|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/626 |
28.3.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/626 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 25 Márta 2025
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/2641 (EUNAVFOR MED IRINI/1/2025)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8(2) de Chinneadh (CBES) 2020/472, d’údaraigh an Chomhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais le haghaidh EUNAVFOR MED IRINI (‘Ceannasaí Fórsa an Aontais’) a cheapadh. |
|
(3) |
An 1 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/2641 (2) lena gceaptar an Ceannasóir Prokopios CHARITOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ón 4 Deireadh Fómhair 2024 ar aghaidh. |
|
(4) |
An 29 Eanáir 2025, mhol údaráis mhíleata na hIodáile go ndéanfaí an Captaen Alessandro DI BIASI a cheapadh i gcomharbas ar an gCeannasóir Prokopios CHARITOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh (‘an ceapachán molta’). Chuir údaráis mhíleata na hIodáile in iúl go dtabharfaí ardú céime don Chaptaen Alessandro DI BIASI go Seachaimiréal nuair a shannfar é mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
|
(5) |
An 17 Feabhra 2025, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR MED IRINI leis an gceapachán molta. |
|
(6) |
An 25 Feabhra 2025, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh sé go gceapfaí an Captaen Alessandro DI BIASI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ón 4 Aibreán 2025 ar aghaidh. |
|
(7) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an gCaptaen Alessandro DI BIASI a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR MED IRINI. |
|
(8) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/2641 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar an Seachaimiréal Alessandro DI BIASI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) ón 4 Aibreán 2025 ar aghaidh.
Airteagal 2
Leis seo, aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/2641.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 4 Aibreán 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2025.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
D. PRONK
(1) IO L 101, 1.4.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/472/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2021/2641 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 1 Deireadh Fómhair 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES)2024/1014 (EUNAVFOR MED IRINI/5/2024) (IO L, 2024/2641, 4.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2641/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/626/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)