European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/628

1.4.2025

CINNEADH (AE) 2025/628 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Márta 2025

lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le soláthar faisnéise d’ábhair sonraí agus srianta ar chearta ábhar sonraí áirithe i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún chun críche maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh faoi Rialachán (AE) 2022/2065

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), agus go háirithe Airteagal 25 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann an Coimisiún imscrúduithe chun na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2065 (2) a fhorfheidhmiú maidir le soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Chuige sin, feidhmíonn sé cumhachtaí maoirseachta, imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin a thugtar don Choimisiún le Rialachán (AE) 2022/2065.

(2)

Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Líonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus Teicneolaíocht de chuid an Choimisiúin a dhéanann cúraimí an Choimisiúin faoi Rialachán (AE) 2022/2065.

(3)

I gcomhthéacs a chúraimí maoirseachta, imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin a fheidhmiú de bhun Rialachán (AE) 2022/2065, próiseálann an Coimisiún faisnéis. Féadfar a áireamh ar an bhfaisnéis sin sonraí pearsanta daoine nádúrtha, amhail foireann aonair an ghnóthais (mar shampla, ceann na feidhme comhlíonta, an pointe teagmhála aonair), daoine atá faoi dhrochamhras, íospartaigh, sceithirí eolais, faisnéiseoirí, agus finnéithe chomh maith le daoine nádúrtha eile a bhfuil a sonraí pearsanta i ndoiciméid a fuarthas i dtaca le feidhmiú a chúraimí maoirseachta, imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2022/2065.

(4)

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, de réir bhrí Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, a dhéantar le linn gníomhaíochtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe faoi Rialachán (AE) 2022/2065, d’fhéadfadh sí tarlú fiú sula dtionscnaíonn an Coimisiún imeachtaí go foirmiúil de bhun Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2022/2065, d’fhéadfadh sí leanúint ar aghaidh le linn sheoladh an imscrúdaithe, agus d’fhéadfadh sí leanúint ar aghaidh fiú tar éis an t-imscrúdú a dhúnadh go foirmiúil (mar shampla, le haghaidh gníomhaíochtaí faireacháin nó scagtha ar chomhlíonadh, measúnú ar an ngá atá le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha nua nó imeachtaí dlíthiúla nua a thionscnamh).

(5)

Chun a chúraimí faoi Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, próiseálann an Coimisiún roinnt catagóirí sonraí pearsanta, amhail sonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí maidir le róil i gcásanna, sonraí a bhaineann le cásanna agus aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith riachtanach. Cé nach dócha é, d’fhéadfadh sé go n-áireofar sna catagóirí sonraí pearsanta a phróiseáiltear catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, má tá feidhm ag aon cheann de na cúiseanna a liostaítear in Airteagal 10(2) nó (3) den Rialachán sin chomh maith le sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1725. Agus cúraimí an Choimisiúin á gcomhlíonadh aige faoi Rialachán (AE) 2022/2065, tá sé de cheangal air cearta daoine nádúrtha a urramú i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta mar a aithnítear le hAirteagal 8(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus tá sé de cheangal air na cearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1725 a urramú freisin. An tráth céanna, ceanglaítear ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs a ghníomhaíochtaí faoi Rialachán (AE) 2022/2065, rialacha dochta rúndachta agus rialacha dochta rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 84 den Rialachán sin a chomhlíonadh.

(6)

In imthosca áirithe, is gá cearta ábhar sonraí faoi Rialachán (AE) 2018/1725 a réiteach le comhlíonadh éifeachtach chúraimí maoirseachta, imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin an Choimisiúin faoi Rialachán (AE) 2022/2065, agus lánurraim do chearta agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile a áirithiú an tráth céanna. Chuige sin, le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, tugtar an deis don Choimisiún srian a chur, faoi choinníollacha áirithe, le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2018/1725, chomh maith le hAirteagal 4 de, a mhéid a chomhfhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(7)

In imthosca áirithe, is gá cearta na n-ábhar sonraí a réiteach leis an ngá atá le cosaint a thabhairt do na cuspóirí maoirseachta, imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin a dhéantar faoi Rialachán (AE) 2022/2065 mar chuspóir tábhachtach a bhaineann le leas poiblí ginearálta an Aontais de bhun Airteagal 25(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1725. D’fhéadfadh an Coimisiún srianta a chur i bhfeidhm i gcás, mar shampla, ina ndéanfadh feidhmiú na gceart sin difear tromchúiseach dá chumas an t-imscrúdú a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, rud a chuirfeadh bac ar a chuspóir. I gcásanna den sórt sin, tá baol ann go scriosfar fianaise nó go gcuirfear isteach ar phríomhghníomhaithe (mar shampla, finnéithe) le linn imscrúdaithe.

(8)

In imthosca áirithe, is gá cothromaíocht a bhaint amach idir cearta na n-ábhar sonraí agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine eile lena mbaineann, amhail íospartaigh nó finnéithe. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a chinneadh srian a chur le rochtain ar chéannacht, ráitis agus sonraí pearsanta eile na ndaoine sin chun a gcearta agus a saoirsí a chosaint de bhun Airteagal 25(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2018/1725. D’fhéadfadh an Coimisiún a chinneadh déanamh amhlaidh, go háirithe chun na daoine sin a chosaint ar fhrithbheart a d’fhéadfaí a dhéanamh.

(9)

Is gá faisnéis rúnda a chosaint a bhaineann le faisnéiseoir, sceithire, nó aon duine nádúrtha eile a thuairiscigh faisnéis don Choimisiún i gcomhthéacs fheidhmiú a chúraimí maoirseachta, imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin de bhun Rialachán (AE) 2022/2065. Ba cheart don Choimisiún srian a chur le rochtain ar chéannacht, ráitis agus sonraí pearsanta eile na ndaoine sin chun cearta agus saoirsí na ndaoine uile lena mbaineann a chosaint de bhun Airteagal 25(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2018/1725. Ní fhéadfaidh an Coimisiún a gcéannacht a nochtadh ach amháin má údaraíonn an duine tuairiscithe amhlaidh. Má cheanglaítear sin leis an dlí nó le húdarás breithiúnach, ba cheart don Choimisiún a gcéannacht a nochtadh. I gcásanna ina gcuireann ábhair sonraí iarraidh isteach chun rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta, ba cheart rochtain a thabhairt dóibh ar na sonraí pearsanta sin, lena n-áirítear sonraí arna soláthar ag duine tuairiscithe. Chun a rúndacht a chosaint, níor cheart don Choimisiún ainm an duine tuairiscithe, chomh maith le haon fhaisnéis eile lena bhféadfaí an duine sin a shainaithint go díreach nó go hindíreach, a sholáthar don ábhar sonraí.

(10)

Ina theannta sin, chun cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú, go háirithe maidir leis an gcomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit, d’fhéadfadh an Coimisiún srian a chur le cur i bhfeidhm chearta na n-ábhar sonraí agus ar an gcaoi sin cuspóir tábhachtach a choimirciú a bhaineann le leas poiblí i gcoitinne an Aontais nó Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1725. D’fhéadfadh an Coimisiún é sin a dhéanamh i gcás ina gcuirfí cuspóir sriain den sórt sin ó údarás Ballstáit i mbaol mura gcuirfeadh an Coimisiún srian coibhéiseach i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta céanna. Thairis sin, chun cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú, d’fhéadfadh an Coimisiún srianta a chur i bhfeidhm chun cosc, imscrúdú, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a choimirciú nó chun forghníomhú pionós coiriúil a choimirciú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1725. Agus srianta á gcur i bhfeidhm bunaithe ar Airteagal 25(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mBallstát maidir le cuspóir tábhachtach leas ginearálta an phobail lena mbaineann maidir leis na forais ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann chun srianta a fhorchur agus maidir le riachtanas agus comhréireacht na srianta sin, mura gcuirfeadh sé sin gníomhaíochtaí an Choimisiúin i mbaol. De bhun Airteagal 25(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/1725, d’fhéadfadh an Coimisiún a chinneadh srian a chur le cur i bhfeidhm chearta na n-ábhar sonraí chun feidhm faireacháin, chigireachta nó rialála a choimirciú, ar feidhm í a bhfuil baint aici, fiú ó am go chéile, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna a luaitear thuas, agus dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2018/1725.

(11)

Níor cheart don Choimisiún srianta a chur i bhfeidhm ach amháin nuair a urramaíonn siad na cearta agus na saoirsí bunúsacha a leagtar síos sa Chairt, nuair atá siad fíor-riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach. Ba cheart don Choimisiún údar a thabhairt leis na srianta sin.

(12)

Le hAirteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2018/1725, ceanglaítear ar an rialaitheoir ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhchúiseanna is bun leis an srian a chur i bhfeidhm agus go bhfuil de cheart aige nó aici gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

(13)

De bhun Airteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh an Coimisiún soláthar faisnéise a bhaineann leis na phríomhchúiseanna atá le srian a chur i bhfeidhm ar ábhar sonraí a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú, dá gcuirfeadh soláthar na faisnéise sin tionchar an tsrianta ar ceal ar aon bhealach. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás an gcuirfeadh cur in iúl an tsriain a éifeacht ar ceal.

(14)

Ba cheart don Choimisiún deireadh a chur leis an srian a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha lena dtugtar údar leis an srian, agus ba cheart dó na coinníollacha sin a mheas go tráthrialta.

(15)

Chun Airteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún gach ábhar sonraí a chur ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí ina bpróiseáiltear a shonraí pearsanta agus faoina chearta, ar bhealach atá trédhearcach agus comhleanúnach, trí bhíthin fógra cosanta sonraí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún sceithirí eolais, faisnéiseoirí, finnéithe agus, i gcás inarb ábhartha don chás, foireann aonair an ghnóthais (mar shampla, ceann na feidhme comhlíonta, an pointe teagmhála aonair) a chur ar an eolas ar bhonn aonair, ar dhóigheanna iomchuí, faoi phróiseáil a sonraí pearsanta.

(16)

In Airteagal 16(5) de Rialachán (AE) 2018/1725 déantar foráil maidir le heisceachtaí ar cheart ábhar sonraí chun faisnéise. Má tá feidhm ag an heisceachtaí sin, ní gá don Choimisiún srian a chur leis an gceart chun faisnéise faoin gCinneadh seo. Beidh feidhm ag eisceachtaí faoi Airteagal 16(5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcás ina mbeadh sé dodhéanta an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16(1) go (4) den Rialachán sin a sholáthar, ina mbeadh iarracht dhíréireach ag baint leis, nó inar dócha go bhfágfadh sé nach féidir cuspóirí na próiseála sin a bhaint amach nó go gcuirfí bac mór ar bhaint amach.chuspóirí na próiseála sin. I gcásanna ina bhfuil ábhair sonraí ann nach bhfuil ábhartha don imscrúdú a bhfuil a sonraí pearsanta i ndoiciméid a bailíodh mar chuid de mhaoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán de bhun Rialachán (AE) 2022/2065, seachas na hábhair sonraí sin a cuireadh ar an eolas ina n-aonar, d’fhéadfadh soláthar na faisnéise sin a bheith dodhéanta nó d’fhéadfadh iarracht dhíréireach a bheith ag baint le soláthar na faisnéise sin. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún sonraí pearsanta i gcomhthéacs tuarascáil sceithire nó le linn a ghníomhaíochtaí faireacháin chun cur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú. Féadfar eisceachtaí faoi Airteagal 16(5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm freisin agus faisnéis den sórt sin á soláthar do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus d’íospartaigh a bhaineann le cás, ar dócha go bhfágfadh sé nach féidir cuspóirí na próiseála sin a bhaint amach nó go gcuirfí bac mór ar na cuspóirí próiseála sin a bhaint amach.

(17)

Agus prionsabail na trédhearcachta, na cothroime agus na cuntasachta á gcur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún gach eisceacht agus srian a láimhseáil ar bhealach trédhearcach agus taifead a choinneáil ar an gcur i bhfeidhm a dhéanann sé ar na heisceachtaí agus na srianta sin.

(18)

Chun cosaint cearta agus saoirsí ábhar sonraí a áirithiú agus i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart don Choimisiún páirt a thabhairt do Chomhordaitheoir Cosanta Sonraí na hArd-Stiúrthóireachta um Líonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus Teicneolaíocht agus d’Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin le linn an phróisis chun srianta a chur i bhfeidhm agus an comhairliúchán sin a dhoiciméadú. Ba cheart, go háirithe, dul i gcomhairle leis an gComhordaitheoir Cosanta Sonraí in am trátha maidir le haon srian a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm agus comhlíonadh an tsriain sin leis an gCinneadh seo a fhíorú.

(19)

Ba cheart d’Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Cinneadh seo.

(20)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus thug sé uaidh a thuairim an 22 Deireadh Fómhair 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos leis an gCinneadh seo na rialacha atá le leanúint ag an gCoimisiún chun ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi phróiseáil a sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus cúraimí maoirseachta, imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin á gcomhlíonadh aige faoi Rialachán (AE) 2022/2065.

2.   Leagtar síos sa Chinneadh seo freisin na coinníollacha faoina bhféadfadh an Coimisiún srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 4, 14 go 20, agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointí (b), (c), (g) agus (h) de.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann an Coimisiún ar shonraí pearsanta na gcatagóirí seo a leanas d’ábhair sonraí:

(a)

daoine atá faoi dhrochamhras;

(b)

íospartaigh;

(c)

sceithirí eolais;

(d)

faisnéiseoirí;

(e)

finnéithe;

(f)

foireann gnóthais;

(g)

daoine nádúrtha a bhfuil a sonraí pearsanta sna doiciméid nó meáin eile arna mbailiú mar chuid de mhaoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán de bhun Rialachán (AE) 2022/2065.

2.   Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta na gcatagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta:

(a)

sonraí aitheantais;

(b)

sonraí teagmhála;

(c)

sonraí maidir le róil i gcásanna;

(d)

sonraí a bhaineann leis an gcás;

(e)

aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith riachtanach chun na ceanglais faoi Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, lena n-áirítear na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 3

Srianta

1.   Faoi réir Airteagail 3 go 8 den Chinneadh seo, d’fhéadfadh an Coimisiún srian a chur ar chur i bhfeidhm Airteagail 14 go 20 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, chomh maith le prionsabal na trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a), den Rialachán sin, a mhéid a chomhfhreagraíonn forálacha an Airteagail sin leis na cearta agus na forálacha dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 sna cásanna seo a leanas:

(a)

chuirfeadh feidhmiú na gceart sin cuspóir ghníomhaíochtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha, forfheidhmiúcháin agus faireacháin an Choimisiúin faoi Rialachán (AE) 2022/2065 i mbaol, i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointí (c) agus (g) de Rialachán (AE) 2018/1725;

(b)

dhéanfadh feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin dochar do chosaint an ábhair sonraí nó do chosaint ceart agus saoirsí daoine eile i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2018/1725;

(c)

d’fhéadfadh feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin comhar an Choimisiúin leis na Ballstáit a chur i mbaol chun cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointí (b) agus (g), de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Sula gcuirfidh sé srianta i bhfeidhm sna himthosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit ábhartha maidir le forais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus maidir le riachtanas agus comhréireacht na srianta sin, mura gcuirfeadh sé sin gníomhaíochtaí an Choimisiúin i mbaol.

3.   Tá míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo gan dochar do chur i bhfeidhm cinntí eile ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le soláthar faisnéise d’ábhair sonraí agus cearta áirithe a shrianadh faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725.

4.   Sula gcuirtear srianta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh agus doiciméadóidh an Coimisiún measúnú cás ar chás ar an ngá atá leo agus ar a gcomhréireacht. Ní rachaidh na srianta sin thar an méid is gá chun a gcuspóir a bhaint amach.

Airteagal 4

Faisnéis a sholáthar do na hábhair sonraí

1.   Foilseoidh an Coimisiún fógra cosanta sonraí ar a shuíomh gréasáin chun na hábhair sonraí uile a chur ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta chun críocha maoirseachta, imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin de bhun Rialachán (AE) 2022/2065. San fhógra cosanta sonraí cuirfear faisnéis ar fáil maidir le srian féideartha le cearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagal 3. Cumhdófar leis an bhfaisnéis sin na cearta a fhéadfar a shrianadh, na forais ar a bhféadfar srianta a chur i bhfeidhm agus an tréimhse fhéideartha.

2.   Déanfaidh an Coimisiún sceithirí eolais, faisnéiseoirí, finnéithe agus, i gcás inarb ábhartha don chás, foireann aonair an ghnóthais a chur ar an eolas ar bhonn aonair, ar dhóigheanna iomchuí, faoi phróiseáil a sonraí pearsanta.

3.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún srian, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le hAirteagal 3, le soláthar na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh sé na cúiseanna atá leis an srian a thaifeadadh agus a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chinneadh seo. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún na hábhair sonraí ar an eolas faoin gceart atá acu gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 5

Ceart rochtana an ábhair sonraí, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil

1.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún srian, go hiomlán nó go páirteach, le ceart rochtana ar shonraí na n-ábhar sonraí, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh nó an ceart go gcuirfí srian le próiseáil dá dtagraítear in Airteagail 17 go 20, faoi seach, de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfidh sé an t-ábhar sonraí lena mbaineann ar an eolas, sa fhreagra uaidh ar an iarraidh ar rochtain, ceartúchán, léirscriosadh nó srian le próiseáil, maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)

an srian a chuirtear i bhfeidhm agus na príomhchúiseanna atá leis;

(b)

an deis gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna atá le srianadh agus an ceart chun gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a chuirfeadh sé sin éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil bonn cirt leis sin ar bhonn cás ar chás. A luaithe nach gcuireann sé éifeacht an tsriain ar ceal a thuilleadh, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil don ábhar sonraí.

Airteagal 6

Sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl do na hábhair sonraí

1.   I gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh sé, in imthosca eisceachtúla, srian iomlán nó páirteach a chur leis an gcumarsáid sin. Déanfaidh sé taifead de na cúiseanna atá leis an srian, agus cláróidh sé na cúiseanna sin, ar an bhforas dlíthiúil atá leis faoi Airteagal 3 agus ar mheasúnú ar a riachtanas agus a chomhréireacht. Cuirfidh an Coimisiún an taifead in iúl don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth a thabharfar fógra faoin sárú i ndáil le sonraí pearsanta.

2.   I gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna leis an srian, cuirfidh an Coimisiún an sárú i ndáil le sonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus cuirfidh sé na príomhchúiseanna leis an srian agus an ceart atá aige nó aici chun gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí in iúl dó nó di.

3.   I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún fógra faoin sárú i ndáil le sonraí pearsanta don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí de bhun Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, beidh an taifead a rinne sé de bhun Airteagal 7 den Chinneadh seo mar chuid den fhógra sin.

Airteagal 7

Srianta a thaifeadadh agus a chlárú

1.   Déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá le haon srian a chuirfear i bhfeidhm de bhun an Chinnidh seo a thaifeadadh, foras dlíthiúil an tsriain, measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí ábhar sonraí a bhaineann le srian a chur i bhfeidhm agus measúnú ar an ngá atá leis an srian agus ar a chomhréireacht, agus na heilimintí ábhartha in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 á gcur san áireamh.

2.   Sonrófar sa taifead an bealach a mbaintear an bonn, dá bhfeidhmeodh an t-ábhar sonraí ábhartha an ceart sin, ó cheann amháin nó níos mó de na forais is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 25(1), pointí (b), (c), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Déanfar an taifead agus, i gcás inarb infheidhme, na doiciméid ina bhfuil na heilimintí foluiteacha fíorasacha agus dlíthiúla a chlárú. Cuirfear ar fáil iad don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ar iarratas.

4.   Ullmhóidh an Coimisiún tuarascálacha tréimhsiúla maidir le cur i bhfeidhm srianta i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 faoin gCinneadh seo.

Airteagal 8

Fad na srianta

1.   Leanfaidh na srianta dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 d’fheidhm a bheith acu a fhad a bheidh na cúiseanna a thug údar leo fós infheidhme, agus ní bheidh feidhm acu a thuilleadh nuair nach mbeidh na cúiseanna sin infheidhme.

2.   I gcás nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna atá le srian, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an srian.

3.   Soláthróidh sé freisin na cúiseanna atá leis an srian sin a chur i bhfeidhm ar an ábhar sonraí agus cuirfidh sé ar an eolas é faoin deis gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí aon tráth nó sásamh breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na srianta dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 gach 6 mhí agus tar éis an comhad a dhúnadh. Áireofar san athbhreithniú measúnú ar an ngá atá leis an srian agus a chomhréireacht, agus na heilimintí ábhartha a liostaítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 á gcur san áireamh.

Airteagal 9

Coimircí agus coinneáil

1.   Cuirfidh an Coimisiún coimircí i bhfeidhm chun mí-úsáid agus rochtain neamhdhleathach nó aistriú neamhdhleathach sonraí pearsanta a chosc, ar sonraí pearsanta iad a bhfuil feidhm ag srianta nó eisceachtaí maidir leo nó a bhféadfaí srianta a chur i bhfeidhm maidir leo. Áireofar leis na coimircí sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla, mar shampla:

(a)

sainmhíniú soiléir ar róil, freagrachtaí, céimeanna nós imeachta agus cearta rochtana;

(b)

timpeallacht leictreonach shlán a chuireann cosc ar rochtain neamhdhleathach nó thimpisteach ar shonraí leictreonacha nó aistriú neamhdhleathach nó timpisteach sonraí leictreonacha chuig daoine neamhúdaraithe;

(c)

stóráil shlán agus próiseáil shlán le haghaidh doiciméid pháipéir teoranta don mhéid a bhfuil gá leis chun cuspóir na próiseála a bhaint amach;

(d)

faireachán cuí ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar a gcur i bhfeidhm. Déanfar na hathbhreithnithe gach 6 mhí ar a laghad agus tar éis an comhad a dhúnadh.

2.   Coinneofar na sonraí pearsanta i gcomhréir le rialacha coinneála infheidhme an Choimisiúin, ar rialacha iad atá le sainiú sna taifid próiseála a choinnítear faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1725. Ag deireadh na tréimhse coinneála, scriosfar na sonraí pearsanta, é sin nó déanfar iad a anaithnidiú nó a aistriú chuig cartlanna i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 10

Rannpháirtíocht an Chomhordaitheora Cosanta Sonraí agus Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

1.   Rachfar i gcomhairle leis an gComhordaitheoir Cosanta Sonraí na hArd-Stiúrthóireachta um Líonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus Teicneolaíocht sula gcuirfear aon srian i bhfeidhm agus déanfaidh sé comhlíonadh na srianta sin leis an gCinneadh seo a fhíorú.

2.   Cuirfear Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin ar an eolas, gan moill mhíchuí, aon uair a chuirfear srian le cearta ábhair sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Arna iarraidh sin, tabharfar rochtain d’Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin ar an taifead agus ar aon doiciméad ina bhfuil na heilimintí bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla.

3.   Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí athbhreithniú a iarraidh ar chur i bhfeidhm sriain agus cuirfear ar an eolas é i scríbhinn faoi thoradh an athbhreithnithe sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún doiciméadú ar rannpháirtíocht Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin agus an Chomhordaitheora Cosanta Sonraí, lena n-áirítear cén fhaisnéis a roinntear leo, i ngach cás ina gcuirfear srian leis na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/628/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)