European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/538

24.3.2025

CINNEADH (AE) 2025/538 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2025

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Íoslainn maidir le comhaontú lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht na hÍoslainne i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus maidir le rochtain ar sheirbhísí rialtais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an Íoslainn rannpháirteach i gcomhpháirteanna Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) agus Galileo, agus i bhfo-chomhpháirteanna teagmhas aimsire spáis (SWE) agus réada i ngar don Chruinne (NEO) de chomhpháirt Fheasacht Staide an Spáis (SSA) de Chlár Spáis an Aontais, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(2)

Le hAirteagal 7(2), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/696, foráiltear do rannpháirtíocht na gcomhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), faoi réir comhaontú atá le tabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/696, foráiltear gur féidir le tríú tíortha rochtain a bheith acu ar sheirbhísí GOVSATCOM ar choinníoll go dtabharfaidh siad comhaontú i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE agus go gcomhlíonfaidh siad Airteagal 43 den Rialachán sin.

(3)

Le hAirteagal 11(3) agus Airteagal 39(1), de Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foráiltear do rannpháirtíocht na gcomhaltaí de CSTE i gClár an Aontais um Nascacht Shlán atá ina gcomhaltaí de LEE, faoi réir comhaontú atá le tabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE. Le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2023/588, foráiltear gur féidir le tríú tíortha rochtain a bheith acu ar sheirbhísí rialtais ar choinníoll go ndéanfaidh siad comhaontú a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, lena leagtar síos na téarmaí agus coinníollacha chun rochtain a fháil ar sheirbhísí rialtais agus go gcomhlíonfaidh siad Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2021/696.

(4)

Leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle (3) na freagrachtaí atá le feidhmiú ag an gComhairle agus ag an Ardionadaí chun bagairt ar shlándáil an Aontais nó ar shlándáil ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a sheachaint nó chun díobháil thromchúiseach do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a mhaolú, ar bagairt í a eascraíonn as imscaradh, oibriú nó úsáid na gcóras arna gcur ar bun agus na seirbhísí arna soláthar faoi GOVSATCOM, mar chomhpháirt de Chlár Spáis an Aontais, nó de Chlár an Aontais um Nascacht Shlán, nó i gcás bagairt ar oibriú aon cheann de na córais sin nó ar sholáthar na seirbhísí sin.

(5)

Le rannpháirtíocht na hÍoslainne i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus le rochtain ar sheirbhísí rialtais an Aontais agus na mBallstát agus na hÍoslainne faoi seach, rannchuideofar le ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda a neartú agus cuirfear comhar idirnáisiúnta chun cinn i gcomhréir leis an Straitéis Spáis don Eoraip. Le comhaontú leis an Íoslainn, neartófar seasamh straitéiseach an Aontais i gcomhréir le Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh um Shlándáil agus Cosaint.

(6)

Tháinig an Comhaontú idir Poblacht na hÍoslainne agus an tAontas Eorpach maidir le nósanna imeachta slándála um malartú faisnéise rúnaicmithe (4) i bhfeidhm an 1 Márta 2007.

(7)

Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, leasófar é le cinneadh ó Chomhchoiste LEE. Áireofar sa chinneadh sin forálacha maidir le gnéithe institiúideacha agus airgeadais chomh maith le cosaint sonraí.

(8)

Ba cheart an chaibidlíocht a thosú d’fhonn comhaontú leis an Íoslainn a thabhairt i gcrích lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht na hÍoslainne i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus maidir le rochtain ar sheirbhísí rialtais an Aontais agus na mBallstát agus na hÍoslainne faoi seach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú leis an Íoslainn lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht na hÍoslainne i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus maidir le rochtain ar sheirbhísí rialtais an Aontais agus na mBallstát agus na hÍoslainne faoi seach.

2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um an Spás, a ainmnítear leis seo mar an coiste speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 218(4) CFAE, agus i gcomhréir leis na treoracha atá san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, faoi réir aon treoracha a d’fhéadfadh an Chomhairle a eisiúint ina dhiaidh sin don Choimisiún.

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/696/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2023/588/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le slándáil na gcóras agus na seirbhísí a imscartar, a oibrítear agus a úsáidtear faoi Chlár Spáis an Aontais agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/496/CBES (IO L 170 12.5.2021, lch. 178, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/698/oj).

(4)   IO L 184, 6.7.2006, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2006/467/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/538/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)