|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/532 |
2.7.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/532 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2025
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na gnéithe nach mór d’eintiteas airgeadais a chinneadh agus measúnú a dhéanamh orthu agus seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha á gcur amach ar fochonradh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 30(5), an ceathrú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Braitheann soláthar seirbhísí TFC d’eintitis airgeadais ar shlabhra casta fochonraitheoirí TFC go minic, trína bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí socrú fochonraitheoireachta amháin nó níos mó a dhéanamh le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí eile. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag spleáchas indíreach ar fhochonraitheoirí TFC ar chumas eintitis airgeadais a rioscaí a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le bearnaí san fhaisnéis arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, agus le cumas teoranta eintitis airgeadais faisnéis a fháil ó fhochonraitheoirí TFC sin a sholáthraíonn seirbhísí TFC a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh. I ndáil leis sin, i gcás ina mbraitheann soláthar seirbhísí TFC d’eintitis airgeadais ar shlabhra fochonraitheoirí TFC a d’fhéadfadh a bheith fada nó casta, tá sé fíor-riachtanach go sainaithníonn eintitis airgeadais slabhra foriomlán na bhfochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha. |
|
(2) |
I measc na bhfochonraitheoirí sin a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, ba cheart d’eintitis airgeadais díriú go háirithe agus go leanúnach ar na fochonraitheoirí sin a thacaíonn go héifeachtach le seirbhís TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, lena n-áirítear na fochonraitheoirí uile a sholáthraíonn seirbhísí TFC a ndéanfadh suaitheadh na seirbhísí sin dochar do shlándáil nó do leanúnachas na seirbhíse mar a leagtar síos sa chlár faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554. |
|
(3) |
Tá éagsúlacht mhór idir eintitis airgeadais ó thaobh méide, struchtúir, eagrúchán inmheánach, agus chineál agus chastacht a ngníomhaíochtaí de. Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart an éagsúlacht sin a chur san áireamh nuair a shonraítear na gnéithe ar cheart d’eintiteas airgeadais a chinneadh agus a mheasúnú agus seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha á gcur amach ar fochonradh aige. |
|
(4) |
Nuair a cheadaíonn na heintitis airgeadais é i gcomhréir le hAirteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, le húsáid seirbhísí TFC ar fochonradh lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, ní féidir an fhreagracht deiridh as comhlachtaí bainistíochta na n-eintiteas airgeadais a laghdú chun a rioscaí a bhainistiú agus a n-oibleagáidí reachtacha agus rialála a chomhlíonadh. I gcás ina gceadaítear seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a chur amach ar fochonradh, tá sé tábhachtach go bhfuil léargas soiléir iomlánaíoch ag eintitis airgeadais ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a chur amach ar fochonradh ionas go mbeidh siad in ann faireachán, bainistiú agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sin sula gcuirfear na seirbhísí sin amach ar fochonradh. |
|
(5) |
Ba cheart a mheas gur fochonraitheoirí TFC iad fochonraitheoirí inghrúpa TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh, lena n-áirítear fochonraitheoirí inghrúpa TFC atá faoi úinéireacht iomlán nó faoi úinéireacht chomhchoiteann eintiteas airgeadais laistigh den scéim chosanta institiúideach chéanna. |
|
(6) |
I gcás inarb infheidhme, i gcomhthéacs grúpa, ba cheart do mháthairghnóthas eintiteas airgeadais a áirithiú go gcuirtear an beartas maidir le húsáid fochonraitheoirí TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó cuid ábhartha díobh i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach comhleanúnach laistigh den ghrúpa. |
|
(7) |
Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéantar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn a bhainistiú go cuimsitheach nuair a chuirtear seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ar fochonradh. Ar an gcúis sin, ba cheart d’eintitis airgeadais cloí leis na céimeanna i saolré socraithe chonarthaigh, lena n-áirítear socruithe fochonraitheoireachta, maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna sin agus ar seirbhísí iad a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais a leagan síos d’eintitis airgeadais ar cheart iad a léiriú ina socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí i gcás ina gceadaítear úsáid a bhaint as seirbhísí TFC ar fochonradh lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha. |
|
(8) |
Chun rioscaí a bhaineann le fochonraitheoireacht a mhaolú, is gá na coinníollacha a shonrú faoinar féidir le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí fochonraitheoirí a úsáid chun seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a sholáthar. Chun na críche sin, ba cheart na coinníollacha sin a leagan amach i socruithe conarthacha TFC idir eintitis airgeadais agus soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear socruithe fochonraitheoireachta a phleanáil, na measúnuithe riosca, an dícheall cuí, agus an próiseas formheasa le haghaidh socruithe fochonraitheoireachta TFC nua maidir le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, nó athruithe ábhartha ar na cinn atá ann cheana arna ndéanamh ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí. |
|
(9) |
Chun rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn a shainaithint sula ndéanfaidh eintiteas airgeadais socrú le fochonraitheoir TFC, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí measúnú a dhéanamh, ar bhealach iomchuí agus comhréireach, ar oiriúnacht fochonraitheoirí féideartha ar bhonn na socruithe conarthacha TFC a thug soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí i gcrích leis an eintiteas airgeadais. Dá bhrí sin, le socruithe conarthacha TFC sin, ba cheart a cheangal ar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, nó ar an eintiteas airgeadais go díreach, de réir mar is iomchuí, measúnú a dhéanamh ar acmhainní an fhochonraitheora fhéideartha, lena n-áirítear ar a shaineolas agus cé acu atá nó nach bhfuil na hacmhainní cuí airgeadais, daonna agus teicniúla aige, ar a shlándáil faisnéise, agus ar an struchtúr eagraíochtúil atá aige, lena n-áirítear an bhainistíocht riosca agus na rialuithe inmheánacha ba cheart a bheith i bhfeidhm ag an bhfochonraitheoir. |
|
(10) |
Chun aon leochaileacht agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ina rioscaí dá gcórais agus dá n-oibríochtaí TFC a mhaolú, ba cheart d’eintitis airgeadais a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na seirbhísí TFC agus a bheith ar an eolas faoi aon athrú ábhartha laistigh dá slabhra fochonraitheoireachta TFC i gcás ina mbaineann athruithe den sórt sin le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha. |
|
(11) |
Chun é a chur ar a gcumas d’eintitis airgeadais measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le socruithe fochonraitheoireachta nó le hathruithe ábhartha orthu, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí na heintitis airgeadais dá soláthraíonn siad seirbhísí TFC a chur ar an eolas faoi gach socrú nó athrú nua den sórt sin i bhfad sula dtiocfaidh na socruithe nó na hathruithe sin i bhfeidhm. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an ceart a bheith ag eintitis airgeadais an conradh le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a fhoirceannadh i gcás ina léirítear le toradh a measúnaithe riosca go bhfuil leibhéal riosca a sháraíonn a lamháltas riosca ag baint leis na socruithe nua nó leis na hathruithe ábhartha. |
|
(12) |
Reáchtáil na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúchán poiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr siad comhairle ar Ghrúpaí Geallsealbhóirí ÚMEnna arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(13) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus thug an Maoirseoir tuairim an 20 Lúnasa 2024, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht
Cuirfidh eintitis airgeadais san áireamh a méid agus a bpróifíl riosca fhoriomlán agus cineál, scála agus gnéithe de chastacht mhéadaithe nó laghdaithe a seirbhísí, a ngníomhaíochtaí agus a n-oibríochtaí, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
an cineál seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a chumhdaítear leis an socrú conarthach idir an t-eintiteas airgeadais agus soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí; |
|
(b) |
an cineál seirbhísí TFC a chumhdaítear leis an socrú conarthach idir soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus a fhochonraitheoirí; |
|
(c) |
suíomh an fhochonraitheora TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le cuid ábhartha díobh, nó suíomh a mháthairghnóthais; |
|
(d) |
fad agus castacht shlabhra na bhfochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh arna n-úsáid ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí; |
|
(e) |
cineál na sonraí a chomhroinntear le fochonraitheoirí TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh; |
|
(f) |
maidir leis na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, cé acu a bhíonn siad á soláthar nó nach mbíonn siad á soláthar ag fochonraitheoirí, atá lonnaithe laistigh de Bhallstát nó i dtríú tír,, lena n-áirítear an suíomh óna soláthraítear seirbhísí TFC iarbhír agus an suíomh ina ndéantar na sonraí a phróiseáil agus a stóráil iarbhír; |
|
(g) |
maidir le fochonraitheoirí TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, cé acu atá nó nach bhfuil siad ina gcuid den ghrúpa céanna chomh maith leis an eintiteas airgeadais dá soláthraítear na seirbhísí sin; |
|
(h) |
maidir le fochonraitheoirí TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, cé acu atá nó nach bhfuil siad údaraithe, cláraithe nó faoi réir maoirseacht nó formhaoirseacht ag údarás inniúil i mBallstát, nó faoi réir an chreata formhaoirseachta faoi Chaibidil V, Roinn II, de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(i) |
maidir le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh, cé acu atá nó nach bhfuil siad údaraithe, cláraithe nó faoi réir maoirseacht nó formhaoirseacht ag údarás maoirseachta ó thríú tír; |
|
(j) |
maidir le soláthar seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, cé acu atá nó nach bhfuil sé comhchruinnithe d’fhochonraitheoir aonair de chuid soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí nó do líon beag fochonraitheoirí den sórt sin; |
|
(k) |
maidir le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha a chur amach ar fochonradh, cé acu a bheadh nó nach mbeadh tionchar acu sin ar inaistritheacht na seirbhísí TFC sin chuig soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí eile; |
|
(l) |
an tionchar féideartha a bheadh ag suaití ar leanúnachas agus infhaighteacht na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh arna soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus fochonraitheoir á úsáid a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh. |
Airteagal 2
Cur i bhfeidhm i gcás grúpa
I gcás ina mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ar bhonn fo-chomhdhlúite nó comhdhlúite, áiritheoidh an máthairghnóthas atá freagrach as na ráitis airgeadais chomhdhlúite nó fho-chomhdhlúite a sholáthar don ghrúpa go ndéanfar na coinníollacha maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh a chur amach ar fochonradh, i gcás ina gceadófar fochonraitheoireacht den sórt sin faoi na socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC, a chur chun feidhme go comhsheasmhach i ngach eintiteas airgeadais atá ina gcuid den ghrúpa agus go bhfuil siad leormhaith chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar gach leibhéal ábhartha.
Airteagal 3
Dícheall cuí agus measúnú riosca maidir le húsáid fochonraitheoirí lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha
1. Sula ndéanfaidh eintiteas airgeadais socrú conarthach le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, cinnfidh sé cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí sin seirbhís TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh a chur amach ar fochonradh. Ní dhéanfaidh an t-eintiteas airgeadais socrú conarthach den sórt sin ach amháin i gcás inar mheas sé gur comhlíonadh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
áirithítear leis na próisis díchill chuí maidir le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí go bhfuil sé in ann cumais oibríochtúla agus airgeadais fochonraitheoirí féideartha TFC a roghnú agus a mheasúnú chun seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh a sholáthar, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh, nuair a cheanglaíonn an t-eintiteas airgeadais air déanamh amhlaidh, i dtástáil athléimneachta digití oibríochtúla dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(b) |
tá soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí in ann gach fochonraitheoir a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh a shainaithint, fógra a thabhairt don eintiteas airgeadais faoi na fochonraitheoirí sin agus é a chur ar an eolas fúthu, agus tá sé in ann an fhaisnéis uile a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha faoin Airteagal seo a sholáthar don eintiteas airgeadais; |
|
(c) |
áirithíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí go gcuirfidh na socruithe conarthacha leis na fochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh ar a chumas don eintiteas airgeadais a oibleagáidí féin a eascraíonn as Rialachán (AE) 2022/2554 agus as reachtaíocht an Aontais agus as an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh; |
|
(d) |
deonaíonn an fochonraitheoir na cearta conarthacha céanna i ndáil le rochtain agus cigireacht don eintiteas airgeadais agus do na húdaráis inniúla agus réitigh agus a dheonaíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí; |
|
(e) |
gan dochar d’fhreagracht chríochnaitheach an eintitis airgeadais a oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh, tá cumas, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí féin chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí TFC ar leibhéal na bhfochonraitheoirí, lena n-áirítear trí chaighdeáin iomchuí slándála faisnéise a chur i bhfeidhm agus trí struchtúr eagraíochtúil iomchuí, bainistíocht riosca agus rialuithe inmheánacha, agus tuairisciú agus freagairtí teagmhas a bheith i bhfeidhm aige; |
|
(f) |
tá cumais leordhóthanacha, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla ag an eintiteas airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí TFC a bhaineann leis an tseirbhís lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh a cuireadh amach ar fochonradh, lena n-áirítear trí chaighdeáin iomchuí slándála faisnéise a chur i bhfeidhm agus trí struchtúr eagraíochtúil agus bainistíocht riosca iomchuí, freagairt teagmhais, bainistíocht leanúnachais gnó agus rialuithe inmheánacha a bheith i bhfeidhm aige; |
|
(g) |
rinne an t-eintiteas airgeadais measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag mainneachtain fhochonraitheoir a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le cuid ábhartha díobh ar athléimneacht dhigiteach oibríochtúil agus ar fhóntacht airgeadais an eintitis airgeadais; |
|
(h) |
rinne an t-eintiteas airgeadais measúnú ar na rioscaí a bhaineann le suíomh na bhfochonraitheoirí féideartha i ndáil le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le cuid ábhartha díobh arna soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí; |
|
(i) |
rinne an t-eintiteas airgeadais measúnú ar rioscaí TFC maidir le comhchruinniú ar leibhéal eintitis i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(j) |
rinne an t-eintiteas airgeadais measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil aon bhac ar chearta iniúchóireachta, cigireachta agus rochtana arna bhfeidhmiú ag na húdaráis inniúla, ag na húdaráis réitigh, nó ag an eintiteas airgeadais, lena n-áirítear daoine arna gceapadh acu. |
2. Eintitis airgeadais a úsáideann soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a chuireann seirbhísí TFC amach ar fochonradh lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, déanfaidh siad an measúnú riosca go tréimhsiúil dá dtagraítear i mír 1, pointí (f) go (j), in aghaidh athruithe a d’fhéadfadh teacht ar a dtimpeallacht ghnó, lena n-áirítear in aghaidh athruithe ar na feidhmeanna tacaithe gnó, ar mheasúnuithe riosca lena n-áirítear bagairtí TFC, rioscaí TFC maidir le comhchruinniú, agus rioscaí geopholaitiúla.
3. Spleáchas ar thorthaí an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh ag a soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí ar a bhfochonraitheoirí agus na hoibleagáidí a leagtar amach san airteagal seo á gcomhlíonadh acu, ní chuirfear teorainn leis an bhfreagracht deiridh atá ar eintitis airgeadais a n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála faoi Rialachán (AE) 2022/2554 a chomhlíonadh.
Airteagal 4
Coinníollacha faoina bhféadfar seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le cuid ábhartha díobh a chur amach ar fochonradh
1. Leis an socrú conarthach a thabharfar i gcrích idir an t-eintiteas airgeadais agus soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, sainaithneofar cé na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh atá incháilithe d’fhochonraitheoireacht agus na coinníollacha faoina bhfuil siad incháilithe d’fhochonraitheoireacht. Sonrófar an méid seo a leanas sa chonradh sin:
|
(a) |
go mbeidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí freagrach as soláthar na seirbhísí a sholáthraíonn na fochonraitheoirí; |
|
(b) |
go gceanglófar ar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí faireachán a dhéanamh ar gach seirbhís TFC ar fochonradh lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh chun a áirithiú go gcomhlíonfar a oibleagáidí conarthacha leis an eintiteas airgeadais go leanúnach; |
|
(c) |
oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí i leith an eintitis airgeadais maidir le fochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh; |
|
(d) |
go ndéanfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí measúnú ar gach riosca a bhaineann le suíomh na bhfochonraitheoirí reatha nó féideartha a sholáthraíonn seirbhís TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, agus ar a máthairghnóthas agus leis an suíomh óna soláthraítear seirbhís TFC lena mbaineann; |
|
(e) |
an suíomh sonraí arna bpróiseáil nó arna stóráil ag an bhfochonraitheoir, i gcás inarb ábhartha; |
|
(f) |
go sonróidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ina chonradh lena fhochonraitheoirí oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe an fhochonraitheora sin i leith soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, agus i gcás ina gcomhaontófar amhlaidh, i leith an eintitis airgeadais; |
|
(g) |
go n-áiritheoidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leanúnachas na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ar fud shlabhra na bhfochonraitheoirí i gcás ina mainneoidh fochonraitheoir TFC a oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh; |
|
(h) |
go gcuimseofar sa socrú conarthach idir soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus a fhochonraitheoirí na ceanglais maidir le pleananna teagmhasacha gnó dá dtagraítear in Airteagal 30(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554 agus go sonrófar ann na leibhéil seirbhíse nach mór d’fhochonraitheoirí TFC a chomhlíonadh i ndáil leis na pleananna sin; |
|
(i) |
go sonrófar sa socrú conarthach idir soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus a fhochonraitheoirí caighdeáin slándála TFC agus aon cheanglas slándála breise dá dtagraítear in Airteagal 30(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(j) |
go ndeonóidh an fochonraitheoir na cearta céanna rochtana, cigireachta agus iniúchóireachta don eintiteas airgeadais agus do na húdaráis inniúla agus réitigh ábhartha agus a thugtar dóibh siúd dá dtagraítear in Airteagal 30(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(k) |
go dtabharfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí fógra don eintiteas airgeadais faoi aon athrú ábhartha ar shocruithe fochonraitheoireachta; |
|
(l) |
go mbeidh sé de cheart ag an eintiteas airgeadais an conradh le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a fhoirceannadh nuair a bheidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6 den Rialachán seo nó na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) 2022/2554 comhlíonta. |
2. Athruithe maidir le comhaontuithe conarthacha idir an t-eintiteas airgeadais agus soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a sholáthraíonn seirbhís TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, ar athruithe iad a bhfuil gá leo chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, cuirfear chun feidhme go tráthúil iad agus a luaithe is féidir. Déanfaidh an t-eintiteas airgeadais an amlíne phleanáilte don chur chun feidhme a dhoiciméadú.
Airteagal 5
Athruithe ábhartha ar shocruithe fochonraitheoireachta seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh
1. Déantar foráil leis an socrú conarthach go gcuirfidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí an t-eintiteas airgeadais ar an eolas go maith in am trátha faoi aon athrú ábhartha atá beartaithe ar a shocruithe fochonraitheoireachta chun a chur ar a chumas don eintiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
an tionchar ar na rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu; |
|
(b) |
cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh athruithe ábhartha den sórt sin difear a dhéanamh do chumas an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a oibleagáidí conarthacha i leith an eintitis airgeadais a chomhlíonadh. |
2. Beidh tréimhse fógra réasúnach sa socrú conarthach faoina bhformheasfaidh an t-eintiteas airgeadais na hathruithe nó faoina gcuirfidh sé ina n-aghaidh.
3. Ní chuirfidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí na hathruithe ábhartha ar a shocruithe fochonraitheoireachta chun feidhme ach amháin tar éis don eintiteas airgeadais na hathruithe a fhormheas nó gan agóid a dhéanamh ina n-aghaidh faoi dheireadh na tréimhse fógra.
4. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas airgeadais den tuairim go sáraíonn na hathruithe ábhartha dá dtagraítear i mír 1 lamháltas riosca an eintitis airgeadais, déanfaidh an t-eintiteas airgeadais an méid seo a leanas roimh dheireadh na tréimhse fógra:
|
(a) |
soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a chur ar an eolas faoi sin; |
|
(b) |
agóid a dhéanamh in aghaidh na n-athruithe agus modhnuithe ar na hathruithe sin a iarraidh sula gcuirfear chun feidhme iad. |
Airteagal 6
Foirceannadh an chonartha idir an t-eintiteas airgeadais agus soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí
Beidh an ceart ag an eintiteas airgeadais foráil a dhéanamh sa socrú conarthach leis an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí go bhfoirceannfar an socrú conarthach i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
rinne an t-eintiteas airgeadais agóid in aghaidh athruithe ábhartha ar na socruithe fochonraitheoireachta lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus d’iarr sé modhnuithe ar na socruithe sin, ach mar sin féin tá na hathruithe ábhartha sin curtha chun feidhme ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí; |
|
(b) |
tá athruithe ábhartha curtha chun feidhme ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ar shocruithe fochonraitheoireachta lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh roimh dheireadh na tréimhse fógra gan formheas ón eintiteas airgeadais; |
|
(c) |
déanfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí seirbhís TFC lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le cuid ábhartha di a chur amach ar fochonradh nach gceadaítear go sainráite leis an gconradh idir an t-eintiteas airgeadais agus soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí. |
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
(5) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/532/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)