|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/583 |
24.4.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 273/2024
an 6 Nollaig 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/583]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2047 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena n-údaraítear síolta agus plúr síl Vigna subterranea (L.) a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 124b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 253 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1611 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2047 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 06 Nollaig 2024.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Anders H. EIDE
(1) IO L 2024/2047, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2047/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/583/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)