European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/596

24.4.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 302/2024

an 6 Nollaig 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/596]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2165 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2021, (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21azkac (Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1127 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘21azkad.

32024 D 2165: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2165 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2021 (IO L, 2024/2165, 21.8.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2165 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. EIDE


(1)   IO L, 2024/2165, 21.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2165/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/596/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)