|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/572 |
24.4.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 307/2024
an 6 Nollaig 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/572]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), arna cheartú le IO L 239, 28.9.2023, lch. 39, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán (AE) 2023/2468 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 12 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán (AE) 2023/2579 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann leis an gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 16 (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán (AE) 2023/2822 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1 (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 10ba (Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘10bb. |
32023 R 1803: Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 237, 26.9.2023, lch. 1), arna cheartú le IO L 239. 28.9.2023, lch. 39, arna leasú le:
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1803, arna cheartú le IO L 239, 28.9.2023, lch. 39, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2468, (AE) 2023/2579 agus (AE) 2023/2822 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2024.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Anders H. EIDE
(1) IO L 237, 26.9.2023, lch. 1.
(2) IO L, 2023/2468, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2468/oj.
(3) IO L, 2023/2579, 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2579/oj.
(4) IO L, 2023/2822, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2822/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/572/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)