European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/645

18.6.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/645 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Aibreán 2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais theicniúla choiteanna le haghaidh comhéadan feidhmchláir coiteann

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (1), agus go háirithe Airteagal 20(6), pointe (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/1804 go bhfuil oibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh breoslaí malartacha, nó, i gcomhréir leis na socruithe atá eatarthu, úinéirí na bpointí sin, le háirithiú, faoin 14 Aibreán 2025, go mbeidh an infhaighteacht ar shonraí statacha agus sonraí dinimiciúla maidir le bonneagar breoslaí malartacha atá á n-oibriú acu, nó seirbhísí atá nasctha go dlúth leis an mbonneagar sin a sholáthraíonn siad nó a sheachfhoinsíonn siad, saor in aisce.

(2)

Chun rochtain saor in aisce agus neamhshrianta ar na sonraí sin a sholáthar agus chun malartú uathoibrithe agus aonfhoirmeach sonraí a chumasú idir oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus úsáideoirí sonraí, ceanglaítear le hAirteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2023/1804 ar gach oibreoir pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal, nó, i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, ar úinéir na bpointí sin, comhéadan feidhmchláir (API) a chur ar bun.

(3)

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais theicniúla choiteanna le haghaidh API coiteann chun malartú uathoibrithe agus aonfhoirmeach sonraí a chumasú idir oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh breoslaí malartacha agus úsáideoirí sonraí.

(4)

Is féidir le hoibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal nó úinéirí na bpointí sin an API a chur ar bun iad féin nó réiteach prótacail a úsáid don API arna fhorbairt ag gníomhaithe ábhartha margaidh, lena n-áirítear soláthraithe tríú páirtí. Ba cheart go gcomhlíonfadh réitigh phrótacail den sórt sin maidir leis an API na ceanglais theicniúla choiteanna maidir leis an API a leagtar síos sa Rialachán seo.

(5)

Chun idir-inoibritheacht, cóineasú agus trédhearcacht níos fearr APInna atá bunaithe ar réitigh phrótacail arna bhforbairt ag gníomhaithe ábhartha margaidh do na pointí athluchtaithe agus na pointí athbhreoslaithe éagsúla atá inrochtana don phobal le haghaidh breoslaí malartacha a chur chun cinn go sonrach, is gá roinnt ceanglais theicniúla choiteanna a thabhairt isteach. Leis na ceanglais theicniúla sin, ba cheart íosmhéid comhoiriúnachta, inscálaitheachta, stóinseachta agus slándála a áirithiú chun malartú uathoibrithe agus aonfhoirmeach sonraí a chumasú idir oibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh breoslaí malartacha agus úsáideoirí sonraí ar fud an Aontais.

(6)

Chun forbairt intuartha APInna a áirithiú le haghaidh oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal nó le haghaidh úinéirí na bpointí sin, ba cheart a áirithiú leis na ceanglais theicniúla choiteanna go mbeidh faisnéis maidir leis na APInna sna réitigh phrótacail agus í bunaithe ar phlean forbartha teicniúil mionsonraithe a bhfuil rochtain ag an bpobal air, mar shampla ar shuíomh gréasáin tiomnaithe, agus sonraí oibríochtúla ábhartha air chun eolas a dhéanamh don chur chun feidhme teicniúil agus don leanúnachas le himeacht ama. Leis an gceanglas sin, ba cheart rochtain a éascú freisin d’oibreoirí leasmhara bonneagair breoslaí malartacha ar dhoiciméadacht agus treoirlínte cothrom le dáta a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu le haghaidh comhtháthú agus úsáid rianúil ag úsáideoirí sonraí, lena n-áirítear oiliúint chuimsitheach agus ábhair tacaíochta teicniúla chuimsitheacha.

(7)

Leis na ceanglais theicniúla choiteanna le haghaidh API coiteann, ba cheart obair theicniúil na mBallstát a éascú freisin agus na sonraí a bhaineann le bonneagar breoslaí malartacha á gcur ar fáil mar shonraí oscailte trí phointí rochtana náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 20(4) de Rialachán (AE) 2023/1804 agus Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus i gcomhréir leis na sonraíochtaí breise sna Rialacháin Tharmligthe arna nglacadh ar bhonn na Treorach sin.

(8)

Chun teacht roimh fhorbairtí amach anseo agus roimh chur chun feidhme Airteagal 20(5) de Rialachán (AE) 2023/1804, ba cheart na ceanglais theicniúla choiteanna le haghaidh API coiteann rannchuidiú le bunú teicniúil an phointe rochtana choitinn Eorpaigh atá le bunú ag an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2026. Leis na ceanglais theicniúla choiteanna seo, ba cheart go gcuideofar le hoibriú an phointe rochtana choitinn Eorpaigh ionas gur féidir le húsáideoirí sonraí rochtain éasca a fháil ar shonraí agus comparáid a dhéanamh idir faisnéis maidir le saintréithe an bhonneagair breoslaí malartacha, amhail praghas, inrochtaineacht, infhaighteacht nó toilleadh cumhachta.

(9)

Ceanglaítear le hAirteagal 20(8) de Rialachán (AE) 2023/1804, go leagfar síos idirthréimhsí réasúnta leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 den Airteagal sin sula mbeidh na forálacha atá iontu, nó leasuithe a dhéanfar orthu, ina gceangal ar oibreoirí nó ar úinéirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe i gcás breoslaí malartacha. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 14 Aibreán 2025 ar aghaidh, toisc go dtagann an dáta sin i gcomhthráth le dáta chur i bhfeidhm Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/1804,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceanglais theicniúla choiteanna le haghaidh comhéadan feidhmchláir coiteann

1.   Comhlíonfaidh comhéadan feidhmchláir (API) dá dtagraítear in Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2023/1804 na ceanglais theicniúla choiteanna seo a leanas:

(a)

beidh sé comhoiriúnach go teicniúil, i gcás inarb ábhartha, le córais bainistithe bogearraí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha agus le pointí rochtana náisiúnta;

(b)

éascóidh sé inúsáidteacht d’úsáideoirí sonraí chun tacú le forbairt seirbhísí faisnéise ardcháilíochta maidir le breoslaí malartacha;

(c)

beidh sé inscálaithe agus in ann méideanna méadaitheacha sonraí fíor-ama a láimhseáil le himeacht ama;

(d)

beidh sé stóinsithe agus beidh sé in ann déileáil le hearráidí le linn a reatha;

(e)

beidh sé slán agus áireofar ann bearta cosanta ábhartha chun rochtain neamhbheartaithe ar shonraí a chosc;

(f)

déanfar tástáil agus bailíochtú tráthrialta air chun comhoiriúnacht agus iontaofacht leanúnach a áirithiú;

(g)

beidh sé inscálaithe chun tacú lena chomhtháthú i dtairseach gréasáin thiomnaithe de phointe rochtana coiteann Eorpach, rud a fheidhmeoidh mar thairseach sonraí lena n-éascófar an rochtain ar shonraí dá dtagraítear in Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2023/1804.

2.   I gcás ina mbraitheann oibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal nó, i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, úinéirí na bpointí sin, ar réiteach prótacail le haghaidh API dá dtagraítear in Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2023/1804, arna fhorbairt ag gníomhaí margaidh eile nó ag soláthraí tríú páirtí eile, áiritheoidh siad, de bhreis ar mhír 1, go gcomhlíonfaidh an réiteach prótacail sin na ceanglais theicniúla choiteanna seo a leanas:

(a)

beidh plean forbartha teicniúla mionsonraithe ann a mbeidh rochtain ag an bpobal air ina mbeidh sceidil thrédhearcacha chun eolas a dhéanamh don chur chun feidhme teicniúil agus don leanúnachas le himeacht ama;

(b)

soláthróidh sé doiciméadacht agus treoirlínte cothrom le dáta a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu le haghaidh comhtháthú agus úsáid rianúil úsáideoirí sonraí;

(c)

cuirfidh sé oiliúint chuimsitheach agus tacaíocht theicniúil chuimsitheach ar fáil d’úsáideoirí sonraí chun forbairt agus cur chun feidhme rathúil seirbhísí faisnéise a éascú;

(d)

beidh sé comhoiriúnach go teicniúil, i gcás inarb ábhartha, le ceanglais ailtireachta na bpointí rochtana náisiúnta;

(e)

beidh sé inscálaithe d’fhonn é a chomhtháthú i dtairseach gréasáin thiomnaithe de phointe rochtana coiteann Eorpach le haghaidh sonraí maidir le breoslaí malartacha.

3.   Más rud é, ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, go bhfuil úsáid API sonrach forordaithe cheana féin ag na Ballstáit bunaithe ar cheanglais theicniúla náisiúnta ina gcríoch, ní bheidh feidhm ag na ceanglais theicniúla náisiúnta sin le haghaidh an API ach amháin a mhéid a chomhlíonann siad an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 14 Aibreán 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 234, 22.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1804/oj.

(2)  Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a chur chun úsáide i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/40/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/645/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)