|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/627 |
31.3.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/627 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Márta 2025
lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, íoscheanglais maidir le deimhnithe daoine nádúrtha agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe den sórt sin, a mhéid a bhaineann le lascthrealamh leictreach do-aistrithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú agus gáis ceaptha teasa fhluairínithe a athshlánú ó lascthrealamh leictreach do-aistrithe agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2066 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/573 an 7 Feabhra 2024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 10(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/573, áirítear oibleagáidí maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha a dheimhniú chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí áirithe ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2024/573 tugadh isteach rialacha nua maidir le lascthrealamh leictreach do-aistrithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú agus maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ó lascthrealamh leictreach do-aistrithe. Cumhdaíonn na rialacha nua, go háirithe, raon feidhme leathnaithe substaintí. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/573, na híoscheanglais maidir le daoine nádúrtha a dheimhniú a thabhairt cothrom le dáta maidir le raon feidhme raon feidhme substaintí agus scileanna agus eolas atá le cumhdach agus na rialacha a shonrú maidir le deimhniú agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe a shonrú. |
|
(4) |
Cuireadh Rialachán (AE) 2024/573 in ionad Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2066 (3) ón gCoimisiún a aisghairm. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, arna bhunú le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2024/573, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine nádúrtha a dhéanann na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
(a) |
lascthrealamh leictreach do-aistrithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 a shuiteáil, a chothabháil, a sheirbhísiú, a dheisiú agus a dhíchoimisiúnú; |
|
(b) |
gáis ceaptha teasa fhluairínithe a athshlánú ó lascthrealamh leictreach do-aistrithe. |
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon ghníomhaíocht mhonaraíochta a dhéantar ag láithreáin an mhonaróra le haghaidh lascthrealamh leictreach do-aistrithe.
Airteagal 2
Deimhnithe do dhaoine nádúrtha
1. Beidh deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 3 ag na daoine nádúrtha a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1).
2. Daoine nádúrtha a dhéanann ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ní bheidh siad faoi réir an cheanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
tá siad cláraithe do chúrsa oiliúna chun deimhniú a fháil a chumhdaíonn an ghníomhaíocht ábhartha; agus |
|
(b) |
déanann siad an ghníomhaíocht faoi mhaoirseacht duine ag a bhfuil deimhniú a chumhdaíonn an ghníomhaíocht sin agus atá lánfhreagrach as an ngníomhaíocht a chur i gcrích i gceart. |
An maolú dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, beidh feidhm aige ar feadh na dtréimhsí a chaithfear i mbun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a dhéanamh, ar tréimhsí iad nach faide ná 24 mhí ina n-iomláine.
Airteagal 3
Daoine nádúrtha a dheimhniú
1. Déanfaidh comhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4 deimhniú a eisiúint do dhaoine nádúrtha ar éirigh leo i scrúdú teoiriciúil agus praiticiúil arna reáchtáil ag comhlacht meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 5, is scrúdú a chumhdaíonn an t-íosleibhéal scileanna agus eolais a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa deimhniú:
|
(a) |
ainm an chomhlachta deimhniúcháin, ainm iomlán an tsealbhóra, uimhir an deimhnithe agus an dáta éaga más ann dó; |
|
(b) |
an ghníomhaíocht atá sealbhóir an deimhnithe i dteideal a dhéanamh; |
|
(c) |
an dáta eisiúna agus síniú an eisitheora. |
3. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chomhlachtaí deimhniúcháin iarratasóirí a dhíolmhú ón gceanglas pas a fháil sa scrúdú dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina bhfuair an t-iarratasóir scileanna agus eolas roimhe atá coibhéiseach leo siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I.
Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhlachtaí deimhniúcháin a cheangal ar iarratasóirí gan ach pas a fháil i scrúdú forlíontach, i gcás ina gcumhdaítear na scileanna agus an t-eolas a fuair an t-iarratasóir roimhe go páirteach faoi na scileanna agus faoin eolas a liostaítear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 4
Comhlacht deimhniúcháin
1. Sonróidh na Ballstáit sa dlí náisiúnta nó ainmneoidh siad an t-údarás nó na húdaráis atá inniúil chun comhlacht deimhniúcháin a ainmniú, ar comhlacht deimhniúcháin é atá údaraithe chun deimhnithe a eisiúint do dhaoine nádúrtha a bhfuil baint acu le ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1).
Beidh an comhlacht deimhniúcháin neamhchlaonta agus a chuid gníomhaíochtaí á ndéanamh aige.
2. Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin nósanna imeachta a bhunú agus a chur i bhfeidhm maidir le deimhnithe a eisiúint, a fhionraí agus a tharraingt siar.
3. Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin taifid a choinneáil ar bun chun gur féidir stádas duine nádúrtha dheimhnithe a fhíorú. Is léiriú a bheidh sna taifid go ndearnadh an próiseas deimhniúcháin a chur i gcrích go cuí. Coimeádfar na taifid go ceann tréimhse 5 bliana ar a laghad.
Airteagal 5
Comhlacht meastóireachta
1. Eagróidh comhlacht meastóireachta a ainmneofar i ngach Ballstát scrúduithe do na daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1. Féadfaidh comhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4 a bheith incháilithe mar chomhlacht meastóireachta freisin. Beidh an comhlacht meastóireachta neamhspleách neamhchlaonta agus a chuid gníomhaíochtaí á ndéanamh aige.
2. Déanfar na scrúduithe a phleanáil agus a struchtúrú ar bhealach a áiritheoidh go gcumhdófar an t-íosleibhéal scileanna agus eolais a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Soláthróidh an comhlacht meastóireachta ionad scrúduithe lena n-áiritheofar sábháilteacht na n-iarratasóirí.
3. Déanfaidh an comhlacht meastóireachta nósanna imeachta tuairiscithe a ghlacadh agus taifid a choimeád chun gur féidir torthaí aonair agus torthaí iomlána na meastóireachta a dhoiciméadú.
4. Áiritheoidh an comhlacht meastóireachta go bhfuil ag na scrúdaitheoirí a sannfar scrúdú dóibh eolas cuí ar na modhanna scrúdaithe agus na doiciméid scrúdaithe ábhartha agus go bhfuil inniúlacht iomchuí acu sa réimse atá le scrúdú. Áiritheoidh sé freisin go mbeidh an trealamh, na huirlisí agus na hábhair is gá ar fáil le haghaidh na scrúduithe praiticiúla.
Airteagal 6
Coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach
1. Ní bheidh feidhm ag aitheantas frithpháirteach deimhnithe idir na Ballstáit ach amháin maidir le deimhnithe a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 3, maidir leis na gníomhaíochtaí a shonraítear sna deimhnithe sin.
2. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon mheastóireacht ná aon chineál eile nósanna imeachta um measúnú ná aon cheanglas riaracháin díréireach ar shealbhóirí deimhnithe arna n-eisiúint ag Ballstát eile chun na deimhnithe sin a aithint nó chun rochtain ar fhostaíocht a cheadú do shealbhóirí na ndeimhnithe sin le haghaidh na ngníomhaíochtaí a shonraítear iontu.
3. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar shealbhóirí deimhnithe a eisíodh i mBallstát eile aistriúchán ar an deimhniú i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a sholáthar.
Airteagal 7
Deimhnithe, cúrsaí athnuachana nó próisis mheastóireachta atá ann cheana
1. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar leis na cúrsaí oiliúna athnuachana nó na próisis mheastóireachta mar a cheanglaítear faoi Airteagal 10(9) de Rialachán (AE) 2024/573 cruthúnas ar eolas praiticiúil agus teoiriciúil agus ar scileanna na ndaoine nádúrtha deimhnithe a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. De bhun Airteagal 10(9) de Rialachán (AE) 2024/574, áiritheoidh na Ballstáit faoi Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2066 ón gCoimisiún nach gceadaítear do shealbhóirí deimhnithe atá ann leanúint de na deimhnithe sin a úsáid ach amháin má nuashonraíonn siad a n-eolas agus a scileanna go dtí leibhéal an eolais agus na scileanna is gá le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo agus a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis.
Airteagal 8
Aisghairm
1. Aisghairtear Rialachán (AE) 2015/2066.
2. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/517/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2066 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2015 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, íoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach le haghaidh deimhniú daoine nádúrtha a dhéanann lascthrealamh leictreach ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú nó a dhéanann gáis ceaptha teasa fhluairínithe a athshlánú ó lascthrealamh leictreach do-aistrithe (IO L 301, 18.11.2015, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2066/oj).
IARSCRÍBHINN I
Na híoscheanglais maidir leis na scileanna agus leis an eolas atá le cumhdach ag na comhlachtaí meastóireachta
Cumhdófar an méid seo a leanas sa scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5:
|
(a) |
scrúdú teoiriciúil ina mbeidh ceist amháin nó níos mó chun an scil nó an t-eolas sin a thástáil, mar a léirítear le (T) sa cholún ‘Cineál tástála’; |
|
(b) |
scrúdú praiticiúil ina ndéanfaidh an t-iarratasóir an tasc comhfhreagrach leis an ábhar, leis na huirlisí agus leis an trealamh ábhartha, mar a léirítear le (P) sa cholún ‘Cineál tástála’.
|
IARSCRÍBHINN II
Tábla Comhghaoil
|
Rialachán (AE) 2015/2066 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 2(1) |
|
Airteagal 2(2) |
Airteagal 2(2) |
|
Airteagal 2(3) |
Airteagal 2(3) |
|
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(2) |
|
Airteagal 3(3) |
— |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 4(2) |
|
Airteagal 4(3) |
Airteagal 4(3) |
|
Airteagal 5(1) |
Airteagal 5(1) |
|
Airteagal 5(2) |
Airteagal 5(2) |
|
Airteagal 5(3) |
Airteagal 5(3) |
|
Airteagal 5(4) |
Airteagal 5(4) |
|
Airteagal 6(1) |
— |
|
Airteagal 6(2) |
— |
|
Airteagal 7(1) |
Airteagal 7(1) |
|
Airteagal 7(2) |
— |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 8 |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 9 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/627/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)