|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/533 |
26.3.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/533 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Márta 2025
maidir le caighdeán comhchuibhithe i ndáil le fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh arna dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 agus le Rialachán (AE) 2019/2024
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le táirge ar cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm ina leith agus ar foilsíodh a uimhreacha tagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ní mór do na Ballstáit a mheas go gcomhlíonann an táirge sin ceanglais ábhartha uile an bhirt cur chun feidhme is infheidhme lena mbaineann na caighdeáin sin. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 2764 (3), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 (4) ón gCoimisiún agus le Rialachán (AE) 2019/2024 (5) ón gCoimisiún. |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 2764, dhréachtaigh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú an caighdeán comhchuibhithe EN 16838:2024 maidir le haicmiú, ceanglais, feidhmíocht agus tástáil um ídiú fuinnimh i dtaobh cófraí cuisniúcháin taispeána agus díolacháin le haghaidh uachtar reoite. |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhar leis an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, féachaint an gcomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe EN 16838:2024 an iarraidh M/582. |
|
(5) |
Comhlíonann an caighdeán EN 16838:2024 na ceanglais is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 agus i Rialachán (AE) 2019/2024. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
Is éard a thugtar le fios le comhlíontacht le caighdeán comhchuibhithe go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tagairt do chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh, arna dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear leis seo í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
An tagairt do chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh, arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2024 agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear leis seo í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 2.5.2022 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh.
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh (IO L 315, 5.12.2019, lch. 155, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/2018/oj).
(5) Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, 5.12.2019, lch. 313, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2024/oj).
IARSCRÍBHINN I
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
|
1. |
EN 16838:2024 Cófra cuisniúcháin taispeána agus díolacháin agus pozzetti le haghaidh uachtar reoite – Aicmiú, ceanglais, feidhmíocht agus tástáil um ídiú fuinnimh |
IARSCRÍBHINN II
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
|
1. |
EN 16838:2024 Cófra cuisniúcháin taispeána agus díolacháin agus pozzetti le haghaidh uachtar reoite – Aicmiú, ceanglais, feidhmíocht agus tástáil um ídiú fuinnimh |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/533/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)