|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/607 |
31.3.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/607 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Márta 2025
maidir le Leas-Chathaoirleach ar an mBord Réitigh Aonair agus beirt chomhaltaí lánaimseartha den Bhord Réitigh Aonair a cheapadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1), go háirithe Airteagal 56(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don fhormheas ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Eanáir 2025, tar éis dó an Bord Réitigh Aonair (‘an Bord’) a éisteacht ina sheisiún iomlánach, ghlac an Coimisiún gearrliostaí iarrthóirí le haghaidh cheapadh an Leas-Chathaoirligh agus beirt chomhaltaí lánaimseartha den Bhord, agus chuir sé ar fáil do Pharlaimint na hEorpa iad. Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi na gearrliostaí ar an lá céanna. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, 5 bliana a mhairfidh téarma oifige an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí lánaimseartha den Bhord. |
|
(3) |
An 19 Feabhra 2025, ghlac an Coimisiún togra chun Miguel CARCAÑO SAENZ CENZANO a cheapadh ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord, agus Slavka ELEY agus Radek URBAN a cheapadh ina gcomhaltaí lánaimseartha den Bhord (‘an togra’), agus chuir sé an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. |
|
(4) |
An 11 Márta 2025, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa an togra, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo, ceaptar Miguel CARCAÑO SAENZ CENZANO ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Réitigh Aonair ar feadh téarma oifige 5 bliana ón 1 Aibreán 2025.
2. Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí lánaimseartha den Bhord Réitigh Aonair ar feadh téarma oifige 5 bliana ón 1 Aibreán 2025:
|
— |
Slavka ELEY, |
|
— |
Radek URBAN. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Marta 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. HENNIG-KLOSKA
(1) IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/607/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)