|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/619 |
24.4.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 261/2024
an 6 Nollaig 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/619]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1648 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Treoir 2003/91/CE a mhéid a bhaineann le maolú le haghaidh cineálacha orgánacha de speicis glasraí atá oiriúnach don táirgeadh orgánach (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí fíteashláintíochta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí fíteashláintíochta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 15 (Treoir 2003/91/CE ón gCoimisiún) de Chaibidil III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32022 L 1648: Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1648 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2022 (IO L 248, 26.9.2022, lch. 52).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1648 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2024.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Anders H. EIDE
(1) IO L 248, 26.9.2022, lch. 52.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/619/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)