cur leis na bunchúiseanna lena spreagtar an leathadh núicléach, agus d’fhéadfadh géarchéimeanna réigiúnacha a bhfuil impleachtaí núicléacha acu teacht chun cinn i stáit a bhfuil airm núicléacha acu agus d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha eascairt as an méid sin.
Aithnítear agus urramaítear go forleathan, áfach, luach CNL agus tá comhfheasacht ann maidir leis an luach a bhaineann le neart a chur leis an gConradh agus lena phróiseas athbhreithnithe. Tá sé réalaíoch agus indéanta go mbeadh rath ar Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 na bPáirtithe in CNL, ach ní mór comhairliúcháin leathana a dhéanamh agus tuiscint a fháil ar na tosaíochtaí atá ag an réimse is leithne is féidir de Stáit is Páirtithe, agus ag raon éagsúil páirtithe leasmhara laistigh de na Stáit is Páirtithe, go háirithe iad siúd a bhféadfadh sé nár ghlac siad páirt mhór in CNL roimhe seo.
Agus é ar an bhfód le caoga bliain, tá sé cruthaithe ag CNL go bhfuil sé láidir inoiriúnaithe. Is é an comhaontú iltaobhach dí-armála is mó a gcloítear leis fós a bhuí leis an gceithre phríomhchúis seo a leanas:
|
— |
tá oibleagáidí ar na stáit is páirtithe ann maidir le dí-armáil núicléach atá ceangailteach ó thaobh dlí de, lena n-áirítear na cúig Stát a bhfuil airm núicléacha acu; |
|
— |
tá coimircí infhíoraithe maidir le neamhleathadh ann, arna maoirsiú ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach; |
|
— |
tá oibleagáid ann tairbhí síochánta na heolaíochta agus na teicneolaíochta núicléiche a éascú, lena n-áirítear forbairt inbhuanaithe a shaothrú; agus |
|
— |
tá an conradh sínithe ag 191 Stát, gach stát ar domhan, nach mór agus ciallaíonn sin go bhfuil a fhorálacha ceangailteach ar fhormhór mór an phobail idirnáisiúnta. |
Ó cuireadh síneadh le CNL in 1995, ar síneadh é nach ngabhann dáta dul in éag leis, tá bealaí á lorg ag Comhdhálacha Athbhreithnithe a bhíonn ann gach cúig bliana chun cur chun feidhme an Chonartha a neartú, lena n-áirítear trí bhearta praiticiúla agus plean gníomhaíochta a cheapadh chun domhan atá saor ó airm núicléacha a bhaint amach ar deireadh. In 1995, 2000 agus 2010, ghlac Comhdhálacha Athbhreithnithe CNL tacair gealltanas agus oibleagáidí lenar neartaíodh cur chun feidhme an Chonartha i ngach ceann de na trí ‘colún’ dá chuid – dí-armáil, neamhleathadh agus úsáidí síochánta – agus lenar treisíodh an margadh mór atá ina chroílár.
Mar sin féin, theip orthu, sna Comhdhálacha Athbhreithnithe NPT in 2015 agus 2022, teacht ar chomhaontú maidir le doiciméad toraidh substainteach. Mar thoradh air sin, tá cor cinniúnach roimh NPT.
Má bhíonn rath ar Chomhdháil Athbhreithnithe 2026, treiseofar ról an Chonartha mar bhunchloch an chórais dhomhanda maidir le neamhleathadh arm núicléach, arb é an bunús bunriachtanach é chun dí-armáil núicléach a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal VI, agus ar gné thábhachtach é ó thaobh feidhmeanna fuinnimh núicléach a fhorbairt chun críoch síochánta. Beidh sé ríthábhachtach chun an méid a leanas a léiriú agus a threisiú: a luach marthanach; a ról mar an comhlacht caibidlíochta iltaobhach de facto maidir le gach saincheist a bhaineann le hairm núicléacha; agus na tairbhí slándála inláimhsithe a bhaineann leis.
Chun go n-éireoidh leis an gComhdháil Athbhreithnithe, beidh gá le cur chuige cothrom i leith gach ceann de thrí cholún an Chonartha. Ina theannta sin, ní mór tús a chur leis na hullmhúcháin i bhfad roimh an gComhdháil agus is fearr a bheidh an Chomhdháil as má tá tuiscint ag Uachtarán na Comhdhála ar mhiondifríochtaí sheasaimh pháirtithe uile na Stát agus muinín na bpáirtithe tuillte aige nó aici. Is den tábhacht go ndéanfaí idirphlé rialta idir na stáit is páirtithe agus an tUachtarán ainmnithe agus biúró an Uachtaráin, maidir le conas bacainní ar rath a shárú in 2026 agus bhí ról lárnach ag an idirphlé maidir le dréachtú an doiciméid toraidh deiridh in 2022, doiciméad a chomhaontaigh na Stáit uile seachas ceann amháin, d’ainneoin timpeallacht dhúshlánach idirnáisiúnta.
Is fearr is féidir é sin a bhaint amach trí rannpháirtíocht réigiúnach agus ar an láthair ar na leibhéil is airde is féidir, agus rannpháirtíocht saineolaithe sa Ghinéiv, i Nua-Eabhrac agus i Vín. Tá leas soiléir ag lucht déanta cinntí ó na príomhchathracha, agus ón raon eintiteas rialtais, in CNL láidir a choinneáil ar bun – bídís ina bparlaiminteoirí, ina rialtóirí núicléacha nó ina ngníomhaireachtaí forbartha agus ina n-aireachtaí cosanta. Is é is ríthábhachtach tuiscint a fháil ar sheasaimh na bpáirtithe leasmhara éagsúla sin agus tacaíocht a chothú eatarthu.
Le linn an Deichiú Timthriall Athbhreithnithe ar CNL in oirchill Chomhdháil Athbhreithnithe 2022, chuir an tUachtarán ainmnithe roinnt comhairliúcháin réigiúnacha ar bun i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, san Afraic agus i Meiriceá Laidineach, a bhuí le tacaíocht fhlaithiúil an Aontais Eorpaigh. Ba dhíol sásaimh do stáit na réigiún sin na comhairliúcháin sin tríd is tríd toisc gur thug siad rochtain ar chathaoirligh na gCoistí Ullmhúcháin do shaineolaithe atá bunaithe i bpríomhchathracha, deis le haghaidh idirphlé do na stáit nach bhfuil na hacmhainní acu chun toscaireachtaí móra a choinneáil i Nua-Eabhrac, sa Ghinéiv nó i Vín, agus ócáidí tábhachtacha chun príomhthosaíochtaí réigiúnacha a phlé. Leagadh síos sna comhairliúcháin sin, trí chomhrá dhá threo a bhunú idir an tUachtarán ainmnithe agus na rialtais réigiúnacha, an bealach chun go dtacódh páirtithe uile na Stát seachas ceann amháin leis an dréachtdoiciméad toraidh in 2022.
Ar an gcaoi chéanna, chun toradh fóinteach rathúil a bhaint amach ag Comhdháil Athbhreithnithe 2026, beidh gá freisin le cineálacha cur chuige éagsúla agus cuimsitheacha, lena n-áirítear maidir le rannpháirtíocht toscaireachtaí ón oiread Stát is Páirtithe agus is féidir, go háirithe toscaireachtaí ó phríomhchathracha, a bhféadfadh sé nach raibh siad in ann a bheith rannpháirteach roimhe seo. Ag tosú ón mbonn go bhfuil an chaibidlíocht maidir le neamhleathadh agus dí-armáil núicléach níos rathúla agus níos marthanaí nuair is féidir leis na stáit éagsúlacht tuairimí agus dearcthaí a nochtadh sna comhráite, moltar go mbeidh clár urraíochta sa tionscadal.
Féadfar an tairbhe ghlan sin a bhaint amach don Chomhdháil Athbhreithnithe trí urraíocht a dhéanamh ar thaisteal na dtoscairí, óna bpríomhchathracha, nach mbeadh in ann freastal ar an gComhdháil murach sin. Agus an méid sin á dhéanamh aige, choinneodh sé an nasc idir for-rochtain ar an láthair na gcomhairliúchán réigiúnach le hurlár na Comhdhála Athbhreithnithe i Nua-Eabhrac, agus ar an gcaoi sin, an fhéidearthacht cur chuige níos nuálaí agus níos éifeachtaí a bheith ann maidir leis na dúshláin atá ann cheana.
1. Cuspóir agus spriocanna an tionscadail
Is é is cuspóir don tionscadal cuidiú le rath a bheith ar Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 ionas go neartófar cur chun feidhme an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach ar fud gach ceann dá thrí cholún. Féachtar leis an tionscadal an sprioc sin a bhaint amach trí shraith comhairliúchán a eagrú i bpríomhchathracha réigiúnacha a) a chuideoidh le feasacht a mhúscailt i measc na bpáirtithe leasmhara atá bunaithe i bpríomhchathracha maidir leis na príomh-shaincheisteanna atá os comhair an Chonartha agus b) a áirithiú go bhforbróidh ceannaireacht Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 tuiscint ghráinneach ar thosaíochtaí agus ar ábhair imní na Stát uile is Páirtithe. Chuirfeadh an cur chuige sin leis an gcur chuige réigiúnach, ar éirigh go maith leis den chuid is mó agus a bhí in úsáid le linn an timthrialla athbhreithnithe dheireanaigh, cé go raibh réimse níos leithne páirtithe leasmhara sa timthriall sin.
Príomhspriocanna:
|
1. |
Léargas agus tuiscint a fháil ar ábhair imní agus ar thosaíochtaí do thimthriall athbhreithnithe 2026 ar CNL, thar raon éagsúil páirtithe leasmhara laistigh de na Stáit is Páirtithe uile, lena n-áirítear trí chuimsitheacht agus éagsúlacht rannpháirtíochta a áirithiú ag an gComhdháil Athbhreithnithe. |
|
2. |
Feasacht a mhúscailt ar bhacainní, agus ar réimsí ina bhféadfaí cóineasú a dhéanamh freisin bunaithe ar an iliomad tairbhí a chuirtear ar fáil le CNL, lena n-áirítear trí réimse guthanna níos leithne agus níos éagsúla a ionchorprú, mar shampla, saineolaithe teicniúla ó ghníomhaireachtaí rialála agus ó dhámha eolaíocha, chomh maith le lucht déanta cinntí, mar shampla, parlaiminteoirí, agus aird chuí á tabhairt ar chothromaíocht inscne na saineolaithe agus na rannpháirtithe araon a áirithiú. |
|
3. |
Iontaoibh agus muinín a chothú idir Stáit agus an tUachtarán ainmnithe chun an caidreamh láidir a fhorbairt a theastaíonn ón gComhdháil Athbhreithnithe chun toradh maith a éascú. |
|
4. |
Solúbthacht agus comhréiteach a spreagadh sna Stáit agus iad ag plé leis an gComhdháil Athbhreithnithe, agus smaointe a lorg maidir leis na réimsí inar féidir comhthuiscint a bhaint amach agus deighiltí a shárú. |
|
5. |
Ionchur straitéise a fhorbairt chun toradh rathúil a bhaint amach ag Comhdháil Athbhreithnithe 2026, lena n-áirítear machnamh a dhéanamh ar smaointe nuálacha maidir leis an gcineál toraidh a d’fhéadfadh a bheith ann lena n-áirithítear cur chun feidhme neartaithe an Chonartha. |
2. Gníomhaíochtaí
2.1. Comhairliúcháin réigiúnacha
2.1.1. Aidhm
Is é is aidhm do gach cruinniú réigiúnach feabhas a chur ar an tuiscint ar an staid mar atá faoi láthair, roghanna maidir le rannpháirtíocht chomhoibríoch a phlé, réitigh a aimsiú agus caidrimh a chothú chun tabhairt i gcrích rathúil Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach a éascú.
2.1.2. Topaicí
Le cruinnithe réigiúnacha san Áise agus san Aigéan Ciúin, san Afraic, agus i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib, cumhdófar gach ceann de thrí cholún an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (CNL) agus tabharfar aghaidh ar na saincheisteanna móra a dhéanann difear do CNL agus dá Stáit is Páirtithe, bunaithe ar an bplé a bhí ag seisiúin Choiste Ullmhúcháin CNL, agus aird á tabhairt ar na tosaíochtaí agus na hábhar imní réigiúnacha. Áireofar na nithe seo a leanas ar na saincheisteanna, gan a bheith teoranta dóibh: cur chun feidhme na ngealltanas a rinneadh i dtimthriallta athbhreithnithe roimhe seo; bearnaí a dhúnadh chun gur féidir domhan atá saor ó airm núicléacha a bhaint amach agus a choinneáil; an córas maidir le neamhleathadh a neartú; rochtain ar na tairbhí a bhaineann le húsáidí síochánta na teicneolaíochta núicléiche, lena n-áirítear chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach; agus próiseas athbhreithnithe CNL a neartú.
Chumhdódh cruinniú réigiúnach na Stát is Páirtithe in CNL sa Mheánoirthear gach ceann de thrí cholún CNL. Ina theannta sin, thabharfadh sé aghaidh ar chur chun feidhme rún 1995 CNL maidir le crios a chruthú sa Mheánoirthear a bheadh saor ó airm núicléacha agus ó gach arm ollscriosta eile. Tá údar maith leis an gcur chuige sin, i bhfianaise na n-imeachtaí a tharla le déanaí, mar shampla an méid a thit amach sa réigiún le gairid nó teacht na Comhdhála maidir le limistéar a bhunú sa Mheánoirthear a bheidh saor ó airm núicléacha agus ó airm ollscriosta eile, arna sainordú ag an gComhthionól Ginearálta, agus na ndúshlán a d’fhéadfadh eascairt as an tsaincheist sin i dtaobh toradh rathúil a bheith ann in 2026.
2.1.3. Formáid
Beidh na cruinnithe réigiúnacha ag brath go príomha ar chomhairliúcháin idirghníomhacha. Ag gach cruinniú réigiúnach, tabharfar deis don Uachtarán ainmnithe staid na himeartha maidir leis an timthriall athbhreithnithe a chur i láthair. Cuirfear sraith ceisteanna ansin ar Stáit, agus é mar aidhm rannpháirtíocht idirghníomhach ó thaobh ceisteanna agus freagraí de a spreagadh.
Bainfidh na cruinnithe úsáid freisin as painéil saineolaithe réigiúnacha chun plé agus smaointe a spreagadh.
D’úsáidfí an fhormáid chéanna le haghaidh cruinnithe breise le páirtithe leasmhara neamhrialtasacha.
Bheadh an rannpháirtíocht dírithe ar leibhéal na saineolaithe agus ar leibhéal lucht déanta cinnte araon.
2.1.4. Suíomh
Tá na cruinnithe réigiúnacha ceaptha chun tacú leis an idirghníomhaíocht le rialtais ó réigiúin shonracha in oirchill Chomhdháil Athbhreithnithe 2026. Moltar na ceithre chruinniú réigiúnacha seo a leanas a bheith ann:
|
Tíortha ó réigiúin/fo-réigiúin: |
An láthair atá á moladh: |
|
An Afraic (2025) |
Addis Ababa |
|
Meiriceá Laidineach/Muir Chairib (2026) |
Cathair Mheicsiceo |
|
An Áise agus an Aigéan Ciúin (2025) |
Bangkok |
|
An Meánoirthear (2026) |
Amman |
2.1.5. Uainiú
Tionólfar na ceithre chruinniú réigiúnacha thar thréimhse 10 mí idir Meitheamh 2025 agus Márta 2026. Cinnfidh an ghníomhaireacht cur chun feidhme uainiú agus sheicheamhú beacht (i.e. ord na réigiún a chumhdaítear) na gcruinnithe réigiúnacha, i gcomhairle le hUachtarán ainmnithe na Comhdhála Athbhreithnithe agus leis an Aontas, agus féilire dí-armála na Náisiún Aontaithe á chur san áireamh. Mairfidh gach cruinniú réigiúnach suas le 2 lá.
2.1.6. Freagrachtaí na gníomhaireachta cur chun feidhme
Ullmhúchán substainteach:
|
|
I gcomhairle le hUachtarán ainmnithe Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 CNL, forbróidh an ghníomhaireacht cur chun feidhme bunábhar na gcruinnithe réigiúnacha, agus an clár oibre agus roghnú na gcainteoirí / na saineolaithe. |
Lóistíocht agus tacaíocht do chruinnithe:
|
|
Is é an ghníomhaireacht cur chun feidhme, in éineacht le Stáit óstacha réigiúnacha, a chuirfidh chun feidhme socruithe lóistíochta (áirithint ionad, eagrú lónadóireachta, trealamh closamhairc, socruithe taistil rannpháirtithe agus saineolaithe, etc.) na gcruinnithe réigiúnacha. |
2.2. Urraíocht
2.2.1. Aidhm
Tacú le rannpháirtíocht agus í a áirithiú, trí urraíocht a dhéanamh ar dhuine amháin in aghaidh na toscaireachta, as an oiread Stáit is Páirtithe agus is féidir, agus as trí Stát ar a laghad, i gComhdháil Athbhreithnithe 2026 CNL, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht toscairí as príomhchathracha a chinntiú, ar toscairí iad nach mbíodh in ann é sin a dhéanamh go hiondúil.
2.2.2. Cur chuige / Critéir
Roghnófaí toscairí urraithe as measc na dtíortha is lú forbairt, as measc na dtíortha is faighteoirí cúnaimh oifigiúil um fhorbairt (bunaithe ar an liosta de na tíortha sin atá ag an gCoiste um Chúnamh um Fhorbairt) nó as measc na Stát Oileánach Beag i mBéal Forbartha. Critéir bhreise don chlár urraíochta is ea ionadaíocht réigiúnach chothrom agus cothromas inscne.
2.2.3. Freagrachtaí na gníomhaireachta cur chun feidhme
Déanfaidh an ghníomhaireacht cur chun feidhme na socruithe is gá maidir le liúntas taistil agus liúntas cothaithe laethúil na dtoscairí roghnaithe chun go mbeidh siad in ann freastal ar an gcomhdháil.
2.3. Dhá imeacht ar an imeall
2.3.1. Aidhm
Tá sé beartaithe ceann de na himeachtaí ar an imeall a reáchtáil le linn an Chéad Choiste (UNGA80), agus beidh ceann eile ar siúl ar imeall Chomhdháil Athbhreithnithe 2026 é féin.
2.3.2. Topaicí
Tá sé beartaithe sa chéad imeacht sin ar an imeall, le linn an Chéad Choiste de UNGA80, go dtabharfaí réamhrá agus athbhreithniú stádais ar an dá chomhairliúchán réigiúnacha a bheidh déanta faoin am sin. D’áireofaí leis sin, seisiún faisnéise ón Uachtarán ainmnithe maidir leis an obair a bheidh déanta faoin am sin, ina gcuirfear aon réamhthorthaí san áireamh. Sa dara himeacht ar an imeall, a bheidh ar siúl le linn na Comhdhála Athbhreithnithe féin, chomhroinnfí na torthaí agus na conclúidí deiridh. Chun tionchar na dtorthaí a mhéadú, ba cheart an fo-imeacht sin a bheith ar siúl go luath sa Chomhdháil Athbhreithnithe, le linn na chéad seachtaine más féidir.
2.3.3. Formáid
Cuirfidh an tUachtarán ainmnithe na Stáit is páirtithe ar an eolas faoi na forbairtí agus na torthaí, leagfaidh sé amach na dúshláin agus na deiseanna agus luafaidh sé na cineálacha cur chuige a d’fhéadfadh a bheith ann. Meastar go mbeadh seisiúin idirghníomhacha ceisteanna agus freagraí idir an tUachtarán ainmnithe agus an lucht freastail san imeacht, lena mbeartaítear toscairí a áireamh ó na Stáit is Páirtithe agus ionadaithe na sochaí sibhialta.
2.3.4. Suíomh
Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe (Nua Eabhrac)
2.3.5. Freagrachtaí na gníomhaireachta cur chun feidhme
Ullmhúchán substainteach:
|
|
I gcomhairle leis an Uachtarán ainmnithe, forbróidh an ghníomhaireacht cur chun feidhme bunábhar na n-imeachtaí ar an imeall, chomh maith leis an gclár oibre agus roghnú na gcainteoirí/na saineolaithe. |
Seirbhísí lóistíochta agus comhdhála:
|
|
Cuirfidh an ghníomhaireacht cur chun feidhme na socruithe lóistíochta chun feidhme (áirithint ionad, eagrú lónadóireachta, trealamh closamhairc). |
3. Infheictheacht an Aontais
Déanfaidh an ghníomhaireacht cur chun feidhme gach beart iomchuí chun a phoibliú gur chistigh an tAontas Eorpach an tionscadal seo. Leagfar béim ar thacaíocht an Aontais i gcur i láthair agus seisiúin faisnéise an Uachtaráin ainmnithe, idir phoiblí agus iata. Tabharfar aitheantas do thacaíocht an Aontais freisin i gcuirí agus in ábhair scríofa eile a chomhroinnfear leis na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí éagsúla. Áiritheoidh an comhlacht cur chun feidhme go ndéanfar ionadaíocht thar ceann an Aontais ag gach imeacht dá dtugtar tacaíocht faoin tionscadal seo.
4. Gníomhaireacht cur chun feidhme
Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (Brainse na nArm Ollscriosta).
5. Foireann – Foireann an tionscadail: Comhairleoir ar leibhéal B/C agus tacaíocht riaracháin pháirtaimseartha ar leibhéal G-5
I bhfianaise na hacmhainneachta teoranta foirne laistigh de Bhrainse Arm Ollscriosta Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), meastar go mbeadh gá le tacaíocht ó shainchomhairleoir ar leibhéal B/C (comhionann le ball foirne P3) agus go páirtaimseartha ar leibhéal G-5 chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe substainteacha agus riaracháin/eagraíochtúla an tionscadail. Áireofar orthu sin cláir oibre agus ábhair riachtanacha na gcruinnithe réigiúnacha a fhorbairt, tuairimí na rannpháirtithe a shainaithint agus a thiomsú ina dhiaidh sin, achoimrí ar na cruinnithe a ullmhú agus ionchur a chur ar fáil don tuarascáil chríochnaitheach. Ina theannta sin, beidh an fhoireann tacaíochta freagrach as na socruithe lóistíochta, na socruithe áirithinte ionad agus socruithe taistil na rannpháirtithe agus na saineolaithe san áireamh.
Bheadh na baill foirne sin freagrach do Cheann Bhrainse na nArm Ollscriosta.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/646/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)