|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/562 |
24.4.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 290/2024
an 6 Nollaig 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/562]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1820 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na táblaí mapála ina sonraítear leithdháileadh mheasúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1w (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32024 R 1820: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1820 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 (IO L, 2024/1820, 2.7.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1820 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Nollaig 2024.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Anders H. EIDE
(1) IO L 2024/1820, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1820/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/562/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)